Samhain: Athbhliain Cheilteach leath bealach idir cónocht an fhómhair agus grianstad an gheimridh. Thángamar ar an saol seo ó áit dhorcha. Tosnaíonn an bhliain dorcha leis an nGeimhreadh. Tús na bliana sa domhan Ceilteach, Samhain.
Athrú san aer. Deireadh leis an samhradh.
Gaeilge: Samhain
Gàidhlig: Samhuinn
Gaelg: Sauin
Tús leis an ngeimhreadh & bliain nua
Cymraeg: Calan Gaeaf
Brezhoneg: Kala Goanv
Kernowek: Kalan Gwav
Am le bheith ag déanamh spraoi. Seo mar a chonaic Outlander é:
♫ A righ na gile, a righ na greine, a righ na rinne, a righ na reula, X2
A righ na cruinne, a righ na speura, is aluinn do ghnuis a lub eibhinn. ♫
(Meánoíche, a chailín. Ba toil le síoga dul ‘ istigh.)
[Da lub shioda shios ru d’leasraich, mhinich, chraicich; usgannan buidhe
Agus dolach as gach sath dhiubh]
Rune of the Muthairn
♫ Oh king of the moon, oh, king of the sun, oh king of the planets, oh king of the stars, X2
Oh king of the universe, oh king of the sky, how beautiful your face, oh lovely beam. ♫
([Tis] midnight, girl. Fairies want to be gone in.)
[Two loops of silk down by thy limbs, smooth-skinned; yellow jewels
and a handful out of every stock of them.]
Mé féin ag samhlú Bealach na Bó Finne is an áit i bhfad uainn ina thagann réalta ar an saol.
Damhsa
B’fhearr liom fhéin Rince Mór na Tine a dhéanamh an tráth seo. Cuir lampaí láimhe ar an urlár sa lár. Mar atá sé sa leabhar ‘ár rincí foirne’ ach ag cur lámha suas agus síos le gach 123 go fonnmhar ag an tús. Fág amach an cuid deireanach (malartú áite) agus tosaigh arís. Tóg na lampaí ón lár agus bí ag casadh isteach agus amach, ar dheis agus ar ais agus araile. Lean an treo den damhsa agus ag casadh i gconaí in áit na gnáthchéimeanna. Cuir suas an lampa sa lár agus le do bholg ag an imeall. An-taitneamhach!
Féile
Samhain, Imbolg, Bealtaine, agus Lúnasa: sin na féilte móra againne. Aos Sí agus na mairbh ag siúl thart leis na beo ar Oíche Shamhna agus b’fhearr meas agus fáilte a chur rompu le bia agus deoch. Ach ná lig dóibh tú a aithint. Cuir culaith ort nach dtuigfidh siad cé atá ann. Ansin bí ag spraoi agus ag ceiliúradh leo i gcónaí le meas.
Anocht tagann na mairbh agus na daoine beaga amach, na sí ó rath is lios ar fud na tíre. Bí ag ceiliúradh agus ag déanamh spraoi agus meas agaibh i gcónaí do na daoine maithe.
Donn, Tiarna na Marbh
Is é Donn (Mil Éspaine nó Seang), Tiarna na marbh. Bhí Donn i gceannas ar a dhearthaireacha Amergin, Ir, Heremon, Arranan, Colpa agus Heber a tháinig go hÉirinn fadó ag lorg díoltais. Ba iad na hArdríthe (dearthaireacha & garmhic do Dhagda) Éthur mac Cuill, Tethur mac Cecht agus Cethur mac Greine a mharaigh gaol leo, Ith. Chuaigh Donn le caint leis na banríonacha Banba, Fodhla agus Ériu ag Teamhair ar dtús. Dúirt Ériu leo go mbeadh an t-ádh leo in Éirinn agus bhí Amergin an-sásta leis sin ach mhaslaigh Donn í ag rá nach raibh sé buíoch as a dúirt sí ach as a Déithe féin. Dúirt Éiriú ansin nach mbeadh an t-ádh mar gheall ar an masla sin. Ná maslaigh na mná! Fuair Donn bás ar Theach Duinn amach ón gcósta is tá cónaí air ansin anois mar Thiarna na Marbh. Seo a theach, carraig san fharraige in aice le hOileán Baoi.
Ar oícheanta stoirmiúla, bíonn sé ag marcaíocht ar chapall bán agus deireann daoine, ‘Tá Donn ar muir anocht.’ Bíonn na mairbh ag siúl thart ar fud na tíre mar scáilí go dtí go gcloiseann siad Corn Dhuinn ag Samhain ag glaoch orthu teacht go dtí a theach agus uaidh sin thar farraige go dtí an domhan eile.
Amárach beidh na spioraid ar ais ina mbailte féin. Anocht, bí ag spraoi leo faoin ngealach. Bí beannaithe.
Tá nós cosúil le samhain ag go leor cultúir: fáilte a chur roimh na mairbh uair sa bhliain. Anseo i California tá an Día de los muertos láidir agus spraoi agus craic ann chomh maith le meas do na mairbh. Nach maith sin.
Ach inniu agus mé ag scríobh faoin miotaseolaíocht álainn, ársa atá againn feicim aineolas ón Vatacáin a deireann go bhfuil Samhain ‘evil’. Ba chóir go mbeadh náire orthu ach ní bheidh ar ndóigh. OSNA!
Beidh sraith teilifíse nua An Bronntanas le feiceáil ag tosnú ar an 23/10/2014 ar TG4. Dhá lá anois go dtí an Thriller comhaimseartha mar a thugann ROSG air. Oireann sé. Tá an chéad clár feicthe agam agus deirim: Ná Cailligí É! Scéal faoi bhád tarrthála amach ó chósta Chonamara atá ann. Bád a shábháileann daoine, amantaí. Amantaí eile an scéal i bhfad níos casta ná sin. Agus nach aoibheann an teannas! Seans ag an gceann seo ag na Oscars agus é ar an liosta fada faoi láthair.
An iomarca daoine sa tír seo fós a cheapann nach mbeadh i gclár as Gaeilge ach seanstíl ar nós Cré na Cille. Is ag an tús ar feadh cúpla soicind ceapann tú go mbeidh sé mar sin. Nó mar Broadchurch b’fhéidir. Nó meascán eatarthu. Níl ‘fhios agat. Fan go bhfeicfidh tú.
Bhfuil sé traidisiúnta? Sa chaoi go bhfuil sé lonnaithe i gConamara, tá. Ach téann sé a bhealach féin is déanann tú dearmad glan go sciobtha gur i nGaeilge atá sé is tú iomlán gafa leis an scéal. Go dtí go bhfuil orthu caint as Béarla le daoine nach dtuigeann. Agus ansin, ionadh na hionadh, Béarla atá ait agus tú cleachtaithe lenár dteanga féin. Cliste. An-chliste.
Bhí gá le clár mar seo le fada. Clár ar nós scannán. Clár a rugann greim ort. An iomarca daoine againn sa tír nach dtuigeann go bhfuil saolta ag na daoine a labhraíonn Gaeilge chomh spéisiúil le saol in áit ar bith eile. Ní leor spéisiúil le cur síos ar na daoine sa tsraith seo. Beidh do chroí i do bhéal ag breathnú air.
So, bígí ag súil le dráma le teannas. Deacair domsa fanacht le Clár 2. Cuireann sé ardáthas orm clár chomh maith seo a fheiceáil ar TG4. Ardmholadh do chuile dhuine a bhí páirteach ann.
Bhí duine ag iarraidh orm le déanaí sampla a thabhairt di de chaointeoireacht nó Keening mar a thug sí air. Bhí mé ag múineadh i gCathair na nAingeal coicís ó shin nuair a chuir an stráinséir an cheist sin orm. Ba léir go raibh sí dáiríre faoi. Smaoinigh mé siar, chuir mé ceisteanna ar dhaoine, agus fuair mé freagraí. Chuala mé caointeoireacht uair amháin fadó agus mé i Leitir Móir. Ar ndóigh bhí na focail ochón agus ochó ó ann. ‘Bhfuil am níos oiriúnaí do na focail sin?
Seo amhrán nua a thosnaíonn sa stíl sin:
Bhí mé ag rith ón rang Gaeilge go rang Rince agus ní raibh am agam smaoineamh siar i gceart don bhean nuair a chuir sí an cheist orm. Ach ag deireadh na hoíche shuigh mé síos ag bord léi agus tháinig sé ar ais chugam. Is níos déanaí sa tseachtain, chas mé di é. Bhí mé ag smaoineamh ar mo mháthair ag an am. Faoiseamh.
Tá clú agus cáil ar fud an domhain ar An Irish Wake agus is beag duine nach dtuigeann céard is Keening ann. Is rud príobháideach é pian san lá inniu ann b’fhéidir. Ach an chóir go mbeadh sé mar sin? Rud a thuigeann an cine daonna cé nár mhaith le daoine caint faoi go minic: níl éalú ón mbás. Feicthe agam agus mé i mo chónaí i dtíortha éagsúla.
Ní leis na Ceiltigh amháin traidisúin ar nós caointeoireacht. Tá na dúchasaigh in áiteachaí eile ar fud an domhain fós ag caointeoireacht ina stíl féin agus nach nádúrtha an rud é sin? An coronach in Albain, la llorona (bean sí) i Meicsiceó fós, Ululatus sa Róimh fadó agus ullaloo in Éirinn; chaoin daoine na mairbh pé áit ina raibh siad. Le amhráin binn ar dtús b’fhéidir ach le croíthe briste ag cuid acu nuair a bhí sé in am slán a rá leis na mairbh. Seo caoineadh na Yaminawa i bPerú:
Ar chuala éinne Caointeoireacht?
Chaith mé an cheist amach ar an idirlíon: an raibh taifead le fáil de Keening áit ar bith? Tháinig na freagraí ar ais. Fuair mé amach ó mo chairde i Nua Eabhrac ar dtús gur mhair an nós ansin agus ní rud ciúin a bhí i gceist ann mar a chuimhnigh siadsan air. Rud a scanródh thú, a dúirt siad. Tháinig an frása ‘screadadh is caoineadh a scanródh daoine‘ ó Eanach Dhúin chugam. Gach duine againne ag smaoineamh ar na mná caointe. Duine ar bith againn ag smaoineamh ar fhir ag canadh rud éigin foirmiúil.
Tháinig mé ar an gcur síos seo de Caithris nó Caoineadh do na Mairbh i Drums of Autumn, le Duncan Innes le déanaí. Sea, táim gafa le Outlander. Is féidir éisteacht leis an gcur síos leath bealach thíos san leathanach seo agus Cathy-Ann MacPhee á léamh. Rud a scanraigh na daoine a bhí san gcur síos sin freisin. Cosúil leis an gcur síos a fuair mé ó mo chairde ó Nua Eabhrac.
Cén chaoi ‘ raibh sé in Éirinn fadó?
De réir Gerald De Barry (Giraldus Cambensis) san dara aois déag, bhíodh dhá ghrúpa ann. Grúpa amháin ag an mbun agus an grúpa eile ag barr an choirp. Thosaigh duine amháin ag an mbarr ag casadh go bog le tionlacan ó chláirseach mar shampla. Ansin ón nóta deireanach thagadh freagra ón ngrúpa ag an mbun. B’shin an ullaloo. Freagra ansin ón mbarr agus ansin chas siad uilig le chéile. Ansin thosaíodh siad an dara caoineadh ag tosnú ag an mbun an uair seo. Lean sé ar aghaidh mar sin i rith na hoíche. Bhí tagairtí do shaol an duine sna focail le ceisteanna agus freagraí. Tháinig mé ar an gcur síos thíos ó dhuine a chuala caoineadh ón alt seo:
A faint wailing sound, so wild and indescribable, that it seemed almost something unearthly, came floating on the light morning breeze, but so indistinct and so faint from distance, that it was repeated more than once before I could be quite certain it was more than mere imagination. However, I heard it again and again at intervals of a few seconds, the sound becoming each time more distinct as I approached the quarter from whence it came, or the wind bore it a little more strongly towards me. From a sort of murmur it swelled out into a full tone, and then died away into silence; I know nothing it resembled so much as the sounds of an Eolian harp, as they rise gradually in strength, and then sink into the softest cadences.
[…] the funeral song was begun by some of these women, that it was gradually swelled by the voices of the remainder, and the men joined occasionally their deeper tones. The effect of the whole was most striking, and had something even grand in it; the song was guttural, but by no means monotonous, and whether the contrast with the bright and joyous spring morning may not have rendered it more melancholy and lugubrious I know not, but it certainly struck me as the most singularly plaintive and mournful expression of excessive grief that could well be imagined.Some of the women especially gave way to the most unrestrained and vehement expression of the liveliest sorrow, weeping loudly, throwing up their hands and clapping them together, or striking them violently against their bosoms.
It occurred to me involuntarily that it was no small trial of the true pathos of this ancient melody to see that it bore with undiminished effect so close a juxtaposition with the real demonstration of genuine and unartificial grief; indeed I fancied at times that some of them, even in the utmost abandonment of their sorrow, joined in the wail of the other women, who, by their undisturbed countenances, and unagitated demeanour, pointed themselves out as the professional keeners who assisted on the occasion.
Aeolain Harp
Trí lá agus trí oíche.
Sin an fhad a mhaireadh ócáid mar sin. Smaoinigh mé ar Chré na Cille ansin:
Ach sin amhrán. Amhrán álainn brónach. Ní hionann sin agus caointeoireacht nó an ionann? Bhí sé deacair teacht ar thaifead ar bith ach le cabhair ó mo chairde ar Twitter tá samplaí agam anois.
An ceann seo ó Inis Mór i 1949 cé nach bhfuil duine marbh ann ag an am agus an bhean dhá dhéanamh mar shampla dóibh. Ceol ciúin nach scanródh duine ann ach oiread. Bríd Iarnáin (Bean Uí Mhaoiláin) ar inis Mór ag casadh. Buíochas le Dúchas.ie as.
Mar an gcéanna leis an dtaifead seo ó Joe Heaney. Chuir sé ionadh orm go raibh fear ag casadh an uair seo. Cheap mé go raibh sé de nós ag na mná amháin caointeoireacht a dhéanamh. An raibh difríocht idir an stíl bhinn agus ciúin seo agus caointeoireacht a bhíodh ar siúl ag mná mar ghairm? An bhfuilimid ag caint faoin difríocht idir chaoineadh agus caointeoireacht b’fhéidir? Deighilt idir mbéalaireacht litearthacht sa chaoineadh b’fhéidir mar a dhéantar cur síos air anseo? Béaloideas nó litríocht?
Litríocht atá i gCaoineadh Art Uí Laoighaire ar ndóigh agus é ar eolas ag go leor daoine ón scoil.
Agus seo Caoineadh an DálaighCéard faoi na daoine a scríobh faoi chaointeoireacht: Bourke, Ó Coileáin, Lysaght, Ó Madagáin, Ó Buachalla. ‘Bhfuil bean ar bith ina measc? An mbeadh bean sásta caint le fear faoi fadó nó fiú anois? Ach níor thug na scoláirí mórán aird ar mhná ag caoineadh. Thaitin filíocht leo. B’shin rud a thuig siad. Seachas Caoineadh Airt Uí Laoghaire agus Caoineadh na Trí Muire, tá caoineadh do mhná ann freisin. Is mór an trua nach bhfuair mé ag an aistriúcháin Béarla den dán seo a bhí scríofa sa Ghaeilge.
LAMENT OF MORIAN SHEHONE FOR MISS MARY BOURKE.
TRANSLATION OF AN IIUSII KEEN.
There's darkness in thy dwelling place and silence reigns above
And Mary's voice is heard no more like the soft voice of love
Yes, thou nit gone, my Mary dear — and Morian Shchone
Is loft to sing his song of woe, and wail for thee alone. *
Oh ! snow white wore thy virtues, the beautiful, the yo'iiuc
The ag'd with pleasure bent to bear the music of thy turn™
The young with rapture gazed on thee, and their hearts ir. love were bound ;
For thou wert brighter than the sun that shed its light around
My soul is dark I Oh ! Mary dear ! thy sun of beauty's set"
Th'e sorrowful arc dumb for thee, and the grieved their teire forget ;
And I ton left to pour my woe above thy grave alone—
For donr wert thou to the fond heart of Morian Shchone.
Fust flowing tears ahove the grave of the rich man are shed
But they arc dried when the cold stone shuts in his narrow bed:
Not so with my heart's faithful love — the dark grave cannot hide
From Morian's eyes the form of grace of loveliness and pride.
Thou did'st not fall like the scar leaf, when Autumn's cluU winds blow —
'Twas a tempest and u.storm blast that laid my Mary low.
Had'st thou not friends' that loved thee well had'st thou not garments rare —
Wert thou not happy Mary, wert thou not young and fair?
Then why should the dread spoiler come my heart's peace to destroy,
Or the grim tyrant tear from me myall of earthly joy?
And am I left to pour my woes ahove thy grave alone?
Thou idol of the faithful heart of Morian Shchone.
Sweet were thy looks, and sweet thy smiles, and kind wert thou to all ;
The withering scowl of envy dare not on thy fortunes fall ;
For thee thy friends lament and mourn, and never cease to weep :
Oh ! that their lamentations could awake thee from thy sleep —
Oh, that thy peerless form again could meet my loviug rli»|-
Oh, that the cold damp hand of Death could loose his iron grasp :
Yet, when the valley's daughters meet heneath the elm tree,
And talk of Mary as a dream that never more shall he ;
Then may thy spirit float around like music in the air,
And pour upon their virgin souls, a blessing and a prayer.
And am I left to pour my wail above thy grave alone —
Thus sinks in silence the lament of Morian Shehonc.
J. h. L.
The above is n translation from an Irish keen, of ivliich
Mr. Crofton Crokcr has given a literal one.
An cuid eile den stair caillte againn. b’fhéidir. Go dtí go dtagann bean isteach go halla i Hollywood agus cuireann sí ceist orm faoi. Agus tagann sé ar ais chugam. Tá an stíl gur féidir éisteach leis i Keen For A Dead Child anseo cosúil leis an Keening mar a thuigim é. Cuireann sé ionadh orm freastal ar thórramh anseo i SAM. Rud uaigneach gan mórán daoine ann go minic. Ní mar sin sa bhaile. Tá gá le slán ceart a rá le daoine. Cé a dhéarfaidh slán liom anseo i SAM nuair a thagann an t-am sin agus mé i bhfad i gcéin ó mo mhuintir féin? Níor mhaith liom bheith san Ardeaglais ina raibh Domhnall O Lubhlaí sa Mhuileann gCearr. Tá mé cinnte dearfa de sin. Nuair a theipeann an Eaglais orainn in Éirinn, caithfimid bealach eile a fháil. Níl ‘fhios an bhfuil an grúpa seo réidh fós don obair seo. Súil agam go gcuirfidh duine in Éirinn mé gar do mo mhuintir féin agus go gcasfar amháin de gach sórt ag an dtórramh.
Chuirfeadh sé áthas orm dá mbeadh spraoi agus craic ann. Ba chóir dúinn é sin ar a laghad a bheith againn ar an saol seo. Faigheann gach rud bás. Bíodh nádúr agus nósanna nádúrtha againn go dtí an deireadh.
Tuilleadh eolais i
Boni, Commendatore Giacomo, Hibernica: Notes on Some Burial Places and Customs of Ancient Ireland. Translated from the ‘Nuova Antologia.’ [Director of Excavations in the Roman Forum] (Dublin:HMSO, 1906).
Bourke, Angela [Partridge], ‘Wild Men and Wailing Women.’ Éigse 18 (1980): 25-37.
—, ‘Working and Weeping: Women’s Oral Poetry in Irish and Scottish Gaelic’
Women’s Studies Working Papers No. 7. Dublin: UCD Women’s Studies Forum, 1988.
—, ‘Performing—Not Writing,’ Graph 11 (Winter 1991-2): 28-31.
—, ‘More in Anger than in Sorrow: Irish Women’s Lament Poetry,
Feminist Messages: Coding in Women’s Folk Culture, ed. Joan N. Radner (Carbondale: University of Illinois Press, 1993).
—, ‘Beyond the Boundaries of Fact: Oral and Literary Fictions in the Modernizing of Connemara.’
Plenary address, Ireland Beyond Borders (American Conference for Irish Studies National Meeting), 14 April 2005. South Bend: Keough Institute for Irish Studies, University of Notre Dame.
Cairns, David, and Shaun Richards, ‘Tropes and Traps: Aspects of “Woman” and Nationality in Twentieth-Century Irish Drama’, Johnson & Cairns 1991.
Cowell, Sidney Robinson, ed., Songs of Aran: Gaelic Singing from the West of Ireland. Folkways Ethnic Library (FM 2004) Monograph 56 Irish Literature: Feminist Perspectives Series. New York: Folkways Records, 1957. 33 rpm sound recording and liner notes.
Croker, T., Crofton Researches in the South of Ireland (London: John Murray, 1824).
—, ‘The Keen of the South of Ireland: As Illustrative of Irish Political and Domestic History, Manners, Music, and Superstitions.’
Percy Society, Early English Poetry, Ballads, and Popular Literature of the Middle Ages. Edited from Original Manuscripts and Scarce Publications. Vol. XIII. London: Percy Society, 1844.
Gregory, Lady Isabella Augusta, Collected Plays, ed. Ann Saddlemyer (New York: Oxford UP, 1970).
Hoagland, Kathleen, ed. 1000 Years of Irish Poetry (Old Greenwich, CT: Devin-Adair, 1947).
Hogan, Robert, and James Kilroy, eds, Lost Plays of the Irish Renaissance (New York: Proscenium Books, 1970).
Holst-Warhaft, Gail, Dangerous Voices: Women’s Laments and Greek Literature. (London and New York: Routledge, 1992).
Irish Humorous Poems: Comprising ‘Moore’s Melodies,’ Shan Van Vocht; ‘Fun of the fair,’ ‘Gallant Sarsfield,’ ‘Croppy boys,’ ‘Rory of the Hills,’ ‘The Ould Sod,’ ‘Erin Mavourneen,’ ‘City of Limerick,’ ‘Fineen the Rover’ (New York: Worthington, c.1841).
Johnson, Toni O’Brien, and David Cairns, eds, Gender in Irish Writing (Milton Keynes, England and Philadelphia: Open UP, 1991).
Lomax, Alan, and Seamus Ennis, eds, Irish Folk Songs – from the Western Counties of Eire. Columbia World Library of Folk and Primitive Music (New York: Columbia Masterworks, 1951). 33 rpm sound recording and liner notes.
Lysaght, Patricia, ‘Caoineadh os Cionn Coirp: The Lament for the Dead in Ireland.’ Folklore 108 (1997): 65-82. Full Text Accessed via Periodicals Abstracts Online.
MacBride, Maud Gonne, Servant of the Queen, ed. Anna MacBride White and A. Norman Jeffares (Gerrards Cross, Buckinghamshire: Colin Smythe, 1994).
MacManus, Seumas, The Story of the Irish Race (Old Greenwich, CT: Devin-Adair, 1921).
Milligan, Alice, ed., The Shan Van Vocht / An t-Sean Bhean Bhocht: A national monthly magazine (Belfast: J. W. Boyd, 1886-99).
Nic Dhiarmada, Briona, ‘Looking Forward, Glancing Back – Irish Language Writing in the New Millennium’, Cambridge History of Irish Literature, eds. Margaret Kelleher and Philip O’Leary (Cambridge: Cambridge UP, 2006).
O’Curry, Eugene, Of the Manners and Customs of the Ancient Irish: A Series of Lectures Delivered by the Late Eugene O’Curry, MRIA. Ed. W. K. Sullivan. Vol. I. (London: Williams and Norgate; Dublin: W.B. Kelly; New York: Scribner, 1873).
Ó Madagáin, Breandán, ‘Irish Vocal Music of Lament and Syllabic Verse.’ In The Celtic Consciousness, ed. Robert O’Driscoll (New York: George Braziller, 1981).
Ó Súilleabháin, Sean, (1967) Irish Wake Amusements (Cork: Mercier Press).
Pearse, Pádraic, Plays, Stories, Poems (Dublin: Helicon Ltd., 1980). Repeal of the Union quadrilles.: Composed for the piano-forte on the occasion of the liberation of Daniel O’Connell, and his compatriots
from the Richmond Penitentiary. (1844). London: H. Thomas.
Valente, Joseph, ‘The Myth of Sovereignty: Gender in the Literature of Irish Nationalism.’ English Literary History 61.10 (1994): 189-210.
Yeats, William Butler, Cathleen Ni Houlihan, The Variorum Edition of the Plays of W.B. Yeats, ed. Russell K. Alspach (New York: Macmillan, 1966).
Also
Conrad, Kathryn ‘Keening the Nation: The Bean Chaointe, the Sean Bhean Bhocht, and Women’s Lament in Irish Nationalist Narrative’
The Dublin Penny Journal, Volume 1, Number 31, January 26, 1833
Unesco Collection Irlande, Traditional musics of today’ D8271 mír 3
Thaifead bailitheoir bealoidis Alan Iomax, Aine Bean Uí Laoi (Annie Eoghain Éamoinn) as Gaoth Dobhair a raibh cupla caoineadh aici. Buíochas le Aine Ní Bhreisleáin as an eolas faoi. Ní bhfuair mé fós é.
P. W. Joyce, Old Irish Folk Music and Songs (1909) gan liricí faraor see #162 (p. 82), 259 (p. 124), 483 (p. 267), and 655 (p. 330).
Caoine: Breandán Ó Madagáin (ed.), Gnéithe den Chaointeoireacht (Dublin, 1978)
Caointe agus Seancheolta Eile / Keening and Other Old Irish Musics Breandán Ó Madagáin (Indreabhán, 2005), 11-18 and 81-88.
‘Keen for a Dead Child’ (Columbia World Library of Folk and Primitive Music: Ireland, Rounder CD 1742) Cití Ní Ghallchóir as Gaoth Dobhair i 1951
‘Caoineadh na Marbh’ (Songs of Aran, Smithsonian Folkways CD) i 1957. Dhá amhrán ann casta ag seanmhná.
Deascéal: tá COD tar éis cúnamh a thabhairt do dhaoine atá ag foghlaim Gaeilge le Duolingo. Tá físeanna curtha le chéile aige le cabhrú le daoine. Cloisfidh sibh é ag caint agus ag déanamh an cúrsa arlíne sna físeanna thíos. Jab maith déanta aige. Bheadh sé iontach as seo amach cainteoir ó Chonamara agus cainteoir ón Tuaisceart a chloisteáil freisin. B’fhéidir gur féidir le daoine eile tabhairt faoin obair sin? Dúshlán.
Bain taitneamh as na físeanna. Míle maith agaibh, Duolingo & COD! Sárobair!
Tá COD ar Twitter anseo agus Duolingo le fáil ag anseo
1. Isteach, Amach, Deas, Ar ais, Isteach, Amach, Clé, Ar ais
[8] I gciorcal ar aghaidh le 4X3onna, siar le 4X3onna. [8] Ciorcal ar dheis is ar ais le sleaschéim.
[8] Ar aghaidh is siar arís is [8] sleaschéim ar chlé is ar ais.
2.Seachtanna
[8] Cas i dtreo do chéile. Sleaschéim gan 3onna ar dheis is ar ais. Malartú le do chéile le uilleann deas, 7 le uileann clé. [8] An rud céanna ach ar chlé ar dtús agus uileann clé ar dtús an uair seo.
3. Cailíní isteach
[4] Téann na cailíní isteach sa lár le 4X3onna. [4] Ciorcal ar dheis i bhfáinne. Cas. [4] Ciorcal ar ais i bhfáinne. [4] Lámh deas don céile agus ar ais go d’áit.
4. Buachaillí isteach
An rud céanna mar #3 ach buachaillí ag dul ar chlé & ar ais sna fáinní.
5. Céile nua
[4] Athraigh áit le do chéile le casadh le dhá lámh (trasna). [4] Beannaigh do chéile (crom), beannaigh an duine nua.
Tweet ó @DoireannNiG a spreag an blag seo inniu. Dán aici ón bhfile Izumi Shikibu. Is fada ó léigh mé a cuid filíocht agus chuir sé áthas orn an dán a fheiceáil ansin.
Rugadh an file Izumi Shikibu san deichiú aois i 976 san ré Heian sa tSeapáin. Tá scéalta iontacha fúithi is a saol lán le grá. Bhí leannán i ndiaidh a chéile aici sa chúirt impiriúil i gKyoto.
Pósta le fear dárb ainm Michisada, tá ráfla ann go raibh sí pósta le fear eile ag an am céanna agus í leis an bprionsa Tametaka ag an am céanna. Mar gheall ar an scannal, bhí sí colscartha óna bhfear chéile agus dhiúltaigh a hathair pighin a thabhairt di.
Cé go bhfuil na blianta fada eadrainn sa stair is féidir a dánta a léamh inniu agus an grá, dóchas, éadóchas, agus brón iontu a thuiscint. Dánta d’am ar bith iad. Seo samplaí:
Cé go séideann
an ghaoth go fíochmhar,
sileann solas gealaí
trí na fraighligh san
bhfothraigh tí seo léi.
Ar domhan
níl dath ag an ngrá
ach nach domhain
an smál a
d’fhág do chorp orm.
Nuair a fuair an Priosa Tametaka bás, thit a leasdearthair An Prionsa Atsumichi i ngrá le Izumi Shikibu cé go raibh sé pósta le bean eile. Scríobh sí faoin ngrá idir í féin agus an prionsa ina dialann 和泉式部日記. Nuair a chuala bean chéile Atsumichi faoin ngaol seo, d’fhág sí an prionsa agus chuaigh Izumi Shikibu le cónaí leis go dtí go bhfuair sé bás agus é fós óg (27).
Tá an brón a mhothaíonn duine nuair a chailleann siad a ngrá láidir in aon áit ag aon am. Seo samplaí eile dena cuid filíochta.
Seo an oíche a thagann na mairbh ach níl tú ann. Teach gan spiorad, teach gan anam.
Cén fáth nár smaoin-
igh mé air cheana?
‘Sé an corp
seo, ag smaoineamh ar
do chorp, cuimheachán uait.
An bhliain ina dhiaidh sin chuaigh Izumi Shikibu go Cúirt Fujiwara no Shoushi. Ansin phós sí Fujiwara no Yasumasa, ceannasaí san arm. Bhí iníon aici. Sa bhliain 1033 a scríobh sí a litreacha deireanacha atá le fáil. Deirtear go raibh saol fada aici. Cinnte tá go leor dánta fágtha aici dúinne.
Má thaitníonn na dánta seo leat, tá níos mó le léamh i
Love Poems from the Japanese (2003)
100 Poems from the Japanese (1955)
The Ink Dark Moon: Love Poems by Onono Komachi and Izumi Shikibu,
Women of the Ancient Court of Japan (1990)
Diaries of Court Ladies of Old Japan (1920)
The Izumi Shikibu Diary: A Romance of the Heian Court (1969)
Beidh muid ag glacadh páirt i gComhrá 14, Curiarracht Dhomanda, amárach agus tá Ealaín mar téama againn. Thuas tá pictiúr a tharraing cailín 16 d’aois as Maigh Eo le peann luaidhe. Dáiríre. Is fiú smaoineamh ar an gcumhacht atá ag comórtas mar comórtas Texaco agus conas ealaín a spreagadh.
Ar dtús, cad é Ealaíon agus an fiú é?
Cén luach atá ag ealaín?
Cén fáth an bhfuil praghas ard ar obair Picasso?
An bhfuil luach i Graffitii?
An bhfuil luach in obair Banksy? Cén fáth?
An bhfuil rud álainn? Cén chaoi an bhfuil fhios agat?
Cén baint atá ag inspioráid & scil le ealaíon?
An dtéann píosa ealaíona i bhfeidm orm? An bhfuil an taithí céanna ag gach duine?
Níl na freagraí go léir anseo. Beidh muid ag plé na téamaí seo amárach. Ach seo cúpla smaointe.
Tosnóimid go bunúsach le dathanna.
An mar an gcéanna a fheicimid dathanna?
An bhfuil gnéasachas ag baint leis an íomhá seo?
Cén dath is fearr leatsa agus cén fáth?
Cén chaoi a n-úsáidtear dathanna le rudaí a dhíol sna siopaí?
Muidne an Celtic Art Center
Céard atá ar eolas againn faoi ealaíon Ceilteach?
Céard faoi líníocht Ceilteach?
Sí an Bhrú, 3200rC
Ailtireachtiontach san áit seo freisin.
Fós le feiceáil sna geansaithe sa cniotáil … ag teach tar ais sa stíl leis an gclár Outlander.
Péinteáil:
Cé acu is fearr Mona Lisa nó Las Meninas?
Ar chuala sibh faoi Leonardo Da Vinci, El Greco, Monet?
Cén ealaíontóir is fearr libh?
Céard faoi Éireannaigh?
Céard faoi Mná? Seachas Georgia O Keefe.
Stíl ó na Lochlannaigh go minic againn mar stíl Ceilteach.
Grianghrafadóireacht
Tá pics iontach ar Twitter.
Seo glaoch amach do mo chairde ar Twitter:
@magnumlady Val i Sligeach,
@Buailtin Seán Mac An tSíghigh,
Fiontán Ó Caoláin @fiontanoc
Rónán Mc Laughlin @romclaughlin
agus an WWW An Wild Atlantic Way Slí an Atlantaigh Fhiáin
lena bpictiúirí de áilleacht na tíre, an fharraige, na gealáin thuaidh agus Bealach na Bó Finne mar shampla.
An-éasca pictiúr a thógáil sa lá atá inniu ann.
Níl gá le semora dorcha agus ceimicí níos mó.
ifón nó a leithéid ag gach duine agus tá scil faoi leith ag na daoine thuas.
Scannánaíocht
Cad é an scannán is fearr leat agus cén fáth?
Domsa, is é Once an scannán is fearr a tháinig ó Éirinn.
An raibh éinne anseo ag obair ar scannán?
Ar bhuail éinne anseo le aisteoirí mór le rá.
Bhuel, tá muidne i Hollywood agus caithfimid dul ag caint faoi scannánaíocht. Pictiúrí beo. Cathair Sony agus Paramount agus na dearthaireacha Warner. Muid ag bualadh le aisteoirí ar an tsráid sa café agus fiú sna Celtic Arts Center anseo ó am go ham. Réaltaí ar an gcosán i Hollywood agus gach duine ag scríobh Script. Ins an domhan Ceilteach na laethanta seo, tú clú agus cáil ar an gclár teilifíse Outlander ar tá Gaidglig le cloisteáil ann. Caitríona Balfe an príomhaisteoir ann agus is Éireannach í.Suimiúil mar tá sé bunaithe ar sraith leabhair. Bhí sé de nós go mór, mór sa Spáinn agus iad ag déanamh scannáin ar dtús na scannán a bhunú ar leabhar claisiceach.
Ach tá baint ag na hÉireannaigh le Hollywood le fada.
Rinne Roger Corman 20 scannáin B cosúil le Swamp Women i Stuideó i gConamara ins na 90dí le aisteoirí ó Hollywood agus muintir na háite.
Liam Neeson an-cháiliúil anseo agus Colm Farrell. D’éirigh go maith le In Bruges, The Guard, agus Clavary ó na dearthaireacha McDonagh. D’éirigh go hiontach le Daniel Day Lewis le In The Name Of the Father, My Left Foot, agus The Boxer. Bhí Michael Collins agus The Wind That Shakes The Barley iontach ag míniú stair na hÉireann dúinn ach mar bhean bhí díomá orm. An male gaze a thugann siad air agus sin atá le feiceáil sna scannáin de gnáth. Mar sin tá mé fíorshásta le Caitríona Balfe in Outlander.
Ar chuala sibh faoin scrúdú Bechdel?
Déan é tú féin an chéad uair eile a fhéachann tú ar scannán (ficsean) go bhfeicfidh tú an bhfuil bheirt bhan ainmnithe ann agus iad ag caint le chéile faoi rud éigin seachas fir. Sin an scrúdú. Gnéasachas i bhfad róláidir sa domhan fós agus i Hollywood freisin.
Disciplíní ealaíonta eile, dar ndóigh cosúil le ealaíona-teicstíle, ealaíona-cócaireachta, troscáin srl Thaitin an scannán seo faoi troscán go mór liom:
Tá baint ag bean anseo sa Celtic Arts Center againne le animation agus bean eile ina aisteoir. Tá an t-ádh linn.
Bhuel, súil agam go mbeidh go leor againn le bheith ag caint faoi oíche amárach!