Tar éis dom an píosa Domhnall Ó Lubhlaí marbh a léamh i An Tuairisceoir bhí orm freagra a scríobh. Seo scéal faoi fhear ó mo bhaile fhéin. D’fhreastail mo chairde ar a chúrsaí is tuigim cuid den dochar a rinne sé.
Náire
Fuair Domhnall O Lubhlaí bás, buíochas le Dia. Níl deor amháin agam dó ach táim ag caoineadh go géar do na daoine nach bhfuair cosaint. Ciontach: an rialtas, na gárdaí, an Eaglais, na hiriseoirí, chuile dhuine sa tír a chuala na scéalta is nach ndearna tada. Tuigim go raibh sé deacair labhairt amach agus go mbeifeá ag snámh in aghaidh easa ach caithfear é a dhéanamh ar son na fírinne. Is fós tá gá le scaradh idir an Eaglais is an Stát. Fós tá daoine ag fulaingt! Ní hiad cúrsaí eacnamaíochta amháin is cúis le bánú na tíre. Anam uasal aige? A mhalairt ar fad! Cosnaíonn SAM a choirpigh cogaidh ach tá ár bpeaca againn anseo. Bhí gnéasachas, faisisteachas, agus leithcheal ag oibriú le chéile le péidifiligh na hÉireann a chosaint agus tá siad fós ann.
Coláiste na bhFiann -an grúpa a bhunaigh Dónall O Lubhlaí
As an Muileann gCearr mé. D’fhás mé aníos le gnéasachas. Bhí sé thart orm sa teach, sa scoil, sa bhaile mór. Ní raibh cead agam m’fhear céile a phósadh san Ardeaglais sin cé go raibh mé ann gach maidin roimh dul ar scoil dom ach tá fáilte roimh an péidifileach sin ann anois! Ar bhealach níl ionadh orm faoi ach cuireann sé déistin orm. Dúirt ‘Sexy Sam’ (an leasainm ag an mbaile ar Fr. Moore – tá sé fós ann is bhí scéalta faoi freisin) nach bhféadfainn m’fhear a phósadh san Ardeaglais mar bhí mé ag súil le leanbh. Bhí mé i mo mhúinteoir bunscoile ag déanamh mo dhícheall agus grá mór agam don Ghaeilge. Caitheadh amach mé go séipéil nua, Cill Chluain, ar imeall an pharóiste. Ach roimhe sin bhí orm dul chun faoistine i Muilte Farannáin i séipéil a thaitin go mór liom ach atá millte ar fad dom anois mar is ansin a cheistigh an sagart (cara Sexy Sam) mé faoi ‘Cé mhéid uair agus conas?’ Buíochas le Dia bhí mo chara ansin dom, an fear a phós mé, le rá liom ‘Cuir sé an ceist Cé mhéid uair?’ ormsa freisin agus d’fhreagair mé ‘Ní chomh minic agus a bhí mé ag iarraidh.’ Ba chuma leis ach bhí náire orm. B’shin ionsaí eile ón Eaglais. Ní raibh cumhacht ar bith agam. Ní fhéadfainn é a fhreagairt mar sin ná fiú smaoineamh mar sin mar bean atá ionam agus tá na fir i gceannas.
Is cén fáth a raibh mé ag súil le leanbh roimh pósadh ag an am sin? Ní raibh sé i gceist agam bheith sa chás sin. D’fhás mé in Éirinn Fhaisisteach. Níor mharaigh siad muid le gunnaí ach bhí bealaí eile acu muid a bhriseadh. Bhí na sagairt dhá dhéanamh ach bhí go leor fir i gceannas a cheap go raibh carte blanche acu siúd freisin. Agus bhí.
Chaill mé mo mhaighdeanas ar an mbóthar ón gCeathrú Rua go dtí an Sruthán. B’é bainisteoir an choláiste Annraoi O Coisdealbha a stop a charr agus a dúirt liom dul isteach ann. Is cuimhin liom cuid den oíche: DIM (uimhir dearmadtha) ar an Volvo, boladh uisce beatha, a fhiacla, faitíos, an phian i mo dhroim is mé ag iarraidh an suíochán a bhrú siar ag iarraidh éalú uaidh. Dúirt mé “No.” Is cuimhin liom é sin.
Is cuimhin liom an iarracht a rinne mé mé fhéin a ghlanadh agus an tuáille a chuir mé ar an scathán mar ní raibh mé in ann féachaint orm fhéin mar bhí rud éigin tar éis bás a fháil. Ní thagann duine as araimh. Leanann tú ar aghaidh ach níl tú mar an gcéanna. Ní féidir liom a shamhlú an cás do bhuachaillí óga. B’shin tabú níos measa fós agus sin an chumhacht atá acu fós.
Bhí cos ar bolg orainn le fada. Bhí m’athair bocht. Níor tugadh spás sa reilig do m’uncail fadó mar ní raibh sé baistithe (níor tháinig an sagart in am). Caithfidh gur bhris sé croí mo sheanmháthair, bean a bhí pósta le meisceoir a bhuail í go minic. Ach anois tá fáilte roimh Domhnall Ó Lubhlaí, an fear a scrios an saol do bhuachaillí óga san Ardeaglais is sa reilig!?* Beidh socraid ag Domhnall Ó Lubhlaí san Ardeaglais agus beidh reilig aige beannaithe ag na sagairt agus mar sin domsa beidh an reilig agus an seipéil éillithe.
Ar ais go Danú agus Déithe eile liom. Táim braon den faillí. Sínigí le bhúr dtoil http://www.ipetitions.com/petition/call-for-separation-of-church-and-state-in-ireland/signatures
Clár faoi ar TG Fáisnéis