Audio to accompany Japanese For Everyone, Lesson 6
Flashcards Lesson 6: http://quizlet.com/6688081/japanese-for-everyone-chapter-6-flash-cards/
The listening comprehension exercise is on page 93 of your textbook.
Audio to accompany Japanese For Everyone, Lesson 6
Flashcards Lesson 6: http://quizlet.com/6688081/japanese-for-everyone-chapter-6-flash-cards/
The listening comprehension exercise is on page 93 of your textbook.
Audio for Japanese For Everyone Lesson 5
Flashcards: http://quizlet.com/9046010/japanese-for-everyone-chapter-5-flash-cards/
Audio for Japanese For Everyone Lesson 4
Flashcards: http://quizlet.com/4927574/japanese-for-everyone-chapter-4-flash-cards/
Audio for Japanese For Everyone, Lesson 3
Flashcards: http://quizlet.com/3621021/japanese-for-everyone-chapter-3-flash-cards/
Note the clock times on the screen do not correspond to the right answers. Look at page 57 of your text for that exercise.
Audio to accompany Japanese For Everyone, Lesson 2
Flashcards: http://quizlet.com/3091484/japanese-for-everyone-chapter-2-flash-cards/
Audio of Lesson 1 to accompany Japanese For Everyone by Susumu Nagara, published by JPT
ISBN-13: 978-4889962345
Flashcards: http://quizlet.com/2887298/japanese-for-everyone-chapter-1-flash-cards/
Le díshealbhú, bagairt, agus ionsaí tá siad marbh le frustrachas
An Nuacht:
Tháinig an scéal eadochasach seo chugham i dtuít inniu ó cheoltóir san mBrasaíl. D’oscail mé an nasc agus léigh mé an litir faoi na treibheanna Guarani-Kaiowá san mBrasaíl atá ag seasamh an fód don uair dheireanach. Níl acu ach dóchas go gcloisfidh breitheamh a gcás ón litir ach dáiríre ní chreideann siad sa chóras dlí agus anois b’fhearr leo bheith curtha lena muintear. N’fheadar an ndéanfaidh a namhaide fiú a leithéid dóibh.
An Litir (i leagan simplí) ón gcomhphobail de Guaráinis-Kaiowá Pyelito Kue / Mbarakay-Iguatemi:
Dírithe ag an Rialtas agus Cúirte na Brasaíle
‘Is sinne (50 fir, mná 50 agus 70 leanaí) an phobal Guaráinis-Kaiowá a thagann ó Tekoha Pyelito kue / Mbrakay . Scríobhamar an litir seo lenár staid stairiúil a mhíniú agus an beart a rinneamar a léiriú daoibh mar gheall ar an t-ordú uaibhse (Uimhir. 0000032-87.2012.4.03.6006) a bhfuaireamar ar an 29ú lá de Meán Fomhair 2012. Fuaireamar amach go mbeidh ár bpobal ionsaithe, ráibthe, caite amach ó cheantar na habhainn, an áit ina bhfuilimid, mar gheall ar an t-ordú seo ón gcúirt náisiúnta Ashland.
Mar sin tá sé soiléir dúinn, leis an gníomh seo ón gCúirt náisiúnta, go bhfuil sibh ag cothú is ag méidiú an foréigean is ag diúltiú ár gcearta maireachtáil anseo in aice na habhainn Hovy agus freisin inár gceantar dúchasach Pyelito Kue / Mbarakay. Tuigimid go soiléir nach bhfuil i gcinneadh na cúirte seo ach cuid den chinedhíothú is sciosadh amach ár dtreibh atá i Mato Grosso do Sul…’
Leanann an litir ar aghaidh le rá nach bhfuil dóchas acu, nach gcreideann siad sa dlí agus gur fearr féin–mharú chuile dhuine beo acu ná fulaingt faoin dlí. Agus sin an rud atá beartaithe acu a dheanamh. Ar a laghad beidh siad ina ait fhéin agus impíonn siad bheith curtha lena muintear san áit sin.
Geit:
Féin-mharú an treibh uilig? Tá sé an-deacair go deo é sin a thuiscint nuair atá meas ag daoine ar an saol. Smaoinigh mé fhéin ar dul go an Iaráic mar chosain do na daoine ann nuair a thosaigh siad ag caint ar ‘Shock and Awe.’ Ní mharódh siad daoine ó Mheiriceá nó daoine mór le rá a bhí ag dul ann. Sin a cheap mé ag an am. Bhí orm rud éigin a dhéanamh agus bhí sé chomh tabhachtach sin go raibh mé réidh (mar a deireann saighdiúirí go minic) an íobairt is mó a dhéanamh agus mé fhéin a chur i mbaol. Is bhí neart daoine eile ag dul ann mar chosain.
Tuigim an grá.Tuigim an frustrachas nuair nach féidir leat aon rud eile a dhéanamh. Ach ní oibríonn sé. D’fhéach mé ar an nuacht, d’éist mé le daoine, chuala mé daoine a’ rá ‘Nuke Iraq’ agus thuig mé faoi dheireadh nárbh íobair a bhí ag teastáil ach an fhírinne, labhartha go hard i ngach áit go mbainfí an cumhacht ó na diabhail gan náire, gan croíthe a mharaíonn daoine mar is cuma leo.
Mo Fhreagra:
Tá freagra agam do na Guarani-Kaiowá: ná déan é. Is cuma leo san rialtas faoin litir seo is faoi bhúr gcás. Ach má fhaigeann sibh bás beidh an bua acu. Leanfaidh siad ar aghaidh leis an dochar le grúpaí eile agus is cuma leo faoi na marbh. Tá siad bodhar is dall is ní thuigeann siad aon rud seachas a ngutha fhéin agus saibhreas $$$.
Cé go bhfuil an cás i bhfad níos measa daoibhse, chaill mé is mo chlann ár gcultúr nuair a thángamar go dtí na Stáit Aontaithe. Ach tá dóchas ann agus is féidir difríocht a dhéanamh anseo agus cúrsaí a fheabhsú. Anseo atáim ag scríobh faoi bhúr gcás i mo theanga fhéin arís. Creid nó ná creid, b’iad Meireacánaigh a thug an spreagadh dom mo chultúr a aithint arís lena suim sa Ghaeilge. Is féidir an troid a dhéanamh leis an dlí ó áiteachaí eile.
Ní neart go cur le chéile agus cé nach bhfeiceann sibhse ach an dream damanta ansin, tá níos mó daoine maithe sa domhan ná daoine gan croíthe. Ach ní labhraíonn siadsan os ard is caithfimid dul á gcuartú. Tuigeann go leor daoine bhúr gcás ach tá i bhfad níos mó daoine amuigh ansin nár chuala faoi go fóill. Seas an fód (anseo nó ansiúd) mar a rinne bhúr muintear romhaibh. Éist leis na focail san amhrán seo agus creid iad: http://www.youtube.com/watch?v=8ebkce5ukn4
Tá sos uaim. Goilleann na sonraí meastóireachta atá acu sna scoileanna go mór orm. Labhraíonn siad faoi bullaíocht sna scoileanna ach caithfidh siad smaoineamh freisin ar na drochrudaí a dhéanann lucht riarachán a ghortaíonn na múinteoirí. Tá fonn orm níos mó ama a chaitheamh sa saol seo agus tuigim go maith go bhfuil orm éalú ón strus anois ar feadh tamaillín.
Tar éis dom mo chéim a bhaint amach anseo, thosaigh mé ag obair i scoil gar dom agus ba bheag nár mharaigh sé mé. Ní raibh smacht ar bith ann, bhí na tuismitheoirí i gceannas (tabhair A+ do mo ghasúr a deireann siad is caithfidh tú é a thabhairt dóibh nó bíonn tú i dtrioblóid leis an bpríomhoide), is bhí daoine ag teacht isteach lena bpáipéirí le do cheacht a mheasadh go minic. Bhí mé trína chéile acu. Fuair mé amach go bhfuair an múineoir romham bás ón strus agus roimh i bhfad thuig mé a cás. Bhí mé ag caoineadh go géar ar mo bhealach ar scoil chuile lá agus ar mo bhaile abhaile.
D’fhoghlaim mé trí rud sa scoil sin:
1. cén fáth a n-úsáideann déagóirí drugaí (ní féidir marachtáil gan iad i scoil mar sin)
2. tá daoine i gceannas nár cóir ‘bheith i gceannas agus déanann siad an t-uafás damáiste ach tá eagla ar dhaoine aon rud a rá leo (oidhreacht choilíneach déarfainn – ná ceistigh na droch rudaí) agus
3. go bhfaigheann daoine áirithe sa tír seo pléisúir as an gcumhacht atá acu agus is cuma leo faoi cearta an duine
Tá rudaí níos fearr i mbliana ach fós aontaíonn an foireann (na múinteoirí) sa scoil nua agam faoi rud amháin: níl meas dá laghad ag an lucht riarachán orainn is imríonn siad cuid de na cluichí a d’imir siad a scoil eile le na múinteoirí a choinneáil faoi bhrú.
Mar sin, bainfidh mé taitneamh as mo ranganna nuair nach bhfuil an lucht riarachán ag cur isteach orm, déanfaidh mé mo Zumba is gabhfaidh mé ag an dochtúir nuair atá gá ann. Ach is fada an domhan seo ón tír a d’fhág mé agus tá mé ag caint anois faoin meon aigne is an meas atá ag daoine ar a chéile nó nach bhfuil.
Tá trí lá uaim le taom croí nó stróc a sheacaint. Is tógfaidh mé iad. Is smaoineoidh mé ar na daoine maithe sa domhan seo is guím go dtiocfaidh feabhas ar an scéal.
Sin a bhfuil uaimse anocht.
Oíche mhaith is go mbeidh an saol lách libh: http://www.youtube.com/watch?v=W6Jvp3QBwgY
Tuairim is ceithre chéad bliain ó shin chuaigh Samurai thar farraige ón tSeapáin go dtí an Spáinn ar thuras taidhleoireachta. Bhí sos nó dhó acu ar an mbealach i Meicsiceo.
Is sa Spáinn a d’fhan cuid de na Samurai is phós siad mná na háite. Mar sin san lá atá inniu ann, gar go Sevilla sa bhaile beag Coria del Río, fós tá daoine ón gclann Samurai sin. Tá b’fhéidir seacht gcéad daoine i Coria del Río a bhfuil gaol acu leis na Samurai a sheol suas an abhainn Guadalquivil (luaithe ag Chris de Burgh san amhrán Spanish Train) ó Sendai sa bhliain 1613. Is féidir iad a aithint óna sloinne: Japón nó Japón-Japón ag cuid acu (ón athair is ón máthair).
Coria del Río
I gceannas ar a stair tá Manuel Virginio Carjaval Japón. Tá siopa rothar aige (tá mé ag saoineamh ar Na Frames arís) is sa siopa sin tá píosa páipéir aige ó Hasekura Rokuemon Tsunenaga (支倉六右衛門常長) a shinsear ón seachtú aois déag. Sa seomra ar chúl an siopa tá go leor leabhair aige óna shinsear a tháinig anseo san ré sin fadó.
Tosnaíonn an scéal leis an samurai seo Hasekura Tsunenaga. Bhí cónaí air i Sendai sa cheantar ar a tugtar Miyagi / Fukushima / Iwate anois. Sin an áit a d’fhulaing is mó ón gcrith talúin, tsunami uafásach, is tubaiste núicléach an bhliain seo caite más cuimhin libh an nuacht. Ach ar ais ag an scéal. B’eisean an chéad toscaire oifigiúil a sheol an tSeapáin go dtí Meiriceá Thuaidh mar bhí air dul trí Meicsiceo le teacht go dtí an Spáinn. Is ní raibh sé ina aonar. Le 180 Seapánaigh eile d’fhág sé caladh Tsukinoura i Ishinomaki (Miyagi) ar bord galleon a thóg na Seapánaigh sa stíl a bhí ag na Spáinnigh. B’é an Daimyo Date Masamune a thug an t-ordú dóibh dul thar sáile.
Daimyo Date Masamune
Bhí bráthair Críostaí ar bord dárbh ainm Luis Sotelo a d’oibrigh mar aistritheoir dóibh. Bhí sé ag iarraidh bheith ina ardeaspag ar oirthear na tíre lá éigin. Mar sin bhí sé ag iarraidh iad a thabhairt leo go dtí an Vatacáin freisin. Bhaistigh seisean an long an ‘San Juan Bautista’ agus thug siad aghaidh ar an fharraige mór go dtí gur tháinig siad go caladh gar go Acapulco. Thaisteal siad go cathair Meicsiceo is go Vera Cruz is lean siad orthu ar an turas.
San Juan Bautista
Ach d’fhan cuid mhaith acu sa phríomhcathair i Meicsiceo. Ní raibh anois acu ach tríocha. Faoi dheireadh shroich siad béal na habhainn an Guadalquivil sa Spáinn i 1614 ag Sanlucar de Barrameda. D’fhan siad ann seal i dteach mór ansin. Tar éis an sos beag sin lean siad orthu go Coria de Río an áit do na custaim san am sin sula ndeachaigh siad go Sevilla. Cuireadh fáilte mór rompu is thaisteal siad ar fud na tíre ina éadaí traidisiúnta. Chuaigh siad go Córdoba, Toledo agus Madrid, áit inar bhuail siad leis an rí Felipe III ach níor éirigh leo beart a dhéanamh maidir le trádáil.
An Rí Felipe III (Velázquez)
Lean siad orthu go Zaragoza, Barcelona agus an Fhrainc. D’éirigh leis an mbráthair Sotelo dul leo go dtí an Vatacáin i 1615 is bhí cómhrá acu leis an bpápa ach níor éirigh leis an post a bhi uaidh a fháil ach oiread. Bronnadh an tideal saoránah onórach ar Hasekura agus b’shin é. Ach, dáiríre bhí an t-ádh leis mar sa bhliain céanna chuaigh Galileo ag caint leis an bpápa agus bhronn siad tideal difriúil air.
An pápa Pól V (Rubens)
Chuaigh siad ar ais go Sevilla is tugadh ainmneacha nua is creideamh nua dóibh. Baisteadh Hasekura mar Felipe Francisco de Faxicura in áit Hasekura Tsunagara. D’fhan na samurai go léir i mainistir gar go Sevilla go dtí gur shocraigh cuid acu (Hasekura, Sotelo is roinnt eile) filleadh abhaile. Shroich siad an tSeapáin arís i 1620. Ach, mo léan, ag an am sin bhí an cumhacht ag an gClann Tokugawa is bhí siad an marú na Críostaithe. Theith Hasekura go dtí na sléibhte ach dhóigh siad an bráthair Sotelo ar nós Jeanne d’Arc. Le fada an lá ní raibh a fhios ag éinne céard a tharla do Hasekura.
Hasekura ag guí
D’fhan seisear Samurai sa Spáinn agus bhí an t-ádh leo. Phós siad mná na háite is cuireadh an focal Japón (de Japón) lena sloinne is tá sé fós ag neart daoine ansin. Bhí na Samuai sásta ach de réir a chéile rinne daoine dearmad ar a stair. Cheap daoine gur mar gheall ar iascairí a tháinig ón tSeapáin fadó a bhí an sloinne Japón sa bhaile beag. Tháinig athrú ar an scéal nuair a bhí cathair Sendai ag ceiliúradh céad bliain i 1989 is chuaigh méara Sevilla ann. Is nuair a bhí sé ann luaigh sé go raibh daoine leis na sloinne Japón i mbaile sa Spáinn. Thosaigh siad ag caint is faoi dheireadh thuig siad an stair. Anois tá gaol láidir idir Coria del Río is Sendai.
Is sin scéal na Samurai sa Spáinn.
Things you hear from presenters at an obligatory ‘Faculty Faith Formation Day’ for teachers in LA that just completely blow your mind:
1. Pornography makes men lose interest in sex.
2. Sexual trafficking exists because men can’t find brides.
3. I can regain my virginity because Jesus made the blind see so I can go to confession and get restored.
4. Contracept (used as a verb).
5. Women in 3rd World countries are marvelously adept at using natural family planning because they understand you need moist soil to grow a seed.
6. People have sex before dinner and family planning after dinner.
7. Contraceptives are as bad as asbestos and cancer.
8. Pheromones dupe men to rate ‘ordinary’ women more attractive than supermodels.
9. The pill makes women sexually available.
10. The walls of the womb are hospitality suites where wining and dining occurs.
11. You don’t need the pill to lose pain and become regular: you just need vitamins.
12. Condoms for homosexuals are not ‘contracepting’ so it’s OK but for married couples it’s wrong even if one is HIV positive.
Seriously! I’m not making this up.
Talk of ‘slippery mucus’ put me off the food they provided.
And the church wonders why it is losing people?!
One presenter’s website here: http://www.janetesmith.org/
Here’s her Powerpoint http://www.mycatholicfaith.org/JanetSmithsPowerpoints.html and we suffered through the one called Hormones R Us.
I should point out that I am not a religion or science or health teacher nor were the majority of people there. I thought they could not possible have a presentation worse than last year’s but I was SO, SO wrong!
We were caught in a bad episode of The Twilight Zone and the self-righteous talk of mucus with bad science and bad statistics was driving us all CRAZY!
If this is a new tactic on the war on teachers, it is a particularly nasty one!
NO MORE – EVER!!!!!!!!!!!!!!!!!!