Bhí mé san India ar feadh coicíse is táim ar ais arís agus ag iarraidh mo smaointe faoi a shortáil amach. Ar dtús tá griangrafanna agam daoibh agus ina dhiaidh scríobhfaidh mé faoi na taithí a bhí agam ann.
Ar an 10 Samhain 2013, d’imigh Dolly Martin uainn. On the 10 November 2013, Dolly left us.
Dolly Martin, Réalt na nAingeal
Bhí grá mór aici don Celtic Arts Center ó bhunaíodh é agus rinne sí a dícheall ar a son.
She had a huge love for the Celtic Arts Center since it was founded and she gave her all for it.
Fuair cuid againn amach ar an 11/11/13 agus cuid eile ar an lá dár gcionn ar an Luan. Is go tobann bhí poll mór sa saol.
Some of us found out on the 11/1//13 and others the next day on the Monday. And suddenly there was a big hole in life.
Chuaigh an scéal amach agus bhailigh na daoine le chéile go dtí go raibh slua mór san Celtic Arts Center le cuidiú lena chéile.
The story went out and the people gathered until there was a big crowd in the Celtic Arts Center to help each other.
Bhí ‘Wake’ againn le scéalta, damhsa, ceol is craic is i measc ár mbrón bhí spiorad álainn Dolly ag tabhairt misneach dúinn uilig.
We had a ‘Wake’ with stories, dancing, music and fun and in the midst of our sadness, Dolly’s beautiful spirit gave us all courage.
Rinneamar na damhsaí ab fhearr léi: Ballaí Luimní agus Baint an Fhéir. Ba rinceoir álainn í.
We danced her favorite dances: The Walls of Limerick and The Haymakers’ Jig. She was a beautiful dancer.
Tim Martin agus Dolly Martin ag damhsa le chéile
Chas daoine amhráin lán le uaigneas is grá: Caledonia (le Virginia Morris), The Parting Glass (le Ken O’Malley)… is ar ndóigh, amhráin ó Bhaile Atha Cliath.
People sang songs full of lonliness and love: Caledonia, The Parting Glass…and of course, Dublin Songs
Aithníomar go léir gur duine fíor-speisialta a bhí inti: i gcónaí gealgáireach, i gcónaí ag tabhairt cúnamh do dhaoine eile…
We all recognized that she was a truly special person: ever happy, ever looking after others…
Rinceoir, amhránaí, Gaeilgeoir, fíor-Ghael agus Ath Cliathach tríd is tríd: ní fhéadfadh Joyce Dubliner níos fearr a fháil.
A dancer, singer, Irish speaker, out and out true Gael and Dub: Joyce could not have found a better Dubliner.
Bhí an brat ag crochadh duitse, Dolly, oíche aréir ♥
Duine i ndiaidh a chéile labhair siad amach faoina cineáltas, a deisbhéalachas, a croí mór, is an fonn orainn grá a thabhairt go Tim.
One by one they spoke of her kindness, her wit, her big heart and our wish to reach out to Tim.
Muidne nach raibh in ann caint, smaoiníomar uirthi ag cuimhniú ar an gcaoi a las sí suas ár saolta. Sin saol ionraic, beannaithe aici.
We who could not talk remembered the way she lit up our lives. Hers was a true, blessed life.
Chas Máirtín Mac An Ghoill an t-amhrán álainn seo do Dolly. Seo aríst é dóibh siúd nár chuala nó nár thuig na focail.
Máirtín Mac An Ghoill sang this beautiful song for Dolly. Here it is for those who missed it or didn’t understand the words.
Ba chuid den caoineadh a bhí againn do Dolly aréir an t-amhrán seo. This song was part of our keening for Dolly last night:
Thíos I Lár An Ghleanna
Thíos i lár an ghleanna, tráthnóna beag aréir
Down amid the glen, yesterday afternoon
Agus a’ drúcht ‘na dheora geala ‘na luí ar bharr an fhéir,
As the dew and moon’s tears were lying upon the grass
‘Sea casadh domhsa an ainnir ab áille gnúis ‘gus pearsa,
I met the most beautiful young woman with the most beautiful face
‘Sí a sheol mo stuaim ‘un seachráin, tráthnóna beag aréir.
‘Twas she that sent my will astray, yesterday afternoon.
Agus a Rí, nár lách ár n-ealaín ‘gabháil síos an gleann aréir,
Now, oh King, wasn’t it kind our art, as we went down the glen last night,
Ag éalú fríd an chanach agus ciúnas ins an spéir,
Escaping through the bog-cotton and quietness in the sky,
Órú, a rún mo chléibh, nár mhilis ár súgradh croí ‘s nár ghairid,
Orú, love of my heart, wasn’t it sweet the heart’s play and short,
Agus a Rí na glóire gile, tabhair ar ais an oíche aréir.
And, oh King of the glorious light, bring back last night.
Do chiabhfholt fáinneach frasach, do mhalaí bhán’, do dhéad,
Your hair in big ringlets, your fair eyebrows, your teeth
Do chaolchoim álainn mhaiseach agus glórthaí caoin’ do bhéil,
Your beautiful trim waist so lovely and the gentle sounds from your mouth
Do bhráid mar chlúmh na heala, do shúil mar réalt’ na maidine
Your braids like a swans’ feathers, your eyes like the morning star
‘Gus faraor gur dhual dúinn scaradh, tráthnóna beag aréir.
Alas we had to part, yesterday afternoon.
Dá bhfaighinnse arís cead pilleadh ‘gus labhairt le stór mo chléibh,
If I could be allowed come back to talk with the love of my heart
Nó dá bhfaighinnse buaidh ar an chinniúint, char mhiste liom fán tsaol,
Or if I could beat fate, what would I care of life.
Shiúlfainn leat fríd chanach, fríd mhéilte ar chiumhais na mara,
I would walk through the bog cotton, through the sand dunes by the sea,
‘Gus dúiche Dé dá gcaillfinn, go bpógfainnse do bhéal.
And though I’d lose my place in heaven, oh that I could [again]kiss your mouth.
UASDATÚ (1/7/2021): Tá Marty Walsh ceapaithe ag Joe Biden mar Rúnaí Saothair. An scéal ag Tuaraisc anseo.
COMHGHAIRDEAS LEIS. TUILLTE GO MAITH AIGE!
Is é Marty Walsh (46) Méara nua Bostúin. Comhghairdeas leis!
AGUS tá Gaeilge aige!
Gaeilge abú!
Deirtear go bhfuil sé go maith ag ceangail pobail le chéile agus go raibh feachtas iontach aige agus go bhfuil éacht déanta aige anseo. Ach ní raibh sé ina aonor. Bhí níos mó ná 100 daoine ó Chonamara páirteacht san bhfeachtas a thosaigh in Aibreán anuraidh. Is thaisteal roinnt mhaith acu go Bostún le tacaíocht a thabhairt dó. Nach iontach an rud é bheith ilteangach freisin mar bhí Mike Newell ó Ros Muc in ann labhairt i Spáinnis ar an nguthán le daoine ann. Féir plé dó!
Scúp do Athmhaidin!
Ní dhearna sé dearmad ar na hÉireannaigh agus a thuismitheoirí ó Chonamara.
Mary ó Ros Cíde, Ros Muc agus John (nach maireann) ó Chaladh Mhaínse, Carna.
Éist: Ina chéad agallamh leis na meáin tar éis an bua, labhair Méara Marty Walsh as Gaeilge anseo
Seo a dúirt Méara Marty Walsh:
Tá an-áthas orm a bheith ceapaithe mar mhéara ar Bhostún.
Cuireann sé gliondar agus bród orm go bhfuil mé in ann freastal ar phobal Bostúin.
Agus tá mé an-bhuíoch do na daoine ar fad a thug cúnamh dom
agus a thogh mé le bheith i mo mhéara.
Peter O’ Malley (Ros Muc), Marty Walsh (Méara Bostúin), Tom Conroy (Ros Muc) agus John Walsh (dearthair Marty)
Tá súil agam go bhfuil ár bpolaiteoirí in Éirinn ag féachaint agus ag éisteacht!
Déanaigí iarracht bhúr dteanga féin a labhairt!
Tá a mháthair Mary O’ Malley as Ros Muc ag caint faoi anseo san Agallamh idir 23:18 – 25:14 agus í iontach bródúil as, ar ndóigh.
Seo an chéad agallamh a bhí aige leis na meáin tar éis an bua!
Scúp i ndáiríre.
Dúirt sé freisin go mbeidh sé ag teacht ar cuairt go Conamara an bhliain seo chugainn mar a chéad cuair oifigiúil taobh amuigh de na Stáit Aontaithe agus go mbeidh sé ag dul go Ros Muc agus Carna san Earrach.
Cuireann an scéal seo áthas ar mo chroí. Is cuimhin liom nuair a chuaigh mé ar turas go dtí an Capitol i Washington DC blianta ó shin agus b’é mo mhac féin a bhí i gceannas ar an turas agus é ag míniú gach rud do na sluaite agus dúinne. Bhí mé fíor-bhródúil as. Is dlíodóir anois é. Ach níl sé éasca, an turas sin. Tuigim go raibh deacrachtaí ag Marty freisin agus ailse aige uair. Is mé ag éisteach le máthair Marty anseo, tháinig an turas agus an bród ar ais chugam.
Joe Biden leis an Marty Walsh ceart 🙂 Ghlaoigh sé ar Martin Walsh eile le comhghairdeas eile a rá leis. Oops
Céim ar Aghaidh: Taking your knowledge of Irish from the song Amhrán na gCupán further
Céim 1 Review:
Can you read all of this and understand it?
Review: Tá an ticéad ‘am don bhealach fada.
Dhá bhuidéal uisce don thuras.
Is ba bhreá liom cara a bheith in éindí liom.
‘Mé ag fágáil amárach. ‘mbeidh tú liom?
Nuair a táim imithe X2 Aireoidh tú uait mé ‘s gan mé ann..
Aireoidh tú uait mé ‘s mo aoibh.
Aireoidh tú uait mé ‘chuile thaobh
Ó, aireoidh tú uait mé ‘s gan mé ann
Tá an ticéad ‘am don bhealach fada.
Tá an saol mór ag fanacht liom.
Measc na sléibhte, taobh na habhann.
Áit a bhíonns an t-aer breá úr.
Ó bheadh sé i bhfad níos deise leat, a stór.
Nuair a táim imithe X2 Aireoidh tú uait mé ‘s gan mé ann.
Aireoidh tú uait mé ‘s mo aoibh.
Aireoidh tú uait mé ‘chuile thaobh.
Ó, aireoidh tú uait mé ‘s gan mé ann
Nuair a táim imithe X2 Aireoidh tú uait mé ‘s gan mé ann.
Aireoidh tú uait mé ‘s mé ag caint.
Aireoidh tú uait mé ‘s mé ag seinnt.
Ó, aireoidh tú uait mé ‘s gan mé ann
If you need to, check the English again:
I’ve the ticket for the long way.
Two bottles of water for the trip.
And I’d like a friend to be with me.
I’m leaving tomorrow. Will you be with me?
When I’m gone X2 You’re gonna miss me and I not there.
You’re gonna miss me and my smile.
You’ll miss me every single way
Oh, you’re gonna miss me and I not there.
I’ve the ticket for the long way.
The big world is waiting for me.
Midst the mountains, by the river.
Where the air is nice and fresh.
Oh it would be a lot nicer with you, dear. When I’m gone X2 You’re gonna miss me and I not there. You’re gonna miss me and my smile. You’ll gonna miss me every single way.
Oh, you’re gonna miss me and I not there. When I’m gone X2 You’re gonna miss me and I not there. You’re gonna miss me and my talking. You’re gonna miss me and my playing.
Oh, you’re gonna miss me and I not there.
Céim 2 When you feel comfortable with the words try the following exercises:
Try to translate aloud: Aistriúcháin os ard I – Gaeilge go Béarla
Céim ar Aghaidh: Taking your knowledge of Irish from the song further
Céim 1 Review:
Can you read all this and understand it?
Uair ‘a bhí mé ag ligeann scíth, rith smaoineamh liom:
Mol an óige ‘s tiocfaidh sí ‘mar is dual di.
‘S muid ag lorg ár n-áit dár dtír bheag álainn
In san domhan. Tá ár tseoid fhéin ann.
‘Ach í a labhairt amach le cion.
Ach dún do shúile go ciúin agus samhlaigh go bhfuil
sí fós inár gcroíthe.
‘S bí ‘brionglóid go suan agus cuimhnigh:
Bhí sí linn ón gcéad lá riamh.
Ghabhfadh muid ó neart go neart ar scáth a chéile X2
Tá mo chroí dóchasach. Feicim fíor na spéire.
‘Íomhá is deise liom: éirigh na gréine.
Déan do chuid fhéin ar a son. ‘Sé suas duitse ‘s dom. X2.
Ach dún do shúile go ciúin agus samhlaigh go bhfuil
sí fós inár gcroíthe.
If you need to, check the English again: Once [when] I was resting, a thought came to me. Praise the young and it will thrive [just] as it should be. And we searching for our place in our beautiful small land In the world. Our own jewel [the language] is there.
[It’s] just we should just speak (out) it with affection. But close your eyes quietly and imagine that it is still in our hearts. And dream soundly and remember that It was here right from the start (from the 1st day ever). We would go from strength to strength working together. My heart is hopeful. I see the horizon. [The] most beautiful image to me: the rising of the sun. Do your own bit for its sake. It’s up to you and me. X2 But close your eyes quietly and imagine that we still have it in our hearts.
Céim 2
When you feel comfortable with the words, try the following exercises
Try translating aloud: Aistriúcháin os ard I – Gaeilge go Béarla
Céim ar Aghaidh: Taking your knowledge of Irish from the song further
Céim 1 Review:
Can you read all of this and understand it?
Fáinne fí i gcoim na hoíche.
(Níl) ‘tada riamh nach mbíonn thart.
‘Diabhail fhios ‘am cá bhfuil deireadh mo scéil.
Ach tá mé ar an mbealach ceart.
Deir siad liom gan a dhul sa tseans.
Nach dtagann ciall roimh aois.
Bhuel ‘sé m’aistear é. Ní léir cén fhad a mhairfidh sé.
‘Sé togha ar aon chaoi.
So lig mé saor ón suan ‘tá orm.
(Tai)speáin dom bóthar éasca cothrom.
Bainfidh mé ceann scríbe amach. ‘Sí m’aidhm.
Cibé treo atá i ndán.
(Tá) mé ag iompar ualach mór an tsaoil.
Ach níl ‘am ach péire lámh.
Súile troma is an ghrian ag dul faoi.
Ach ní chodlaíonn mé go sámh.
“Bris amach agus tú fós sách óg.”
Chinnigh mé le dul in’ aghaidh.
Bhuel, seo mo ré. Seasfaidh mé an fód.
‘S leanfaidh mé ar aghaidh.
If you need to, check the English again:
A vicious circle in the middle of the night. There’s nothing ever without an end. I’ve no clue where my story’s end lies. But I am on the right way. They tell me not to take any risks. That wisdom doesn’t come before you’re old. Well it’s my journey. Who knows how long it’s gonna last. It’s brilliant, anyway. So free me from this slumber of mine. Show me a fair and easy road. I’ll make it to my destination. That’s my goal. Whichever way is meant for me. I’m carrying life’s heavy burden. But I only have two hands. [My] eyes are heavy as the sun is going down. But I don’t sleep peacefully. “Break away while you’re still young enough.” I’ve decided against that. Well, this is my time. I will stand my ground. And I will go on.
Céim 2 When you feel comfortable with the words try the following exercises:
Try to translate aloud: Aistriúcháin os ard I – Gaeilge go Béarla
Tá SAM tinn. Tá dlíthe ag an tír nach noibríonn i gceart agus daoine ag fáil bháis mar gheall air. Tá dlíthe againn le daoine a chosaint. Cinnte gur féidir linn a rá go gcosnaíonn an dlí na daoine saibhre agus cumhachta níos fearr ná na daoine bochta. Ach tá an tuiscint ann go mba chóir don dlí daoine a choinneáil slán. Ní maith liom an crios suíocháin sa charr. Ba bhreá liom mo shaoirse agus bheith in ann mo rogha rud a dhéanamh. Cuireann sé isteach orm agus é ag brú ar mo mhuineál. Ach tuigim gur maith an dlí é, go sábháileann sé daoine agus glacaim leis. Faraor, níl na gárdaí, gnáthdaoine, daoine tinn ná Obama ag glacadh leis an dlí mar bhealach muid a shábháil.
Theip ar na gárdaí ag an Alamo le déanaí ach tá trua agam dóibh. Bhí na céadta ag an Alamo an tseachtain seo caite lena ngunnaí acu le feiceáil go hoscailte agus iad ar na sráideanna. Bhí sé in aghaidh an dlí ach bhí an oiread sin faitíos ar na gárdaí (níor adhmhaigh siad é sin) nár stop siad an ‘Rally.’ http://abcnews.go.com/Politics/wireStory/armed-gun-rights-activists-rally-alamo-20622895 Bhí cuid de na daoine ann ag maíomh gur maith leis na turasóirí ‘Saoirse SAM’ a fheiceáil. Tá siad iomlán as a meabhair. Cuireann siad faitíos an domhain ar thurasóirí ann. Is mór an trua nár stop na gárdaí iad.
Inniu shiúil duine isteach san aerfort i gCathair na nAingeal le raidhfil ionsaithe. Gnáth duine a bhí ann a cheap daoine ar dtús. Bímse féin san aerfort sin go minic agus chuile uair bím ar buile leis an TSA (gardaí slándála) ann. Tuigim céard atá ar siúl, cé atá ag déanamh airgead as, cén dallamullóg a chuireann siad ar na Meiriceánaigh le caint faoi bhagairt ó Al Qaeda agus araile. Tagann an bhagairt is mó ó dhaoine sa tír seo le gunnaí agus ní chuirfidh scuaine fada is daoine ag baint a mbróga dóibh stop leis sin. Déanfaidh an frustrachas dochar. Mharaigh fear duine amháin inniu is tá seisear san ospidéal http://www.cnn.com/2013/11/01/us/lax-gunfire/ inniu sa chathair seo. Is dóigh gur cheap an fear go raibh an ceart aige gunna a bheith aige. Tá an iomarca daoine a fheiceann rud cosúil leis an tseafóid ag an Alamo agus ceapann siad go bhfuil sé nádúrtha agus ceart gunnaí a bheith acu mar níor stop na gárdaí iad.
Is cén chaoi a mbeidh ‘fhios againn an sochapataigh iad agus iad ag iarraidh gunnaí a cheannach? Ní féidir. Mar sin níl ach riail amháin ciallmhar. Seo an dlí atá ag teastáil ón tír: cosc iomlán ar ghunnaí. Ní thaitnóidh sé le gach duine. Is cuma. Ní thaitníonn an crois suíocháin liom. Ach sábháileann sé daoine. Tá ar Obama an dlí sin a dhéanamh. Cosc iomlán. Beidh sé deacair le Barack Comhghéill Obama é sin a dhéanamh ach is cuma. Caithfidh an dlí muide a shábháil. Nuair a thugtar cead le gunnaí, cuirtear saolta i gcontúirt. http://www.huffingtonpost.com/2013/10/28/gun-deaths-since-newtown_n_4165061.html Bliain i ndiaidh an eachtra sa scoil i Newtown Connecticut a d’fhág 20 páistí óga agus 6 daoine fásta marbh, chuile seans go mbeidh 10,000 daoine eile marbh mar níl cosc ar ghunnaí fós. Comhghéill = bás. Ní féidir liom Obama agus an Comhdháil a mhaithiú. Dlí nua agus toil nua uainn!