Teannas sa Tost: An Fhírinne Faoi Ionsaí
An cur i gcéill
Tá laochra againn in Éirinn a labhraíonn amach. Sceitheann siad an fhírinne. Duine ar bith a labhraíonn amach faoi choireanna uafásacha, na Justice For Magdalenes, agus Catherine Corless mar shamplaí. Go minic níl sé éasca. Go minic ionsóidh daoine thú faoin fhírinne a scaoileadh amach. Fiú nuair nach féidir a shamhlú cén fath nach labhródh duine amach faoi uafás éigin. Déan an rud ceart agus caillfidh tú cairde. Déarfaidh daoine go bhfuil tú frith-rud éigin (Eaglais, Stát, Grúpa faoi leith). Beidh tú coinnithe amach, shunned, mar bhris tú na rialacha. Is nuair a tharlaíonn sé sin, tarlaíonn rudaí mar Rotherham, mar na Magdalenes, mar na cnámha i dTuaim. Arís agus arís eile faoi na hábhair seo chualamar an focal ‘náire.’ Nuair nach bhfuil caint ar choir, ní gá rud a dhéanamh faoi, dar le daoine. Ní san bhfocal ‘náire’ ach leithscéal leisciúil a ligeann don locht fás. Ceadaíonn náire éigniú. Ní binn béal ina thost. Caithfear coireanna a aithint agus rud a dhéanamh futhu. Caithfear páistí a chosaint.
Na rialacha
Ach tá líne tanaí idir thír álainn ina bhfuil aithne ag gach duine ar a chéile & aithint rómhaith a bheith agat ar dhaoine eile. Mura bhfuil éalú agat caithfidh tú fanacht ciúin faoi rudaí áirithe. Ag iarraidh bheith i do mhúinteoir scoile? Ní féidir bheith ag tabhairt amach faoin sagart paróiste mar sin. Tuigeann tú go bhfuil rud éigin uafásach déanta ag duine ach níl fianaise agat? Má tá an té i gceannas ort, caithfear fanacht ciúin faoi. Níl na rialacha scríofa síos in aon áit agus tuigimid iad. Lig ort nach bhfuil fhios agat.
An chontúirt
Ach tá an saol bréagach sin nimhneach. Bhuail m’uncail m’aintín ach ní raibh caint air & ní dheachaigh éinne go dtí na gardaí faoi. Ní bheadh aon mhaitheas ann ar aon nós. Bhí siad pósta & in Éirinn ní raibh fonn ag na gardaí tada a dhéanamh faoi shacraimint mar sin. Coinnigh ciúin é. Is mór an náire é. B’shin an riail. Ach nuair a choinníonn duine ciúin faoi choir, céard a tharlaíonn? Tarlaíonn an choir, aon choir, arís & arís eile ar ndóigh. Sin an feall.
Éalú agus rogha.
Bhí scéal uafásach san nuacht le déanaí faoi 1,400 páiste éignithe i Rotherham i Sasana. Léigh an sliocht a leanas led’ thoil. Míníonn sé an fhadhb go maith: http://www.theguardian.com/society/2014/aug/29/-sp-untold-story-culture-of-shame-ruzwana-bashir Tá míniú ann ag bean a bhí ionsaithe nuair a bhí sí óg agus a labhair amach faoi i bhfad ina dhiaidh sin. D’éalaigh sí agus bhain sí neamhspleachas amach ach fós ní raibh sé éasca di labhairt amach faoin gcoir. Bhí praghas ard air. Chaill sí cairde is a muintir féin agus í shunned mar rinne sí an rud ceart.
You can’t see the forest for the trees.
Ach ní tharlódh sé sin in Éirinn. Ráiteas a chuala mé go minic. Creideann daoine gur féidir le bean labhairt amach faoi choir go héasca anois & nach mbeidh deacracht ar bith aici sa tír seo. Bhí bean a labhair amach faoi choir. Coir uafásach. Ní raibh sé éasca di. Bhí clú & cáil ar an bhfear a rinne an dochar. Bhí cónaí uirthi sa cheantar céanna. Bhí uirthi bheith cúramach. Thuig sí é sin. An cuimhin libh an scéal? Léigh faoi arís anseo: http://www.irishexaminer.com/viewpoints/columnists/guest-columnist/a-high-price-to-pay-for-revealing-documentary-on-noted-poet-215392.html Ach rinne sí an rud ceart. Labhair sé leis na páistí a bhí éignithe, bhailigh sí fianaise, agus rinne sí scannán faoi fiú. Agus? Bhí praghas ard air. Tá seisean fós saor & tugtar cuireadh dó caint le grúpaí go minic. Tá a chuid filíochta fós ar scrúdaithe. Céard a deireann sé sin le páistí faoin meas atá ag an Stát orthu? Céard a deireann sé di faoin fhírinne a rá?
Aoldath
Bhí scéal mór in Éirinn faoi na Magdalenes. Rinne siad ‘scrúdú’ futhu. D’fhoilsigh siad an Tuairisc, The McAleese Report. Dúirt gach duine gurbh mhór an náire é. Bhí grúpa nó dhó a lean ar aghaidh ag déanamh caint faoi, na Magdalenes For Justice ina measc. Ach bhí daoine tuirseach den chaint. Céard a bhí uathu? Airgead? Ba chóir dóibh fanacht ciúin. B’shin a cheap daoine. Saint. Níor thaitin an scéal náireach seo leo. Ach ní náire é ach coir. Tuigeann na Magdalenes For Justice é sin. Agus tuigeann siad nach raibh san McAleese Report sin ach aoldath. Déanann siad a obair féin, gan pinghin rua le fáil ar an obair. Mar déanann siad an rud ceart. Mar tá siad ag iarraidh daoine a chosaint. Seo scéal futhu agus an t-eolas a bhfuair siad amach http://www.irishexaminer.com/ireland/many-magdalene-women-spent-decades-in-laundries-284070.html Fágadh bás na mban nár fhág Magdalene riamh i ndiaidh 1996 amach ó Thuairisc McAleese. Freisin tá sé ráite ag Tuairisc McAleese go raibh na mná san áit ar feadh 27 seachtainí de gnáth ach ó uaigh amháin fuair na Justice For Magdalenes amach go raibh 33% dóibh ón áit sin ann níos mó ná 50 bliain. Cheapá go mbeadh áthas ar an Stát go bhfuil na daoine seo ag déanamh an obair seo uilig dóibh ach go minic níl. Troid atá ann. Iadsan i gcoinne an Stáit.
Shunned
Nuair a labhair an tAthair Bruno Mulvihill amach faoin bpéidifíleach uafásach Smyth, dúradh leis go raibh sé mícheart faoi. Is ní bhfuair sé riamh an meas a thuill sé ina dhiaidh sin ón Eaglais.
Ionsaí
Bhailigh Catherine Corless eolas faoi na cnámha de bheagnach 800 pásití san ndabhach mhúnlaigh i dTuaim. Ba é an Irish Times a d’imir an feall uirthi siúd ar dtús le tost & ansin le ionsaí. Tá go leor daoine ar fud an domhain a cheapann gur breagóir í mar gheall ar an alt sa Times. Praghas an-ard. Cé a bhí siad ag iarraidh a chosaint? Sin coir. Bhí Catherine tar éis an obair a dhéanamh as a stuaim féin, tar éis íoc as na teastaisí a bhfuair sí as a póca féin & í ag bailiú fianaise leis an rud ceart a dhéanamh do na páistí bochta. Leis an fhírinne san aer, seans nach dtarlódh sé arís a cheap sí. Ach mharaigh an Times an scéal gan trua ar bith.
Dialathas
Agus ar ndóigh bhí Savita againn. Coir go bhfuair sí bás. Agus céard a tharlaíonn nuair a deirtear nach coir ach náire an rud a tharla? Tarlaíonn sé arís agus arís. Fiú má dhéanann daoine é níos deacra teacht ar an scéal. Rialacha nua i bhfeidhm a mhaslaíonn mná níos mó anois. Caithfear a bheith iomlán as do mheabhair go hoifigiúil le rogha a fháil más bean ag iompar thú. Lámh láidir na hEaglaise sa dlí. So, anois tá Imirceach X againn. Is tada faoin gcoir. Coir an HSE & an Stáit a d’éignigh agus a chéasaigh an bhean bhocht.
Eagla
Na laethanta seo tá sé éasca dom labhairt amach mar d’éalaigh mé agus tá rogha agam. Sin rud nach bhfuil ag go leor, leor daoine in Éirinn. Is fós domsa ó am go ham tagann ionsaí nach bhfuil mé ag súil leis mar b’fhearr le daoine ligint orthu féin nár tharla coir. B’fhearr leo dearmad a dhéanamh ar rud ná fadhb a cheartú. Ceapann siad go ndéanfaidh an dochar do dhuine amháin dochar don ghrúpa uilig. Déanfaidh, cinnte, má chlúdaíonn siad an fhírinne is má ligeann siad do dhaoine i mbaol a bheith gortaithe go dona.
Bhí comhrá amháin agam le duine is mé sa bhaile is é ag caint faoi Dhomhnall O Lubhlaí. Nuair a thuig sé go scríobhaim faoi ábhair mar sin tháinig bagairt. Athrú sa chaoi ina raibh sé ag caint agus fios tugtha dom go raibh aithne aige ar dhaoine. Tá naimhde inár measc. Daoine a chosnaíonn coireanna & a chuireann na daoine is laige i mbaol. Smaoinigí, a chairde, & deanaigí an rud ceart i gcónaí.