Alright, éistigí suas. Caithfidh mise dul go cruinniú foirne ach beidh mé ar ais go gearr ag an rang.
Alright, listen up. I have to go to a team meeting but I’ll be back shortly to the class.
Breathnaigí ar an bhfíseán anseo is feicfidh mé sibh ar ball.
Watch the video and I’ll see you soon.
Fís (Video)
…ar an sraith pictiúir atá os do chomhair dár tideal Seó Faisean sa Scoil
…the series of pictures in front of you entitled A Fashion Show in the School
Tá an chéad pictiúr suite i seomra caidrimh na séiú bliana.
The first picture is in the 6th years’ common room.
Tá seisear cailíní ag caint leis an bpríomhoide.
Six girls are talking to the principal.
Tá an príomhoide ag plé go bhfuil ganntanas airgid ar an scoil
The principal is discussing that there is a shortage of money in the school.
Caint Talking
Is mise Ryan agus is mise Macklemore agus is aoibheann linn an Ghaeilge!
I’m Ryan and I’m Macklemore and we love Irish!
Ceol Music
Context: Addressing the bad ways of teaching Irish
Seo muid ar ais. Breathnaigh mar a bhíodh, mar atá, mar a bheas, mar a BHEADH… Here we are back. See how it used to be, how it is, how it will be, how it COULD be…
(Ag) cuartú bealach eile. Sin an chaoi, Is ‘tuairim, leid… ‘Searching for another way. That’s the way. And [with] an opinion, a clue…
Agus creid go bhfuil muid ann le fada an lá. Is b’shin atá uait? And believe that we’ve been here for a long time. And is that what you wanted?
Fágaigí seo! ‘Nós nua ar siúl. Go hálainn. Tuige do chuid cainte? Tuige do chuid toirní? Let this go! A new style’s going on. Beautiful. Why [do you] talk like that? Why do you [have to] have your thunder?
[Tá mé] Caillte anseo idir tuisil is modhanna. Bréan de do nósanna. Stop do bhaothchaint [I’m] Lost again between cases and moods. Fed up with your ways. Stop your crazy talk.
Yup! Éist. “(Tá) sé éasca. Oibrigh ar feadh an lae. Léigh is léigh aríst é. Sin an chaoi atá sé…” Yup! Listen. “It’s easy. Work through the day. Read and read again. That’s the way it is…”
Cén tseafóid! Níor thuig (mé) do cheacht. Tá mo dhóthain de do ghramadach is na dánta. Which nonsense! I didn’t understand your lesson. I’ve had my fill of grammar and poems.
Níl suim a(ga)inn ann. Seo (ag)at an tús leis: gabh is crith an domhan. We’re not interested in it. Here is the start to it: go and shake up the world.
[Tá sé ag] Dul ag feabhsú. [Tá sé] Ag athrú aon sórt seafóid atá ann.
[It’s] Getting better. [It’s] changing any sort of nonsense there is.
Tabhair faoi! : Go for it! :
Fanaigí ann. An líonra lán lenár bhfonn, (Tá ár) n-oidhreacht ag dul sa tóir le háit a fháil dúinn ar domhan Stay with it. The network full of our enthusiasm [Our] heritage is going in search of a place for us in the world.
Tusa, ‘tú an C-A-C-S-M-U-I-T-I-fada-N aineaolach, ‘As mo chiall ó bhí mé ceathair déag ag éisteacht leis an gcac sin. You. You’re a H-A-R-D-N-O-S-E-D ignoramus. ‘Going out of my mind since I was fourteen listening to that shit.
Riail(acha) nach ndéanann ciall. Tóg an brat leat. ‘(Bíodh) craic agat freisin! Rules that make no sense. Take the flag with you. You (should) have fun too!
Linne ár dtír is ní ghéillfidh muid tada. Beart de réir ár mbriathar is ní dhíolfaidh muide amach í. X2 Our country belongs to us and we won’t surrender anything. Deeds to match our words and we won’t sell her out. X2
Curfá X2
Gabhfadh muid ar aghaidh. Seo (ag)at é an nóiméad.
Let us go on. This is your moment.
Ná breathnódh muid siar is tabhair faoi go cróga. Don’t look back and do it with courage.
Caith bhur lámha san aer. Tá an saol seo romhainne. Tá an saol seo romhainne. Throw your hands up. This life is [what is] ahead of us. This life is [what is] ahead of us.
Anois, ‘bhfuil muid réidh leis? (Go) maith! Tá an scéal seo tosnaithe. Now are we ready for it? Good! This story has started.
Tiocfaidh sí. Bhí mé i gcónaí ar bís ach anois tá sé ann, tá’n rí-rá tagtha. It will come. I was always excited for it but now that it’s here, the commotion has arrived.
Coinnigh siar mé? Ná bac. ‘Chuile cheo (mé) in ann a dhéanamh Keep me back? Don’t bother. I’m able to do everything
gan dabht faoi is me ag smaoineamh ar an am a shíl me nach mbeinn in ann without a doubt about it and I thinking of the time I thought I wouldn’t be able to.
[Anois] Seasamh suas dom fhéin. Anois, bhuel anois, tá! [Now]I stand up for myself. Now, well now, I am!
(Ár) nós seo slán. Gabhfaidh muid ar aghaidh. Plean idir lámh a(ga)inn. (Our) way is safe. We will go on. We’ve a plan in hand.
Fad saol tá romhainn. [tá] Faoiseamh [ann] is tú ag smaoineamh.
We’ve a long life before us. [There’s] Relief when you’re thinking.
Frigg soir (thú) ‘is an bád a thog anoir thú Frig off with the boat that took you here
‘Téigh go dtí diabhail mura dtuigeann tú an chraic. (and) to the devil with you if you don’t understand the craic.
Though it is MUCH better to listen to the Laoibhse and the students from Lurgan singing the song and imitate them, these approximations of pronunciations may help some people who want to learn more of the language.
Though it is MUCH better to listen to the students from Lurgan singing the song and imitate them, these approximations of pronunciations may help some people who want to learn more of the language.
Note: Seo (shu) meaning this and sin (shin) meaning that both show the rule that s + i or e = sh. Seo duit. Here to you is what you say when you give someone something. Sin é! means That’s it! __________________________________________________________________________________________
Seo linne d’aon ghuth amháin.
Shu linu dayn ghu a-wawn
This with us of one voice alone.
Here we are with one voice.
Note: Seo refers to This here as in This place in this context.
_________________________________________________________________________________ Seo linn, a chairde buan’, Is é atá i ndán dúinn.
Shu lin a chawrde booun I’ shay ataw i ndawn dooin
This with us oh friends lasting, it is that [which] is in store to us.
Here we are long-time friends, this is our fate.
Note: ‘sé is a shortened form of Is é (is it) meaning It is
Is beag a sháraíonn(s) na briathra binne gléigeal gléigeal.
is bayug a hawreeuns na breehuru bine glaygyal, glaygyal
is little that exceeds the words soft bright, bright
There’s not much that could surpass those soft, bright words.
Note: I love the fact that briathar both means word and verb. It really shows the power of words. ___________________________________________________________________________________________________
____________________________________________________________________________________________
An Chaint – The Speaking
Véarsa 5
Seo ‘nois é. Arbh í an chúis a bhí a’inn le ‘aidh seo?
shu nish ay Erv ee on choosh a vee oinyu le haee shu
This now it Was she the reason that was at us with reason this
This is it now. Is this our reason for it?
Note: a’inn is short for againn which means at us but is used to indicate have. le ‘aidh is short for le haghaidh which means for the purpose of but literally translates as with the face as in you face something with purpose
Seo’d anois é, seo’d é an t-am: trí nóiméad istigh i nglór amháin.
shu’ d anish ay shu ‘d ay on tom tree nómayd isti i nglór awawn
This at you now it this at you it the time. Three minutes inside in voice one
Hereis it, here is the time: three minutes into one song.
Note: the ti in istigh sound is different than in English. Try sustaining a sssssss sound, Now try changing that to a sustained ttttt by moving the tongue slight so its at the tip of the tongue. keep playing iwth it. you can impress your friends when you get it!
Note: teanga means language. The te is pronounced like tionga. Remember the ti sound? Now change that slightly to make it a similar di sound. Ár before teanga changes the t►d.
Tá obair le déanamh againn. Tá ár dteanga i mbaol ach tá seans iontach againn anois agus ní chóir dúinn bheith leisciúil. Bhí Seo Linn agus daltaí ó Choláiste Lurgan ar an Late Late agus mhothaigh an tír rud nár mhothaigh go leor daoine le fada: bród. Tá suim acu sa teanga anois ach caillfidh siad go tapaidh é mura dtugaimid cúnamh dóibh.
‘Gaelify Yourself’
Seo an liosta:
1. Éist le ceol
Tosaigh le ceol. Sin an rud a spreag an tsuim. Feicim daoine ag scríobh ar YouTube: cuir ar iTunes é. Ní thuigeann siad go bhfuil sé le fáil dóibh saor in aisce mar ní thuigeann siad conas é a chur ina leabharlann iTunes. Múin dóibh le ceacht amháin sa scoil agus cúnamh ins na leabharlanna poiblí conas na hamhráin a íoslódáil ceol ó TgLurgan agus ceol ceannaithe ó iTunes . Má tá airgead agaibh, ceannaigí ipods (na cinn beaga thuas) agus cuir na hamhráin as Gaeilge iontu. Ná measc suas le amhráin as Béarla iad. Tum isteach sa Ghaeilge. Bíodh daoine ag déanamh obair an tí, ag jogáil, ag obair sa gháirdín, i ngach áit ag éisteacht le amhráin as Gaeilge. Tá níos mó ná 100 amhráin (nua-aimseartha) le fáil.
2. Éist le caint
Ansin, téigh go Podchraoltaí ó Raidió na Gaeltachta. Cuir ar iPod eile nó seinnteoir eile iad agus cuir ar siúl é nuair a shiúlann tú isteach sa teach. Dóibh siúd ina gcónaí in Éirinn, tá an t-ádh libh. Bíodh raidio amháin ar Raidio na Gaeltachta 93-95 MHz i gcónaí agaibh sa chistin.
Bíodh Gaeilge le cloisteáil i ngach áit le beannachtaí ó gach duine. Níl sé deacair! Tá gach duine ó gach tír in ann ‘Fáilte go… ‘ agus ‘Slán agus beannacht’ a fhoghlaim. Bíodh suaitheantas ‘Labhair Gaeilge Liom‘ nó a leithéid ar na daoine le Gaeilge líofa sna siopaí.
Más TD thú bíodh Gaeilge agat agus á úsáid roimh deireadh ‘Bliain na Gaeilge’ nó tabhair post do dhuine le aistriúcháin a dhéanamh duit agus le do ráiteaisí sa Dáil a léamh amach duit. Bíodh Gaeilge mar riachtanas beartaithe i mbliana agus curtha i bhfeidhm i 2016! Déan rud fíor-thábhachatch don tír is a teanga!
3. Féach ar an teilifís (nó ar do ríomhaire)
Tá TG4 thar barr. Dáiríre. Tá sé do-chreidthe! Tá clárachaí níos fearr acu ná ag na leads móra i Meiriceá. Tá sé le fáil dúinn arlíne agus daoibhse in Éirinn ar an teilifís. Déan am duit féin gach lá: uair a chloig ag féachaint ar chlár nó scannán as Gaeilge.
Bíodh na fógraí ar RTÉ as Gaeilge! Bíodh i bhfad níos mó (50%) Gaeilge ar RTÉ. Bíodh sé dá-theangach más mian leis ach ná tabhair níos mó ama don Bhéarla ná don Ghaeilge.
Bíodh ár nearraí le fáil as Gaeilge. Féir plé do Tayto. Anois, cá bhfuil gach duine eile? Déan anois é. Níl mórán ama againn agus go leor le déanamh.
4. Léigh
Tá go leor, leor leabhair maithe amuigh ansin anois. Bíodh siad ar na seilfeanna i ngach Siopa Leabhar. Cén fáth an gcaithfidh daoine a mhíniú do dhaoine i Siopa Leabhar in Éirinn go bhfuil litríocht.com ann mar níor chuala siadsan faoi?! Tá sé scannalach. Ba chóir go mbeadh níos mó leabhair inár dteanga féin ná mar atá i dteangachaí eile ar na seilfeanna ach tuigim go bhfuil bóthar fada romhainn fós ansin. Ach bíodh balla amháin againn ar a laghad i ngach siopa. Bíodh gach leabhar atá foilsithe as Gaeilge le fáil do gach scoil is gach leabharlann is gach ospidéal / teach na seandaoine… sa tír. Déan é. Dáiríre. Cé mhéid leabhar a léigh tú i do shaol as Béarla? Cé mhéid as Gaeilge? Oops. Tá leabhair maithe amuigh ansin anois. Agus níl siad cosúil le Peig. Bíodh Café Gaelach i ngach baile mór cosúil leis an Siopa Leabhar atá ag Conradh na Gaeilge ach le spás sa lár don café. Lig do na custaiméirí leabhar a léamh agus iad ag ól caife agus an leabhar a chuir ar ais roimh dul amach ar nós stíl Barnes & Noble sna Stáit Aontaithe. Oibríonn sé. Ceannóidh siad leabhair nuair a chuireann siad suim iontu.
Bíodh Gaeilge ar na comharthaí go léir i ngach áit. Ná cuir suas le comhartha i mBéarla amháin. Cabhraigí le daoine, leis an dlí, le treoir dóibh. Más féidir, tabhair an leagan ceart dóibh leis an rud a cheartú. Tabhair airgead dóibh leis an jab a dhéanamh má tá sé agat.
Caithfear na logainmneacha a cheartú. Is linne ár dteanga. Ná bíodh na leaganacha seafóideacha de Anglicization (praiseach – ag scríobh fuaimeanna mícheart) againn níos mó. Dár gcuairteoirí féadfaidh muid fuaimeanna agus míniú a scríobh. An stíl nua:
_____________________
Fáilte go dtí
An Muileann gCearr
On Mwilin Gyar
The Strange Mill
Labhair Gaeilge linn
________________________
5. Bí ag caint.
Bíodh ciorcal cainte ar siúl i ngach pobal, i ngach baile, i ngach contae, i ngach Cúige.
Tóg ar ais an Cúigiú Cúige atá caillte. Níl ciall leis an bhfocal gan é. Bíodh Uisneach ceannaithe ag an rialtas don tír is ionad ag an mbun is áiseanna iontacha le fáil do dhaoine ann le foghlaim faoinár noidhreacht. Nach féidir Grouse Lodge a úsáid agus daoine ag cur ceol as Gaeilge amach dúinn. Fógra mar seo gan Gaeilge?! Scannalach!
Leis na pobail ( ciorcal comhrá) go léir bíodh sé cosúil leis na Comunity Games nó Tidy Towns fadó. Bíodh comórtaisí againn agus Raidió áitiúil as Gaeilge le fáil. Bíodh áiseanna le fáil le rudaí a dhéanamh as Gaeilge i ngach baile. Sa Mhuileann gCearr tá Áras an Mhuilinn acu ach freisin d’fhéadfaidís an halla atá ag titim as a chéile in aice leis an Eaglais Protastúnach a ghlanadh suas is céilithe a bheith ann. D’fhéadfaí ranaganna rince ar an sean-nós agus amhráin ar an sean-nós agus rincí seit agus rincí céilí agus ceol traidisiúnta agus ranganna dóibh siúd atá ag iarraidh uirlisí a fhoghlaim a bheith ann agus ranganna sa Ghaeilge freisin. Bíodh cúrsaí Gaeilge (taitneamheacha le imeachtaí spéisiúla) sna bailte móra. Ná caith daoine amach go háiteachaí eile i gcónaí. Is Gaeltacht í an tír go léir má labhraíonn muid ár dteanga féin. Meitheal Mór atá ag teastáil. Sampla amháin i mbaile amháin. Caithfidh go bhfuil áit mar sin i ngach baile. Tá obair le déanamh againn.
Ach tá cúnamh againn. Tá Micheal D ar son na Gaeilge. Tá Máire Mhic Ghiolla Íosa ar son na Gaeilge. Tá ceoltóirí mór le rá is aisteoirí mór le rá ar son na Gaeilge: úsáid iad!
Dom féin, tá mé ag súil le bheith ag caint leis na hollscoileanna anseo. Ba chóir go mbeadh Gaeilge le fáil in ollscoileanna SAM i gCathair na nAingeal. Freisin tá ‘Deireadh Seachtaine Gaeltachta’ ag teastáil uainn i gCathair na nAingeal arís. Go leor le déanamh!
Is é an rud a mhilleann ár bpleananna ná an caitheamh anuas a chloistear ó dhaoine a ghlaíonn ‘Fanatics’ orainn. Scríobh An Tuaireascóir faoi le déanaí. Ná cuir suas leis sin. Is nimh é. Cosúil le bulaíocht, tá orainn labhairt amach ar an bpointe nuair a chloisimid rud mar sin. Caithfidh muid a rá go bhfuil sé mícheart agus gur mhúin daoine a bhí ag iarraidh fáil réidh linn an ceacht sin dúinn. Tá muid níos fearr ná sin. Bíonn faitíos orthu siúd a deireann rudaí mar sin scaití nach mbeidh siad in ann coinneáil suas linn leis an nGaeilge agus mar sin is gá a rá freisin go mbeidh go leor cúnamh le fáil. Tarraing isteach sa chlub iad.
Saol nua
Caithfidh daoine aire a thabhairt dóibh féin agus iad ag dul ar gach chineál diet agus ag iarraidh bheith fiteáilte agus caithfidh siad a ndroch-nósanna a athrú. Agus déanann siad é. An rud céanna leis an tír. Caithfidh muid ár nósanna a athrú. Feicfimid go bhfuil sé i bhfad níos éasca ná mar a cheapamar Gaeilge a labhairt agus go bhfuil sé an-taitneamhach. Ach CAITHFEAR tosnú anois.
Dhúisigh mé ar maidin le líne ó Pompeii (Leagan Lurgan de) i mo chloigeann ach bhí na focail athraithe.
♫ Tiocfaidh Gaeilge ar ais de réir a chéile ♫ a chuala mé arís agus arís eile agus is fíor é gur féidir é a dhéanamh. Ach ná caill an tseans! Déan anois é. Déan do liosta féin.
Bíodh spraoi againn. Sin a mhúin Lurgan dúinn. Bíodh níos mó féilte againn le ceol agus craic: Samhain, Hogmanny, Imbolg, Bealtaine, Mabon, Lúnasa … .
Foilsithe ag Coláiste Lurgan ar YouTube ar 10/ 9/2013
Íoslódáíl Mp3: http://bit.ly/1DAsGaeilge
Meascán mearaí d’amhráin 1D
Daragh, Liam, Cathal, Mícheál agus Cian agus na ranganna sinsir ar chúrsa C
Tá mé ‘g iarraidh thú a thógáil amach liom anocht. I want to take you out tonight.
Is cuma faoin am, cibé uair, cibé áit. No matter what time, whenever, wherever.
Rachaidh muid ann a ghrá, ann a ghrá. We’ll go there, love, there, love.
Gabhfaidh muid ann a ghrá, yeah . We’ll go there, love, yeah.
Ó gabh i leith, gabh i leith, gabh i leith Oh come here, come here, come here.
Inis dom rud amháin. Tell me one thing.
Inis cén chaoi ‘is a lastar do cheann. Tell [me] how to light you up.
A bheabaí just scread amach, scread amach. Baby just shout [it] out, shout [it] out.
A bheabaí just scread amach yeah!
Baby just shout [it] out yeah!
Ó feicim thú.
Oh I see you.
Tú ag tnúth You anticipating
Lenár grá nua. our new love.
Yeah, ‘nois inis dom faoi chuile uair Yeah, now tell me about every single time
A phóganns muid. We kiss.
Tosaíonn mo chroí ag crith My heart starts to tremble.
A bheabaí abair yeah, yeah yeaah yeah, yeah, yeah! Baby, say yeah, yeah yeaah yeah, yeah, yeah!
Tá tú ag iarraidh crochadh thart. You want to hang around.
Tá tú ag iarraidh bheith i gceart You want to be right.
A bheabaí abair yeah, yeah yeaah yeah, yeah! Baby, say yeah, yeah yeaah yeah, yeah!
Gabh i leith ‘is póg mé.
Come here and kiss me.
Na na na na na …………
Ag iarraidh thú fháisceadh. Ag iarraidh thú fháisceadh docht. X3 Want to squeeze you. Want to squeeze you tight. X3
Yeah, spraoi ‘is craic a bheas ann anocht. Fág seo! Yeah, there’ll be fun and spree tonight. Leave this!
Lá breá, inniu nó amárach [On a] fine day, today or tomorrow
Geobhaidh me thú I’ll get you.
Beidh tú liomsa, liomsa, liomsa You’ll be with me, with me, with me.