Bhí caint anocht ag an gciorcal comhrá ar The Drunken Sailor as Gaeilge. Níl ‘fhios agam an bhfuil an cluiche seo i gceart agam mar ní buan mo chuimhne ach le mo chairde fadó bhíomar ag canadh is ag súgradh sa chlós ar scoil is seo na focail atá ag teacht ar ais chugham anocht:
Cuid I
Amach ‘s isteach trí na geataí órga X 3
‘Sí an cailín deas.
Cuid 2
Buail na cnaipí ar a gualainn X3
‘Sí an cailín deas.
Fonn ♫: The Drunken Sailor

Pic ón áit seo
Mar a d’imríomar é:
Tosaigh le ciorcal le stuanna agus duine amháin sa lár.
Gach duine ag canadh.
Cuid I ♫
An duine sa lár ag dul amach is isteach trí na stuanna.
Cuid 2 ♫
Roghnaíonn an duine a bhí sa lár duine sa chiorcal, téann siad taobh thiar den duine sin, agus buaileann siad a mbosa ar a gualainn (go héadrom) leis an gceol.
Ansin malartaíonn an duine a bhí sa lár agus an duine roghnaithe áiteanna.
Tosaigh arís.
Más cuimhin libh cluichí a d’imir sibh as Gaeilge sa chlós fadó, roinn linn iad anseo le bhur dtoil. GRM
Faraor bhí an chuid is mó de na cluichí a bhí againn as Béarla. Nósanna ó Shasana foghlamtha i scoileanna na hÉireann.
Nóta: An cluiche seo feicthe agam ar Twitter inniu 22/11.2105 Ardáthas! Fós beo ☺
Seo mar a imríonn daoine anois é:
- Seasann na páistí i gciorcal & greim láimhe acu ar a chéile
- Roghnaítear páiste amháin le bheith mar Neainsí Nóinín
- Cuireann na páistí sa chiorcal a lámha in airde agus siúlann Neansaí Nóinín amach is isteach faoi na lámha ó dhuine go duine
- Ceolann na páistí an rann & stopann Neansaí nuair atá an chéad véarsa thart & buaileann sí na gualainn ar an bpáiste is cóngaraí
- Nuair atá an dara véarsa ráite, leanann an páiste (ar bhualadh a ngualainn) Neansaí ag dul amach is isteach sa chiorcal
- Leanann seo ar aghaidh go dtí go bhfuil scuaine mhór fhada ag dul thart le Neansaí
Rann: Isteach is amach le Neansaí Nóinín X3 Tar liom i mo dhiaidh. Buail, buail, buail ar mo ghualainn. Tar liom i mo dhiaidh.
Seo cinn eile:
- Is Páiste Beag Mise
• Seasann na páistí i bhfáinne, greim láimhe acu ar a chéile.
• Roghnaítear gasúr/girseach/páistí/múinteoir le seasamh i lár an fháinne.
• Siúlann gach duine eile i gciorcal thart ar an duine/na daoine atá sa lár agus ceolann siad an t-amhrán.
• Stopann siad den siúl don dá líne ‘Lámha suas agus lámha anuas, Lámha isteach agus lámha amach’, agus déanann siad na gníomhaíochtaí.
• Faigheann siad greim láimhe ar a chéile arís agus siúlann siad thart i gciorcal arís.
• Roghnaíonn an duine sa lár an chéad duine eile a bheidh sa lár.
Fonn –
Is girseach/cailín b(h)eag mise ’gus tá mé go maith,
Yó, hó, hó, hó, hó, hó.
Lámha suas agus lámha anuas,
Lámha amach agus lámha isteach
Is girseach bheag mise ’gus tá mé go maith,
Yó, hó, hó, hó, hó, hó.
Is gasúr/buachaill beag mise ’gus tá mé go breá,
Yó, hó, hó, hó, hó, hó.
Lámha suas agus lámha anuas,
Lámha amach agus lámha isteach
Is gasúr beag mise ’gus tá mé go breá,
Yó, hó, hó, hó, hó, hó.
Is páistí beaga sinne ’gus táimid ar dóigh,
Yó, hó, hó, hó, hó, hó.
Lámha suas agus lámha anuas,
Lámha amach agus lámha isteach
Is páistí beaga sinne ’gus táimid ar dóigh,
Yó, hó, hó, hó, hó, hó.
Is múinteoir beag mise ’gus tá mé ar fheabhas,
Yó, hó, hó, hó, hó, hó.
Lámha suas agus lámha anuas,
Lámha amach agus lámha isteach
Is múinteoir beag mise ’gus tá mé ar fheabhas,
Yó, hó, hó, hó, hó, hó.
2. Frog sa Lár
• Seasann na páistí i gciorcal agus greim láimhe acu ar a chéile.
• Tá duine amháin i lár an chiorcail.
• Siúlann na páistí sa chiorcal thart timpeall ar an duine sa lár ag ceol an rainn.
• Nuair atá an rann ráite déanann an duine sa lár iarracht briseadh amach, faoi nó trí lámha na bpáistí eile.
• Má éiríonn leis/léi bíonn duine de na páistí a scaoil na lámha sa lár, murar éirigh leis/léi tá sé/sí ar ais sa lár.
Fonn – There’s a Frog in the Well/Here we go Gathering Nuts in May
Tá frog sa lár is ní thig leis léim,
Ní thig leis léim, ní thig leis léim.
Tá frog sa lár is ní thig leis léim.
Ní thig leis léim amach.
………………………………………………………………………………………………………..
3. Roille Roille Ráinne (Ring a Ring o’ Rosies)
• Seasann na páistí i gciorcal agus greim láimhe acu ar a chéile.
• Siúlann na páistí thart i gciorcal agus iad ag ceol.
• Stopann siad don líne dheireanach agus déanann siad na gníomhaíochtaí.
Roille, roille, ráinne,
Timpeall linn i bhfáinne,
Ríleó, Ríleó!
Suas san aer le mo choisín ó.
Roille, roille, ráinne,
Timpeall linn i bhfáinne,
Ríleó, Ríleó!
Síos linn ar an talamh ó.
4. A hAon, a Dó, a hAon, a Dó, a Trí
Rann scipeála
• Rópa mór amháin. Greim ag beirt ar dhá cheann an rópa agus á thiontú.
• Páistí ag glacadh sealanna le rith isteach agus scipeáil. 3/6 líne ón rann an duine.
• Ritheann páiste amháin amach agus ritheann an chéad duine eile isteach. (Dúshlánach)
nó
• Is féidir an dán a rá agus an páiste ag scipeáil ar a (h)aonar. (Níos fusa)
Níl fonn leis an cheann seo, is féidir é a rá mar rap.
A haon, a dó,
A haon, dó, trí.
Luchóga istigh sa tuí. (véarsa uilig x 2)
A ceathair, a cúig,
A ceathair, cúig, sé.
Tháinig gandal is cúpla gé. (véarsa uilig x 2)
A seacht, a hocht,
A seacht, ocht, naoi,
Thosaigh siad ag déanamh spraoi. (véarsa uilig x 2)
5. Lucha Beaga Buí
Níl fonn leis an cheann seo. Is dán é. Is féidir é a rapáil.
• Is féidir an ceann seo a úsáid leis an mhuintir atá maith ag scipeáil.
• Rópa mór agus greim ag beirt ar dhá cheann an rópa lena chasadh.
• Ritheann an chéad pháiste isteach agus bíonn sé/sí ag scipeáil. Bíonn gach duine eile ag aithris an dáin.
• Ritheann an dara duine isteach nuair a cheoltar an líne ‘Cat mór liath’ agus cuireann sé/sí an ruaig ar an chéad duine.
• Ritheann an chéad duine amach nuair a cheoltar an líne ‘Rith siad amach’.
• Leanann an dara duine leis/léi ag scipeáil go dtí go gceoltar an líne ‘Cat mór liath’ arís agus ritheann an chéad duine eile isteach.
A haon, a dó, a trí,
Lucha beaga buí,
Ag ithe píosa cáise,
I ngan fhios d’fhear an tí.
Cat mór liath,
Tháinig sé isteach.
Cad é a rinne na luchóga?
Rith siad amach!
6. An bhfuil sibh réidh?
• Páiste/múinteoir ag tabhairt orduithe agus ag cur tús leis an ghníomhaíocht.
• Bíonn gach duine ag máirseáil in áit na mbonn leis an rithim a léiriú.
• Gach duine eile ag déanamh aithrise ar an ghníomhaíocht atá luaite ina dhiaidh sin.
An bhfuil sibh réidh?
Déanaigí i mo dhiaidh é.
Fathach mór ag siúl ar feadh an lae.
Siúl, siúl, siúl, siúl . . .
An bhfuil sibh réidh?
Déanaigí i mo dhiaidh é.
Luchóg bheag ag siúl ar feadh an lae.
Siúl, siúl, siúl, siúl . . .
An bhfuil sibh réidh?
Déanaigí i mo dhiaidh é.
Capall mór ag sodar ar feadh an lae.
Sodar, sodar, sodar. . .
7. Mo Liathróid-ó
(Queenio)
• Seasann páiste amháin chun tosaigh ar na páistí eile agus a d(h)roim leo. Tá liathróid ag an pháiste seo (beag go leor lena cur i bhfolach ar chúl droma).
• Caitheann an páiste an liathróid thar a g(h)ualainn agus níl cead aige/aici tiontú.
• Ritheann na páistí eile sa tóir ar an liathróid agus cuireann an té a fhaigheann í i bhfolach ar chúl a d(h)roma í.
• Seasann gach páiste i líne agus a lámha ar chúl a ndroma acu agus tiontaíonn an páiste a raibh a d(h)roim aige/aice leo thart le hamharc orthu.
• Scairteann sé/sí an chéad dá líne den rann.
• Freagraíonn na páistí eile leis an chéad dá líne eile den rann ag cur amach a lámha, ceann amháin ag am amháin.
• Caithfidh an páiste a chaith an liathróid duine a roghnú a shíleann sé/sí go bhfuil an liathróid aige/aici.
• Má roghnaíonn sé/sí an duine ceart thig leis dul ar ais leis na páistí eile agus an duine eile áit s’aige/aici a ghlacadh. Mura roghnaíonn sé/sí an duine ceart caitheann sé/sí an liathróid arís.
A chairde-ó, a chairde-ó,
An bhfaca sibh mo liathróid-ó?
Ní fhaca mé, ní fhaca mé,
Amharc ar dheis,
Amharc ar chlé.
Tá mo liathróid ag . . . (roghnaigh páiste)
Tá an ceart agat/Tá tú contráilte – déan arís é!
7. Ana Banana
• Seasann na páistí i gciorcal nó os comhair a chéile. (Le go dtig leo gach duine iad a fheiceáil).
• Tosaíonn siad le cosa spréite agus ansin bogann siad na cosa le rithim an rainn. Ó chosa spréite go cosa crosáilte, spréite – crosáilte, spréite – crosáilte, go deireadh an rainn.
• Caithfidh na cosa bheith spréite nuair a deirtear an focal SCOILT. Duine ar bith a chríochnaíonn ar chosa crosáilte seasann siad amach.
Ana Banana,
Ag seinm piana,
Ó thús go deireadh an lae,
SCOILT!
………………………………………………………………………………………………………..
8. Ag roghnú duine
Trí dhán ar féidir a úsáid mar Eenie, meenie, minie, mo de rann. Is é sin le duine a roghnú. Thig leis na páistí cos a chur isteach sa lár agus téann an duine atá á dhéanamh ó chos go cos. Sin nó méar a dhíriú ar gach páiste i ndiaidh a cheile agus iad ina seasamh i gciorcal.
a. Brian Beo
Brian beo, Brian marbh,
Má fhaigheann Brian beo bás,
Beidh an tsrathair ort!
b. Ící Pící
(Is leasainm é ící pící ar na neantóga)
Ící Pící taobh amuigh den chlaí,
Ící Pící taobh istigh den chlaí.
Má bhaineann tusa d’Ící Pící,
Bainfidh Ící Pící duit!
c. Mac an Bhacaigh
Ná bac le Mac an Bhacaigh,
Is ní bhacfaidh Mac an Bhacaigh leat!
d. Iónaidh Míonaidh Maighnigh Mó
Iónaidh Míonaidh Maighnigh Mó
Tá na caoirigh insa chró
Má bhíonn siad ag méiligh,
Scaoiligí leo
Iónaidh Míonaidh Maighnigh Mó.
Thig cur leis sin leis: cearca . . . ag gocarsaigh; muca . . . ag gnúsachtaigh; gabhair . . . ag meigeallaigh, ba . . . ag búirthigh srl.
Míle buíochas le Rónan O Scollaigh
Rannta curtha le chéile ag J de Brún
Ar fheabhas!