Franco agus an Eurovision
Ag iarraidh eolas a fháil amach faoin Eurovision amárach, do Ghoogle mé é agus tháinig mé ar an bpíosa seo http://www.bbc.co.uk/arts/0/22389432 ón BBC faoin Eurovision, Doire, Coulter/Martin, Cliff Richard agus an deachtóir Francisco Franco. Cinnte, bhí suim agam ann. Rinne mé dearmad ar na rudaí eile a bhí le déanamh agam agus léigh mé an píosa go léir. Ar robáil an Franco an chéad áit sa Eurovision ó Dhoire i 1968 an cheist atá ann.
B’iad Phil Coulter ó Dhoire agus Bill Martin a chum Congratulations agus chas Cliff Richard é gan stró san Albert Hall i Londain i 1968. Bhí siad cinnte go mbeadh an bua acu ach ag an deireadh thug an Ghearmáin (cara Franco) a vóta do La La La ón Spáinn ach thug an vóta sin an bua don Spáinn. Bhí an-díomá ar Coulter agus Martin mar bhí siad lán-cinnte go raibh sé acu. D’’éirigh leo an bhliain roimhe sin le Puppet On A String agus bheadh áit sa stair acu le bua dhá bhliain i ndiaidh a chéile. Ach ní mar sin a tharla sé ar an oíche sin.
Ach ansin tháinig scannán ó Montse Fernández Villa amach i 2008 a chuir ina leith go raibh lámh aige ag Franco sa bhua. Ráfla nó an fhírinne? Seans gur iarr an Spáinn ar dhaoine vótáil ar son na tire agus b’fhéidir gur thug cairde Franco saoire sa Spáinn nó fíon dóibh. Tá masla eile sa chás seo uilig mar níor lig Franco don amhránaí iontach Joan Manuel Serrat an t-amhrán a chasadh mar bhí sé i gceist aige siúd é a chasadh i gCatalóinis. Bhí Franco ag iarraidh fáil réidh leis na teangachaí go léir sa Spáinn seachas Castellano.
Shocraigh banna ceoil ó Dhoire The Undertones ar Bhoycott a dhéanamh mar gheall air an toradh is thaisteal siad ar fud na hEoraipe idir 1978 agus 1983 ach amháin go dtí an Spáinn. Caithfear a adhmháil nach bhfuair siad cuireadh ann ach oiread. Ar chuma ar bith seo iad na hamhráin:
Congratulations http://www.youtube.com/watch?v=X-z51J0vV_Q
La La La http://www.youtube.com/watch?v=fMIHoqDc4RI
Céard a cheapann sibh féin? Ar thuill an Spáinn an bua?
Cuireadh ina leith gur robáil Mocedades ón Spáinn (Tír na mBascach) in am Franco i 1973 a amhrán Eres tú http://www.youtube.com/watch?v=zt8GPvQovtk ó Brez besed http://www.youtube.com/watch?v=ONVFUahq7yk ón Iúgslaiv (1966). Ar lig an Eurovision dóibh é a chasadh mar bhí níos mó meas ag tíortha na hEorpa do Franco ná do Tito?
Sa Phortaingéil i 1974 bhí an deachtóir Salazar marbh cúpla bliain roimhe ach bhí an tír fós faoi ré Faisistí le Caetano. Spéisiúil freisin nach raibh fhios ag Salazar is é ag fáil bháis nach raibh sé i gceannas níos mó. Choinnigh siad an t-eolas sin uaidh. D’éirigh leis an tír saoirse a bhaint amach i reabhlóid gan foréigean, an Reabhlóid Coróineach. Bhí a fhios ag na daoine go raibh an reábhlóid ag tosnú nuair a chuala siad a amhrán don Eurovision E depois do adeus (Agus i ndiaidh slán) ar an raidio náisiúnta. Bhuaigh ABBA le Waterloo an bhliain sin.
E Depois do Adeus http://www.youtube.com/watch?v=89LBNSX_vig
Níl dabht ar bith ann go bhfuil baint ag tionchar polaitiúil san Eurovision. Seo píosa ó CNN an bhliain seo caite ag iarraidh an Eurovision a mhíniú do dhaoine sna Stáit Aontaithe: http://www.cnn.com/2012/05/24/showbiz/eurovision-politics agus déanann sé an-jab ag míniú an méid uisce faoin talamh atá ann ag an ócáid seo. Dom féin, is cuimhin liom thar aon uair eile na vótaí i 1993 i Sráid An Mhuilinn agus fós cuireann sé ag caoineadh mé mar bhí a fhios againn céard a bhí ag tarlú i mBosnia Herzegovina ag an am is bhí ár gcroíthe briste is muid ag iarraidh tacaíocht a thabhairt dóibh leis an mbualadh bos sin ag an tús.
Bosnia Herzegovina ag caint linn i 1993 http://www.youtube.com/watch?v=Hs-Bmme7qdI
Ar an taobh eile den scéal is cuimhin liom bheith in árasán i lár na cathrach i mBaile Atha Cliath an bhliain ina dhiaidh sin (1994) ag caint le daoine ón tSeapáin is ag déanamh aistriúcháin dóibh. Bhí teilifís ar siúl i gcúinne sa seomra ann ach níor thug siad aird air. Is ansin a chonaic mé cuid beag bídeach de Riverdance don chéad uair ach ní raibh am agam ach a thuiscint go raibh rud éigin iontach ag tarlú. Bhí sé fíor-dheacair dom leanúint ar aghaidh le mo chuid oibre. Ach lean mé or mar chaoi ar bith. Buíochas le Dia bhí sé ar fís acu dom sa bhaile nuair a d’fhill mé arm o theach i mBaile an tSaoir an oíche sin.
Riverdance i 1994 http://www.youtube.com/watch?v=3mC0rWgUqTc
Cibé rud a tharlaíonns amárach tá sé soiléir go raibh dráma san gcomórtas seo le fada an lá. Tá mórtas cine uainn. Tuigimid go bhfuil ár gcultúr tabháchtach. Tá súil agam nach ndéanfaimid dearmad go seasann an t-amhrán a roghnaímid dúinn agus don tír agus go mbeidh amhrán i nGaeilge againn an chéad uair eile.
Go dtí sin guím ádh ar gach duine a bhéas páirteach san Eurovision amárach. Is fearr go mór liom bheith ag breathnú ar chultúr (níl na Jedwards ansin) ná ar foréigean. Tá dóchas uainn is mar sin deirimse le chuile dhuine ann (i bhfocail Glen Hansard) Make art! Agus i bhfocail Effie Trinket, Go mbeidh na corrlaigh i gcónaí i bhúr bhfabhar.














































