So níl daoine ag caint faoi na 800 páistí marbh caite i dtanc ag na mná rialta i dTuaim. Scéal as Béarla anseo. Féach scéal 264 freisin. Cén fáth? Nach fiú iad? Cuireann an tost ionadh orm. Tagann an tost is láidre uathu súid atá ar son ‘Cultúr na Beatha.’ Tada san nuacht ach ar bhlag nó dhó.
Seo ceann dóibh.
Stair an HOME i dTuaim buíochas le Luimneach 1914 in #267.
Is oileán beag í Éire. Tá aithne ag chuile dhuine ar a chéile. Níl mórán spás idir muintearas agus uaigneas plúchtach i dtír mar seo. D’fhásamar le chéile, chuamar go scoil náisiúnta agus go méanscoil agus d’fhoghlaimíomar na rialacha nach bhfuil scríofa síos aon áit le chéile. Dúradh leat bheith ciúin i go leor slite. Guth íseal. Guth aisteach. Féachaint. Caoch na súl. Méar ar an srón. ‘Fan amach uaidh,’ a dúirt siad. Fan amach ó theannas. Tost.
Na rialacha: le dul ar aghaidh sa saol caithfear an difríocht idir an iomarca eolais a bheith agat faoi gnó chuile dhuine eile agus an ciall a bheith agat (go deabhéasach) gan caint a dhéanamh faoi a thuiscint. Bheith béasach. Sin é. Ná labhair faoi na fadhbanna atá ag do chomharsana. Tabhair meas dóibh agus do phríobháideacht.
An bhfuil mórán difríocht idir príobháideacht agus uaigneas i ndáiríre?
Ar aon nós, ná habair tada fúthu. Sa chaoi sin tá chuile dhuine in ann leanúint ar aghaidh sna siopaí agus ar an tsráid le dínit agus bród. Lig dóibh a ceapadh go bhfuil a bhfadhbanna coinnithe faoi cheilt ina dtithe féin, taobh thiar de na ballaí agus na doirse is nach bhfuil fhios ag an bpobal tada fúthu. Muid ag ligint orainn le fada go bhfuil chuile shórt togha ach tá an bhréag sin nimhneach. Ach, le bheith féireáilte, tá an fhadhb céanna i mbailte beaga ar fud an domhain.
Tá cónaí ormsa i SAM anois agus tuairim láidir agam go bhfuil mo chomharsan béal dorais ar thaobh amháin ag bualadh a bhean chéile ach níl fianaise agam faoi. Is léir nach bhfuil meas dá laghad aige uirthi. Tá an comharsan béal dorais ar an taobh eile tar éis a rá liom inniu go bhfuil gá le tuilleadh gunnaí sa tír & bhí sé i bpriosún uair mar bhuail sé duine. Ach tá muid i gceantar an-slán go deo, deirtear linn. Agus chuile lá deireann muid ‘Hi. Beautiful day,’ lena chéile is ní bheadh clú ag éinne cén sórt daoine iad. Nó b’fhéidir go bhfuil agus go bhfuilimid go léir ag imirt an cluiche céanna.
Fiú nuair atá ‘fhios ag an domhan go léir faoi na fadhbanna uafásacha (imreas tí, foréigean, mí-úsáid drugaí, fearg, faillí, fiú éigniú…creid nó ná creid) atá ag daoine, ní deirtear tada faoi. Dúirt cara liom gur tháinig na gárdaí go dtí a teach ag fiafraigh ar chuala sí trioblóid sa teach béal dorais.
‘Cén fáth?’ ar mé.
‘Bhuel bhí siad ag ceapadh go raibh an athair ag ‘mí-úsáid’ a iníon.’
‘Agus an gceapann tú go raibh?’
‘B’fhéidir ach ní raibh mé ag dul ag tarraingt trioblóid orm féin.’
Tost ó mo thaoibhse.
Ar bhealach tuigim a cás. Tá cónaí uirthi in aice leis. Is minic nach dtarlaíonn tada sa chúirt. Má fhaigheann sé amach go ndúirt sí rud… Ach ar an taobh eile… Céard faoin iníon?
Tá míthuiscint go minic faoin líne sin idir ligint do dhuine a dhínit a bheith aige agus cúnamh a dhiúltú go dhuine i mbaol. Cé go dtuigeann an domhan mór céard atá ag tarlú b’fhearr leo fanacht go dtí go niarrfaidh an duine briste brúite sin cúnamh uathu. Seans nach ndéanfaidh siad é sin go deo. Ach ní bhíonn gach rud ar eolas agat riamh. Cuid den scéal amantaí. Amantaí eile ní bhíonn clú agat.
Bhí bean i nDubh Linn agus mé i mo chónaí ann a bhí feargach le chuile dhuine. Bhíodh faitíos orainn roimpi. Ach nuair a fuair a fear chéile bás, cheannaíomar bláthanna di agus chuamar go dtí a doras ag súil le íde béil. Bhí fáilte romhainn. Rinne sí tae dúinn. Níor thuigeamar. D’inis sí a scéal. Bhí a fear chéile á bualadh le blianta agus ní raibh sí saor go dtí gur bhuail taom croí é. Éire gan colscaradh. An Eaglais ag tabhairt amach faoi daoine ag scaradh óna chéile. Ní raibh rogha aici. Bhí uirthi cur suas leis go dtí go bhfuair sé bás. Bhí mé ag ceapadh go raibh an tír níos fearr as gan colscaradh go dtí an lá sin. Teannas agus tost a saol. Is tháinig a frustrachas amach mar fhearg. Go dtí go bhfuair an duine sin bás, ní raibh fhios ag éinne againn.
Agus fós, an gcreidfeá, fós nuair a thuigeann daoine tá cuid acu nach bhfuil ag iarraidh caint faoi rudaí mar sin. Mar tá na rialacha fós ann. Teannas agus tost fós ann. Rud uafásach a tharla i gclochar? Beidh tú ag buaileadh leis an sagart sa scoil nó sa bhaile mór is tá do ghasúir ag freastal ar scoil so ní féidir leat tada a rá faoi rud a tharla i gclochar i dTuaim. Níor mhaith leat caint faoi leis. O no. Ná le héinne eile. Caithfear bheith béasach. Is ní fheiceann tú bealach amach as. Níl aon córas eile ann duit. Ní fhéadfá a rá, ‘tá rogha agam.’
So, céard a tharla i dTuaim san áit ina bhfuil beagnach 800 leanaí caite i dtaiscumar? Céard a tharla taobh thiar de bhallaí na Magdalenes agus na scoileanna cheartúcháin? An raibh ‘fhios ag daoine? Tá ‘fhios againn cuid den scéal ach fós buailim le daoine nár mhaith leo caint faoi ná na scannáin a fheiceáil. Tost. Dall. Ag fanacht amach uaidh.
B’fhéidir nár thuig daoine ag an am gach rud a tharla iontu ach thuig daoine nach raibh sé ceart ach go raibh an Eaglais i gceannas agus an chumhacht acu. Agus bhí eagla ar dhaoine cé nár mhaith leo é a admháil. Agus b’fhearr leo fanacht amach ón gceist. Ní bhaineann sé liomsa, cloistear. Bhain sé leis an tír go léir is tá cuid den tír ag ligint air nár tharla tada. Béal dúnta. Cluasa dúnta. Tarlaíonn rudaí uafásacha i dtíortha eile ach ní tharlaíonn siad anseo agus ní bhaineann sé liom, an meoin atá acu.
Baineann sé leo. Cé as a fhaigheann daoine cumhacht? Nuair a ghlacann daoine leo. Tugtar an chumhacht dóibh. Is féidir an chumhacht sin a dhiúltú. Cén fáth a nglacfadh daoine leo? Mar tá eagla orthu agus ní thuigeann siad go bhfuil rogha acu. Rialacha. Scoil. Oideachas. Teannas & tost.
Ar chóir dúinn bheith béasach? Braitheann sé. An bhfuil daoine i mbaol? Déan an rud ceart. Ná glac le aineolas, foréigean, dlíthe briste ó éinne! Is samhlaigh, más féidir leat, na cnámha sin. Beagnach 800 gasúir caite i dtanc. An raibh sé sin béasach? Ceart? Ar chóir glacadh leis?