Siondróm Páras

Chuaigh mé go Páras coicís ó shin le 23 scoláirí is múinteoirí eile ó mo scoil. Mar is gnáth liom, chodail mé go maith ar an eitleán. Bíonn ‘fhios agam mar deireann stráinséirí liom é ar mo bhealach amach.
D’fhágamar Cathair na nAingeal ag a hocht ar maidin ar an Aoine agus shroicheamar Páras ag leath uair tar éis a sé ar maidin ar an Satharn. Is ní raibh sé ró-fhada ina dhiaidh sin gur thosaigh sé, an パリ症候群 (Pari shōkōgun) nó Siondróm Páras.
Bhí mé ag súil le teas is cairdeas ach fuair mé fuacht is chuaigh sé i bhfeidhm go géar orm. Buíochas le Dia bhain mé an-taitneamh go deo as an gcuid eile den turas ach beidh mé ag scríobh faoi sin níos déanaí (go mór, mór faoi Donostia).

Ionchas
Bhí mé i bPáras uair amháin cheana is níor thaitin sé liom an uair sin ach oiread ach níor chuir sé isteach orm chomh mór sin. Bhí sé fliuch an chéad uair, bhí an óstán ró-bheag agus salach, is níor thaitin na daoine liom. Rinne mé iarracht labhairt leo i bhFraincís ach níor fhreagair siad mé.
Ach an uair seo bhí sé i bhfad níos measa. Is dóigh go raibh difríocht ann mar bhí mo scoláirí liom, bhí siad ag súil go mór leis, agus bhí ceithre bhliain caite agam sa Seapáin. B’shin difríocht an-mhór. Bhí mo mheon aigne aithrithe. Ní raibh mé mar an gcéanna.
Bhí mé ag súil le i bhfad níos mó ón gcathair seo ar mo shon féin (agus mé cleachtaithe le beasaíocht den scoth ar an taobh eile den domhan) agus ar son mo dhaltaí (iad ag súil le bheith sa chathair is rómánsúla ar an domhan).

Tá áthas ar an gcat ar an mballa, ar a laghad.
Fuacht
Bhí sneachta ann ach tá fuacht eile i gceist agam anseo: ní raibh an grá san aer mar a bhíomar ag súil leis. Bhuaileamar lenár dtreoraí is bhí sé óg is dathúil (áthas soiléir ar aghaidheanna na cailíní faoi sin) ach ní raibh fáilte mór aige dúinn is labhair sé gan aoibh. Bhí díomá orm faoi sin ach seans go raibh sé tuirseach, a dúirt mé liom féin.
Ar aghaidh linn go dtí an óstán (dhá réalt, b’fhéidir) is d’fhágamar ár mbagáiste ansin is díreach uaidh sin go dtí an Louvre. Ansin a thosaigh an trioblóid i ndáiríre. Bhíomar caillte ón tús. Níor tugadh treoir ar bith dúinn is bhíomar ag dul ó áit go háit ag lorg an áit ina bhfaightear ticéidí do ghrúpaí.
Is nuair a d’éirigh linn dul isteach ann faoi dheireadh? Uaú! Bhíomar cosúil le beithí gan spás eadrainn i measc slua uafásach mór. Bhí sé fíor-dheacair grúpa a choinneáil le chéile leis an áit chomh plódaithe sin.

Ní raibh seans ar bith againn taitneamh a bhaint as an ealaín a bhí ann. B’shin an chéad suaitheadh cultúir i ndáiríre. Bhí sé contúirteach is faillíocht ó thaobh an iasmalainne de. Cloisim go bhfuil siad ar stailc ansin anois. Tuigim cén fáth! Ní fhéadfá bheith ag obair in áit mar sin gan smacht, gan eagraíocht.
Tharla an rud céanna i Versailles. Is léir go bhfuil airgead uathu i bPáras agus is cuma leo faoi na cuairteoirí. Níos measa fós, tá an steiréitíopa tuillte acu sa chathair. Bhí daoine drochbhéasacha ag obair sna háiteacha sin agus mór thimpeall orainn sa chathair. Gabh mo leithscéal do na daoine deasa sa chathair mar is cinnte go bhfuil siad ann ach bhí na daoine a bhí ag deighleáil linne gan fáilte ar bith. Thug siad le fios go raibh orthu cur suas linn.

Tinneas
Is bhí mé tinn mar gheall air ach ní raibh mé in ann ainm a chur air ar dtús. B’é mo mhac a d’inis an scéal dom faoi Siondróm Páras nuair a tháinig mé abhaile. Is tinneas oifigiúil é. Tarlaíonn an siondróm do dhaoine atá ar cuairt sa Fhrainc. Is iad na Seapánaigh is mó a bhíonn tinn leis toisc go bhfuil siad chomh dea-bhéasach sin.
I mo chás, mhothaigh mé cuid de na siomptóim: réamhchlaonadh, naimhdeas, agus díphearsanú. Bhí droch-bhrionglóidí nó siabhránachta agam an chéad oíche i bPáras. Bhí sé aisteach amach is amach, cosúil le bheith ag breathnú ar anime ag léiriú stair na Fraince. Chonaic mé bád ag teacht chugham sa seomra is é lán le daoine cáiliúla sa stair ag iarraidh breith orm.
Bhí sé iontach ach scanrúil ag an am céanna agus é ag tarlú romham i mo sheomra san óstán. Geallaim nach raibh piollaí ar bith agam, ná fíon ólta agam agus go raibh mé slán agus fiteáilte seachas an smaoineamh gur íospartach géarleanúna a bhí ionam sa tír seo agus na híomhánna seo.

Ar maidin d’inis mé an méid a tharla do na múinteoirí eile. Níor tharla a leithéid dóibh ach bhí siad cleachtaithe leis an gcathair seo. Bhí cónaí ar dhuine amháin acu i bPáras blianta ó shin is bhí an duine eile ansin go minic. Cé air a chuirfinn an milleán?
Ceapann na treoraí go gcaithfidh siad gach rud a thaispeáint i lá nó dhó is taispeáineann siad an iomarca do dhaoine gan seans a thabhairt dóibh taiteamh a bhaint as. Sin rud amháin. Chuir Mario Renoux, uachtarán cumann míochaine na Fraince/na Seapáine an milleán ar na meáin cumarsáide agus an chaoi ina léiríonn siad an chathair mar áit idéalach. Cuirim féin an lucht ar na sluaite a ligtear isteach in aon áit amháin ag an am céanna agus ar an drochbhéasachas.
Nuair a d’fhág mé an chathair bhí mé ceart arís. Tinneas sealadach atá ann. San ngleann Loire bhí sé cosúil le bheith ar ais in Éirinn arís agus tháinig suaimhneas orm. Ach nach ait an rud é a tharla dom agus a tharlaíonn go thurasóirí gach bliain? Faoin am a shroich mé Donostia bhí mé sábháilte. Is inseoidh mé an scéal sin faoin gcathair is deise ar an domhan sin roimh i bhfad agus beidh tuilleadh grianghrafanna agam daoibh.
Bun os cionn i bPáras
Ach d’fhoghlaim mé rud nua ann ar aon nós: Siondróm Páras