Tá trioblóid i bPáras anocht. An chathair ionsaithe, ar a laghad 120 marbh (an uimhir ag ardú). Is scéal uafásach é ach tá stair ag an dtír seo agus ‘fhios ag daoine conas cuidiú lena chéile. Résistance. Lámh cúnta. Is ar Twitter a fheicim mar a chabhraíonn daoine lena chéile:
Sin an smaoineamh ar mhaith liom a fhágáil anseo anocht leis an nguí go dtiocfaidh daoine slán as: is treise na daoine ná grúpa beag le gunnaí. Tá grá i bhfad níos láidre ná gráin. Tá daoine ar fud an domhain ar thaobh mhuintir Pháras anocht.
San amhrán thuas tá an Swell Season (Glen Hansard, Markéta Irglová, Colm Mac Con Iomaire agus Rob Bochnik) ag casadh faoin Résistance, faoi na daoine a thug cúnamh dá chéile. Tá siad ag casadh san mBataclan. Anocht fuair níos mó ná 80 bás sa Bhataclan céanna. Níl focal agam do na daoine a mharaigh iad.
Do dhaoine le croíthe maithe, tá:
Courage
Pic le @jeanjullien
♥
Teachtaireacht dhearfach ó @nosmag
Samhlaigh saol níos fearr.
Ardmheas do Davide Martello ag seinm anseo taobh amuigh den Bataclan
Nous somme tous Paris!
D’accord ♥