A Thaoisigh, a chara
Bail ó Dhia ort,
Gasúr beag trí bliana d’aois mise agus níl aon aithne agat orm. Feicim thú ar an teilifís agus tuigim gur tú atá i gceannas na tíre. Cineáilín cosúil le Fionn Mac Cumhaill, a bhíonn sna scéalta a léann mo dheaide dom chuile oíche.
Is maith liomsa Fionn Mac Cumhaill. Bhí sé láidir. Agus cróga.
Tá mé i mo chónaí in áit ar a dtugtar an Cheathrú Rua. Tá sí sa nGaeltacht. Tá mé ag ceapadh go bhfuil baint aige sin leis an gcaoi a mbíonn muid ag caint. Cloisim mo mhama ag labhairt faoin gcineál cainte seo. An Ghaeilge a thugann sí uirthi.
|
Tuigim go bhfuil cineál cainte eile ann freisin. Cloisim í scaití. Níl fhios agam céard a bhíonn á rá ag na daoine seo. Ach beidh a fhios agam lá éicint. Sin a deir mo dheaide liom.
Bhí an dochtúir speisialta ag breathnú ar mo chuid súilíní san ionad sláinte. Bhí faitíos orm. Níor thuig mé céard a bhí á rá aici. Níor thuig sise mise ach an oiread. Ach bhí mama in éindí liom. Agus bíonn chuile short togha nuair a bhíonn mama in éindí liom.
Tá cara mór agamsa. Deir mo mhama liom go bhfuil riachtanais speisialta aige, cibé céard é sin. Tá a mhama an-mhór le mo mhama féin. Chuala mé ag caint iad sa gcisteanach an lá cheana. Bhí sí ag rá gur dhúradh léi an cineál cainte eile a labhairt leis. An Béarla. Mar ní bheadh aon chúnamh ar fáil dó i nGaeilge.
B’shin an chéad uair a chonaic mé daoine móra ag caoineadh.
Tá cara eile agam. Is mór an spórt í! Ach dúirt an múinteoir scoile lena máma nach raibh sí ag déanamh go maith ar scoil, mar nach raibh aici ach an Ghaeilge.
Is fada liom go mbeidh mise ag dul ar scoil. Ó nach agam a bheas an spraoi!
Ach chuala mé mama ag rá le deaide nach bhfuil ‘an córas oideachais ag freastal ar riachtanais na gcainteoirí dúchais.’ Céard a chiallaíonn sé seo a Thaoisigh?
Cloisim mo mháma ag rá freisin go bhfuil ‘mo chearta teanga á séanadh’. Shílfeá gur uafásach an rud é seo mar go gcuireann sé as go mór do mo mhama. Agus ní maith liom é sin.
Chuala mé tú ag caint ar an raidió Dé Céadaoin. Dúirt tú gur mhaith leat castáil le muintir na Gaeltachta le go n-inseodh siad duit faoi na fadhbanna a bhaineann leis an gcineál cainte seo. An Ghaeilge.
Ba mhaith liomsa castáil leatsa.
Níl ionam ach gasúr ach tabharfaidh mé liom mo mhama agus mo dheaide.
Sheas Fionn leis na Fianna agus thug sé aire dóibh. Bhí sé láidir. Agus cróga.
Seasfaidh tusa liomsa a Thaoisigh, nach seasfaidh?
Agus tabharfaidh tú aire dom, mar a thug Fionn Mac Cumhaill do na Fianna. Nach dtabharfaidh?
Slán agus beannacht,
Micil Mac Donncha,
3 bliana d’aois,
An Cheathrú Rua.
Ceartaíonn gaelspell mama mar máma ar chúis éigean. Níl fhios agam an féidir leat é a athrú? Táim an bhuíoch as é a fhoilsiú x
Déanta.
GRMA ☺
Litir iontach a chuir ag caoineadh mé.
Ard-mholadh daoibh!