Thosaigh mé an blag seo bliain ó shin is ní raibh ‘fhios agam cá raibh mé ag dul.
Níl fós. Ach tá ‘fhios ‘am anois go bhfuil mo theanga féin agus mo chultúr féin tábhachtach dom.
Tá ‘fhios nach féidir dearmad a dhéanamh orthu.
Tá sé chomh héasca sin ligint don saol i SAM m’fhuinneamh is mo chultúr a ghoidiú uaim.
Thosaigh mé le Spiorad i mo bhlag le ceol ó na Waterboys bliain ó shin is tá an Spiorad sin fós liom.
Anseo atá mé fós ‘dying to fly’ ach ceangailte don talamh.
Mar sin ceiliúraim bliain amháin libh leis an amhrán ‘No Frontiers’ ó Mary Black mar níl teorainn anseo.
Dáiríre, níl. Tá línte ar pháipéar is creideann daoine gur bacanna iad.
Ach tá mé fós ag siúl roimh dul ag léim nó ag eitilt.
Bíodh ceol is cairdeas is ár gcultúr fhéin againn, a chairde.
Creid is nuair atáimid réidh, suas linn go hard ar sciatháin an spiorad sin.
Maith agaibh as an gcomhluadar. Tugann sé misneach dom.