Bhí daoine Dearg le Feargi mBéal Feirste inniu, 12 Aibreán 2014.
Pic ó @IrishUnity
Bhailigh na sluaite le chéile agus tháinig siad ó gach áit ar fud na tíre ar thraenachaí, i gcarranna agus i mbusanna. Bhí siad ag iarraidh cothrom na féinne agus a gcearta daonna maidir leis an Ghaeilge. Ní bhíonn fáilte roimh an Ghaeilge i ngach áit sa tír faraor agus an tseachtain seo caite bhí fear os comhair na cúirte mar labhair sé a theanga féin. Léigh an scéal sin anseo.
B’fhéidir nach raibh mórán fearg le sonrú ann inniu i mBéal Feirste agus is maith sin. Ach bhí siad ag caitheamh éadaí dearga. Is dóibh súid nach raibh compórdach leis an teanga bhí teachtaireacht acu.
Is mar a tharla sé i nDubh Linn roimhe in áit fearg bhí cairdeas is aontas is Gaeilge le cloisteáil ar na sráideanna. Bhí siad ar buile ceart go leor ach go dearfach mar bhí dóchas san aer. Ní neart go cur le chéile agus bhí cur le chéile iontach anseo.
Bhí siad ag tnúth leis an lá seo le fada agus bhí siad réidh lena bplaicird. An pic seo le @SeanOMaoilste
Is bhí Gaeilge le cloisteáil go hard ar na sráideanna i mBéal Feirste ón slua de timpeall 2,000+ daoine. Pic le @meoneile
Bhí daoine mór le rá ag tabhairt tacaíocht don agóid ar son cearta teanga sa tír, daoine cosúil leis an Méara Máirtín O Muilleoir.
Pic le @bronagh92
Is thug réaltaí spóirt tacaíocht don lá i bhfís
Bhí grúpa beag ag magadh fúthu agus ag caitheamh maslaí ina dtreo ach d’éirigh thar barr leis an agóid ar fad gan foréigean ar bith ann agus áthas ar na daoine a bhí páirteach ann.
Ard-Mholadh do na daoine go léir a d’eagraigh é agus a bhí páirteach ann. Táimid ag dul ó neart go neart.