Lá Idirnáisiúnta na mBan atá ann inniu. Ach níl cearta ag mná in Éirinn. Tá na Náisiúin Aontaithe ar buile linn faoi. An ceart acu. Is cén fáth a bhfuilimid mar seo? Tá cúis stairiúil leis. Is caithfear é sin a aithint is a cheartú má tá feabhas uainn. Chailleamar Éire agus fuaireamar Ire na hEaglaise ina áit. Seans dom caint anois faoi Éiriu agus ar ar an gcaoi ar thángamar go dtí an bpointe seo sa stair in Éirinn.
Ar an gcéad lá de Bealtaine fadó bhailíodh na draoithe le chéile ar Uisneach, cnoc i lár na tíre idir An Mhuileann gCearr agus Ath Luain. Ansin a lasaidís tine dá nDia, Éiriu, a bhí curtha sa chnoc sin. Is ón nDia sin a bhfuair Éire a hainm. Sin ár stair. Ach tá neart daoine sa tír nach dtuigeann cé as a tháinig an t-ainm Éire. Ní raibh fhios agam é go dtí go ndeachaigh mé thar lear agus thosaigh mé ag foghlaim faoi mo stair don chéad uair. D’fhás mé aníos gar don cnoc sin idir an Muileann gCearr agus Ath Luain is ón gcéad uair a chonaic mé é, cheap mé go raibh rud éigin speisialta ag baint leis. Is tá. Sin croílár na tíre.

Tá an Dia Éiriu anseo faoin talamh, de réir na scéalta fadó.
Deirtear gur chodail Naomh Pádraig ar bharr an chnoic is tá an áit sin marcáilte le cloch difriúil ann. Patrick’s Bed a thugtar air.

Chodail Naomh Pádraig anseo de réir scéalta eile.
Agus sin an gleic. Éiriu v Pádraig. Bean v Fear. Cultúr amháin v Cultúr eile. Is mar a bhíonn an Paráid Orange sa Tuaisceart ag cur i gcuimhne do dhaoine conas ar chloígh siad ar na hÉireannaigh, bíonn páiste i scoileanna chuile bhliain i mí Márta ag canadh amhrán faoi Naomh Pádraig leis na liricí
♫ ‘Sé do chloígh na draoithe
Croíthe dúra gan aon mhaith ♫
Is leis an mbolscaireacht sin is beag an difríocht a fheicim ansin idir na Orange Men agus an Eaglais againne in Éirinn. Bhí gach rud a bhí ann sular tháinig muidne mícheart a deireann sé linn. Ná foghlaim tada faoi na draoithe seachas go raibh siad go dona, an teachtaireacht. Déan dearmad ar an stair sin. Glan amach é. Sin scroiseadh. Sin impiriúlachas na Vatacáine atá fós ag tabhairt a dearcadh den saol dár bpáistí i scoileanna ar fud na tíre le cead ón rialtas agus le cuidiú ón airgead a thugaimid don rialtas. Iad ag marú mo chultúr. Sin coir. Smaoinigh ar sin an chéad uair eile a chloiseann tú daoine ag casadh Dóchas Linn Naomh Pádraig.
Anois, is breá liom Lá ‘le Pádraig. Ceapaim gur iontach ar fad é go mbíonn tíortha i bhfad i gcéin ag ceiliúradh linn ag lasadh áiteachaí cáiliúla ar fud na cruinne le solas glas ar an 17 Márta. Ná faigh réidh leis sin. Tá Márta tábhachtach agus bhí le fada. San Iaráin beidh siad ag ceiliúradh Nowruz ar an 20 Márta. Sin an Athbhliain dóibh. Cónocht an Earraigh. Oastara. Ní haon ionadh gur roghnaigh an Eaglais dáta do Phádraig gar go Cónocht. Ní bheadh daoine sásta gan a bheith ag ceiliúradh ag an am sin. Ach scrios siad amach an ceangail leis na eolaíocht, leis an gcaoi a bhogann an domhan, leis na réalta sa spéir, leis an bhfealsúnacht a bhí againn agus muid ag ceiliúradh cothroime. Ghearr siad an nasc idir muidne agus an Nádúr. Ná déanfaimis dearmad ar sin níos mó. Bíodh páirt ag Pádraig ann in ár stair ach ná fág Éiriu amach as. Is ó Éiriu a bhfuaireamar ainm ár dtír. Is tá fíorghá le cothrom is meas don gné baineann den tír seo. Faoin Dialathas againn faoi láthair is beag meas atá ar mná ná ar a gcearta.

Níl meas ag an Eaglais ar mná. Ní féidir le bean bheith i gceannas ar an Eaglais. Pápa baineann? Ha. Sagart baineann? Ha. Beidh siad ag gáire fút faoi. Agus tá siad cinnte gur féidir leo a rá leat céard is féidir leat agus céard nach féidir leat a dhéanamh mar is fir iad agus tuigeann siad rudaí níos fearr ná mar a thuigeann muidne iad. Sin mar atá sé leis an Eaglais. Is déarfaidh siad go bhfuil níos mó meas acu ort agus go bhfuil siad ag iarraidh tú a chosaint is iad ag baint do chearta uait. Ná creid é is ná glac leis.
Níl cearta ag mná in Éirinn. Ní raibh le fada. Chaill mo mháthair a post nuair a phós sí. Sin mar a bhí sé go 1977. Chaill gach bean a post nuair a phós sí mar ní raibh sé ceart dóibh post a bheidh acu a d’fhéadfadh fear a dhéanamh. Na bainc mar an gcéanna. Bhí eisceacht ann do mhúinteoirí bunscoile ó 1958. Cé gur féidir anois tá na postanna leis an bpá is airde ag na fir agus iad leis an gcumhacht sa tír. An mbeidh taoiseach baineann againn riamh? Tá orainn troid le rudaí a fheabhsú.
Ins na seachtóidí ní raibh cead ag bean pionta a cheannach. Leath-phionta do na mná is pionta do na fir. B’shin mar a bhí. Ní raibh cead ag bean dul isteach i bpub in áiteachaí agus in áiteachaí eile ní raibh cead ag bean dul i bpub gan fear a bheith in éineacht léi. Nílimid ag caint faoin Taliban anois ach feiceann sibh cuid den meon aigne sin ann. Meon a deireann nach bhfuil muid in ann smaoineamh dúinn féin agus go gcaithfidh na fir bheith i gceannas. I 2002 a tháinig athrú ar an dlí sin. An Equal Status Act a chuir siad ar an dlí sin. Is féidir an dlí a athrú ach tá sé níos deacra meon aigne a athrú. Tá neart daoine a cheapann fós go mba ceart ligint do na fir san Eaglais bheith i gceannas ar ár gcóras oideachais. Eaglais nach ligeann do bhean bheith i gceannas.
Ní raibh cead ag mná bheith ar ghiúiré go 1976. I ngach cás níor athraigh na fir an dlí mar thuig siad go raibh sé mícheart. Bhí ar na mná troid lena gcearta a bhaint amach. Is ní bhíonn sé riamh éasca. Nuair a phós mé ní raibh colscaradh le fáil sa tír. Chonaic mé mná nach raibh in ann éalú ó fhear a bhuail iad. Thuig mé nach raibh sé ceart. Ní raibh, agus níl, an dlí ann le mná a chosaint. Is caithfimid é sin a athrú. Go dtí 1976 bhí fear in ann an teach a dhíol gan cead a fháil óna bhean céile fiú má cheannaigh sí an teach lena airgead féin. Go dtí 2002 bhí fear in Éirinn in ann a bhean chéile a éigniú is ní raibh cúnamh ón dlí le fáil aici. Ní raibheamar in ann frithghiniúnaigh a fháil go dtí 1985 agus fós ní raibh sé éasca. Bhí ort dul go dochtúir is bhí neart acu feargach leat is seans go ndéarfadh siad le sagart é. Contúirteach do mhúinteoir is na sagairt i gceannas ar na scoileanna. Fiú i 1991 ní raibh tú in ann iad a fháil i siopaí. Fiú anois tá gardaí ag stopadh piollaí ‘an mhaidin dár gcionn’ ó theacht isteach sa tír.
Thar aon rud eile, níl rogha againn. Nílimid i gceannas orainn féin. De réir an dlí, is soitheach mé. Ní duine atá in ann smaoineamh di féin. Níl cúnamh ar fáil dom nuair atá mé éignithe. Níl oideachas le fáil sna scoileanna do chailín faoina cearta agus a rogha faoi céard is féidir léi a dhéanamh lena corp féin. Níl rogha aici. Mar is cailín í. Labhair Colm O’ Gorman faoi inné anseo.
Bíonn mná ag éalú chuile lá ón dlí a dhiúltaíonn a gcearta dóibh. Iad ag dul go Sasana faoi cheilt le rogha a bheith acu faoi céard is féidir leo a dhéanamh lena gcoirp féin. Tada múinte dóibh sa scoil faoi conas iad féin a chosaint. Is tá fearg ar dhaoine in Ire-land. Sin focal Béarla: Ire. Fearg ar dhaoine nach bhfuil freagracht le fáil faoi na Magdalenes, faoi na leanaí i dTuaim, faoi na mná a bhris siad le simfiseatóime agus a leithéid. Fearg go bhfuil an Eaglais céanna fós i gceannas ar scoileanna. Amantaí níl fhios ag daoine cén fáth an bhfuil fearg orthu ach airíonn siad cos ar bolg, mar a deireann Panti.
Aithníonn tíortha eile an feall a imríonn an rialtas, an bhunreacht, and an dlí ar Mná na hÉireann. Amantaí ní bhíonn fhios ag daoine i dtíortha eile agus nuair a mhíníonn tú dóibh nach bhfuil rogha againn féachann siad ort ar nós nach gcreideann siad tú is ar deireadh, deireann siad ‘Fós?!’ Cuid den fhadhb mínithe anseo mar dáiríre níl rogha ná cearta ag bean in Éirinn: an fhadhb.
Tá sé deacair a mhíniú an chumhacht atá ag scoileanna. The hand that rockes the cradle rules the world. Mar an gcéanna leis na scoileanna. Má tá páistí ag canadh
♫ ‘Sé do chloígh na draoithe
Croíthe dúra gan aon mhaith ♫
ó tá siad an-óg, sin a chreideann siad. I ngan fhios dóibh féin. An teachtaireacht céanna arís is arís eile agus mór thimpeall ort i ngach áit. Tá sé deacair éalú uaidh ná fiú saol eile a shamhlú. Ag teacht amach as in áit eile sa domhan tá sé cosúil le éalú ó Cult. Níl sé éasca ar dtús. Ach ansin tuigeann tú go bhfuil cearta agat, agus rogha, agus go bhfuil tú in ann smaoineamh duit féin. Agus blasann tú saoirse.
Níl saoirse againn in Éirinn. Táimid faoi impiriúlachas na hEaglaise agus caithfear é sin a aithint má tá tír le cearta uainn. Tá Stát & Eaglais le chéile in Éirinn is sin mar a bhí le fada le Gardaí ag tabhairt páistí do na sagairt agus mná do na Magdalenes. Sin Dialathas is caithfimid é sin a rá os ard. Ná glac leis an bhfeall sin níos mó.

Beag seans éalú ón sclábhaíocht leis na gardaí ar thaobh na hEaglaise
Feicim an Eaglais i SAM agus an dochar a dhéanann sí is í ag fáil níos bunúsachaí chuile bhliain. Bíodh freagracht ann nó tarlóidh sé seo arís.
Scar Eaglais & Stát is sábháil na mná óga is a bpáistí ó choir mar seo. Smaoinigh, seo mar a bhí an Iaráin sna 60dí


Seo mar atá siad anois
agus
Seo a tharlaíonn nuair nach gcuirimid stop le Dialathas lán le fuath ban
Bhí ár leagan féin de leis na Magdalenes thuas. Bíodh fregracht ann agus cearta againn. Ná ceap go bhfuil chuile shórt togha. Níl agus ní raibh riamh.
Cé as a thagann an fuath ban a dhiúltaíonn ár gcearta dúinn agus céard é? Go minic ní fuath é i ndáiríre ach gur cuma leo fúinn. Is breá leo an chumhacht atá acu agus an chaoi a bhfuil orainn glacadh le céim níos ísle sa saol. Tá siad sásta go bhfuil an saol níos éasca dóibh. Nuair nach bhfuil meas acu orainn mar dhaoine a thuilleann na cearta céanna is atá acu, sin fuath ban.
Tá troid againn. Níl sé éasca riamh cumhacht a bhaint ó ghrúpa. Ach caithfear é a dhéanamh. An rud is fearr is féidir linn a dhéanamh ar lá Idirnáisiúnta na mBan ná an córas oideachas a bhaint ó lámha na hEaglaise