ancroiait

Just another WordPress.com site

  • Ceachtanna
  • Fúmsa
  • Gaeilge le Ceol
  • Japanese For Everyone
  • Litríocht
  • Nasclann
  • Rincí

47. Scéal 1: An Cat is an Luch

Posted by ancroiait on June 27, 2012
Posted in: Gaeilge, Irish, Múineadh labhairt na Gaeilge sna Coláistí Samhraidh. Tagged: An Cat is an Luch, Scéal.

An Cat is An Luch

Fadó, fadó, bhí caint ag na beithigh. Bhí muise, agus is iomaí argóint a bhíodh eatarthu freisin. Bhuel, ar aon nós, ní faoi argóint atá mo scéalsa ach faoi gheallúint a bhriseadh. Seo mar a tharla sé.

Lá amháin, bhí luch ina suí ar imeall bairille biotáille. Bhí sí ag ól is ag ól agus dar ndóigh de réir mar a bhí sí ag ól, bhí an bheoir ag ísliú sa bhairille. De réir mar a bhí an bhiotáille ag ísliú is ea is mó ab éigean don luch a cloigeann a ísliú ina diaidh. Bhuel, bhí sí ag ísliú, is ag ísliú, is ag ísliú agus an chéad rud eile ‘plump’ thit sí i ndiaidh a mullaigh síos sa bhairille.

Ó a mhac! Is beag nár phleasc a croí leis an ngeit a baineadh aisti! Thosaigh sí ag béicíl agus ag béicíl in ard a cinn is a gutha agus í ag iarraidh a bheith ag snámh timpeall ag an am céanna.

Chuala an cat an bhéicíl. Léim sé suas ar imeall an bhairille agus nuair a chonaic sé an luichín ag snámh thosaigh sé ag gáirí is ag gáirí is ag gáirí.

“Ó ar son Dé sábháil mé,” arsa an luch.
“Agus céard a thabharfaidh tú dom má shabhálaim thú “’a deir an cat.
“Tabharfaidh mé cead duit mé a ithe,” a deir an luch.
“An bhfuil tú cinnte ?” a deir an cat.
“Ó” a deir an luch, “sin geallúint, cinnte.”
“Tá go maith” a deir an cat, “sabháilfidh mé thú.”

Ach bhí deacracht ann ansin. Cén chaoi a bhféadfadh sé an luch a shabháil?

Shín sé amach lapa amháin ach ní raibh sé sách fada. Shín sé amach lapa eile ach ní raibh sé sách fada. Ach ba ghearr gur chuimhnigh sé ar chleas. D’iompaigh sé thart agus shín sé amach a eireball.

“Beir ar m’eireball, a luichín,” a deir sé.
Rug an luichín ar a eireball agus tharraing an cat amach as an mbarrille é.
“Horá” a deir an cat, “céard faoin ngeallúint a thug tú dom?”
“Á, ná bac leis an ngeallúint sin anois,” a deir an luichín, “bhí mé ag ól nuair a thug mé í.”
Ceisteanna ( Leibhéal 1)
1. Cé mhéid ainmhithe atá sa scéal? _____________________________________
2. Cá raibh an luch i dtosach ? __________________________________________
3. Céard a bhí sí ag déanamh?___________________________________________
4. Céard a tharla di?___________________________________________________
5. Céard a rinne an cat?________________________________________________

Ceisteanna ( Leibhéal 2)
1. Cá raibh an luch ina suí nuair a bhí sí ag ól?______________________________
2. Céard a bhí sí ag ól?_________________________________________________
3. Cén fáth ar thit sí isteach sa bhairille?___________________________________
4. Céard a rinne an cat nuair a chonaic sé thíos sa bhairille í?__________________
5. Cén gheallúint a thug an luch don chat ?_________________________________

Ceisteanna ( Leibhéal 3)
1. An scéal faoi argóint é seo?
2. An bhfuil aon ainmneacha áite ina bhfuil an focal ‘Mullach’ ar eaolas agat?
3. An bhfuil aon bealach eile ‘as go brách léi’ a rá?
4. Meas tú, an leithscéal maith é, an leithscéal a thug an luch don chat?
5. An raibh an ceart ag an luch geallúint a bhriseadh?

Ar fhoghlaim tú focail nua sa scéal ? ‘Bhfuil sé deacair nó easca ? An gcabhraíonn sé leat?

Cat (m) / Luch (f)

Foclóir
Ar aon nós – Anyway
Bhuel – Well
Dar ndóigh – As could be expected
De réir – According as (De réir mar a bhí one thing happening, bhí another..)
Is iomaí – ‘Tis many (followed by the singular – Is iomaí lá a chaith mé ann)
Muise – Aagh, goodness, well… Expression with many different meanings
Ná bac – Don’t bother
Sách – Enough (with the neg. – Níl sé sách maith.)

Ag béicíl – Yelling
Ag ísliú – Getting lower
Beir – Grab
Baineadh geit aisti – She got a fright (lit. a fright was taken from her)
Phleasc sé – It exploded
Sábháil mé – Save me
Shín sé – He stretched

An bheoir – The beer
Argóint – Argument
Bairille biotáille – Barrel of spirits (alcoholic)
Cleas – Trick
Deacracht – Difficulty
Geallúint – Promise
Imeall – Edge (ar imeall na coille at the edge of the woods)

Na beithigh – The animals (domestic)
Eatarthu – Among themselves
Eireaball – Tail
I ndiaidh a mullaigh- after her head, head first
Lapa – Paw

ó

Múineadh Labhairt na Gaeilge sna Coláistí Samhraidh

Share this:

  • Twitter
  • Facebook

Like this:

Like Loading...

Related

Posts navigation

← 46. Glen Hansard at the Wiltern 6/20/12
48. Katakana 2 Modified Syllables →
  • Recent Posts

    • k. 110 EAGLAis: Dialathas Damanta
    • k.109 Ceol Tabú ag Briseadh
    • k.108 SAM Humpáilte Dumpáilte
    • K.107 Cymraeg le Gaeilge
    • k.106 Ceannairc i DC, Eanáir 6, 2021
    • k.105 Nollaig na mBan ar Zoom 2021
    • k. 104 Nollaig na mBan: Scéal Mileva
    • k.103 Comhairle in am Covid
    • k.102 Rinne Tú
    • k.101 Amhrán na Leabhar
  • Archives

    • January 2021
    • December 2020
    • November 2020
    • October 2020
    • September 2020
    • August 2020
    • July 2020
    • June 2020
    • May 2020
    • April 2020
    • March 2020
    • February 2020
    • January 2020
    • December 2019
    • November 2019
    • October 2019
    • September 2019
    • August 2019
    • July 2019
    • June 2019
    • May 2019
    • April 2019
    • March 2019
    • February 2019
    • January 2019
    • December 2018
    • November 2018
    • October 2018
    • September 2018
    • August 2018
    • July 2018
    • June 2018
    • May 2018
    • April 2018
    • March 2018
    • February 2018
    • January 2018
    • December 2017
    • November 2017
    • October 2017
    • September 2017
    • August 2017
    • July 2017
    • June 2017
    • May 2017
    • April 2017
    • March 2017
    • February 2017
    • January 2017
    • December 2016
    • November 2016
    • October 2016
    • September 2016
    • August 2016
    • July 2016
    • June 2016
    • May 2016
    • April 2016
    • March 2016
    • February 2016
    • January 2016
    • December 2015
    • November 2015
    • October 2015
    • September 2015
    • August 2015
    • July 2015
    • June 2015
    • May 2015
    • April 2015
    • March 2015
    • February 2015
    • January 2015
    • December 2014
    • November 2014
    • October 2014
    • September 2014
    • August 2014
    • July 2014
    • June 2014
    • May 2014
    • April 2014
    • March 2014
    • February 2014
    • January 2014
    • December 2013
    • November 2013
    • October 2013
    • September 2013
    • August 2013
    • July 2013
    • June 2013
    • May 2013
    • April 2013
    • March 2013
    • February 2013
    • January 2013
    • December 2012
    • November 2012
    • October 2012
    • September 2012
    • August 2012
    • July 2012
    • June 2012
    • May 2012
    • April 2012
    • March 2012
    • February 2012
    • January 2012
    • December 2011
  • Categories

    • Amhrán na Farraige
    • Art
    • Athrú
    • Éire
    • Béarla na hAlban
    • Cearta Daonna
    • Celtic
    • Ceol
    • Comhrá 24/7
    • Conradh na Gaeilge
    • Crime
    • Dán
    • Dialathas
    • Eaglais
    • Education
    • Español
    • Faisiteachas
    • Filíocht
    • Gaeilge
    • Gaeilge na hAlban
    • Gaelg
    • Gàidhlig
    • History
    • Ireland
    • Irish
    • Japanese
    • Latin America
    • Legend
    • Literature
    • Litríocht
    • Lurgan
    • Manx
    • Múineadh labhairt na Gaeilge sna Coláistí Samhraidh
    • Music
    • Myth
    • Nicola Sturgeon
    • Oíche Fhéil' Eoin
    • Poetry
    • Politics
    • Quotes
    • Saga
    • Saoirse
    • Scéalta Chois Cladaigh
    • Sclábhaíocht
    • Scotland
    • Scottish
    • Social Justice
    • Stair
    • Theater
    • Travels
    • Trivia
    • UK
    • Uncategorized
    • 日本語
  • Meta

    • Register
    • Log in
    • Entries feed
    • Comments feed
    • WordPress.com
  • Twitter Updates

    • RT @wokeotter: dissentmagazine.org/article/the-au… 6 hours ago
    • @VictorBayda A mhac go deo! 6 hours ago
  • Blogroll

    • Radio na Gaeltachta
    • TG4
    • Teastaseorpach na Gaeilge
    • Nótaí Imill
    • InisAniar Podcasts
    • Cailín deas
    • Labhair leis an lámh
    • Beo
    • Gaeilge ar an Ghréasán
  • Follow ancroiait on WordPress.com
  • Blogroll

    • Beo
    • Cailín deas
    • Gaeilge ar an Ghréasán
    • InisAniar Podcasts
    • Labhair leis an lámh
    • Nótaí Imill
    • Radio na Gaeltachta
    • Teastaseorpach na Gaeilge
    • TG4
Blog at WordPress.com.
Privacy & Cookies: This site uses cookies. By continuing to use this website, you agree to their use.
To find out more, including how to control cookies, see here: Cookie Policy
%d bloggers like this: