Draoithe dúra gan aon mhaith, ♫ mar dhea.
Pic ó bhalla Hadrian
Tar éis scéal a léamh faoin gcead a bhfuair dalta i Luimneach gan aird a thabhairt ar cheacht le déanaí cé go gcaithfidh sí bheith sa seomra ina bhfuil siad ag múineadh Teagasc Críostaí. A leithéid de sheafóid. Cloisfidh sí an cheacht. Seans go gcloisfidh sí Dóchas linn Naomh Pádraig leis an líne gránna sin: ‘Sé do chloígh na draoithe, croíthe dúra gan aon mhaith is í ann. Bolscaireacht na hEaglaise ag caitheamh eolas sa dhorchadas.
Is beag atá ar eolas againn faoi na draoithe, i ndáiríre. Rinne na hamhráin a chanamar ar scoil diabhail de chreideamh ár sinsear. Bhí nósanna, déithe, agus rialacha acu fadó cinnte. Ach cén chumhacht a bhí ag draoithe agus céard a chreid siad?
Ní hionann na nósanna a bhí i nGallach fadó agus a bhí in Éirinn. I measc na nósanna againne: dul tuathal nó deiseal le ádh nó mí ádh a chur ar dhuine. Meas ag cuid againn fós ar na daoine beaga, na Sídhe. Scéalta againne faoi mar a mhair an Tuatha Dé Danann faoin talamh. Iad a thagann amach san oíche le diabhlaíocht agus spraoi a dhéanamh. An slua sídhe mar arm ag iarraidh leanbh a sciobadh leo, an Bhean Sídhe le teachtaireacht an bháis, lios na sí inar chónaigh siad agus an rabhadh gan dul isteach ann.
Bhí meas ag daoine fadó ar na Déithe: an ghrian, an ghealach, na réalta srl. I measc na déithe bhí Crom Cruach agus daréag eile a lean é. Is beag mallacht nach ndearna trácht ar Bhél. Scéal ann faoin gcaoi ar mharaigh an ghrian is an ghaoth rí áirithe mar bhris sé geall tugtha in ainm na gréine agus na gealaí céanna.
Bhí rialacha ann: scoil féineachais. Dlí Brehon, mar a ghlaoímid air anois. Córas an-spéisiúil ar fad.
Maidir le cumhacht, tugtar le fios go raibh draíocht ag na draoithe. Iad in ann ceo a chruthú, glaoch ar stoirmeacha, an aimsir a athrú le focail, agus mar sin de. Bhídís in ann na comharthaí a léamh, an spéir a thuiscint, éisteacht le ceol na n-éan is foghlaim céard a bhí le teacht. Cumhacht freisin acu mearbhall a chuir ar dhaoine. Bhí deoch dearmaid ag draoithe ionaisc go ndéanfadh a naimhde dearmad ar throid.
Ar chreid siad in anam nó saol síoraí do dhaoine? Ní mhairfeadh duine go deo i saol eile, dar leo go bhfios dúinn, seachas dream faoi leith mar na sí nó Oisín i dTír na nÓg ms. Ach ansin a mhaireann na sídhe, ní daoine cosúil leatsa is liomsa. Slí na fírinne, tada ach an fhírinne ann.
Súil agam go n-osclóidh duine éigin fuinneoga an iontais arís sna scoileanna le scéalta faoi na sí, nósanna fadó srl. Na rudaí a rinne an Eaglais tréaniarracht a scriosadh lena ndeoch nimhneach dearmaid féin acu. Dóchas linn gan iompúchán le cúnamh na gréine, na gealaí is na réalta, cá bhfios 😉
Sin mar fhreagra ar dhuine ar Twitter inniu ach spreag sí suim san ábhar. Buíoch as.