Historia del hombre que se convirtió en perro http://www.latinoartsinc.org/studyguides/Perroguide.pdf
Scéal Faoin bhFear a Chuireadh i Ríocht Madra
le Osvaldo Dragún

Actor 2: Amigos, la tercera historia vamos a contarla así…
Aisteoir 2: A chairde, an triú cuid den scéal: inseoimid mar seo é…
Actor 3: Así como nos la contaron esta tarde a nosotros.
Aisteoir 3. An chaoi mar a d’inis siad dúinn é inniu.
Actriz: Es la “Historia del hombre que se convirtió en perro”.
Ban-aisteoir: An Scéal Faoin bhFear a Chuireadh i Ríocht Madra atá ann.
Actor 3: Empezó hace dos años, en el banco de una plaza. Allí señor…, donde usted trataba hoy de adivinar el secreto de una hoja.
Aisteoir 3: Thosaigh sé dhá bhliain ó shin, sa bhainc i gCearnóg éigin. Ansin, a dhuine uasal… san áit ina raibh tú ag obair inniu ag iarraidh an rún i mbilleog a dhéanamh amach.
Actriz: Allí donde, extendiendo los brazos, apretamos al mundo por la cabeza y los pies y le decimos: “!Suena acordeón, suena!”
Ban-aisteoir: San áit ansin, is muid ag síneadh amach na lámha, inar fháisceamar an domhan leis an inchinn is na cosa agus dúramar leis: ‘Seinn cairdín, seinn!’
Actor 2: Allí lo conocimos. (Entra el ACTOR 1) Era… (Lo señala.) así comolo ven, nada más. Y estaba muy triste.
Aisteoir 2: Ansin a chuireamar aithne air. (Tagann Aisteoir 1 isteach) Bhí sé … (ag taispeáint cé hé) mar sin mar a fheiceann sibh, faic eile. Agus bhí sé an-bhrónach.
Actriz: Fue nuestro amigo. El buscaba trabajo, y nosotros éramos actores.
Ban-aisteoir: Ba chara linn é. É ag lorg oibre, agus aisteoirí a bhí ionainn.
Actor 3: El debía mantener a su mujer, y nosotros éramos actores.
Aisteoir 3: Bhí air riar a cháis a sholáthar dá bhean chéile, agus aisteoirí a bhí ionainn.
Actor 2: El soñaba con la vida y despertaba gritando por la noche. Y nosotros éramos actores.
Aisteoir 2: Bhí sé ag brionglóidí faoin saol agus ag screadaíl san oíche. Agus aisteoirí a bhí ionainn.
Actriz: Fue nuestro gran amigo, claro. Así como lo ven… (Lo señala.) Nada más.
Ban-aisteoir: Cara mór linne a bhí ann, cinnte. Ansin mar a fheiceann sibh. (Ag tasipéaint cé hé) Faic eile.
Todo el mundo: ¡Y estaba muy triste!
Gach duine: Is bhí sé an-bhrónach.
Actor 3: Pasó el tiempo. El otoño…
Aisteoir 3: D’imigh an t-am thart. An Fómhair…
Actor 2: El verano…
Aisteoir 3: An Samhradh…
Actriz: El invierno…
Aisteoir 3: An Geimhreadh…
Actor 3: La primavera…
Aisteoir 3: An tEarrach…
Actor 1: ¡Mentira! Nunca tuve primavera.
Aisteoir 1: Bréag! ‘An tEarrach riamh ann.
Actor 2: El otoño…
Aisteoir 3: An Fómhair…
Actriz: El invierno…
Ban-aisteoir: An Geimhreadh…
Actor 3: El verano. Y volvimos. Y fuimos a visitarlo, porque era nuestro amigo.
Aisteoir 3: An Samhradh. Agus ar ais linn. Agus thugamar cuairt air, mar ba chara linn é.
Actor 2: Y preguntamos: “¿Está bien?” Y su mujer nos dijo…
Aisteoir 2: Is d’fhiafríomar: ‘An bhfuil sé go maith?’ Is dúirt a bhean chéile linn…
Actriz: No sé.
Ban-aisteoir: Níl ‘fhios agam.
Actor 3: ¿Está mal?
Aisteoir 2: An bhfuil sé go dona?
Actriz: No sé.
Ban-aisteoir: Níl ‘fhios agam.
Actores 2 y 3: ¿Dónde está?
Aisteoirí 2 & 3: Cá bhfuil sé?
Actriz: En la perrera. (Aisteoir 1 en cuatro patas.)
Ban-aisteoir: Sa chonchró. (Aisteoir 1 ar a cheithre boinn)
ACTORES 2 y 3: ¡Uhhh!
Aisteoirí 2 & 3: Soit!
ACTOR 3: (Observándolo.) Soy el director de la perrera, y esto me parece fenomenal. Llegó ladrando como un perro (requisito principal); Y si bien conserva el traje, es un perro, a no dudar.
Aisteoir 3: (Ag féachaint air) Mise an stiúrthóir ar an gconchró, is féachann sé seo iontach ar fad. Tháinig sé anseo ag tafann mar mhadra. (riachtanach); agus fiú le culaith air, is madra é, gan dabht ar bith.
ACTOR 2: (Tartamudeando.) S-s-soy el v-veter-r-rinario, y esto-to-to es c-claro p-para mí. Aun-que p-parezca un ho-hombre, es un p-pe-perro el q-que está aquí.
Aisteoir 2: (Stadach) I-i-is t-t-tréidlia mi-mi-mise, agus t-tá sé se- seo so-soiléir do-domsa. Fiú má ta-tá cuma fi-fir air, i-is m-ma-madra é seo an-anseo.
ACTOR 1: (Al público.) Y yo, ¿qué les puedo decir? No se si soy hombre o perro. Y creo que ni siquiera ustedes podrán decírmelo al final. Porque todo empezó de la manera más corriente. Fui a una fábrica a buscar trabajo. Hacía tres meses que no conseguía nada, y fui a buscar trabajo.
Aisteoir 1: (Leis an lucht féachana) Agus mise, céard is féidir liom a rá? Níl ‘fhios agam an fear nó madra mé. Agus creidim nach mbeidh sibhse fiú ina ann é sin a rá liom ag an deireadh. Mar thosaigh gach rud sa chaoi is coitianta. Chuaigh mé go monarchan ag lorg oibre. I dtrí mhí ní bhfuair mé tada, agus chuaigh mé ag lorg oibre.
ACTOR 3: ¿No leyó el letrero? “NO HAY VACANTES”.
Aisteoir 3: Nár léigh tú an fógra? ‘Post ar bith ar fáil.’
ACTOR 1: Sí, lo leí. ¿No tiene nada para mí?
Aisteoir 1: Léigh. Léigh mé é. Nach bhfuil rud ar bith ar fáil domsa?
ACTOR 3: Si dice “No hay vacantes”, no hay.
Aisteoir 3: Má deireann sé Post ar bith ar fáil, níl.
ACTOR 1.- Claro. ¿No tiene nada para mí?
Aisteoir 1: Cinnte. Nach bhfuil tada agaibh dom?
ACTOR 3: ¡Ni para usted ni para el ministro!
Aisteoir 3: Níl duitse ná don príomhaire!
ACTOR 1: ¡Ahá! ¿No tiene nada para mí?
Aisteoir 1: Aha! Nach bhfuil tada agaibh domsa?
ACTOR 3: ¡NO!
Aisteoir 3: Níl
ACTOR 1: Tornero…
Aisteoir 1: Deileadóir…
ACTOR 3: ¡NO!
Aisteoir: Níl!
ACTOR 1: Mecánico..
Aisteoir 1: Meicneoir…
ACTOR 3: ¡NO!
Aisteoir 3: Níl!
ACTOR 1: S…
Aisteoir 1: U
ACTOR 3: N…
Aisteoir 3: S
ACTOR 1: R…
Aisteoir 1: L
ACTOR 3: N…
Aisteoir 3: G
ACTOR 1: F…
Aisteoir 1: N
ACTOR 3: N…
Aisteoir 3: C
ACTOR 1: ¡Sereno! ¡Sereno! ¡Aunque sea de sereno!
Aisteoir 1: Fear faire! Fear faire! Fiú mar fhear faire!
ACTRIZ: (Como si tocara un clarín.) ¡Tutú, tu.-tu.-tú! ¡El patrón!
Ban-aisteoir: (Mar a bheadh sí ag seinm adhairde) Tú-tú. Tú, tú, tú! An ceannaisí!
(Los ACTORES 2 y 3 hablan por señas.)
(Aisteoirí 2 & 3 ag caint le geaitsíocht)
ACTOR 3: (Al público.) El perro del sereno, señores, había muerto la noche anterior, luego de veinticinco años de lealtad.
Aisteoir 3: (leis an lucht féachana) An madra cosanta, a dhaoine uaisle; fuair sé bás oíche aréir tar éis fiche cúig bliana de dhílseacht.
ACTOR 2.- Era un perro muy viejo.
Aisteoir 2: Is madra an-sean é.
ACTRIZ: Amén.
Ban-aisteoir: Amen.
ACTOR 2: (Al ACTOR 1.) ¿Sabe ladrar?
Aisteoir 2: (go aisteoir 1) An bhfuil tafann agat?
ACTOR 1: Tornero
Aisteoir 1: Deileadóir
ACTOR 2: ¿Sabe ladrar?
Aisteoir 2: An bhfuil tafann agat?
ACTOR 1: Mecánico…
Aisteoir 1: Meicneoir…
ACTOR 2: ¿Sabe ladrar?
Aisteoir 2: An bhfuil tafann agat?
ACTOR 1: Albañil…
Aisteoir 1: Tógálaí…
ACTORES 2 y 3: ¡NO HAY VACANTES!
Aisteoirí 2&3: Post ar bith ar fáil!
ACTOR 1: (Pausa.) ¡Guau…, guau!…
Aisteoir 1: (Moilliú) Aú…, aú!…
ACTOR 2: Muy bien, lo felicito…
Aisteoir 2: Ana-mhaith, chomhghairdeas...
ACTOR 3: Le asignamos diez pesos diarios de sueldo, la casilla y la comida.
Aisteoir 3: Tabharfaimis deich euro in aghaidh an lae duit mar phá, tigín agus bia.
ACTOR 2: Como ven, ganaba diez pesos más que el perro verdadero.
Aisteoir 2: Mar a fheiceann sibh, fuair sé deich euro níos mó ná fíormhadra.
ACTRIZ: Cuando volvió a casa me contó del empleo conseguido. Estaba borracho.
Ban-aisteoir: Nuair a tháinig sé abhaile d’inis sé dom faoin obair a fuair sé. Bhí sé ar meisce.
ACTOR 1: (A su mujer) Pero me prometieron que apenas un obrero se jubilara, muriera o fuera despedido, me darían su puesto. ¡Divertite, María, divertite! ¡Guau…, guau!… ¡Divertite, María, divertite!
Aisteoir 1: (Lena bhean chéile) Ach gheall siad díreach nuair a rachfadh duine ar scoir, nó nuair a bhfaighfeadh duine bás nó nuair a bhfaighfeadh siad réidh le duine go dtabharfadh siad a phost dom. Déan spraoi, María, déan sparoi! Aú…, aú!…
ACTORES 2 y 3: ¡Guau…, guau!… ¡Divertite, María, divertite!
Aisteoirí 2 & 3: Aú…, aú… Déan spraoi, María, déan spraoi!
ACTRIZ: Estaba borracho, pobre…
Ban-aisteoir: Bhí sé ar meisce, an creatúr…
ACTOR 1: Y a la otra noche empecé a trabajar… (Se agacha en cuatro patas.)
Aisteoir 1: Agus an oíche cheana thosaigh sé ag obair…. (Cromann sé ar cheithre baill)
ACTOR 2: ¿Tan chica le queda la casilla?
Aisteoir 2: ‘Bhfuil an tigín an-bheag duit?
ACTOR 1: No puedo agacharme tanto.
Aisteoir 1: Ní féidir liom cromadh an oiread sin.
ACTOR 3: ¿Le aprieta aquí?
Aisteoir 3: Fáisceann tú isteach ann anseo?
ACTOR 1: Sí.
Aisteoir 1: Fáisceann.
ACTOR 3: Bueno, pero vea, no me diga “sí”. Tiene que empezar a acostumbrarse. Dígame: “¡Guau…, guau!”
Aisteoir 3: Bhuel, éist anois, ná habair ‘Fáisceann’ liom. Caithfidh tú dul i dtaithí air. Abair liom ‘Aú…, aú!’
ACTOR 2: ¿Le aprieta aquí? (El ACTOR 1no responde.) ¿Le aprieta aquí?
Asiteoir 2: Fáisceann tú isteach anseo?(Ní fhreagraíonn Aisteoir 1) Fáisceann tú isteach anseo?
ACTOR 1: ¡Guau…, guau!…
Aisteoir 1: Aú…aú…!
ACTOR 2: Y bueno…(Sale.)
Aisteoir 2: Go maith… (Imíonn sé)
ACTOR 1: Pero esa noche llovió, y tuve que meterme en la casilla.
Aisteoir 1: Ach an oíche sin bhí sé báisteach agus bhí orm mé féin a chur isteach sa thigín.
ACTOR 2.- (Al ACTOR 3.) Ya no le aprieta…
Aisteoir 2: (go Aisteoir 3) Níor fháisc sé é féin isteach ann go fóill.
ACTOR 3: Y está en la casilla.
Aisteoir 3: Agus anois tá sé sa thigín.
ACTOR 2: (Al ACTOR 1.) ¿Vio cómo uno se acostumbra a todo?
Aisteoir 2: (go aisteoir 1.) An bhfaca tú an chaoi ina dtiteann daoine isteach ar rud ar bith?
ACTRIZ.- Uno se acostumbra a todo…
Ban-aisteoir: Téann duine i dtaithí ar chuile shórt…
ACTORES 2 y 3: Amén…
Aisteoirí 2 & 3: Amen…
ACTRIZ: Y él empezó a acostumbrarse.
Ban-aisteoir: Agus thosaigh sé ag dul i dtaithí air.
ACTOR 3: Entonces, cuando vea que alguien entra, me grita: “¡Guau…, guau!”. A ver…
Aisteoir 3: Mar sin, nuair a fheiceann tú duine ag teacht isteach, béiceann tú amach ‘Aú…, aú.’ Bain triail as…
ACTOR 1: (El ACTOR 2 pasa corriendo.) ¡Guau…, guau!… (El ACTOR 2 pasa sigilosamente.) ¡Guau…, guau!… (El ACTOR 2 pasa agachado.) ¡Guau…, guau…, guau!…(Sale.)
Aisteoir 1: (Aisteoir 2 ag rith thart.) Aú…, aú!… (Leanann Aisteoir 2 é) Aú…, aú!… (Aisteoir 2 cromtha ag dul thart) Aú…, aú… aú! (Imíonn sé)
ACTOR 3: (Al ACTOR 2.) Son diez pesos por día extras en nuestro presupuesto.
Aisteoir 3: (go Aisteoir 2) Sin deich euro in aghaidh an lae lenár mbuiséad.
ACTOR 2: ¡Mmm!
Aisteoir 2: Mmm!
ACTOR 3: …pero la aplicación que pone el pobre los merece…
Aisteoir 3: … ach tuilleann an iarracht a dhéanann an duine bocht é…
ACTOR 2.- ¡Mmm!
Aisteoir 2: Mmm!
ACTOR 3.- Además, no come más que el muerto…
Aisteoir 3: Freisin, ná hith níos mó ná na mairbh…
ACTOR 2.- ¡Mmm!
Aisteoir 2: Mmm!
ACTOR 3: ¡Debemos ayudar a su familia!
Aisteoir 3: Ba chóir dúinn cúnamh a thabhairt dá theaghlach!
ACTOR 2.- ¡Mmm! ¡Mmm! ¡Mmm! (Salen.)
Aisteoir 2: Mmm! Mmm! Mmm! (Imíonn siad)
ACTRIZ.- Sin embargo, yo lo veía muy triste, y trataba de consolarlo cuando el volvía a casa. (Entra ACTOR 1.) ¡Hoy vinieron visitas!…
Ban-aisteoir: Mar sin féin, chonaic mé go raibh sé an-bhrónach agus rinne mé iarracht sólás a thabhairt dó nuair a d’fhill sé abhaile. (Tagann Aisteoir 1 isteach) Inniu tháinig daoine ar cuairt.
ACTOR 1: ¿Sí?
Aisteoir 1: Ar tháinig?
ACTRIZ: Y de los bailes en el club, ¿te acordás?
Ban-aisteoir: Agus ó na damhsaí sa chlub, an cuimhin leat?
ACTOR 1: Sí.
Aisteoir 1: Is cuimhin.
ACTRIZ: ¿Cuál era nuestro tango?
Ban-aisteoir: Cérbh é ár dtango?
ACTOR 1: No sé.
Aisteoir 1: Níl ‘fhios agam.
ACTRIZ: ¡Cómo que no! “Percanta que me amuraste…” (El ACTOR 1 está en cuatro patas.) Y un día me trajiste un clavel… (Lo mira, y queda horrorizada.) ¿Qué estás haciendo?
Ban-aisteoir: Cén chaoi nach cuimhin leat? “Percanta que me amuraste…” (Aisteoir 1 ar cheithre baill) Agus thug tú coróineach dom… (Féachann sí air. Scantraithe) Céard atá tú ag déanamh?
ACTOR 1: ¿Qué?
Aisteoir 1: Céard?
ACTRIZ: Estás en cuatro patas… (Sale.)
Ban-aisteoir: Tá tú ar cheithre baill… (Imíonn sí)
ACTOR 1: ¡Esto no lo aguanto más! ¡Voy a hablar con el patrón! (Entran los ACTORES 2 y 3.)
Aisteoir 1: Ní féidir liom cur suas leis níos mó. Labhróidh mé leis an gceannaisí! (Tagann Aisteoirí 2 & 3 isteach)
ACTOR 3: Es que no hay otra cosa…
Aisteoir 3: ‘Sé nach bhfuil rud ar bith eile…
ACTOR 1: Me dijeron que un viejo se murió.
Aisteoir 1: Dúirt siad liom go bhfuair seanfhear bás.
ACTOR 3: Sí, pero estamos de economía. Espere un tiempo más, ¿eh?
Aisteoir 3: Fuair, ach tá muid ag gearradh siar. Fan tamall eile, maith go leor?
ACTRIZ.- Y esperó. Volvió a los tres meses.
Ban-asiteoir: Agus d’fhan sé. Tháinig sé ar ais trí mí ina dhiaidh.
ACTOR 1: (Al ACTOR 2.) Me dijeron que uno se jubiló…
Aisteoir 1: (Go aisteoir 2) Dúirt siad liom go ndeachaigh duine ar scoir…
ACTOR 2: Sí, pero pensamos cerrar esa sección. Espere un tiempito más, ¿eh?
Aisteoir 2: Chuaigh, ach muid ag smaoineamh ar fáil réidh leis an roinn sin. Fan tamaillín eile, maith go leor?
ACTRIZ: Y esperó. Volvió a los dos meses.
Ban-aisteoir: Agus d’fhan. Tháinig sé ar ais dhá mhí ina dhiaidh.
ACTOR 1: (Al ACTOR 3.) Déme el empleo de uno de los que echaron por la huelga…
Aisteoir 1: (Go aisteoir 3) Tabhair post dom, ceann acu de na daoine a chaith siad amach mar gheall ar an stailc…
ACTOR 3: Imposible. Sus puestos quedarán vacantes…
Aisteoir 3: Dodhéanta. Ní líonfar na postanna sin…
ACTORES 2 y 3: ¡Cómo castigo! (Salen.)
Aisteoirí 2 & 3: Mar a chuirim smacht orthu! (Imíonn sé)
ACTOR 1: Entonces no pude aguantar más… ¡Y planté!
Aisteoir 1: Ansin ní fhéadainn cur suas leis níos mó… Agus chuir mé!
ACTRIZ: Fue nuestra noche más feliz en mucho tiempo! (Lo toma del brazo.) ¿Cómo se llama esta flor?
Ban-aisteoir: B’shin an oíche ba shona a bhí againn le fada an lá! (Tugann sí barróg dó). Cén t-ainm atá ar an mbláth seo?
ACTOR 1: Flor…
Aisteoir 1: Bláth…
ACTRIZ: ¿Y cómo se llama esa estrella?
Ban-aisteoir: Agus cén t-ainm atá ar an réalt úd?
ACTOR 1: María.
Aisteoir 1: María.
ACTRIZ: (Ríe.) ¡María me llamo yo!
Ban-aisteoir: (Ag gáire) María atá ormsa!
ACTOR 1: ¡Ella también…, ella también! (Le toma una mano y la besa.)
Aisteoir 1: Ise chomh maith…, ise chomh maith! (Tógann sé a lámh & pógann sé í)
ACTRIZ: (Retira su mano.) ¡No me muerdas!
Ban-aisteoir: (Tarraingíonn sí a lámh ar ais.) Ná bain greim asam!
ACTOR 1: No te iba a morder… Te iba a besar, María…
Aisteoir 1: Níl raibh mé ag dul ag baint greim asat… Bhí mé chun tú a phógadh, María…
ACTRIZ: ¡Ah! , yo creía que me ibas a morder…(Sale.)
Ban-aisteoir: A, cheap mé go raibh tú chun greim a bhaint asam… (Imíonn sí)
(Entran los ACTORES 2 y 3.)
(Tagann Aisteoirí 2 & 3 isteach)
ACTOR 2: Por supuesto…
Aisteoir 2: Ar ndóigh…
ACTOR 3: …y a la mañana siguiente…
Aisteoir 3: … agus an mhaidin dár gcionn…
ACTORES 2 y 3: Debió volver a buscar trabajo.
Aisteoirí 2 & 3: Bhí air dul ar ais ag lorg oibre.
ACTOR 1: Recorrí varias partes, hasta que en una…
Aisteoir 1: Chuaigh sé ar fud na háite, go dtí go, in áit amháin…
ACTOR 3: Vea, este… No tenemos nada. Salvo que…
Aisteoir 3: Breathnaigh, ‘sé an rud é… Níl faic againn. Seachas go…
ACTOR 1: ¿Qué?
Aisteoir 1: Céard?
ACTOR 3: Anoche murió el perro del sereno.
Aisteoir 3: Oíche aréir fuair an madra cosanta bás.
ACTOR 2: Tenía treinta y cinco años, el pobre…
Aisteoir 2: Bhí sé cúig bliana is fiche, an créatúr…
ACTORES 2 y 3: ¡El pobre!…
Aisteoirí 2 & 3: An créatúr…!
ACTOR 1: Y tuve que volver a aceptar.
Aisteoir 1: Agus bhí orm dul ar ais agus glacadh leis.
ACTOR 2: Eso sí, le pagábamos quince pesos por día. (Los ACTORES 2 y 3 dan vueltas.) ¡Hmm!… ¡Hmmm!… ¡Hmmm!…
Aisteoir 2: Sea, an ceann sin: d’íocamar cúig euro déag in aghaidh an lae dó. (Casann Aisteoirí 2 & 3 timpeall) Hmm!… Hmmm!… Hmmm!…
ACTORES 2 y 3: ¡Aceptado! ¡Que sean quince! (Salen.)
Aisteoirí 2 & 3: Glactha! Cúig déag a bheas ann! (Imíonn siad)
ACTRIZ: (Entra.) Claro que cuatrocientos cincuenta pesos no nos alcanza para pagar el alquiler…
Ban-aisteoir: (Tagann sí isteann) Ar ndóigh ní leor ceithre chéad caoga euro dúinn le n-íoc as an gcíos…
ACTOR 1: Mirá, como yo tengo la casilla, mudate vos a una pieza con cuatro o cinco muchachas más, ¿eh?
Aisteoir 1: Breathnaigh, os rud é go bhfuil an tigín agamsa, bog tusa go áit le ceathrar nó cúigear eile, maith go leor?
ACTRIZ: No hay otra solución. Y como no nos alcanza tampoco para comer…
Ban-aisteoir: Níl aon dul as. Agus os rud é nach bhfuil tada fágtha le n-ithe…
ACTOR 1: Mirá, como yo me acostumbré al hueso, te voy a traer la carne a vos, ¿eh?
Aisteoir 1: Breathnaigh, os rud é go bhfuilim cleachtaithe leis an gcnámh, tabhair mé an feoil duitse, maith go leor?
ACTORES 2 y 3: (Entrando.) ¡El directorio accedió!
Aisteoirí 2 & 3: (Ag teacht isteach) Ghlac an stiúrthóir leis.
ACTOR 1 y ACTRIZ: El directorio accedió… ¡Loado sea!
Aisteoirí 2 & 3: Ghlac an stiúrthóir leis. Moladh go deo leis!
(Salen los ACTORES 2 y 3.)
(Imíonn Aisteoirí 2 & 3)
ACTOR 1: Yo ya me había acostumbrado. La casilla me parecía más grande.
Aisteoir 1: Tá mé cleachtaithe leis faoi seo. Féachann an tigín níos mó dom.
Andar en cuatro patas no era muy diferente de andar en dos. Con María nos veíamosen la plaza… (Va hacia ella.) Porque vos no podéis entrar en mi casilla; y como yo no puedo entrar en tu pieza… Hasta que una noche…
Níl siúl ar cheithre baill an-difriúil le siúl ar dhá chos. Maidir le María, feicimid a chéile sa Chearnóg… (Téann sé i ngar di). Os rud é nach féidir leatsa teacht isteach i mo thigín agus ní féidir liomsa dul isteach i do sheomra… Go dtí oíche éigin…
ACTRIZ: Paseábamos. Y de repente me sentí mal…
Ban-aisteoir: Leanamar ar aghaidh mar sin. Agus go tobann, d’airigh mé go dona…
ACTOR 1: ¿Qué te pasa?
Aisteoir 1: Céard ‘tá cearr leat?
ACTRIZ: Tengo mareos.
Ban-aisteoir: Mé meadhránach.
ACTOR 1: ¿Por qué?
Aisteoir 1: Cén fáth?
ACTRIZ.- (Llorando.) Me parece… que voy a tener un hijo…
Ban-aisteoir: (Ag caoineadh) Feictear dom… go bhfuil mé ag súil le leanbh…
ACTOR 1: ¿Y por eso llorás?
Aisteoir 1: Agus sin an chúis leis an gcaoineadh?
ACTRIZ: ¡Tengo miedo…, tengo miedo!
Ban-aisteoir: Tá faitíos orm…, tá faitíos orm.
ACTOR 1: Pero ¿por qué?
Aisteoir 1: Ach cén fáth?
ACTRIZ.: ¡Tengo miedo…, tengo miedo! ¡No quiero tener un hijo!
Ban-aisteoir: Tá faitíos orm…, tá faitíos orm. Níl mé ag iarraidh leanbh!
ACTOR 1: ¿Por qué, María? ¿Por qué?
Aisteoir 1: Cén fáth, María? Cén fáth?
ACTRIZ: Tengo miedo… que sea…(Musita “perro”. El ACTOR 1 la mira aterrado, y sale corriendo y ladrando. Cae al suelo. Ella se pone en pie.) ¡Se fue…, se fue corriendo! A veces se paraba, y a veces corría en cuatro patas…
Ban-aisteoir: Tá eagla orm.. go mbeidh …(cogar ‘madra againn’ Féachann Aisteoir 1 uirthi scantraithe, agus ritheann sé amach ag tafann. Titeann sí go talamh. Seasann sí.) ‘D’imigh sé…., rith sé amach! Amantaí ina sheasamh, amantaí ag rith ar cheithre baill…’
ACTOR 1: ¡No es cierto, no me paraba! ¡No podía pararme! ¡Me dolía la cintura si me paraba! ¡Guau!… Los coches se me venían encima… La gente me miraba… (Entran los
Aisteoir 1: Níl sé ceart, ná cuir i mo sheasamh mé! Ní fhéadainn seasamh! Bheadh mo choim tinn dá sheasfainn. Aú! Thagfadh na caranna anuas orm…Bheadh daoine ag breathnú orm… (Isteach le
ACTORES 2 y 3: ¡Váyanse! ¿Nunca vieron un perro?
Aisteoirí 2 & 3: As go brách libh! Nach bhfaca sibh madra riamh cheana?
ACTOR 2: ¡Está loco! ¡Llamen a un médico! (Sale.)
Aisteoir 2: Tá tú as do mheabhair. Glaoigh ar dhochtúir! (Imíonn sé)
ACTOR 3: ¡Está borracho! ¡Llamen a un policía! (Sale.)
Aisteoir 3: Tá tú ar meisce! Glaoigh ar na gardaí! (Imíonn sé)
ACTRIZ: Después me dijeron que un hombre se apiadó de él y se le acercó cariñosamente.
Ban-aisteoir: Ina dhiaidh, dúirt siad liom go raibh trua ag fear dó agus go ndeachaigh sé ina threo le cion.
ACTOR 2: (Entra.) ¿Se siente mal, amigo? No puede quedarse en cuatro patas. ¿Sabe cuántas cosas hermosas hay para ver, de pie, con los ojos hacia arriba? A ver párese… Yo le ayudo… Vamos, párese…
Aisteoir 2: (Ag teacht isteach) An bhfuil tú go dona, a chara? Ní féidir leat fanacht ar cheithre baill. An bhfuil ‘fhios agat an méad áilleachtaí is féidir a fheiceáil, i do sheasamh, leis na súile ag féachaint suas. Anois… i do sheasamh. Tabharfaidh mé cúnamh duit. Ar aghaidh linn, seas suas.
ACTOR 1: (Comienza a pararse, y de repente:) ¡Guau…, guau!… (Lo muerde.) ¡Guau…, guau!… (Sale.)
Aisteoir 1: (Ag dul ina sheasamh, agus go tobann) Aú, aú. Aú aú. (Baineann sé greim as) Aú…, aú! (Imíonn sé).
ACTOR 3: (Entra.) En fin, que cuando, después de dos años sin verlo, le preguntamos a su mujer.- “¿Cómo está?”, nos contestó…
Aisteoir 3: (Ag teacht isteach) Ag deireadh na dála, sé nuair a.., tar éis dhá bhliain gan é a fheiceáil, d’fhiafríomar dena bhean chéile, ‘Cén chaoi ‘bhfuil sé?’ D’fhreagair sí…
ACTRIZ.- No sé.
Ban-aisteoir: Níl ‘fhios agam.
ACTRIZ: No sé.
Ban-aisteoir: Níl ‘fhios agam.
ACTRIZ.- No sé.
Ban-aisteoir: Níl ‘fhios agam.
ACTRIZ: En la perrera.
Ban-aisteoir: Sa chonchró.
ACTOR 2: Y nos dijeron que no sabía leer, pero que eso no importaba porque era boxeador.
Aisteoir 2: Is d’inis sé dúinn nach raibh léamh aige, ach níl sé tábhachtach mar ba dhornálaí é.
ACTOR 2: Y pasaron…, y pasaron…, y pasaron ustedes. Y pensamos que tal vez podría importarles la historia de nuestro amigo…
Aisteoir 2: Is bhí…, is bhí…, is bhí sibhse ann. Is cheapamar go mb’fhéidir go bhfuil scéal ár gcarad tábhachtach daoibhse.
ACTRIZ: Porque tal vez entre ustedes haya ahora una mujer que piense.- “¿No tendré…, no tendré…?” (Musita: “perro”)
Ban-aisteoir: Mar b’fhéidir, i bhur measc, tá bean anois ag smaoineamh… ‘Ceann domsa?… Ceann domsa?’ (Cogar: ‘Madra’)
ACTRIZ: Si no es así, nos alegramos.
Ban-aisteoir: Mura bhfuil sé sin ann, tá áthas orainn.
ACTOR 2: Pero si es así, si entre ustedes hay alguno a quien quieran convertir en perro, como a nuestro amigo, entonces… Pero, bueno, entonces esa…, ¡esa es otra historia!
Aisteoir 2: Ach más mar sin atá sé, má tá duine ar bith i bhur meas ag iarraidh dul i ríocht madra, mar a rinne ár gcara. ansin… Ach, bhuel, ansin sin…sin scéal eile.