Archives
All posts for the month August, 2015
Ceoltóirí & damhsóirí chúrsa C.
Príomh-amhránaí: Nathan
Func Anseo Funk Here
Liricí:
Dú… dú, dú, dú, dú, dú, dú… dú, dú…
1.Seo anois an nua-nós. Michelle Pfeiffer: ‘sí thart fós.
Here comes the new style. Michelle Pfeiffer: she’s still around.
Seo anois mo chairde lena gcairde ag fáil réidh don chóisir.
Here come my friends with their friends getting ready for the party.
Ar aghaidh linn. Ceol binn. ‘Marachtáil i dtráth an imill.
Off we go. Sweet music. Living on the edge.
Tús mall. ‘Damhsa go dall. An domhan casadh i mo timpeall.
A slow start. Dancing blindly. The world spinning around me.
Curfá 1
‘Mé thar barr. Tá ‘ag ardú. É a chur as dom.
I’m hot (fantastic). It’s rising. It’s getting to me.
‘Mé thar bharr. Seo an leagan is fearr a bhí riamh ann.
I’m hot. This is the best version ever.
‘Mé thar barr. Abair é. Tá ‘ fhios agat cé mé?
I’m hot. Say it. You know who I am?
‘Mé thar barr. I bhfiacha leat i gconaí.
I’m hot. Forever in your debt.
Curfá 2
Seo’d é an t-am anois. Cailíní halélúia, ú.
This is the time now. Girls Hallelujah, oo.
Buachaillí halélúia, ú. Cailíní halélúia, ú.
Boys Hallelujah, oo. Girls, hallelujah, oo.
Má’s dúil leat func, ná coinnigh uaim é. X2
If you like funk, don’t keep it from me. X2
Má’s dúil leat func, ná coinnigh uaim é. Satharn ar aghaidh. Ag bualadh bob.
If you like funk, don’t keep it from me. Saturday ahead. Playing tricks.
Scaoil do mhianta amach. X6
Let your desires go free. X6
2.Stop. Cá bhfuil mo ghloine?
Stop. Where’s my glass?
Lig do sruth. Ceol ar bith níos binne.
Let it flow. No music sweeter.
Tóg an tip. [Is] cuma sa tsioc
Take the tip. Who gives a ….?
Julio, faigh an stretch chun na hAille, Lochán Beag, Teach Mór.
Julio, get the stretch [limo] to na hAille, Lochán Beag, Teach Mór.
Bí ann roimpi. Bí ann ‘seo nó bí gann ‘seo.
Be there before it. Be there [for this]or be square [for this].
As an tslí. Rith go sciobtha.
Clear the way. Run fast.
Curfá 1 + Curfá 2
Dú, dú dú dú dú dú…
Más dúil leat func anseo. Más dúil leat func anseo X4
If you want funk here. If you want funk here. X4
3.Gabh i leith, [déan] damhsa: seo’d an t-am é.
Come here, dance: this is the time.
Is leatsa é: an seó anois.
You own it: this show now.
An mothaíonn tú an jóc sin?
Do you feel it, that joke?
Tá sé ag ardú níos mó linn.
It’s rising more with us.
Yeah, [déan] damhsa. Seo an t-am anois.
Yeah, dance. This is the time now.
Is leatsa é: an seó anois.
You own it: this show now.
Satharn ar aghaidh. Ag bualadh bob.
Saturday ahead. Playing tricks.
Scaoil do mhianta amach. X6
Let your desires go free. X6
Hé!
Hey!
Más dúil leat func anseo. Más dúil leat func anseo X8
If you want funk here. If you want funk here.X8
Club Leabhar: Leabhar 1
Ceannaigh an leabhar anseo.
Léigh agus éist.
Bain taitneamh as.
Leabhar 2: Hurlamaboc
Leabhar 3: Cath
Scríobh
Is fiú go mór é a léamh anseo.
san The New Theatre, Lúnasa 24 – Meán Fomhair 5, 7.30in, Ticéidí €15 Tuilleadh eolais anseo.
Is fiú féachaint siar ar chlár TG4 faoi D’O L:
Sármhúinteoir? Peidifíleach? Ní théann na focail le chéile.
Duine feargach nach raibh cáilithe ar chor ar bith mar mhúinteoir a thóg a bhí uaidh gan cead.
Ní múinteoir maith é sin.
Bhí daoine ann nár thuig cén sórt diabhal a bhí ann ACH bhí daoine fásta ann a thuig go maith é is a bhí ar siúl aige is é ag múineadh. Bhí daoine ann a rinne iarracht é a stopadh. Ach bhí cumhacht aige agus chuir sé an dallamullóg ar dhaoine. Ní múinteoireacht é sin. Sin dallamullóg.
Sármhúinteoir ach go raibh na rudaí seo déanta aige?
Sáruachtarán Bush ach na rudaí sin (an Iaráic, 1,000,000+ marbh srl) déanta aige mar sin.
Mhúin siad dúinn bheith múinte ACH ná habair tada ar son peidifíligh a ghlaoíonn ‘múinteoirí’ orthu féin.
Saor ó phíonós is é beo, ná lean ar aghaidh leis an mbréag sin i ndiaidh a bháis.
Súil agam nach bhfuil duine ar bith fanta a cheapann gur sármhúinteoir é peidifíleach.
Bhí ar beirt siúl amach?
A. B’fhéidir gur fiú go mór féachaint air mar sin. Mar tá an fhírinne fíorshearbh.
An fhírinne. Ná dún na súile. Buíoch gur thóg Jack Harte faoin ábhar seo. Súil agam go mbeidh seans agam é a fheiceáil. Súil agam go mbeidh súile oscailte ag daoine is córas oideachas níos sábháilte againn as seo amach. Súil agam ach ní leor sin agus muid ag fanacht i bhfad rófhada.
Céim 1: bain oideachas ó Eaglais. Éist le scéal ó NPR faoi. Thug lucht na hEaglaise tacaíocht do Dhomhnaill Ó Lubhlaí. An Eaglais féin ciontach fós is iad fós ag cosaint na peidifíligh ina measc. Seafóid ar fad go mbeadh grúpa le stair mar sin i gceannas ar oideachas na tíre!
Neart le foghlaim ag an tír: Bhí Coláiste na bhFiann ina ghréasán… gréasáin le leads a fháil dó a bhí ann. Beidh sé mar sin go deo go dtí go bhfuil freagrach ann. Is níl.
Ná tabhair meas ná spás do mhúinteoir nó file nó duine ar bith a théann trasna an líne le páistí. Daoine fós ag iarraidh meas a thabhairt do dhaoine nach dtuilleann meas AR BITH, d’Eaglais nach dtuilleann meas. Ná déan é sin. Sibh cuid den fhadhb nuair nach labhraíonn sibh amach. Ná ceap go bhfuil sin deamúinte bheith ciúin. Ná húsáid leithscéal ar nós Seo Creideamh ár Sinsear leis an t-uafás damáiste áta déanta sa tír a mhaithiú: le Magdalenes, Tuam Babies, íobartaigh Symphiosiotomy, Leitir Frac, Artane Boys Band….agus araile agus araile …na mílte briste ag dream atá fós i gceannas ar oideachas agus a thug tacaíocht do Dhomhnaill O Lubhlaí. Ní leor ‘Tá brón orainn.’ Ní leor ‘Ní dhéanfaimid arís é’ uathu. Ná bíodh dallamullóg orainn.
Muidne ‘infantilized’ acu ag glaoch ‘Father’ orthu. Caith amach reiligiúin as scoileanna agus cuir i bhfeidhm cearta daonna.
Bunfhadhb: nach raibh siad in ann labhairt amach. Fíor. Bhí siad óg. Cén leithscéal atá againn? Muidne a thuigeann. Fós ann. Daoine nach bhfuil in ann labhairt amach. Níl sé éasca fásadh aníos i nDialathas lán le aineolas agus gnéasachas láidir fós chuile háit, sa dhlí chomh maith. D’fhéadfadh An Triail le Mairéad Ní Ghráda a tharla arís inniu. Níl athrú ann. Rogha ar bith ag mná agus ní mhúinfidh scoil Chaitliceach dóibh conas a gcearta a bhaint amach. A mhalairt. Coinneoidh siad aineolach iad.
Níor ciontaíodh Domhnall Ó Lubhlaí riamh. In am é sin a dhéanamh post mortem.
In am an Eaglais, an rialtas, an córas, an dlí a chiontú freisin.
In am an córas ar fad a athrú: an Old Boys Network, go mór, mór an Eaglais.
Ná ceap go ndearna Domhnaill Ó Lubhlaí maitheas don teanga. Thóg sé ár dteanga álainn agus rinne sé ghaiste, arm di le páistí a éigniú. Níl masla níos measa ná sin don teanga.
Freagracht de dhíth ón dlí a dhéanann an rud mícheart is iad i gcoinne íobartaigh rómhinic.
Maith thú, Jack Harte.
Maidir le cúlra IRA, tá rud éigin ann. Mé ag caint le fear anuraidh is é ag cosaint go láidir an méid a rinne Domhnaill Ó Lubhlaí ‘don tír is don teanga.’ Baint aige leis na daoine sin, óna chaint. ‘Prediliction’ a bhí ann de réir an duine seo agus níor chóir dúinn bheith ag rá tada ina choinne, dar leis. Amantaí ceapann tú go bhfuil tú san Twilight Zone is stopann do chroí is tú ag éisteacht le daoine a chosnaíonn an diabhal. Tá an iomarca den tsórt sin thart freisin. Labhair amach.
Faoin “nár thapaigh an Garda Síochána an deis ” sin…
Ar son Dé, níl muinnín dá laghad againn as an dream sin! Céard atá déanta acu faoi na Tuam Babies? Éinne ciontach as? Sin a cheap mé. Tada aithrithe. An dream céanna, an meon céanna. Faisisteachas fós linn. Dlí ar nós Megan’s Law uainn. Athrú iomlán ar an gcaoi a labhraíonn daoine faoin ábhar. An iomarca sa bhaile nach bhfuil sásta an rud ceart a dhéanamh. Iad ar an taobh mícheart. Cosain na páistí #1. Cén fáth an bhfuil sé chomh deacair é sin a thuiscint?
Níl ionadh ar bith orm faoin líne deireanach ansin agat, Maitiú. Maith thú as scríobh faoi. Maith thú, Liam. Bail ó Dhia ort.
Neart le foghlaim againn fós ar an ábhar seo & ní ó ‘sármhúinteoir’ nach bhfuil cáilithe ná ó Eaglais a throideann go láidir le cearta a choinneáil uainn, ná ó rialtas nach bhfuil sásta Stát & Eaglais a scaradh ná freagracht a bhaint amach.
Drámaíocht agus litríocht ag tabhairt faoi. Is maith sin. Ardmholadh don scríbhneoir, do na haisteoirí, do dhaoine a thuigeann agus a labhraíonn amach.
Scríobh mé faoi Dhómhnaill Ó Lubhlaí cheana mar fhreagra anseo is faoi na daoine a chosain é anseo.
D’aistrigh David Tuohy, ó Thrá Lí, Ciarraí go Learpholl ins na 1750daí.
Bhí sé ina chaptaen ar, ar a laghad, ceithre aistear ag trádáil sclábhaithe ó 1766 go 1771.
I 1766 sheol sé Sam, long ó Bhostún, ó Learpholl go dtí an Aifric Láir Thiar. Cheannaigh sé 284 sclábhaithe ann.
Cailleadh 32 ar an mbealach. Dhíol daoine na sclábhaithe a mhair i mBarbados & Grenada.
I 1767 sheol sé an Sally & an uair seo dhíol siad na 234 sclábhaithe a mhair an turas in Antigua.
I 1769 leis an long céanna, sheol sé go dtí an Cósta Windward. Is ansin cheannaigh sé 200 sclábhaithe.
Ina dhiaidh sin go dtí an Cósta Óir leis. San áit sin cheannaigh sé 130 sclábhaithe.
An uair seo cailleadh 87 dá níobartaigh. Dhíol sé na 243 a mhair i nGrenada.
I 1771 sheol sé an Ranger go dtí an Aifric Thiar. Bhí 257 sclábhaithe Aige an uair seo. Faraor 47 a chailleadh ar an turas.
Dhíol sé a mhair i mBarbados agus Antigua.
An fhírinne searbh. An taobh eile de Saints & Scholars.
Is ó Bhrian @TheOneImage a bhfuir mé an t-eolas faoin mBlag Irish Poetry ar maidin. Fíorbhuíoch as.
File: Antoine Ó Raifteirí nó Antaine Ó Reachtabhra 1779–1835
Máire Ní Eidhin
(Pabhsae Gléigeal Bhaile Uí Lí)
- Ag gabháil ‘un an Aifrinn dom le toil na nGrásta
bhí an lá ag báisteach is d’athraigh gaoth.
Casadh an ainnir dhom ar bhruach Chill Tártain
is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi.
2. Labhair mé léi go múinte mánla
is de réir a cáilíocht sea d’fhreagair sí.
Séard a dúirt sí: ‘Raiftearaí, tá m’intinn sásta
ach gluais go lá liom go Baile Uí Lí.’
3. Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde é
ach rinne mé gáire is gheit mo chroí,
Ní raibh le dhuil againn ach trasna páirce
níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí.
4. Leag sí anuas bord a raibh gloine is cárt air
is a cúilín fáinneach le m’ais ina suí
‘Séard dúirt sí: ‘Raiftearaí, bí ag ól is céad fáilte
tá an siléar láidir againn i mBaile Uí Lí.’
5. ‘Sí Máire Ní Eidhin an chiúinbhean bhéasach
is deise méin ‘gus is áille gnaoi.
Míle cléireach a dhuil in éineacht
trian a tréathra ní fhéadfadh scríobh.
6. Bhuail sí Deirdre le breáichte is Véineas
dá n-abraínn Héilean ler scriosadh an Traoi.
Seo’d í an chraobh is cé a d’iarrfadh a héileamh
ar an bpabhsae gléigeal ‘tá i mBaile Uí Lí.
7. Nach aoibhinn aerach ar thaobh an tsléibhe
is tú ag féachaint síos uait ar Bhaile Uí Lí.
Ag siúl na ngleannta ag baint cnó is sméara
‘s ceiliúr éan ann mar na ceolta sí.
8. Níl brí sa méid sin dá bhfaigheá léargas
ar bhláth na gcraobh ‘tá lena thaobh.
Níl maith dá shéanadh níos faide ar aon neach,
a spéir na gréine, is tú grá mo chroí.
9. Dá siúlfá Sasana is an Fhrainc thré chéile
an Spáinn an Ghréig is ar ais aríst.
Ó bhruach Loch Gréine go béal Loch Éirne
is ní fheicfeá féirín ar bith mar í.
10. A grua thrí lasadh is a malaí caola
a haghaidh dá réir is a béal tais mín.
Scoth ban Éireann, is as ucht an scéil sin
a thug mé an chraobh duit i mBaile Uí Lí.
11. A réalt an tsolais, is a ghrian bhreá an fhómhair,
a chúilín ómra, a mheall mo chroí
Siúil ar uaigneas liom go ndéanam comhairle
faoi choinne an Domhnaigh cá mbeidh ár suí.
12. Níor mhór liom ceol duit gach aon tráthnóna
puins ar bord is dá n-óltá fíon
Ach a Rí na Glóire, go dtriomaí an bóthar
is go bhfágha mé an t-eolas ar ais aríst.
Leagan as Béarla
Mary Hynes
(The Most Beautiful Woman in the West)
Aistriúchán le Padraic Fallon
That Sunday, on my oath, the rain was a heavy overcoat
on a poor poet; and when the rain began in fleeces
of water to buck-leap like a goat, I was only a walking
penence reaching Kiltartan.
and there so suddenly that my cold spine broke out
on the arch of my back in a rainbow;
this woman surged out of the day with so much sunlight,
that I was nailed there like a scarecrow.
But I found my tongue and a breath to balance it,
and I said: ‘If I’d bow to you with this hump of rain, I’ll fall
On my collarbone, but luck I’ll chance it’; and after falling bow again
She laughed: Ah! she was gracious, and softly she said to me,
‘For all Your lovely talking I go marketing with an ass, I know him.
I’m no hill-queen, alas, or Ireland, that grass widow, So hurry on,
sweet Raftery, or you’ll keep me late for Mass!’
The parish priest has blamed me for missing second Mass
And the bell talking on the rope of the steeple,
But the tonsure of the poet is the bright crash
Of love that blinds the irons on his belfry.
Were I making an Aisling I’d tell the tale of her hair,
But now I’ve grown careful of my listeners
So I pass over one long day and the rainy air
Where we sheltered in whispers.
When we left the dark evening at last outside her door,
She lighted a lamp though a gaming company.
Could have sighted each trump by the light of her unshawled poll,
And indeed she welcomed me.
With a big quart bottle and I mooned there over glasses
Till she took that bird, the phoenix, from the spit;
And, ‘Raftery,’ says she, ‘a feast is no bad dowry, Sit down now and taste it.’
If I praised Ballylea before it was only for the mountains
Where I broke horses and ran wild,
And for its seven crooked smoky houses
Where seven crones are tied.
All day to the listening-top of a half door,
And nothing to be heard or seen
But the drowsy dropping of water
And a gander on the green.
But, Boys! I was blind as a kitten till last Sunday,
This town is earth’s very navel.
Seven palaces are thatched there of a Monday,
And O the seven queens whose pale
Proud faces with their seven glimmering sisters,
The Pleiads, light the evening where they stroll,
And one can find the well by their wet footprints,
And make one’s soul!
For Mary Hynes, rising, gathers up there
Her ripening body from all the love stories;
And rinsing herself at morning, shakes her hair
And stirs the old gay books in libraries;
And what shall I do with sweet Boccaccio?
And shall I send Ovid back to school again
With a new headline for his copybook,
And a new pain?
Like a nun she will play you a sweet tune on a spinet,
And from such grasshopper music leap
Like Herod’s hussy who fancied a saint’s head
For grace after meat;
Yet she’ll peg out a line of clothes on a windy morning
And by noonday put them ironed in the chest,
And you’ll swear by her white fingers she does nothing
But take her fill of rest.
And I’ll wager now that my song is ended,
Loughrea, that old dead city where the weavers
Have pined at the mouldering looms since Helen broke the thread,
Will be piled again with silver fleeces:
O the new coats and big horses! The raving and the ribbons!
And Ballylea in hubbub and uproar!
And may Raftery be dead if he’s not there to ruffle it
On his own mare, Shank’s mare, that never needs a spur.
But ah, Sweet Light, though your face coins
My heart’s very metals, isn’t it folly without a pardon
For Raftery to sing so that men, east and west, come
Spying on your vegetable garden?
We could be so quiet in your chimney corner–
Yet how could a poet hold you any more than the sun,
Burning in the big bright hazy heart of harvest,
Could be tied in a henrun?
Bless your poet then and let him go!
He’ll never stack a haggard with his breath:
His thatch of words will not keep rain or snow
Out of the house, or keep back death.
But Raftery, rising, curses as he sees you
Stir the fire and wash delph,
That he was bred a poet whose selfish trade it is
To keep no beauty to himself.
Chas Clannad an t-amhrán seo, iomlán as Gaeilge, ar Top of the Tops i 1982. Maith iad! Stairiúil.
Liricí
He will go east and west
From whence ever came
The moon and the sun.
Curfá
Fal da dó, fal da dé.
2. Imeoidh an ghealach is an ghrian
The moon and the sun will leave
[Is] an duine óg is a cháil ina dhiaidh.
And the young person and then his reknown.
Curfá X2
3. Imeoidh a dtáinig ariamh:
All that ever came will leave:
An duine óg is a cháil ina dhiaidh.
The young person and then his reknown.
Curfá
Foilsithe ar 14 Lúnsasa 2015 ag Coláiste Lurgan
Isabell, Eoin & Cór chúrsa B
Jenny Ní Ruiséil a chóirigh
Ceithre Cúig Soicind
Liricí
1. Ní leor é seo domsa.
This is not enough for me.
Chaith mé an lá i bponc.
I’ve spent the day in a fix.
Deirim atá ar m’aghaidh.
I say what’s on my mind.
Ag díriú ar gach aon fhadhb.
Focusing on every single problem.
Chuile chineáltas, caite le hiontas.
Every single kindness dismissed with astonishment.
Curfá
Níl mé ach ceithre, cúig soicind ón líne.
I’m only four five seconds from the limit.
Gan ann ach trí lá fagtha don Aoine.
With only three days left until Friday.
Ag filleadh abhaile aríst roimh luí na gréine.
Going back home again before sunset.
Faraor nach tú an té a éalaíonn.
‘Pity you’re not the one who escapes.
Gach aon rud atá uaim.
Every single thing I need.
2. Dearfach faoin t-am istigh.
Positive about the time within.
Le solas orainn is muid ag rith.
With a light shining on us as we run.
Ag imeacht linne gan teacht ar ais.
Heading off, no coming back.
Cén mhaith leis nuair nach ndéantar faic?
What good is it when nothing’s done?
Curfá
3. An rud is mó ná go bhfuil tú ann.
The greatest thing is that you’re here.
Ag smaoineamh [ar] cén chaoi an chiall a bhaint uaim
Thinking of how to extract sense from me.
Ceist amháin na mílte uair.
One question a thousand times.
Rud ar bith ar mo intinn?
Anything on my mind?
Curfá X2
1. Seo muid réidh, taibhsí nó laochra:
Here we are ready, ghosts or heroes:
ag scriosadh aoibh, fíoranam an té.
shattering smiles, one’s true soul.
Nó an bhfuil mé ró-shoiniciúil ar mhaithe liom fhéin?
Or am I too cynical for my own good?
Buartha le rá, lig [do] chinniúint an bhéim.
Troubled to say it, let fate hit us with what it will.
2. Is ba léir, ba léir: ‘sé deacair dúinn a rá. [Tá] sé deacair dúinn a rá.
And it was clear, it was clear: it’s hard for us to say. It’s hard for us to say.
Ach is léir. Is léir dom go nglacfaidh sé go leor ama agus beagáinín ádh.
But it’s clear. It’s clear to me that it will take a lot of time and a little luck.
Curfá
[Tá] sé ag tosú dúinn. [Muid] ag glacadh an chéad chéim.
It is starting for us. [We’re] taking the first step.
Tá sé ag athrú, ag feabhsú muid fhéin
It is changing, improving us.
Meas tú an cuma linn nó an gcreideann muid fós?
Do you reckon we don’t care or do we still believe?
Ach seo mar atá dúinn agus b’fhearr linn leanúint ár threo.
But this is how it is for us and it’s better for us to follow our way.
3. Is ag dul an tslí seo thar n’ais chuig an tús
As we travel this way back to the start
[Ag] teacht ó na scáthanna ag glacadh do pháirt nua.
Coming out from the shadows, accepting your new role.
So ná lean leat, ag cailliúint do shlí.
So, don’t keep on losing your way.
Eireoidh leat le aidhmeanna simplí.
You’ll succeed with simple goals.
4. Is ba léir, ba léir: ‘sé deacair dúinn a rá, ‘sé deacair dúinn a rá.
And it was clear, it was clear: it’s hard for us to say. It’s hard for us to say.
Ach is léir. Is léir dom go nglacfaidh sé go leor am agus beagáinín ádh.
But it’s clear. It’s clear to me that it will take a lot of time and a little luck.
Curfá X2
B’fhearr linn leanúint ár threo X2
Véarsa 1 arís
Mise: (ag déanamh dearmad ar an bhFraincis) Go maith. (ansin) C’est trés bien.
Mise: Vous travaille ici, en Dublin au deboût ?
Tiománaí: When I come first I worked in a café somewhere else. (Ag gáire beagáinín) Pourquoi vous me demande?
Oú pensez-vous? Devinez -vous? (ag baint taitneamh as seo).
Mise: Cork?
Tiománaí: Incroyable! You see me in café? Oui?
Mise: Vous dites LANGER!
Tiománaí: Ah, oui! C’est un mot péculiar q’ils utilisent souvent pours des choses divers et des gens stupide. C’est vrai. Je vais au Dublin zoo avec mon fils chaque dimanche et il dit comme son livre: “Monkeys are clever animals. Conor likes going to the zoo with his family. He is learning about the animals.” Jean, my son, is very good at reading. He was the one that told me that a Langer is a type of monkey that is very fit and there are no Langer monkeys in this country! Vous habitez longtemps à Cork?
Mise: Oui, un period extenué.
Tiománaí: Vraiment?
Mise: IS AS CORCAIGH MÉ” arsa mise. I …..
Tiománaí: Jean iss aa amm dumm. Is ass Blaawe kleea mé………..Q’est que c’est KUURCICK?
Mise: C’est Cork, dans q’ils habitaient des gens sympathiques qui adorent les singes.
Tiománaí: Il y a un chanson …………
Tiománaí: Sláawn aguus gowe rave míle maww aguut. I really love Langers (os ard agus an tacsaí ag imeacht).