-
Eolas Faoi Ghlas is Bás Aaron Swartz
Is linne an t-eolas
– Aaron Swartz (1986 – 2013)
4/29/2014 ~ Tá scannán faisnéise ag teacht amach faoi Aaron Swartz. Féach anseo
Le fáil anois 1/11/15 anseo
- Chuir Aaron Swartz lámh ina bhás féin an tseachtain seo ar an 1/11/2013. Bhí sé 26 bliana d’aois. Ba chóir go mbeimis uilig buíoch as Aaron. Tá sé níos éasca dúinn an nuacht a fháil anois mar gheall ar an RSS a scríobh sé nuair a bhí sé ceithre bhliain déag d’aois. D’oibrigh sé go dian le eolas a chur ar fáil do gach duine agus d’éirigh leis. Go raibh maith agat, a Aaron. Tá an nuacht is an t-eolas sin ag teastáil go géar uainn.
- Fear cliste ab ea é a bhunaigh Demand Progress is Reddit.com agus d’oibrigh sé ar Creative Commons Is anois, tá sé marbh. Scantraigh an FBI é mar tá saoirse in aghaidh daoirse atá fite fúite le ethos an rialtais (comhlachtaí móra gan meas acu ar dhaoine). Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile mharaigh saint, díothacht, agus faillí Aaron Shwartz.
- Maraíonn saint daoine. Níl coinsias soisialta ag saint. Brabús thar dhaoine a mana agus faigheann an iomarca bás sa tír seo mar gheall ar sin. Bhí Aaron ar thaobh an tsaoirse. Bhí agus tá an rialtas ar thaobh daoirse don phobal agus brabús dóibh féin. Cad a tharla d’Aaron? Cén fáth ar mharaigh sé é féin? Chuir MIT i leith Aaron gur ghoid sé 4 mhilliún doiciméad uathu agus ó Jstor. Ach níor ghoid sé aon rud. Scaoil sé saor é. Is iad na hollscoileanna atá ag goideadh eolas uainn. Rinne MIT agus an FBI feall. Is iad a mharaigh Aaron le brú.
- Ghoid saint saoirse is saol ó Aaron. Chuir an rialtas bagairtí agus bac sa treo air. Is féidir le daoine cur suas le bagairt nó dhó ach bhí na comhlachtaí móra, oideachas príomháideach agus an córas dlí ag teach le chéile ar seo is bhí sé brú ródhian ann. Bhí comhalachtaí ar nós JSTOR ag iarraidh an t-airgead a ghoideann siad a chosaint. Le meon coilíneachta, ceapann siad gur fhéidir leo gach rud atá saor a dhíol do dhaoine. Ní féidir le daoine bochta freastal ar ollscoileanna anseo i SAM anois. Ní féidir linne nach bhfuil san ollscoil téacsanna áirithe a léamh. Tá MIT agus JSTOR ciontach anseo.
- Bhí Aaron ina chomhalta ag an Center for Ethics at Harvard University, rud a chuir ag gáire os ard mé. An dtuigeann siad eitic ar chor ar bith ansin i Harvard? Thuig Aaron é. Agus bhí an dlí ag iarraidh é a chur i bpriosún mar gheall ar a thuiscint air. Tháinig MIT agus Jstor sa tóir air ag iarraidh airgead uaidh. Bhí $4 milliún uathu! Mar chaill siad an t-airgead sin, dar leo! Ach ghoid siadsan an t-eolas sin sa chéad áit! Is linne an t-eolas. Thuig Aaron sin. Thuig sé freisin an feall a rinne JSTOR agus MIT.
- Maraíonn díothacht daoine. Bhí an dlí ag iarraidh Aaron a chur faoi ghlas mar ní raibh Aaron sásta ligint d’eolas bheith faoi ghlas. Tá a scéal cosúil le scéal Bradley Manning sa chás seo. Buíochas le Dia nár fhulaing Aaron an céasadh fisiciúil a d’fhulaing Bradley. Ach d’fhulaing Aaron céasadh meabhrach uafásach leis an FBI á leanúint is á bhagairt. Is féidir leis an rialtas anseo i SAM rudaí uafásacha a dhéanamh mar a rinne siad le Bradley Manning agus bhí an t-eolas sin ag Aaron. Thuig sé díothacht cearta.
- San amhrán Casas de cartón, tá líne ann ag insint go na daoine bochta go bhfuil scoileanna ann do mhadraí i dtíortha eile. Nuair a smaoiníonn tú air, leis an méid daoine ar an domhan seo gan fáil acu ar oideachas tá sé deacair scoileanna do mhadraí a mhíniú. Cuir oideachas agus eolas ar fáil do gach duine. Bhí páipéar nuachtán ag m’athair agus cheannaigh daoine é gach seachtain. Anois is féidir an nuacht a fháil saor in aisce agus is fearr liom an domhan seo. Tugann sé seans do dhaoine gan airgead. Thuig Aaron sin.
- Bhí an FBI ag bagairt go gcuirfidís Aaron i bpriosún ar feadh 35/50 bliana. Anseo, tá sé pearsanta: cuireadh mo mhac féin i bpriosún ar feadh lá amháin agus ba bheag nár bhuail taom croí mé ag an am. Bhí sé i Minneapolis ag freastal ar an ollscoil ansin ag an am. Nuair a bhí an GOP ag socrú a chogadh ag comhdháil i Minnesota, tháinig daltaí amach ar na sráideanna mar is cóir. Rinne na póilíní ‘mass arrest’ orthu agus ghabh siad ar 400 daoine ag an am céanna. Agus is féidir leo é a dhéanamh! Tá orm scríobh faoi cé nach bhfuil sé éasca. Ghabh na póilíní ar dhaoine ar nós róbat nó fuaránaigh ag breith ar ainmhithe. Níor aithin siad na daoine rompu mar dhaoine. Ní raibh seans ag éinne a bhí san áit sin ag am sin. Gan bealach amach ag éinne, bhí na póilíní (saighdiúirí i ndáiríre) i ngach áit. Bhí na póilíní iomlán as bealach agus uafásach cruálach. Téann an rialtas thar fóir go minic i SAM. Chaill mé meas orthu agus dóchas an lá sin. Níl rialtas SAM le trust agus ní mhaithfidh mé go deo a rinne siad do mo mhac agus do na céadta eile an lá sin. Thuig Aaron díothacht slándála. Tá faitíos ar dhaoine. Tuigeann daoine mar Aaron an méid a tharlaíonn i bpriosúin Is é géarleanúint in áit ionchúiseamh atá in úsáid ag an rialtas.
- Maraíonn faillí daoine. Cuireann meon scothroghnaigh glas ar eolas d’fhormhór an cine daonna atá ag iarraidh an domhan seo a thuiscint. Thuig Aaron na faillí i ndualgas: daoine bochta gan díodan, faillí cultúrtha, faillí scoláirí. Caithfear a thuiscint go bhfuil seans ann go diocfaidh Einstein nua ó chlann atá bocht, má tá seans ann dó nó di. Tá daoine cliste gan airgead sa domhan seo agus d’fhéadfaidís an domhan seo againne a shábháil dá mbeadh seans acu. Is cuimhin liom is mé i mBarnes & Noble (siopa leabhar) le mo dhearthair cúpla bliain ó shin, mé ag níniú dó nach raibh tada le déanamh agam nuair a tháinig mé go SAM sula raibh mo chárta glas agam. Chaith mé mo laethanta i leabharlann agus sa siopa leabhar sin. D’fhéach mé timpeall agus mhínigh mé gur féidir neart leabhar a léamh faoi ábhar ar bith ansin ach má tú ag iarraidh é a thuiscint i gceart caithfidh tú leabhar na hollscoile a fháil agus ní raibh siad ansin. Níor fhreastal mo dhearthair ar ollscoil agus chonaic mé díomá ina shúile. Ní fhéadfadh sé na leabhair a léigh mé a léamh. Leabhair mar atá ar fáil i JSTOR, níl siad le fáil dó. Is níl sé sin ceart ná coir.
- Bhí an rialtas ag díol 18 milliún doiciméid poiblí don phobal nuair a scaoil Aaron amach iad saor in aisce. Maith é! Bhí an ceart aige é sin a dhéanamh ach bhí an FBI ar buile faoi. Ba chóir go mbeadh doiciméid Jstor le fáil saor in aisce do gach duine, ach níl. Caithfidh siad sin a athrú. Caithfidh siad a thuiscint a chiallaíonn Neamhbhrabús: ní féidir an t-eolas a dhíol.
- Tá faillí cultúrtha ann fiú in Éirinn. Chuaigh mé sa tóir ar Scéalta Cois Chladaigh nuair a bhí mé sa bhaile. Chuaigh mé ó leabharlann go leabharlann is go hollscoileanna is, faoi dheireadh, fuair mé cóip sa Leabharlann Náisiúnta agus ní raibh an téip an obair i gceart. Ní raibh bealach éisteacht leis an téip sa Leabharlann Náisiúnta ach oiread. Bhí mo bhéal ar oscailt agam le suaitheadh cultúir faoin bhfaillí seo. ‘Ach seo ár n-oidhreacht’ a mhínigh mé don bhfear ann. ‘Is linne an teanga agus na háiseanna. Ní féidir rud mar seo a choinneáil ó na daoine.’ Bhí an fear cairdiúil ach ní raibh freagra aige. Faigheann na hollscoileanna airgead ón rialtas. Faigheann an rialtas an t-airgead uainne. Nuair a chaith an tOllamh Séamas Ó Catháin an t-am sin go léir ag bailiú scéalta, ní raibh sé dhá dhéanamh ar a shon féin ach ar son na tíre nó b’fhéidir nach dtuigeann daoine é sin? Nuair a roinnt John Henry a scéalta, rinne sé é sin dúinne is cá bhfuil siad? Ní bhfuair mé freagra ó UCD. Nuair a dhéanann tú dearmad ar rudaí mar seo, is cuid den dhíothu thú. Tá gá le fáil ar oideachas agus ní chóir don chóras oideachais doirse a dhúnadh.
- Is cuimhin liom scéal álainn a léigh mé ar scoil The Windows of Wonder le Bryan Mac Mahon. Tá orainn na fuinneoga a oscailt, na doirse a oscailt agus an seans céanna a thabhairt do chuile dhuine. Ná díol eolas. Níl ach praghas amháin air, suim. Má tá suim agat, ar aghaidh leat. Níl taithí agam ar MIT ach tá ar Jstor. Nuair a bhí mé san ollscoil, d’úsáid mé an áis sin go rialta. Ní féidir liom é a úsáid níos mó, agus mé cáilithe, mar nílim san ollscoil anois. Is cuireann sé isteach orm. Léigh mé i Jstor faoi litríocht agus bhain mé taitneamh as na tuaraimí a bhí ag údair eile. Ach tugtar le fios gur ‘pribhléid’ í agus gur íoc an ollscoil as. Bhí praghas ar an eolas. Ní raibh mé ag iarraidh pribhléid faoi leith. Níor cheap mé go raibh mé níos fearr ná éinne eile. Bhí oideachas uaim agus eolas uaim agus níor smaoinaigh mé riamh ar eolas mar thráchtearra. An gcaithfidh páiste airgead a íoc le fáil amach cén fáth a bhfuil an spéir gorm? Nach bhfuil fonn ar an tuismitheoir an t-eolas sin a roinnt leis agus le duine ar bith eile a bhfuil suim aige ann?
- Dóibh súid a déarfaidh go raibh rud éigin cearr le hAaron, go raibh sé faoi dhúlagar: tá an ceart agaibh. Ach bhí go leor ceart leis freisin, is bímid go léir faoi dhúlagar ó am go ham. Bheadh duine ar bith againn mar sin nuair nach bhfuil cothrom na féinne inár dtír agus an rialtas ag iarraidh muid a chur i bpriosún. Tuigeann an rialtas an bhagairt. Níl a fhios ag an tromlach céard atá ar siúl ag an rialtas is b’fhearr leis an rialtas é a choinneáil mar sin. Nuair a thagann do nuacht duit le airgead ó na baincéirí, níl nuacht agat. Níl fonn orm éisteacht le daoine mór le rá cosúil le Bush nó Condaleeza Rice. Caithfidh tú $$$ a íoc le héisteacht leo. Cad a deireann sin fúthu? Ach tá ard-áthas orm éisteacht le daoine cosúil le Aaron agus daoine ar indigenous tweets mar roinneann siad an t-eolas atá acu go flaithiúil le cineáltas is tá sá nádurtha. Ní raibh aithne agam ar Aaron ach tá mé fíorbhrónach anseo anois mar rinne siad feall is tá duine iontach caillte againn.Scríobh daoine eile faoi Aaron anseo:Cory Doctorow
Glenn Greenwald
Lawrence Lessig
Quinn NortonCiontach: Jstor, MIT, Massachusetts U.S. Attorney’s office - Brú: http://online.wsj.com/article/SB10001424127887324581504578238692048200404.html?mod=wsj_share_tweet
- #pdftribute
One comment on “90. Eolas Faoi Ghlas is Bás Aaron Swartz”
Comments are closed.
Pingback: k.48 Póilíní & Pobal v Naitsithe | ancroiait