Michael D Higgins speaks the way politicians should with courage and passion and calls out lies and intimidation until they are destroyed by the truth.
Brilliant!!!
Michael D Higgins speaks the way politicians should with courage and passion and calls out lies and intimidation until they are destroyed by the truth.
Brilliant!!!
Seo Linn Le Chéile Here We Are Together
Véarsa 1.
Seo linn le chéile, can amach os ard é.
Here we are together, sing it out loud.
Seo linne d’aon ghuth amháin.
Here we are with one voice.
Seo linn a chairde buan’, ‘sé atá i ndán dúinn.
Here we are long-time friends, this is our fate.
Seo linn ag tabhairt faoi le cion.
Here we are doing this with love.
Curfá
Tá sí fós anseo, ‘s airím an nós.
It [Irish] is still here, and I see the way.
Go bhfuil an t-athrú ‘ tíocht, ar ár n-intinn ó
That the change is coming to our minds, oh.
Céard dhó a sheasaim? Céard dhó a sheasaim?
What do I stand for? X2
Seo linn, an rud is mó: Í ‘bheith beo.
Here we are, the biggest thing is that it should live.
Véarsa 2.
Seo’d é anois é, seo’d é an t-am. Is cinnte go bhfuil muid in ann.
Here it is. This is the time. It is certain that we can [do it].
Beart ‘nár gcroíthe ‘s ár n-anam.
Resolve in our hearts and our souls.
Líon an t-easnamh, seas an fód. Leag aon chonstaic insan ród.
Fill the want, take the stand, knock down obstacles on the road.
Ar scáth a chéile a mhaireas an croí go deo.
The heart lasts for ever by people helping each other.
Rachaidh muid le chéile ina treo.
We will go on together that way.
Véarsa 3.
Ardaíonn mo chroí [le] glór na bpáistí ‘s iad ag spraoi.
My heart lifts [hearing] the sounds of children and they having fun.
Is beag a sháraíonns na briathra binne gléigeal gléigeal.
There’s not much that could surpass those soft bright words.
Seo anois é, seo ‘nois é mmm mmm
This is it now, this is it now mmm.
Véarsa 4.
Seo linn a Ghaelaibh, ‘maireadh muid gach lá í,
Here we are, Gaels, may we make it live every day.
Cuir spraoi ‘s bród insan saol.
Put fun and pride into life.
Seo linn go fonnmhar, áthasach ‘s gliondar.
Here we are enthusiastic, happy, joyful.
Seo linn gan casadh siar riamh.
Here we and we’re never turning back.
Curfá
An Chaint – The Spoken Part
Véarsa 5
Seo ‘nois é.
This is it now.
Arbh í an chúis a bhí a’inn le ‘aidh seo?
Is this our reason for it?
Ag dul sa mbearna bhaoil le ‘aidh seo?
Going into the mouth of danger for this?
A’ cailleadh cairde ‘s gaol le ‘aidh seo?
Losing friends and family for this?
Ach, nuair a fheicim na réalta, farraigí ‘s sléibhte, airím an tsaoirse.
But when I look at the stars, the sea, the mountains, I feel the freedom.
‘S nuair a chloisim glórtha ‘s amhráin ár sinsir [tuigim) ‘nois an t-am, an t-am, ó an t-am.
And when I hear the sounds of our ancestors in song, [I know] this is the time. The time, oh the time.
Véarsa 6
Seo’d anois é, seo’d é an t-am: trí nóiméad istigh i nglór amháin.
Here is it, here is the time: three minutes into one song.
A thosaigh amach gan aon treoir, ‘s ag díriú ar ár bplean.
That started out without direction and we’re heading towards our plan.
Muid aontaithe anois faoi stiúir an cheoil, ag cuimhniú siar ar lucht na ndeor.
We’re united now under the music’s flow, thinking about those who wept.
Ach ná ceap go ngéillfeadh muid ar
But don’t think we would give up on
Ár dteanga a mhair na cianta.
our language that lasted the long haul.
Véarsa 7
Is minic mé ag brionglóid ar scéalta Thír na nÓg,
And I often dreaming of the stories of The Land of Eternal Youth.
‘s Oisín agus Niamh Chinn Óir
and Oisín and Niamh of the Golden Hair.
Ó ní chreidfeá ariamh, go bhfillfeadh an deis aríst,
Oh you would never believe that this chance would return.
Tá orainne ‘ bheith ann.
We must be there
Le chéile EA EAA EA EAAAA.
together, yeah.
Véarsa 8
Leanfaidh muid mianta ár sinsir ag tíocht anuas ó laethanta cianda.
We follow the wishes of our ancestors coming from days of old.
Nárbh fhada an lá arís.
Don’t let it be long [until] the day again.
Tír le teanga, tír le h-anam. Sí do thír í, déan do rogha, ó. X2
A country with a language [is] a country with a soul. It’s your country, make your choice, oh.
The Irish win again.
Listen and catch the emotion and the music of the Irish language and then look below for a translation if you need it.
A rough translation:
1. Agus chomh ciúin. And so quiet. Deich bpointe in aghaidh a naoi, a naoi. Ten points against nine, nine. Ghaaa! Katie Taylor! Katie Taylor! Ghaaa! Katie Taylor! Katie Taylor! Seaimpín na hEorpa, seaimpín an domhain agus seaimpín Olympics anseo! Champion of Europe here, champion of the world and champion of the Olympics here!
2. 0:15 Tá sé buaite ag Katie Taylor. Katie Taylor has won it. A leithéid de thaispeántas arís, sa triú babhta sin! What a display again in that third bout! Tá sí fhéin agus Daide agus Billy, agus fear Georgia, tá siad ag baint barróige dá chéile. She herself and her dad and Billy and the man [from] Georgia, they are all hugging each other.
3. 0:30 Ó d’fhéadfadh an bhean [sin]! Oh that woman could do it! Labhair mé cheana orthu, laochra na hÉireann: Maud Gonne, Graunuaile, Mary Robinson, Máire Mhac an tSaoi… I spoke earlier of them, the heroes of Ireland: Maud Gonne, Graunuaile, Mary Robinson, Máire Mhac an tSaoi… Caith í isteach san áireamh leo. Throw her into the count with them. Seo í an bhean! This is the woman [Katie Taylor]!
4. 0:41 Tá an Rúiseach ag gáire. The Russian is laughing. Níl aon fhonn gáire ar an Rúiseach. She has no [true] desire to laugh. Tá cnagaire, tá coilgeach uirthi. She’s sulking, she’s angry. Tá sí lán d’éad. She is full of jealousy. Agus dúirt sí aréir go raibh deich bpointe ag Katie Taylor sula dtiocfaidís isteach sa fáinne ar chor ar bith. And she said last night that Katie had [an automatic] 10 points before they’d even get into the ring at all. A leithéid de sheafóid! Oh, what rubbish! Ó a leithéid de bhean, Katie Taylor! Oh, what a woman, Katie Taylor!
5. 0:58 Agus dáiríre táim ag tráchtaireacht, a lucht éisteachta, le dhá scór bliain. And really I’ve been reporting, to you listeners, for forty years now. Ach seo í an ócáid is giorra de mo chroí ariamh ariamh sa saol, go bhfuil an bhean seo tar éis an craobh Olimpeacha a thabhairt leí. But this is the occasion that is closest to my heart ever in my life that this woman has just taken the Olympic title. Murach í, ní bheadh aon chraobh. Without her, there wouldn’t be any championship. Ní bheadh aon bhean sna Olympics. There wouldn’t be any women [boxers] in the Olympics. Agus anois tá brat na hÉireann ag Katie Taylor. And now Katie Taylor has the flag of Ireland. Tá sí ag gabháil timpeall an fháinne. She is going around the ring. Sár throid! Excellent fight!
6. 1:20 Níl aon cheist faoi cé hí an dara duine is fearr sa domhan. There is no question about who is the second best person in the world. ‘Sí Ochigava an dara duine is fearr sa domhan. It is Ochigava, [who is] the second best person in the world. Ach ag deireadh an lae, níl aon mhaitheas i bheith an dara duine is fearr sa domhan mar ‘sí Katie Taylor an duine is fearr sa domhan. But at the end of the day there is no good in being the second best person in the world because it’s Katie Taylor, [who is] the best person in the world.
7. 1:34 Deich bpointe in aghaidh a hocht go hoifigiúil anseo: ó a dó, a dó san gcéad ceann; a dó, a haon ag Ochigava sa dara ceann; a ceathar, a haon ag Katie. Ten points to eight officially here: oh, 2:2 in the first one, 2: 1 to Ochigava in the second one, 4:1 to Katie in the third. An triú babhta: sin é an ceann. The third bout: that is the one! Tá sí ag breathnú suas sa spéir anseo. She is looking up into the sky here. Tá sí ag dul trasna go dtí na cúinní go gairid. She’ll be going over to the corners soon.
8. 1:51 Cuireann siad an ? gown dearg uirthi. They put the red gown on her. Tá sí ag gabháil amach as an bhfáinne anseo. She is going out of the ring. Agus, a lucht éisteachta, dáiríre píre, mura bhainfeadh sé seo na deora as do shúile… And, listeners, really and truly, if this can’t bring the tears to your eyes… Tá sé an deacair deora a bhaint as a gcuid súile. It’s really hard to take the tears away. Tá siad ag tarraingt isteach. They are filling up. Ar cúig nóiméad tar éis a cúig, a lucht éisteachta, tá an stair á dhéanamh . At 5:05, listeners, history is being made. Tá sé buaite ag Katie Taylor. Katie Taylor has won. ‘Sí Katie Taylor as Brí Chualann, sé bliain d’aois, sé bhliain is fiche d’aois, an seaimpín Olimpeacha don bhliain dhá mhíle is a dódhéag. It is Katie Taylor from Bray, 6 years…26 years old, the 2102 Olympic champion. Agus leis sin, mo Sheáinín, d’fhógair (?) gur deacair go deo, leis sin ar ais leat sa studió. With that, me [little] Seán, I do declare this is awfully hard [to talk], back to you in the studio.
Seán Bán Breathnach reported the above in Irish on the Irish Language Radio Station, Raidió na Gaeltachta as Katie Taylor won the gold for Ireland in a close-fought match on the 9th of August 2012.
Katie Taylor was instrumental in campaigning for women’s boxing to be included as an Olympic event. The Irish crowd of supporters also beat out all other countries, including the host country in their loud support of their champions. The sound level almost equaled the sound of a jet engine starting up.
Maith thú, Katie! Good on ye, Katie: you are the queen of Ireland now.
Tomorrow the 10th, we hope to have our king in the form of John Joe Nevin.
Mórtas Cine = Pride in Your People
It’s a good day. Lá maith.
I’m 50 today. Caoga inniu.
What’s good? Rudaí maithe?
OK, that’s not mine. It’s from technicallyfunny.com Ghoid mé an íomhá thuas.
1. I have a new sense of who I am and I’m happy with it. Tuigim mé fhéin níos fearr is táim sásta leis.
2. My tolerance for BS, power plays, and artificiality have now reached zero. Yeah! Níl am agam do sheafóid anois.
3. I make lists each day of all I want to do. Déanaim liostaí gach lá do na rudaí ba mhaith liom a dhéanamh.
Swim at midnight? Sure! ✓ Gabh ag snámh ag meánoíche? Cinnte. ✓
Examples/Samplaí
#1. Speak my own language? Heck yeah! ✓ Labhair mo theanga féin? Ní féidir mé a stopadh. ✓
#2. Tell people in power when they are doing harm? Always did but holding back less now. ✓
Inis do na daoine i gceannas nuair atá siad ag déanamh damáiste? I gcónaí ach le fuinneamh anois.✓
I know! Some think that intensity could never have been raised 🙂 Tuigim! Tá daoine ann a cheapann nach bhféadfaí é a neartú 🙂
#3. Try new things? You betcha! ✓ Bain triail as rudaí nua. Cinnte dearfa! ✓
News Nuacht:
I have not left my job but will HAPPILY do it if BS raises its ugly head again to cause harm. That feels good.
Níor éirigh mé as mo phost ach siúlfaidh mé amach an doras gan stró má fheicim lúdramáin ag déanamh dochar arís.
Best present? Photos from my brother. Really good prints of Mullingar and beyond. I’m proud of his artistic talent!
Bronntanas is fearr? Grianghrafanna ó mo dhearthair. Íomhánna den Muileann gCearr is áiteachaí eile. Bródúil as!
Stones on Clare Island, Clew Bay and Croagh Patrick
Clocha ar Oileán Chléire, Cuan Mó is Cruach Phádraig
Other presents that made me smile from ear to ear? Bronntanais eile a chuir i dea-humor ceart mé?
Flowers, knowledge, messages, ecards. Bláthanna, eolas, teachtairí, cártaí (ecards ar ndóidh – seo linn 2012!)
All this and the day is just getting started. É seo go léir agus é fós luath anseo.
Now, off I go to buy tennis rackets, a basketball, a desk…do stuff! Anois ag siopadóireacht liom…
Words of wisdom on recognizing BS from my son today Focail ó mo mhac sa chisteanach anois:
If people have a good purpose, they will say what it is. If they don’t have a good purpose, they attach themselves to groups that sounds nice to appear decent.
Má tá cuspóir ag duine, deireann sé é. Muna bhfuil, ligeann sé air bheith lách is é le grúpaí le ainmneacha deasa.
His example/Sampla uaidh
Brian Fisher Head of the American Family Association encourages the formation of an underground railroad to kidnap the children of gay people!!! Ugh.
Ceannaire an American Family Association atá ag iarraidh leanaí cúplaí gay a bhaineadh díobh. Gránna.
Good lead, my lead at recognizing BS!
Well then. Music, dancing, moving around. Let the fun begin. Bíodh ceol, damhsa is spraoi againn!
ó Scéalta Chois Cladaigh
Fada ó shin, ar ndóiche, ‘ bhfeicfeá a ceathair nó a cúig déag de bhlianta an uair sin nuair a ghabhadh bróg ort. Bhíodh na daoine ag imeacht ‘ cosnocht. Ní ghabhadh aon bhróg ort go mbeifeá in ann a luacht a shaothrú go maith. Ach bhí cineál…ba é an dlí a bhí ann an uair sin… bhíodh fataí bruite, ar ndóiche, ar bhoilg an lae agus ba é an bhéile deiridh ag gabháil a chodladh dófa, fataí.
Ach caithfí na cosa, an té a bhí ag imeacht cosnochta – an t-aos óg, chaithfeadh siad na cosa a ní in uisce na bhfataí. Bhí sé go maith leis na cosa a ní.
Ach an oíche seo taobh thiar ag an Lag, an áit ‘a raibh na seantithe (bhí mé dá insint cheana féin), bhí teach ansin. Agus nuair a bhí na fataí ite acu dúirt lánúin an tí, (bhí triúr clainne acu; triúr gearrchaile agus an ceann ba sine seacht mbliana a bhí sí), dúirt siad, láúin an tí, leis na gearrchailí na cosa a ní. Ach nuair a chuaigh siad chuig uisce na bhfataí, bhí uisce na bhfataí ruidín beag ró-the leis na cosa a ní.
‘Tabhair leat an sáspan sin thíos,’ a dúirt an t-athair leis an ngearrchaile seo ba shine anois. Seacht mbliana a bhí sí. ‘Agus tabhair isteach sáspan uisce agus fuaraigh an t-uisce na bhfataí go nífidh sibh na cosa.’
Chuaigh sí amach chuig an lochán beag a bhí giota ón teach ach níor phill sí ariamh ó shin, an créatúir! Ach nuair a b’fhada leofa a bhí amuigh, déirigh an cuartú amach agus ní raibh aon dath di le fáil. Déirigh muintir an bhaile amach nuair a chuaigh an gleo amach go raibh sí imithe.
Ach, lá arna mhárach, shiúil siad na bogaigh i mBaile na Cille agus chuaigh siad amach go barr aillte ag cuartú. Agus tá aill ansin a dtugann siad Gob Leaba Choimín air agus fuair siad an t-anúnfairt déanta thiar ar bharr an ghoib. Agus bhí lorg cosa bó, fuair siad amach, mar a bheadh dhá bhó ag troid.
Ach bhí siad ag faire síos fúthu agus thíos ar an gcarraig chonaic siad an corp thíos ar an gcarraig. Agus d’ísligh siad síos agus thug siad aníos í. Agus, an créatúir, ba í an gearrchaile a bhí ann. Agus bhí sí chomh dubh leis an mbac uile go léir.
Ach cuireadh an créatúir agus sin a méid atá. Bhítear ag leagan amach gur tugtha a bhí sí.
Sin an méid a mhoithigh mise anois faoi ghnoithe tiomáint ar an gcaoi sin ag an tslua sí.
Long ago, of course, you’d have seen four or five years of this life before a shoe would go on you. People went around barefoot. You wouldn’t have a shoe on you until you were well able to earn the price of it. And it was like…it was the way it was that time …you’d have boiled spuds in the middle of the day and it was also the last meal as people would go to sleep, the spuds.
But the feet had to be, the people who were barefoot – the young people, they’d have to wash their feet in the water in which the spuds had been boiled. It was good for washing feet.
But this night back at a place called The Lag, a place where the old houses were (I was telling about this before) there was a house there. And when the people in it had eaten, the full house of them, (they had three children; three girls and the eldest was seven), they all told the girls to wash their feet. But when they went to the potato water it was a bit too hot for them to wash their feet with it.
‘Take that saucepan,’ said the father to the oldest girl. She was seven years old. ‘And bring in a saucepan of water to cool down the potato water so you can wash your feet.’
She went out to the pond, a short distance from the house, but, the poor thing, she never returned., the poor creature! But as soon as they felt she was too long out, the search party went out but there was not a trace of her to be found. The townspeople came out when the heard the commotion of her being gone.
But then, the next day they walked the bogs in Baile na Cille (Kilgalligan) and they went out along the cliff tops looking for her. And there is a cliff there they call Gob Leaba Choimín and they found the ground there in bits at the edge of the cliff. And there were cattle prints as if two cows had been fighting there.
But then they were looking down and below them on a rock they saw the body, on a rock. And they lowered themselves down and brought it up. And it was the little girl, the poor creature. And she was black all over, as black as the hob.
And she was buried and that’s it. They were making out that she had been spirited away.
That’s all I heard now of that kind of carry on by the fairy crowd.
Lúnasa
Fonn ort Lúnasa a cheiliúradh anocht?
Céard é?
Féile Cheilteach. Mí.
Gaeilge:Lughnasa nó Lúnasa
Gàidhlig: Lùnastal
Gaelg: Luanistyn
Cymraeg: Calan Awst
Béarla: Lammas.
Dia Ceilteach ab ea Lugh. Ciallaíonn násadh féasta mar sin is é násadh Lugh, Lughnasadh. Lúnasa atá againn air anois. Níl ‘fhios go díreach an bhfuilimid ag ceiliúradh bua thar Dia eile nó rud eile ach tús séasúir nua dúinne atá ann agus an talamh aibí le bia a thabhairt dúinn.
Thanksgiving an nós i Meiriceá níos déanaí. Lúnasa i bhfad níos sine ná sin, thar 1,000 bliana d’aois.
Cérbh é Lugh?
Dia le níos mó ná ainm amháin: Samh-ildánach, Lámhfhada, Lonnbeimnech, agus Macnia (laoch óg).
Seo é ar chrann le Tuatha Dé Danann
Mar Mhacnia, b’é a threoraigh an Tuatha Dé Danaan i gcoinne na Fomoire ag Mag Tuireadh. Sa chath seo, mharaigh Lugh a sheanathair, Balor. Tá cloch Balor le feiceáil ag Baile Fhobhair, Co. na hIarmhí.
D’eagraigh Lugh cluichí in onóir dá mhuime Tailtiu nuair a bhfuair sí bás tar éis lár na hÉireann a ghlanadh go mbeadh daoine in ann plandaí a chur ann.
Tá Lugh cosúil le Crom Dubh.
Crom Dubh
Crom Dubh, a bhí ar Dhia an Fhómhair sular tháinig Pádraig lenár gcreideamh a scriosadh. Is iomaí cruth a bhí ag Crom. Bhí ualach mór ar a dhroim agus is minic a chonaic daoine mar tharbh é sna scéalta. Tá ainm eile ar Lughnasadh fós le cloisteáil in áiteachaí ar fud na tíre: Black Stoop Sunday mar gheall ar an gcaoi ina bhfuil Crom cromtha leis an gcruithneacht ar a dhroim. Bhí Crom ag dul amach le Eithne. Mar sin, d’ith daoine arán ag Lúnasa agus mharaigh siad tarbh le é a ithe ag Samhain.
Ar ais ag an gcaoi ar scrios Pádraig ár gcreideamh is é ag tarraing creideamh na Róimhe isteach sa tír. An féidir go raibh an t-ainm Crom Dubh ar ár sliabh Cnoc Pádraig sular thug an Eaglais ainm nua air?
Bhí cath idir Lugh agus Crom Dubh agus bhí an bua ag Lugh.
Conas Lúnasa a cheiliúradh:
Scríobh Thackery ina “Irish Sketchbook of 1843” mar a dhreap na daoine Cnoc Pádraig le freastal ar an Aifreann ach ina dhiaidh bhíodh siad ag damhsa agus ag teacht le chéile … bhuel… tuigeann tú. Is dócha nach raibh na sagairt sásta leis sin cé go mbeadh níos mó Caitlicigh acu dá bharr ina dhiaidh.
Is anois, céard ba chóir dúinn a dhéanamh?
Bhuel, bailigh cairde le chéile, (níos fearr fós má tá ceoltóirí is rinceoirí ina measc), déan arán le cruth Lugh, faigh torthaí agus cnóanna, agus tóg leat iad nuair a dhreapann tú cnoc. Fág bronntanas beag do na Déithe ann (bia, cáca…). Roinn bia le do chairde agus inis scéalta le chéile. In Albain tá cáca faoi leith don ócáid seo: lunastain. Ansin déan dráma den cath idir Lugh agus Crom Dubh. Féadfaidh tú aghaidh Lugh a phéinteáil ar chloch ar bharr an tsléibhe. Cuimhnighar a rinne Tailtiú dúinn.
Déan damhsa, las tine (má tá sé slán san áit ina bhfuil sibh) agus más féidir lean ar aghaidh ag ceiliúradh 3 oíche is 3 ló. Drámaíocht ar lá 2 ar an gcaoi ar chuir Lugh stop leis an nGorta, ar lá 3 ar an gcaoi ina raibh sé ar ais i gceannas arís tar éis an bua ina aghaidh Croim.
Má tá tobar in aice na háite téigh timpeall air (deiseal). Tóg luaithe na tine anuas leat le na beithigh a bheannú. Má tá fonn oraibh rudaí eile a bhaineann le pléisiúr a dhéanamh ag an mbun, níl mise ag dul ag cur isteach oraibh. Anseo freisin is féidir leat triail a bhaint as pósadh le lámha a cheangail le chéile. Beidh bliain agus lá agaibh le fáil amach ar roghnaigh sibh i gceart.
Iontach an ghealach i mbliana.
Mo thine An ghealach lán An cnoc a dhreap mé
Bhí béile blasta agam agus mé ag éisteacht le Aisling Eimear ó Cholm Mac Con Iomaire. Sásta. Oíche mhaith.
Beannachtaí oraibh go léir.
Dance: http://www.youtube.com/watch?v=anzEZz-6vds |
See also: http://www.ancientworlds.net/aw/Journals/Journal/785551 |
and http://nicoleevelina.com/2012/07/31/lughnasa-gathering-of-the-tribe/ |