Obair uafásach ar fad ócaim a spíonadh.
Amhrán is cáiliúla de chuid Tom Neaine Choilm Uí Lochlainn (1903-65), mac le Micil Pheadair Mhóir Mac Lochlainn & Neaine Choilm Con Rí as Bun an Charnáin in aice leis an Trá Bháin i gConamara.
Rugadh air geábh agus ar a leasathair, Pádhraic Mhicilín Bhríd Mhichíl, ag déanamh poitín, agus cuireadh príosún ar an mbeirt acu. Is cosúil, áfach, nár chuir an giúistís, Seán Mac Giollarnáth (1880-1970), nó Seán Forde mar ab fhearr aithne air, an bheirt acu i bpríosún in éineacht agus gur tugadh cead dóibh na téarmaí príosúnachta a dhéanamh duine i ndiaidh a chéile, mar nach bhféadfadh Neaine Choilm Con Rí a muirín a chothú d’uireasa na beirte.
Ba ag spíonadh ócaim a bhídis sa bpríosún — rud a d’fhag cruth an amhráin oibre ar an amhrán seo — agus spreagann an cheird seo an acmhainn ghrinn ann. Is cosúil go dtáinig sé abhaile agus an t-amhrán déanta aige. Rinne Tom Neaine Choilm amhráin eile freisin, “A ghadaí a ghoid mo phíopa” agus “Amhrán an tslat iascaigh” i measc “Eachtraí Mhuintir Tam,” a cuireadh i gcló ar an nuachtáin Ar Aghaidh idir 1937 agus 1940 agus a foilsíodh i bhfoirm leabhair ina dhiaidh sin: Tomás Ó Lochlainn, Máirtín Mac Donnchadha, Seán Ó Morónaigh, Eachtraí Mhuintir Tam (1980)
— Ciarán Ó Con Cheanainn
Bhí ar na príosúnaigh téad a thógáil as a chéile. Obair fíor-leadránach!
Liricí
Note: Oakum picking = Unravelling straw rope
Curfá
Is romsa daídil-dó-rum, sé ócaim mo phríosún.
And rumsa digh dil doh rum, Oakum is my prison.
‘S go bhfágadh súgán eorna na h-óglaigh á spíonadh.
And the young people were left [there] to unravel straw rope.
1. O molaim súgán eorna go deo, deo & choíchin.
Oh I praise rope unravelling forever and a day.
‘Sé an trua nach raibh tóir ag Rí Seoirse ar a dhéanamh.
It is a pity that King George had no wish to do it.
Seán Forde a bheith ‘na ghiúistís, ‘sé a chomhairleodh na daoine.
Sean Forde being the judge, he who advised the people.
Mar ‘sé a chuir mise ag foghlaim le ócaim a spíonadh.
For ’tis he’s the one who had me learning Oakum picking.
Curfá
2. O osclaíodh dom an stór a raibh ócaim thar maoil ann.
They open up the store that overflowed with Oakum.
Is thug mé lán mo ghabhlach liom, mo dhóthain go ceann míosa.
And I took a fork load of it, plenty for a month.
Is nach mise a bhain gáire as an ngarda a bhí i mo thimpeall
And didn’t I get a laugh from the guards all around me
Nuair a d’iarr mé ar an gceannfort cé air ar fhás an fianach.
When I asked the warden from which one the witness grew.
Curfá
3. Tá an Éireannach Ui Dhónaill ina chodladh agus imníoch.
The Irishman O Donell was asleep and worried.
Nár ionsaigh na luchain a chuid ócaim san oíche.
Didn’t the mice attack his Oakum in the night.
Is ar an maidin lá arna mhárach, bhí móide ann á inseacht.
And the next morning, they was a swear in the telling of it.
‘By Dad,’ a deir an gobharnóir, ‘Tá an diabhail ar fad déanta.’
‘By Dad,’ said the governor, ‘Tis all been ruined.’
Curfá
4. Is nach mise a bhíonns go tuirseach ag tochailt is ag scríobadh ann.
And amn’t I tired of the scraping and scratching there.
ag obair gan fhocail a bhfuil obair ag a smaoineamh
Working without a word as long as there’s work to be thought of.
Agus dá n’osclaíodh ort na doirse agus glasannaí na hÉireann
Were the doors and locks of Ireland opened to you
Is chuirfeadsa na tincéirí is a stille riamh i ngéibheann.
You’d expel forever the tinkers and their stills.
Curfá
5. Is nach mise a bhíonn go brónach gach Domhnach is lá saoire,
And amn’t I feeling sad every Sunday and holiday.
ag siúl anseo san ngairdín i bhfáinne is mé ag gabhail thimpeall.
walking here in the garden going round and round in circles.
Agus siolaim amach na deora i gcónaí nuair a smaoiním
And I always shed tears when I think
Gur olc an obair liomsa a bheith i gcónaí ar an gcaoi seo.
That ’tis an awful job for me to be here forever in such a state.
Curfá X2
Iontach ar fad.
Nach bhfuil siad!
Dóchas don chultúr le daoine mar seo thart.
Bhí Máirín Ní Chéide ó Leitir Mór thar barr leis ag an Oireachtas. Bhris sé mo chroí nach raibh an Corn acu ag an deireadh.
Pingback: 939. Comórtas ag an Irish Fair | ancroiait