Ar Aon
Adhlacadh Ana N 1/2/13
Imbolc LA. Ana imithe araon
i bhfad ó na Bascaigh
go machaire sléibhe i gcéin.
Tithe Watts feicthe ar an slí,
Latino buí, beomhar.
Daoine ag siúl ach iad gan bhrí.
I séipéil chiúin
i mbarrio negro,
chas cór as tún.
D’fhulaingíomar tráth.
Thuig an Vírgen cén fáth.
Seo é. Seo mar atá.
An t-eolas anois, dian.
D’aithin mé a dínit,
ach níor thuig a pian.
Roinn sí rabhadh liom:
Jefe is a bhí ar bun. Ón altóir,
níor chuala mé ach focail lom.
D’eitil scór choilm san aer le spraoi.
Thar sneachta, thar sléibhte.
Fiche ná saoirse, ní bhfuair SÍ.
Dhún siad istigh í.
Ana, mo dhalta,
Ansin atá sí
ar aon leis an mballa.