Though it is MUCH better to listen to the students singing the song and imitate them, these approximations of pronunciations may help some people who want to learn more of the language.
Nuacht ar 3/3/2014 Bhuaigh an pictiúr seo an Oscar aréir An Scannán Is Fearr. Bhuaigh Lupita Oscar freisin. Go maith.
Seo a scríobh mé díreach tar éis an scannán a fheiceáil.
Díreach ar ais ón bpictiúrlann agus táim ag creathadh. Téigh agus féach ar 12 Years a Slave nuair is féidir libh. Ba chóir go mbeadh sé feicthe ag gach dalta sa tír seo ar scoil. Míníonn an scannán seo dom cén fáth an bhfuil na rudaí a fheicim anseo a chuireann isteach chomh mór sin ann. Míníonn sé tinneas SAM. Tá fearg orm agus áthas orm tar éis é a fheiceáil.
Tá fearg orm mar gheall ar stair na tíre seo agus a éifeacht ar chúrsaí faoi láthair. Tá fearg orm gur fhulaing daoine an oiread sin. Tá fearg orm nár chuala daoine a scéal i gceart go dtí seo. Tá fearg orm go bhfuil ciníochas go láidir fós sa tír. Ach nuair nach ndéantar caint air, leanann an fulaingt ar aghaidh. Níl meas fós ag daoine ar a lucht oibre sa tír seo (le eisceachtaí) agus chonaic mé go minic é is anois tá sé fíor-shoiléir dom cé as a thagann sé.
Ins an scéal tá ar Solomon bean a lascadh. Is bean í a d’oibrigh níos mó ná éinne eile ach a d’fhulaing níos mó ná éinne freisin.
Sin an rud ba dheacra domsa a fheiceáil. Solomon ag lascadh Patsey. Go dtí seo is mé ag léamh léirmheasanna eile is léir gur chuir cás Solomon agus é ag crochadh isteach níos mó ar na fir atá ag scríobh faoin scannán. Spéisiúil, an difríocht seo.
Sa scannán nuair atá Solomon ag crochadh ó chrann is ar éigin is féidir lena chosa é a choinneáil in ann anáil a tharraingt. Tá an oiread sin faitíos ar na sclábhaí eile nach dtugann siad cúnamh dó. Leanann an lá ar aghaidh is páistí ag súgradh in aice leis. ‘Féach orm!’ atá an cuid sin den scannán ag screadadh amach. Táim anseo díreach os bhúr gcomhair agus tá sibh treanáilte gan aird a thabhairt ar chéasadh is cruálacht is daoine ag fáil bháis den ocras.
Sin peaca SAM: gnáth rud a dhéanamh de cruálacht, peaca a déanamh de carthanacht agus thar aon rud eile saint a mholadh mar bhua. Féach orainn atá ag fulaingt mar gheall air, a deireann an scannán linn mar faoi láthair tá daoine dall. Bhí Solomon féin dall ag tús an scannáin. Chonaic sé fear a tháinig isteach i siopa ag breathnú air agus thuig sé go raibh rud éigin as bealach ach d’fhan sé ciúin.
“The movie technically offers testimony on the evils of a bygone era, but it sheds light on impulses and offenses which are a part of our nation’s DNA to this day,” mhínigh Kia Makarechi san Huffington agus ceart ar fad aige. Beidh scannán eile le déanamh as seo amach bunaithe ar pheacaí SAM i dtíortha eile bunaithe ar Addicted To War.
Thuig na sclábhaí nach raibh meas ag daoine orthu. Meas do dhaoine a dhéanann obair duit sa lá atá inniu ann? Gann i SAM fós. Fíor-ghann.
Scríobh Christopher Orr san Atlantic faoin scannán: “We immediately understand that what we are witnessing is an economy predicated on the idea that human—that is, black—sweat and sinew are not merely cheap resources, but essentially inexhaustible ones, subject to careless squander.” Sin mar a bhí is sin mar atá. Inniu is iad na daoine ó theas a labhraíonn Spáinnis atá ag fulaint ag déanamh an obair is deacra ach fós is cuma cén dath atá ar dhuine tá dúshaothrú ag boomáil. Deregulation a ghlaoíonn siad air anseo ag rá go mbeidh sé go maith d’eacnamaíocht na tíre. Níos mó airgead do ghrúpa beag (bán, ar ndóigh) agus cearta imithe do na daoine a dhéanann an obair atá i gceist.
Thug mé faoi dearadh go raibh rud éigin as bealach ar dtús nuair a chonaic mé nach raibh cathaoireacha le fáil do na cashiers sna siopaí sa tír seo. Bhí ionadh orm. Chuala mé uathu go gceapann na daoine i gceannas go mbeidís leisciúil dá mbeadh cathaoireacha acu. Bhí níos mó ionadh orm faoi sin. Ach chonaic mé é. Bhí an ceart acu. Sin a cheap na daoine i gceannas agus bhí siad ar buile liom gur cheistigh mé iad. Bhí sé soiléir dom i ngach áit (le eisceacht amháin) nach raibh meas ag na daoine i gceannas ar a lucht oibre. Fós ní fhéachann roinnt mhaith acu orainn mar dhaoine ach mar seans brabús a dhéanamh agus is cuma leo faoi chearta daonna gan dul ag caint ar cothrom na féinne ná meas.
Gach lá feicim an tinneas. Tháinig dlíodóir go dtí an scoil le bheith ina múinteoir. Cheap sí go raibh sé uafásach an chaoi inar labhair na daoine i gceannas linn. D’aontaigh mé léi agus dúirt mé go raibh ‘Workers’ rights’ ag teastáil. “Oh, I’m not a worker” ar sise faoi uafás.
Bhí fear ag seinm ceol iontach ag an gcafé aréir agus duine ar bith ag tabhairt aird air. Ní aithníonn siad a luach. Bhí sé gránna mar thuig mé cén fáth. An iomarca airgead acu agus tógtha suas leo féin, ní thuigeann siad áilleacht níos mó.
Ag taobh an bhóthair feicim na fir cosúil le spalpíní fánacha ag fanacht ar bhodairí na tíre ag tíocht ina SUVs. Sna garrantaí feicim dream amháin cromtha ag piocadh glasraí nó tortha agus fear bán i gceannas orthu. Feicim na daoine a ghlanann na gáirdíní is na tithe ach a thagann agus a n-imíonn gan caint le daoine bána agus iad dofheicthe do na daoine saibhre. Tá sé seo fheicthe agam i SoCal. Tinneas SAM. Bheadh sé i bhfad níos measa in Arizona nó Mississippi.
Cinnte, níl comparáid ar bith leis sin agus an méid a d’fhulaing na daoine fadó sa scannán, rud a thuigeann daoine tar éis an scannán seo a fheiceáil. An fhírinne faoi dheireadh! Ach míníonn an scannán tinneas na tíre. Tá cuid mhaith daoine sa tír seo fós den meon aigne sin gur leo muidne cosúil le ‘property.’ Chonaic mé é. Is féidir fáil réidh le duine gan chúis i 49/50 Stáit. Níl “You’re fired” greannmhar ná ceart i gclár teilifíse ná sa saol. Níl éinne siúrálta d’aon rud agus tá na daoine i gceannas sásta leis mar sin. Briseann siad saolta go rialta ag tabhairt amach ‘pink slips’ agus is cuma leo. Chonaic mé é ag tarlú os mo chomhair amach. Tinn. Tuigeann go leor, leor daoine anseo (agus chonaic mé é) má deireann siad aon rud i gcoinne an Boss go gcaillfidh siad a bpost. Is glacfann siad leis! Mar sin is féidir leis na bossanna a rogha rud a dhéanamh gan fhreagracht. Is beag áit ina bhfaightear ceardchumainn. Is scannal mór millteach é seo go léir. Bíonn an bua ag na daoine gan chroíthe sin muna stopann muid iad. Tá leigheas ag teastáil ón tír agus freagracht.
Tá trua agam do ghasúir sa tír seo. Tá ar go leor acu íoc as an oideachas a bhfuair siad ach níl post le fáil dóibh agus an tír a rá leo go gcaithfidh siad obair a dhéanamh gan pá mar ‘giving back’ don tír. Chuala mé an frása seo ‘give back’ go minic sa scoil agus chuir sé isteach orm. Go minic bhí ar na páistí bochta obair a dhéanamh saor in aisce don scoil mar chuid den ‘giving back’ seo. Dúshaothrú a chuirim féin air. B’fhuath liom an tón sotalach ón bpríomhoide is bean amháin san oifig ag rá leo go raibh an t-ádh leo bheith ‘in America.’ Céard a thuig siadsan den cinéal saol a bhí ag na cailíní bochta seo? Mo mhallacht ar cheartaiseacht.
Tá áthas orm go raibh an pictiúrlann plódaithe agus go bhfaca an méid sin daoine é. Ní raibh ach trúir a shiúil amach as. Tá áthas orm go ndearna siad an scannán sa chéad áit. Tá áthas orm gur chuir an príomh-aisteoir a chroí ann. Tá súil le Dia agam go mbeidh Oscars le fáil dóibh mar tá sé tuillte go maith acu. Tá áthas orm gur inis siad an fhírinne mar ba chóir an scéal seo a insint.
Tá súil amach go dtiocfaidh athrú ar an tír mar fós tá daoine lán le gráin a cheapann gur olc an rud é gur theip ar an Deisceart sa chogadh / go bhfuil sclábhaíocht imithe. Tá pionós corpartha fós i 19 Stáit agus coitianta sa deisceart agus cinnte ní hiad na páistí bána a fhaigheann an píonós is measa. Fiú i gCalifornia in áit nach bhfuil sé dleathach tógann na gárdaí páistí atá déanach don scoil agus ag iarraidh briseadh isteach ann go priosún go rialta. Tá faitíos ar na milliúin atá anseo gan pháipéirí cearta go dtiocfaidh na gárdaí ICE agus go gcuirfidh siad na tuismitheoirí ar ais go tír eile agus tá leanaí scartha óna tuismitheoirí. Páipéirí uait le cearta a bheith agat. Faitíos. Scartha ó do chlann. Seo iad na téamaí ón scannán agus tá daoine in aice liom fós mar sin. Is níor thosaigh mé fós ag caint faoi na priosúin agus an brabús agus sclábhaíocht a bhaineann leo. Níl ins na priosúin nua ach sclábhaíocht eile.
Níl mé ag dul ag insint céard a tharlaíonn sa scannán daoibh anseo. Déarfaidh mé é seo: ná caill é. Tá sé níos fearr ná an scannán The Separation agus b’shin an scannán ab fhearr le fada. .
Tá an tír (SAM) seo tinn. Tá an cúis soiléir anois. Léiríonn an scannán cé as a tháinig an tinneas go soiléir. Caithfidh muid a admháil os ard go bhfuil SAM bunaithe ar pheacaí uafásacha in áit Déithe a dhéanamh de Cholumbus agus an Bunreacht agus Manifest Destiny. Míle, míle buíochas le Steve Mc Queen, le gach aisteoir ann (go mór, mór Chiwetel Ejiofor agus Lupita Nyong’o) agus le Solomon Northop nach maireann. Scéal fíor-chumhachtach.
Uúaú! Dáiríre uúaú! Ard-mheas dóibh.
Scannalach go raibh sé deacair dom ainm Lupita Nyong’o a fháil arlíne. Bhí sí i bhfad níos tábhachtaí ná Brad Pitt ann! Seanscéal!
Agus céard atá le foghlaim uaidh?
Ná féach i dtreo eile nuair a thagann tú ar rud gránna ag tarlú. Féach air agus tuig agus tabhair cúnamh agus labhair amach chomh láidir agus is féidir leat go dtí go stopfaimid na diabhail a dhéanann an damáiste. Ní féidir fanacht ciúin agus dea-bhéasach níos mó. Basta le Yes, Sir agus Yes, Ma’am. Níl aon duine níos lú ná éinne eile. Tá ár cearta daonna uainn arís.
Though it is MUCH better to listen to the students singing the song and imitate them, these approximations of pronunciations may help some people who want to learn more of the language.
Seo dán ó Phádraig Ó Fiannachta in ómós dá mháthair a bhí croíbriste.
Scéal faoina dhearthairín Micilín atá sa dán. Fuair Micilín bás in ospidéal i bhfad óna bhaile i gCorca Duibhne. Bhí sé ag iarraidh orthu ‘deoch’ a thabhairt dó. Níor thuig siad Gaeilge san ospidéal agus cheap siad go raibh sé ag lorg a ‘duck.’ Ní bhfuair sé an deoch a bhí uaidh.
Do Mháire Ní Fhiannachta
Bhí deartháirín agam tráth
Ach sciob an bás é,
Agus mise i gcoláiste.
Ghlaoigh sé ar a mháthair
Agus eisean i bpianpháis;
Deoch ón uisce lena shásamh
Ina íota géar a cháiseamh.
“Looking for his duck!”
A bhí sé, dar leis na húdaráis,
Ag tabhairt tuairisc’ ar a bhás
Dá mháthair larna mhárach …
An bhearna i mo chroí-se
Riamh ó shin níor líonadh
Go bhfaca romham ar bhinse
Máirín Óg Ní Fhiannachta
Den dara glúin im dhiaidhse
Is an gaol eadrainn chomh sínte
Nach bhfuil aon seanchaí a ríomhadh
Na glúinte trínar síoladh
An mianach ceannann céanna
Is an Ghaeilge aici chomh líofa
Le Micilín i gclúid mo chroí-se.
——————————————
For Máire Ní Fhiannachta
I had a little brother once
But death swept him away
When I was in university.
He called for his mother
And he in agony
For a Deoch ón uisce* to ease him
To quench his raging thirst.
He was “Looking for his duck!”
according to the authorities
reporting on his death
to his mother the next day
The gap in my heart
since then was never filled
Until I saw on a bench before me
a new young Máirín Ní Fhiannachta
From two generations after me
of a relationship so distant
that no storyteller could
ever connect us.
Yet she had the same ways
and her Irish was just as fluent
as Micilín who still lives in the crevices of my heart.
*Deoch ón uiscemeans Drink from the water (maybe from a jug?)
The young boy had no English and the hospital staff did not understand him as they had only English.
———————————————————
Foilsiú an dán sa chnuasach Deora Dé i 1987. Chonaic mé don chéad uair inniu é ar an mblag The Hidden Ireland
Ansin freisin a d’fhoghlaim mé nach bhfuil dualgas ar na Stáit Seirbhísí Gaeilge a bheith le fáil acu do ghasúir nach dtuigeann Béarla. Tá dlí againn le fada (ó 1928) a deireann gur chóir ach ní chuirtear i bhfeidhm é. Tá go leor daoine ag tógáil a ngasúir le Gaeilge na laethanta seo agus is iontach an rud é. Caithfear freastal ar a riachtanaisí agus tacaíocht a thabhairt dóibh!
Molann an t-údar ar an mblag go mba chóir go mbeadh ar gach duine ag obair sna seibhísí sláinte sa tír an dán seo a léamh. Aontaím leis sin. Agus, ar son ár gcearta daonna, cuir an dlí sin atá ina chodladh le fada ar ais i bhfeidhm arís.
Le fada a scríobh ar do ríomhaire PC féach ar seo ar dtús
Seo iad na huimhreacha atá uait. Ná déan dearmad, tá siad ar dheis.
Alt 160 á
Alt 130 é
Alt 161 í
Alt 162 ó
Alt 163 ú
I Word: Ctrl ‘ agus an litir
Ar iPad Coinnigh do mhéar ar an nguta agus feicfidh tú leagan le fada
How to say them
______________________________________
Vowels
_______________________________________
#1. a Oh eg. Oh Peter, oh Jane etc to call someone
a as in as his/her/its/their/ that
(when alone and before i or th)
á Exclamation to represent a sadness or suggest something is cute
Sáimhín Só is the Lurgan version of Let Her Go by Passenger.
Though it is MUCH better to listen to the students singing the song and imitate them, these approximations of pronunciations may help some people who want to learn more of the language.
RT @GaeltachtDeise: Tá ard mholadh ag dul do choiste Tionól Nioclás Tóibín as ucht 4️⃣ lá de siamsaíocht ar ard chaighdeán a chur ar siúl i… 9 minutes ago