Thosaigh mé an blag seo le ceol. Go leor amhránaithe agus grúpaí cloiste agam ach i mo shaolsa ní dóigh liom go bhfeicfidh mé níos fearr ná Glen Hansard agus ní raibh sé riamh níos fearr ná nuair a bhí sé ag casadh le Markéta Irglová. Bhí draíocht sa Swell Season. Níl ‘fhios agam an dtuigeann an péire acu an maitheas atá déanta acu lena gcuid ceol. Seo an leigheas is fearr do chroíthe buartha. Bain taitneamh as, a chairde, mar a bhain mise as go minic. ♥ mór daoibh.
Ba bhanríon Indiach í Kittur Rani Chennamma a throid i gcoinne an Comhlacht Briotanach na hIndia Thoir. Rugadh í i sráidbhaile Kakati i 1778. Mar chailín óg bhíodh sí ag marcaíocht ar chapaill, ba bhoghdóir í agus bhí scileanna maithe aici le claimhte. Ag a 15 phós sí Mallasarja Desai, ceannaire Kittur. Fuair a fear chéile bás i 1816 agus fuair a mac bás tamall gearr ina dhiaidh sin.
D’uchtaigh Chennamma (ceannaire Kittur anois), mac agus í ag iarraidh go mbeadh seisean ina cheannaire nuair a fhásfadh sé. Ach, mar chuid den phlean a bhí acu greim a fháil ar an India, chuir Rialtas na Breataine agus an Comhlacht Briotanach na hIndia i bhfeidhm an “Doctrine of Lapse.”
De réir an ráiteas seo ní raibh cead ag cinnirí leanaí a uchtú nuair nach raibh leanaí acu féin. Sa chaoi seo, d’fhéadfadh an Bhriotáin an talamh a ghoideadh uathu. Níor aithin siad mac Chennamma agus tháinig Stát Kittur faoi smacht Comhlacht Briotanach na hIndia. Ach níor ghlac Rani leis an dlí ná leis an dúnghaois. Níor aithin sí rialtas na Breataine ach oiread. Bhailigh sí a saighdiúirí féin lena Stát a chosaint ó na saighdiúirí Briotanach.
Bhuail siad le chéile is saighdiúirí Briotanach ag teacht isteach go Kittur. Maraíodh na céadta saighdiúirí Briotanach sa chath. Ina measc bhí an tUasal Thackeray, an duine a bhí ceapaithe ag an mBriotain le bheith ina cheannaire ar an áit.
Cé gur éirigh le Chennamma an uair sin, tháinig saighdiúirí eile ó Mysore agus ó Sholapur le tacaíocht a thabhairt do na Briotanaigh agus bhailigh siad mór-thimpeall ar an mBanríon agus ar a dún. D’éirigh léi iad a choinneáil amach ón doras ar feadh 12 lá. Ach faoi dheireadh fuair fealltóirí réidh lena taiscí púdair agus ní raibh seans aici ansin.
Gabhadh, Kittur Rani Chennamma agus choinnigh siad i bpríosún í go dtí go bhfuair sí bás i 1829. Cé nár éirigh léi sa chath ná sa chogadh, ba dhuine tábhachtach í i ngluaiseacht na saoirse san India.
Cé go bhfuil an t-alt seo ó Slate inniu ag moladh dúinn bheith arlíne inár dteanga féin (aontaím),
sheas an líne seo de amach domsa:
“While technically a language only “dies” when its last speaker does,
this is usually preceded by a number of factors including falling out of use in commerce or politics…”
Cá bhfuil Gaeilge sa pholaitíocht in Éirinn?
Cá bhfuil Gaeilge sna siopaí, sa margadh?
Táimid i mbaol agus caithfear é sin a aithint.
Tá athrú ag teastáil go géar agus go sciobtha!
Athraigh nó gheobhaidh sí bás.
Tosnóimid le cúrsaí polaitíochta.
Tá athrú ag teastáil go géar sa Dáil. Ba chóir go mbeadh an dea-shampla le feiceáil ó na daoine atá i gceannas ar an tír.
1. Tosaigh ag an mbarr. Ba chóir go mbeadh ár dteanga in úsáid acu sa Dáil agus taobh amuigh de má tá grá acu don chultúr agus má thuigeann siad tabhacht na teangan. Muna dtuigeann, ní chóir go mbeadh siad ann. Dáiríre. Ná glac le leithscéala ná le leisce. Tá sé seo i bhfad ró-phráinneach. Tá daoine oillte uainn. Déan riail faoi: riachtanas don jab sin.
Samhlaigh é seo as Gaeilge amháin. Tá go leor le déanamh fós! Ní leor frása cosúil le ‘líne beag.’ Nílimid i rang a haon anois.
Tuigim go ndearna sé iarracht ach ní leor é. Tá flúirseacht ag teastáil.
2. Sa lár leanfaimid ar aghaidh ag caint le chéile ar Twitter agus i mBlaganna ach caithfear na páistí sna scoileanna a tharraingt isteach ann agus teicneolaíocht a bheith le fáil ins na hospidéil, i gcomhlachtaí, i ngach áit arlíne freisin. Iarr ar bhúr gcairde bheith páirteach ann.
Féach ar http://www.newbrooknursinghome.ie/ Buíochas le Dia tá suíomh ar an idirlíon acu faoi dheireadh agus suíomh an-deas! Féir plé do Handyweb.ie Tá orm a adhmháil go bhfuil duine gaolta liom ag obair ansin. ACH, féach ar gach rud scríofa ann agus ar na comharthaí sna pictiúirí. Cá bhfuil an Ghaeilge? Focal ar bith. Is mór an náire é. Is go bhfios dom níl an idirlíon le fáil san áit sin fós, rud a bheadh iontach áisiúil do na seandaoine istigh ann. D’fhéadfaidís bheith ag tweeteáil linn as Gaeilge. Tá a fhios agam go raibh seandaoine le Gaeilge álainn ansin agus gan seans acu an teanga a úsáid. Tá cúnamh uathu.
3. Ansin go cúrsaí eacnamaíochta. Tosaigh ag an mbun. Tosaigh sna siopaí le lipéidí dá-theangacha. Bíodh Gaeilge le cloisteáil ó chuile dhuine atá ag obair i siopa sa tír. Chaith siad cé mhéid bliana ar scoil ag foghlaim Gaeilge? Ba chóir go mbeadh siad in ann Fáilte go Dunnes nó Fáilte go McDonalds a rá. Ba chóir go mbeadh siad in ann Slán agus beannacht a rá. Ba chóir go mbeadh siad in ann airgead a comhaireamh as Gaeilge. Ba chóir go mbeadh siad in ann An féidir liom cabhrú leat? a rá. Déan riail faoi: riachtanas don jab sin. Agus bíodh muidne ag labhairt leo as Gaeilge.
Réabhlóid?
Má tá réabhlóid uainn, bíodh sí i ngach áit. Ná glac le comharthaí i mBéarla amháin i leabharlann, i dteach na seandaoine, i séipéal, i reilig, i leithreas fiú! Thar aon rud eile, labhair Gaeilge le bród, gan náire,le spraoi agus le meas i ngach áit. Seasfaimís suas. Éiligh do chearta daonna. Tabhair moladh do dhaoine a dhéanann iarracht agus glaoigh amach na daoine nach ndéanann iarracht.
Is féidir é a dhéanamh.
An bhfaca sibh an comhartha mar seo taobh amuigh de seomra ranga?
Tóg an teanga amach go na sráideanna agus bíodh na litreacha péinteáilte ar na ballaí!
Cén fáth an bhfuil an Béarla i bhfad níos mó ná an Ghaeilge?
An bhfaca sibh fógra mar seo sa domhan mór?
Tá go leor le déanamh againn roimh deireadh na bliana agus i 2014.
Though it is MUCH better to listen to Fred and Ger singing the song and imitating them, these approximations of pronunciations may help some people who want to learn more of the language.
Note: Ba + í ► B’í = It was. Is í = It is. Chirsitmas is feminine so literally it is She is. Is í / Ba í is the form used for definitions, not for descriptions. The it (í) is repeated. Is í Máire í = She is Máire í.
Dúirt seanfhear in aice liom, “‘Sí mo Nollaig dheireanach í.”
Doo-irt shan-ar in aku lum shee mu nulig yerinoch ee
Said old man in side with me Is it my Christmas last it
An old man next to me said, ‘It’s my last Christmas.’
Note: Most adjectives come after the noun. teach mór, House big, Crann ard, Tree high etc. so Last Christmas ► Christmas last (Nollaig dheireanach) but seanfhear old man becomes one word and has the adjective in front.
Thosaigh sé ag gabháil fhoinn an ‘Rare Old Mountain Dew.’
husee shay eg guwawl in on ‘Rare Old Mountain Dew.’
Started he to go a tune the ‘Rare Old Mountain Dew.’
He started to sing a tune ‘The Rare Old Mountain Dew’
Note: The usual verb to sing is casadh or canadh but gabháil fhoinn is chosen here. It is more informal and it is similar to saying He went with a tune instead of He sang a song
Oh Christmas Happy to you. Is you my little treasure.
Oh Happy Christmas. You are my treasure.
Note: Stór and Stóirín are terms of endearment like love, darling, sweetheart etc. Stór means a store (like a store of treasures). The ín at the end means little. It’s also a way of indicating something is cute and very like …ito in Spanish. Nóra becomes Little Nóra when it’s written as Nóirín (Noreen).
Bhí saol breá romhamsa. Nach breá an scéal agat é!
Vee sayl bra rómsa Noch bra on shcayl ogut ay
Was life fine before me. Wasn’t fine the story at you it
I had a good life ahead of me. Isn’t that a fine story you have!
Note: To say someone has something you have you need to say something is at someone. Tá scéal agat literally means It is a story at you. Really it means you have a story.
Táim ag léamh faoin gconspóid maidir le Gerry Adams a bheith ag freastal ar shocraid Nelson Mandela mar chuid de gharda gradaim.
Dáiríre? Tá an scéal seo cloiste agam cheana.
Naimhde na hÉireann? Na West Brits nó leis an fhírinne a rá, formhór na tíre, go mór, mór na meáin.
Nach bhfuil muid lag! Rinne siad jab ceart orainn fadó. D’fhág blianta fada na forghabhála a rian ar an dtír agus ar meoin aigne na daoine. Rinne siad (saighdiúirí na Breataine) sclábhaí dá ríocht dínn. Bhí faitíos orainn fadó agus tá fós ar go leor daoine. Ag cuid eile tá an stair dearmadtha. Ag cuid eile fós, níor chuala siad an scéal ceart ariamh mar tugadh stair difriúil dóibh. Ag cuid eile, tá an saol compórdach mar atá agus níor mhaith leo smaoineamh faoi.
Bhí an tír seo lán le híospartaigh fadó a cheap nach mbeidís in ann maireachtáil gan an mháistear (Sasana). Bhain saighdiúirí na Breataine meas as ár gcultúr féin agus muinnín uainn.
Agus muid ag dul isteach san Eoraip ar dtús chula mé na daoine ag screadaíl os ard nach mhairfeadh muid lá gan Shasana. Is chreid siad é sin go láidir. Agus féach anois muid inniu. Níl daoine ag screadaíl anois. Tá tost ann. Cá bhfuil an scéal faoi Gerry Adams a bheith ag seasamh dúinne, muintir na hÉireann, ag sochraid Mandela? Ná bac le Who dares to speak of ’98? Níl focal faoi Gerry Adams ag seasamh dúinn san Aifric ag an ócáid fíor-thábhachtach seo sna meáin. Ní scéal nua é. Cá raibh na meáin nuair a bhí tacaíocht ó mhná Dunnes? San áit céanna is a bhíonn siad de gnáth: ar thaobh Shasana.
Seanscéal. Eagla. D’fhéadfá an cómhrá a shamhlú i measc iriseoirí na tire. D’fhéadfaimís Sasana a mhaslú agus níor mhaith linn é sin a dhéanamh! Ní raibh rud mar sin ceadaithe fadó agus ní féidir go raibheamar mícheart ansin so caithfidh go bhfuil sé mícheart anois. Agus mar sin de. Tuigeann tú.
Is nach raibh sé mar sin le fada. Ná cuir isteach ar Liz agus a leithide. Mar a dúirt Heaney: Whatever you say, say nothing. B’shin an soiscéal de réir Gerry Collins agus Conor Cruise O Brien nuair a smaoinigh siad ar phlean fíor-aisteach leis an Say nothing sin a chuir i bhfeidhm. B’shin Section 31.
Tá a Area 51 acu i Nevada, deirtear. Sea, lean mise an X-Files! Deirtear gur tháinig créatúirí ó phlainéidí eile ann ar cuairt agus gur maraíodh ansin iad. Cá bhfios? Seans i bhfad níos láidre go raibh diabhail istigh ann i bhfoirm WMD nó airm san aer le teicneolaícht nua. Ní raibh cead dul isteach ann le fáil amach agus níl fós ach do ghrúpa beag. Bhí ár Section 31 againn in Éirinn agus is aisteach an scéal é sin freisin. Ní raibh cead daoine faoi leith (Sinn Féin) a chloisteáil ar an raidió nó ar an teilifís.
Anois táimid ag caint faoi na ‘terrorists’ nó na sceimhlitheoirí. Ach nach bhfuil fadhb uafásach mhór leis an dtéarma sin mar a fuair mé amach le cogadh Bush et al. ar an Iaráic? Níl éinne in ann míniú soiléir a thabhairt do mar an dtéarma. Cad é an difríocht idir sceimhlitheoir agus saighdiúirí ag troid ar son na saoirse? Níl ann ach dearcadh. Bhí sé dochreidthe gurb iad Collins agus O Brien (Éireannaigh go hoifigiúil ach West Brits i ndáiríre ) a chuir cosc ar Sinn Féin! Muid féin. Ag iarraidh Sasana a shásamh. Ar fhaitíos go bhfuil aon míthuiscint ag an bpointe seo, caithfidh mé a rá go láidir nach n-aontaím le foréigean. Is cuma as cén taobh a thagann sé. Níl ann ach an bealach mícheart mar i gcónaí tá slí eile agus níl san bhforéigean ach teip teacht ar bhealach níos fearr an bua a bhaint amach.
Nuair a chuala mé Gerry Adams ag caint don chéad uair ar an teilifís, is mé i mo chailín óg ag an am, tháinig ionadh orm. Bhí sé feicthe agam le blianta ach bhí guth eile leis. Mhínigh siad dom sa bhaile nár cheadaíodh dó caint mar drochfhear a bhí ann. Cheap mé i gcónaí go raibh sé aisteach: duine a fheiceáil ach guth eile a bheith curtha lena íomhá. Ní raibh ciall leis. Mar chailín óg sna seachtóidí cheap mé gur chaithfidh go raibh rud éigin chomh huafásach gránna agus cumhachtach ag baint leis, go raibh guth lán le fearg aige, go raibh sé ar bhealach amháin nó ar bhealach eile cosúil leis an diabhal a bhféadfadh ifreann a oscailt lena ghuth féin gurb é sin an fáth nach raibh sé ceadaithe a ghuth a chraoladh. Ach fós cén fáth nach raibh sé i bpriosún má bhí sé chomh contúirteach sin? Níor thuig mé domhan na daoine móra seo agus a rialacha aisteacha.
Ar an mBBC (buíochas le Maggie T) a bhí sé ina dhiaidh sin: aghaidh Gerry agus guth duine éicint eile. Nuair a chuala mé é, lena ghuth féin faoi dheireadh, bhí ionadh orm. Níorbh é an diabhal é. Ní raibh guth ó Ifrinn aige. B’iad na smaointe a bhí aige agus an chaoi ina raibh sé in ann iad a mhíniú a chuir eagla ar dhaoine mar bhí siad i ngleic le stair oifigiúil Shasana. B’shin an chontúirt. Nuair a chuala mé é thuig mé an feall agus go raibh rud éigin uafásach mícheart leis na meáin cumarsáide a chuir cosc ar a ghuth leis na blianta fada. Cinsireacht, col ceathrar le bolscaireacht a bhí ann. Níor thuig mé an scéal go hiomlán faoi na trioblóidí agus ní thuigim fós é ach thuig mé an lá sin gur chuir duine éigin an dallamullóg orm leis an gcinsireacht seafóideach sin. Agus tuigimid freisin nach leor an focal sin ‘Trioblóidí’ agus gur chóir dúinn fáil réidh leis. Ach cén focal a bhéas againn muna bhfuil an scéal go léir againn?
Féir plé don eagarthóir Tim Pat Coogan, The Irish Press a labhair amach i gcoinne Section 31. B’é ár Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn a fuair réidh le Section 31 i 1993 agus é ina Aire Gaeltachta ag an am. Fuair John Major réidh le cinsireacht Section 31 sa Bhreatain i 1994.
Ba chúis mhagaidh é Section 31. Bhí an domhan ag gáire faoi mar ba chóir. Roimh am an Daily Show le Jon Stewart bhí Spitting Image agus The Day Today ann agus iad ag tabhairt amach faoin gcinsireacht seafóideach agus ag magadh faoin seafóid.
Tá ócáid mór againn anois. Tá seans ann an rud ceart a dhéanamh. Tá meas ag an domhan mór ar Nelson Mandela mar is chóir agus roghnaigh siad Gerry Adams le páirt a ghlacadh ann ar son muintir na hÉireann. Tá sé in am dúinn anois dul ag caint arís faoi Saoirse na Tíre agus cearta daonna. Ní chóir fanacht ciúin nuair a ghoideann daoine ár gcultúr, ár dteanga is ár dtír uainn. Nár fhoghlaimeamar tada ó Mandela? Nó an mbeidh na meáin le ceann cromtha ina dtost is faitíos fós orthu faoin Mháistear (An Bhreatain)? Is é Mandela an máistear anois agus tuigeann an domhan é. Níl i Cameron ach béalcrábach. Ná tabhair aird ar Liz, ná Sasana, ná lucht flegs, ná aon bhlagairdí eile. Ní West Brits muid is tá sé in am dúinn mórtas a bheith againn in ár dtír arís.
Go n-éirí an t-ádh leat Gerry san Aifric agus le Richard McAuley atá in éindí leat. In onóir iontach é daoibhse agus don tír.
Seo Glen Hansard agus a chairde (The Frames & Moji): an cheolchoirm is fearr i 2013!
Ar an 12/12/13 bhí ár Glen Hansard (a bhuaigh Oscar le Markéta Irglová) beo ag an amharclann Ed Sullivan i Nua Eabharc. I measc na ceoltóirí eile sa tsraith seo LIVE ON LETTERMAN i mbliana bhí Coldplay, Alicia Keys, The Killers, Depeche Mode, John Legend agus Mumford & Sons. Ach b’é ceolchoirm Glen Hansard an ceolchoirm ab fhearr agus an ceolchoirm deireanach sa tsraith.
Tá EP nua ag Glen faoi láthair agus is fiú go mór é. Bhí go leor ceoltóirí ar an stáidse agus iad uilig iontach. Moladh speisialta don bhfear ar an sacsafón, do Rob Bochnik ar an giotár agus do Moji a bhí iontach maith ag canadh ar her Mercy. Féach ar bhlag Glen Hansard anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi.
Mar is gnáth leis, d’inis Glen scéalta idir na hamhráin agus thaitin sé sin go mór leis an lucht éisteachta.
Chonaic mé an pictiúr seo ar Twitter seo le déanaí agus thaitin an smaoineamh go mór liom.
Ba mhaith liom Gaeilge a chloisteáil ar na scráideanna, ins na siopaí, i gcaféanna, i ngach áit. Mar sin ins na seachtainí atá fágtha againn i mBliain na Gaeilge (agus as seo amach) an féidir linn spreagadh a thabhairt do dhaoine an méid Gaeilge atá acu a úsáid?
1. Ba chóir do na daoine ins na siopaí tosnú le Fáilte go …. (ainm an tsiopa)
2. Ba chóir go mbeadh comhartha le feiceáil go soiléir i siopa leis na praigheasanna air.
Mar shampla i gcafé:
Coffee 7€
1 Coffee plz 6€
Caife 5€
Caife amháin 4€
Caife, led’ thoil 3€
Lá deas. Caife amháin, led’ thoil 2€ …
Haigh. Conas atá tú? Táim ag iarraidh cupán caife led’ thoil 1€
3. Má iarrann duine cúnamh leis an bhfoghraíocht, bíodh píosa páipéar le fáil le cúnamh (foghraíocht le Phonics) ann.
4. Ba chóir go gcuirfeadh duine sa siopa ceist ar dhaoine cosúil le
An bhfuil gach rud ceart go leor? nó An bhfuil sé go maith? (má tá siad ag siúl thart) nó
An raibh gach rud ceart go leor? nó An raibh sé go maith? (ag an deireadh roimh an tairgead a bhailiú)
5. Ag an deireadh agus daoine ag fágáil na háite ba chóir go na daoine a bhíonn ag obair ann a rá rud éigin cosúil le
Slán anois. Go raibh maith agat.
Spreagadh don scéim.
D’fhéadfadh daoine ó na stáisiúin raidió dul timpeall go na siopaí le féachaint ag bhfuil sé ag obair agus duaiseanna agus moladh a thabhairt do na siopaí is fearr.