Athbhliain Faoi Shéan & Faoi Mhaise
Blein Vie Noa
Bliadhna Mhath Ùr
Blydhen Nowydh Da
Blwyddyn Newydd Dda
Bloavezh Mat
Ceithre bliain is an lá ó thosaigh mé ag blagáil.
Maith agaibh as bheith liom ar an turas seo ♥
Athbhliain Faoi Shéan & Faoi Mhaise
Blein Vie Noa
Bliadhna Mhath Ùr
Blydhen Nowydh Da
Blwyddyn Newydd Dda
Bloavezh Mat
Ceithre bliain is an lá ó thosaigh mé ag blagáil.
Maith agaibh as bheith liom ar an turas seo ♥
Srac Anuas An Teorainn
Sraith smaointe ag deireadh na bliana.
Spreag comhrá faoi réaltacht, an Ghaeltacht, agus tost an blag seo.
Ná bac le bac.
Mé ag léamh Handbook Of The Irish Revival ón Abbey Theatre Press ó inné. Bronntanas. Buíoch as. Fíorspéisiúl. Neart le foghlaim as. Sheas focal amach sa tideal dom: Revival. Revive, Vive, bí beo: ach céard a chiallaíonn bheith beo sa chéad áit? Sin a spreag mé. Mé bacach ag scríobh anois is mo chos in airde ar an gcathaoir agam. An locht orm féin. Bhí mé ag damhsa ar chos tinn. Ní bhíonn daoine chomh saor is chomh beomhar agus is féidir leo a bheith nuair atá bac ann. Rudaí faoi ghlas i do chloigeann agat is gan cead agat iad a scaoileadh saor, mar shampla. Beo ar éigin. Go dtí go bhfaighimid bealach as. Mo bhealach inniu: scríobh.
Le fáil amach céard a choinníonn thíos thú, níl ort ach a fháil amach céard nach bhfuil cead agat a cheistiú – Ní fios cé a scríobh ach níorbh é Voltaire é!
Scrios le Fios: Teorainn an hIntinne
Níl teorainn ag an intinn. Déan do réaltacht féin. Scrios an ‘teorainn’ le heolas. Cruthaíonn daoine teorainn le focail. Creer es Crear. Creidiúint, sin Crothú. B’é Miguel de Unamuno, fealsúnaí Bascach, a scríobh an ceann sin. Bhuel, le bheith fíreannach, scríobh sé: La fe es la fuente de la realidad, porque es la vida; creer es crear. Is foinse an réaltachta é an creideamh, mar is é an saol é; creidiúint, sin crothú. ‘Sé sin, nuair a chreideann duine i rud, tá sé fíor don té sin. Nuair a deireann daoine leat nach bhfuil tú in ann rud a dhéanamh (mar is bean thú, mar is Caitliceach thú srl) is creideann tú iad, cuireann siad bac i do threo. Tá cumhacht ag focail; féadfaidh siad daoine a spreagadh nó daoine a bhriseadh.
Taitníonn na scéalta sa Bhíobla liom. Dáiríre. Domsa, is scéalta iad. Ní Dúirt Dia é is mar sin tá sé fíor an argóint anseo. Eitlíonn loighic amach an fhuinneog leis an gcluiche sin. Is breá liom an chaoi inar thosaigh an saol sa scéal le rudaí ag bogadh, rudaí a chruthaíonn fuaim. Ní raibh solas ann go dtí gur chuir ‘Dia’ ainm air is labhair sé.
I dtús báire chruthaigh Dia neamh agus talamh. Fásach folamh ab ea an talamh agus bhí dorchadas ar aghaidh an duibheagáin, agus bhí gaoth Dé ag séideadh os cionn na n-uiscí. Dúirt Dia: “Bíodh solas ann,” agus bhí solas ann – Geineasas 1:1-31
Cineál draíocht ar nós Abrakadabra. Abair é is tá sé ann. Cuir lipéad ar rud agus sin mar a thuigeann daoine é. Cruthaíonn muid réaltacht le focail. Maireann scéalta le teachtaireacht thábhachtach iontu.
Raight. Ná bac le bac agus Scrios bac le fios. Céard eile?
An Réaltacht agus an Ghaeltacht.
Cá thosnaíonn agus cá chríochnaíonn an Ghaeltacht? Cé a tharraing an líne nó na línte? Nuair a théann duine trasna an líne an é nach bhfuil fáilte roimh Gaeilge ansin? Más fíor, in Éirinn, sin feall. Nuair atá iachall ar dhuine Béarla a labhairt, sin feall. Cé a tharraing an líne sa Tuaisceart a scar an tír dóibh siúd a fheiceann an líne agus a chreideann ann. Cén fáth a gcaithimid Northern Ireland a rá? Le bheith béasach? Mar aithníonn an téarma sin impiriúlachas. Tugann sé an bua dóibh siúd a ghoid is a scrios. Thuigfeadh lucht 1916 é sin. Tá níos mó tuiscine ar réaltacht, cothrom na féinne, agus saoirse ag an dream nach bhfeiceann teorainn, nach nglacann leis, is nach gcreideann ann.
Is Gaeltacht í an tír go léir agus níos faide ná sin. Tá Gaeltacht ann in aon áit ina labhraíonn daoine Gaeilge le cion. Cruthaíonn muid ár nGaeltachtaí féin. Is linne an tír ar fad má chreidimid gur linne í. Tá sé sa chloigeann. Mhúin siad dúinn conas caint leo ina dteanga féin is tá cumhacht uafásach ansin. Níl dream eile ag cur bac orainn níos mó. Mhúin siad dúinn conas bac a chur orainn féin. An eochair againn ach muidne anois atá ag cur slabhraí faoi ghlas orainn féin. Éasca é a bhriseach. Ná glac leis an réaltacht a mhúin siad dúinn. Ní le teorainn sa teanga ná sa tír.
An bac is mó ann don Ghaeilge ná go gcreideann an iomarca nach fiú í. Rud a mhúin siad dúinn le impiriúlachas. San domhan bun os cionn againn níor mhaith le daoine iachall a chur ar dhaoine Gaeilge a labhairt in áit a thuiscint go bhfuil siad féin, le gach focal Béarla a thagann astu, ag cuidiú le teanga a mharú, ag déanamh an saol níos deacra dúinne a roghnaíonn saol le Gaeilge agus dóibh siúd ar ghoideadh a n-oidhreacht uathu.
Tabhair aire don Ghaeltacht ag taifeadadh daoine agus ag éisteacht leo agus ag fáil amach céard atá uathu le Gaeilge a choinneáil slán ansin. Ach ná stop ansin. Tuig gur le gach duine an Ghaeilge is fonn ar go leor, leor daoine í a labhairt agus a chloisteáil.
Tuig na comharthaí
Mar atá in Éirinn le Gaeilge níos lú agus cromtha.
Mar atá sa Tuaisceart
Mar ba chóir dó a bheith:
Seo atá acu in Albain. Nach maith sin!
Tost
Maraíonn tost muid. Gan fuaim ná focail, níl tada ann. Ná géill le hiallach. Ná bíodh iachall orainn bheith ar nós gach duine eile. Tuigimid sin. Tuigimid éagsúlacht agus saoirse. Go pointe. I 2015 sracamar anuas teorainn. D’éirigh lenár dtír bheag cearta a bhaint amach do dhaoine aerach. Lean Meiriceá muid ach tháinig sé ón Uachtarán ansin, ní ón bpobal. Rinneamar é le cion is le grá is le tuiscint. Rinneamar é mar b’é an rud ceart é. Tá mé fós chomh bródúil sin as mo thír ag smaoineamh siar air. Éacht.
Ach ní raibh cead ag daoine áirithe bheith páirteach ann. Is daoine mór thimpeall orthu ag blaiseadh saoirse le gliondar, bhí orthu fanacht ina dtost le bheith ‘neodrach.’ Dar le rialacha, ní raibh cead acu bheith polaitiúil. An Reifreann mar chúis bhróid sa tír ar fad ach fiú in áit inar aontaigh chuile dhuine gur mhaith an rud é, bhí cosc ar dhaoine an t-áthas a thaispeáint? Cén sórt domhan é sin? An rud céanna faoi Reifreann na hAlban. Iontach difriúil féachaint ar na meáin in Albain. Bhí an tír beo i gcaoi nach raibh sí beo cheana le daoine lán le dóchas agus fuinneamh. Stairiúil. Ach beag caint air in Éirinn ná anseo. Dochreidthe! Nach maith na sclábhaithe don impiriúlachas muid! Fós i bpríosún ag ceapadh nach bhfuil cead againn caint faoi.
Tuigim na hargóintí. Ní féidir bheith polaitiúil. Ach sin seafóid. Dáiríre. Ní féidir gan a bheith polaitiúil. Céard is ‘polaitiúil’ ann sa chéad áit? Tá baint ag cúrsaí polaitíochta le gach gné den saol. Tá na daoine a deireann nach bhfuil cead bheith polaitiúil, polaitiúil iad féin is ag obair le polaiteoirí go minic. Mar sin tá brí teoranta leis an riail sin Ná bí polaitiúil acu. Línte. Go cruinn, tá siad ag caint faoi taobhanna agus téarmaí. In iriseoireacht go mór, mór.
Ach seo an fhadhb: níl dhá thaobh ann, tá na mílte taobhanna ann. Is tá taobhanna ann nár chóir a mholadh riamh. Ná déan argóint riamh ar son páistí a éigniú. Tuigimid. Ach má thuigimid sin, tuigimid go bhfuil maitheas agus olcas ann. Cé nach n-aontóidh gach duine ar chéard is ceart i ngach cás, tá cásanna ann atá fíorshoiléir. Tóg cearta daonna mar threoir is fág reiligiúin as an gceist is beidh domhan níos fearr againn. Ní féidir le duine ar bith ar domhan gan bheith claonta. Tá ár dtaithí féin againn agus ón dtaithí sin, tuigimid an domhan. Claonta. Ní bheidh rud ar bith foirfe ach ar a laghad ba chóir dó bheith fíreannach agus ón gcroí nó ní fiú é a léamh ná a dhéanamh. Ná géill do theorainn a mhúin daoine dúinn le muid a choinneáil thíos. Ná bíodh muid ag labhairt a dteanga i stíl a mhúin siad dúinn (go béasach ag rá tada) leo siúd a cheapann gur cuid dár ríocht sinn. Ní dhéanann sé maitheas do dhuine ar bith.
Tá línte ann. Cinnte. Ná déan dochar, an treoir anseo. Más múinteoir thú, ná múin rud nach bhfuil oiriúnach do pháistí. Tá saoirse cainte go breá ach, ar son na Déithe, bain daoine ar nós FOX NEWS ón aer mar tá siad ann le cogaigh a thosnú, fuath a scaipeadh, dochar a dhéanamh. Aithin fuath agus dochar agus glaoigh amach iad. Bheith polaitiúil, sin bheith beo agus saor. Tógadh muid le bolscaireacht agus iompúchán. In am dúinn teacht amach ón dorchadas sin. Ár dteacht as an gcloset ar bhealach.
Ná glac le réaltacht nár chruthaigh muid féin, ná cuir teorainn ar an nGaeltacht, agus NÁ fan i do tost mar mhúin siad duit nach raibh sé béasach labhairt amach. Sin bás. Má tá Gaeilge agat, labhair í. Muna bhfuil, seo chugainn 2016 is rud nua le foghlaim againn gach lá. Ar aghaidh linn le bród.
Tír le teanga, tír gan teorainn.
Eolas foilsithe ag Maev Kennedy as Béarla sa Guardian anseo a spreag an blag seo. Tuilleadh eolais ó alt le Elwyn Edwards.
Ait go bhfuil clú agus cáil ar uisce beatha Éireannach Red Breast anois mar ciallaíonn Frongoch Red Breast.
Seo scéal Frongoch, sráidbhaile i gCymru. Fadó i 1897 bhunaigh beirt (Price agus Willis) drioglann ann mar bhí uisce úr milis le fáil ón abhainn Tryweryn is bhí stáisiún traenach gar don áit. Chaith siad £100,000 air is thóg siad tithe do na daoine a bheadh ag obair ann. Bhí siad ag iarraidh uisce beatha den scoth a dhéanamh ann ach faraor níor mhair an gnó i bhfad agus sa deireadh theip orthu. Dúnadh an drioglann i 1910.
Níl mórán le feiceáil i bhFrongoch anois: tithe, siopa, café, scoil, feirmeacha, agus Oifig an Phoist. Níl tada le feiceáil den drioglann. San áit ina raibh sé tá scoil anois: Ysgol Gynradd Bro Tryweryn (Bunscoil Gleann Tryweryn). Tá an staisún traenach dúnta le fada.
Ach i rith an Chéid Chogaidh Domhanda d’úsáid siad an drioglann mar imtheorannú géibheann do phríosúnaigh: Gearmánaigh ar dtús agus ansin, Éireannaigh.
I ndiaidh Éirí Amach 1916 in Éirinn, thóg na Sasanaigh na céadta mar phríosúnaigh go príosúin ar fud ‘An Ríocht Aontaithe.’ Sheol siad 1,836 acu go Frongoch ach go luath lig siad roinnt mhaith acu saor mar bhí na daoine mícheart gafa acu. D’fhan idir 500 – 600 ansin i bhFrongoch.
Seo an Campa Thuaidh de:
Bhí sé fuar agus tais ann agus clábar ar fud na háite. Ach bhí sé i bhfad níos fearr ná an Campa Theas.
Seo an Campa Theas
Bhí an drioglann fuar san oíche agus te sa ló is bhí na príosúnaigh cráite leis na francaigh ann.
Nuair a fuair na príosúnaigh amach gur mharaigh Sasana na daoine a shínigh Forógra na Poblachta i mBaile Átha Cliath, cheap siad go raibh bású i ndán dóibh féin freisin. Ní mar sin a tharla sé.
Idir an dhá champa bhí páirc inar imir na príosúnaigh iománaíocht (an chéad cluiche iománaíochta sa tír?) le foireann ón gCampa Thuaidh in aghaidh foireann ón gCampa Theas.
Nuair a theip ar na Sasanaigh ord a choinneáil ar an gcampa, chuir na príosúnaigh féin ord ar an áit. Ghlac siad lena riail féin. Chuir príosúnaigh aithne ar a chéile, d’fhoghlaim siad óna chéile agus d’oibrigh siad le chéile le saoirse a bhaint amach d’Éirinn. Frongoch an ollscoil dóibh ar bhealach is iad a foghlaim: Terence MacSweeney, J.J. O’Connell, Michael Collins, Arthur Griffith, Arthur Shields (a bhí ina aisteoir i Hollywood níos déanaí) ina measc. Tugtar Ollscoil na Réabhlóide ar an áit anois.
Le teacht go cumhacht Lloyd George chuaigh cuid de na príosúnaigh os comhair na cúirte ach scaoil siad an chuid is mó acu saor roimh Nollaig 1916 is dhún siad an áit mar phríosún ina dhiaidh sin. Lean roinnt mhaith de na príosúnaigh Collins sa throid ar son neamhspleachais ar ais in Éirinn.
Bhí JJ Mulkerns i measc na daoine a cheap go bhfaighfeadh sé bás i bhFrongoch ar dtús. Chaill sé fiacail ann ó fhiaclóir gan trócaire ceart go leor ach níor chaill sé a shaol. Mhair sé leis an leasainm Rajah of Frongoch. Scaoileadh ó Frongoch é ach bhí sé ar ais i bpríosún idir 1920-21 in Éirinn i mBaile Coinnleora tar éis an chéad Bloody Sunday. Bhí sé ar buile faoin gcaoi inar choinnigh an Eaglais bhunúsach greim ar an tír tar éis dó féin is a chairde saoirse a bhaint amach. Tuige nach mbeadh sé. Fuair JJMulkerns bás i 1956 ach seo muid fós i 2015 ag fanacht ar shaoirse ó ghreim na hEaglaise.
grma le @Ireland2016
Ní raibh ‘fhios ag formhór de na daoine i bhFrongoch faoi a tharla ann fadó go dtí le déanaí. Is cuimhin le duine i bhFrongoch, John Roberts, gur cheannaigh sé leabhair do Michael Collins fadó le Cymraeg a fhoghlaim. Bhí sé 16 ag an am. Tá scéal faoin ngarda a bhí sean is traochta a bhí air dul amach ag siúl leis na príosúnaigh. Bhí sé chomh tuirseach traochta sin gur iompaigh na príosúnaigh a ghunna ar ais dó.
Mrs. Brown i bhFrongoch! ó Caffi Frongoch
Is 2016 beagnach linn, tá daoine i bhFrongoch ag pleanáil conas 1916 a chomóradh. Iarsmalann beag a chur le chéile b’fhéidir. Is beag meas atá ag daoine i bhFrongoch ar an rialtas i gCardiff. Labhraíonn siad Cymraeg agus tá siad bródúil as a náisiún féin. Mar sin, ba mhaith leo rud maith a dhéanamh do na hÉireannaigh a bhí ag iarraidh saoirse a bhaint amach fadó. Nach maith sin. Cymru. Comhaltas. Is fiú gloine Red Breast don smaoineamh sin. Sláinte agus lechyd da!
Tabhair cuairt ar shuíomh Frongoch arlíne anseo.
Clár ag TG4 faoi
1.
2.
3.
4.
Liricí ag teacht, a chairde. Go leor, leor le déanamh agam inniu. Meitheal
Foislsithe ar dtús ar Facebook ag Conradh na Gaeilge
Listen to Ed Sheeran singing in Irish and try to sing along. These approximations of pronunciations may help some people who want to learn more of the language.
BTW If you are a complete beginner and want to learn a simple way to read and speak the Irish language, please explore Lesson 1
Here’s how I arranged each line of the song in four parts
Line 1: Correct Irish
Line 2: Approximate sound
Line 3. Word for word translation
Line 4. Translation
1.
Nuair is léir nach seasann do chosa níos mó.
Noor is layr noch shasun du chusa nees moh.
When it’s clear that don’t stand your feet any more.
When it’s clear that your feet can’t satnd any more.
Is nach leanann do shúil’ mar a bhíodh.
Is noch lanun du hool mor a veeuch.
And not follow your eyes as it used to be.
And your eyes can’t follow are they used to.
An mbeidh teacht ar do bhéilín ar bhlaiseadh mo ghrá?
On my tyocht er du vayleen er vlosheh mu ghraw
Will be able to get your little mouth on taste (of) my love
Will your little mouth be able to get the taste of my love?
An mbeidh d’aghaidh ag fógairt d’aoibh?
On my dy eg foh-guirt deev
Will be your face proclaiming your smile
Will your face be proclaiming your smile?
2.
A stóirín, beidh mé ag fanacht leat féin go seachtó naoi.
A store-een by may eg fonucht lat fayn gu sochtoh nee
Oh dearest, will I at staying with you self till seventy nine
Oh dearest, I’ll be staying with you (yourself) until (you’re) 79.
A leana, is tú an duine dom fiú ag fiche trí.
A lana is too on dih-ne dum few eg fih-he tree
Oh baby, are you the person to me even at twenty three
Oh baby, you are the person for me even at twenty three.
Tá mé ag rá leat.
Taw may eg raw lat
Am I at saying with you.
I am telling you.
Curfá 1
Go dtiteann daoine i ngrá gan aon chúis, ná haon bhrí.
Gu ditun deenu i ngraw gon ayn choosh naw hayn vree
That fall people in love without any cause nor any reason.
That people fall in love with no cause nor any reason.
B’fhéidir gan ach buille ar lámh.
Bayjur gon och bwile er lawv
Maybe without but hit on hand
Maybe with just a touch of a hand.
Titim féin i ngrá leat arís is arís.
Titum fayn i ngraw lat ureesh is ureesh
Fall-I in love with you again and again
I fall in love with you again and again.
Tá rud ar intinn agam le rá.
Taw rud er inchin ogum le raw
Is thing on mind at me with say
There’s something on my mind [I need] to say.
3.
Bí liom ann.
Bee lum on
Be with me there.
Be with me there.
Féadfaidh tú mé a thógáil anocht.
Fayd-hee too may a hohgawl unucht
Can-will you me to take tonight
You can take me tonight.
Ó, luigh liomsa faoin solas ón oíche gheal.
Oh lee lumsu fween sulos ohn eehu yal
Oh lie with me under-the light of-the night bright
Oh, lie with me under the light of the bright night.
Éist le buillí mo chroí ar m’ucht.
Aysht le bwillee mu chree er mucht
Listen with beats my of- heart on my chest
Listen on my chest to the beat of my heart.
Ag smaoineamh os ard. A leana.
Eg smweenuv ohs ord a lana
At thinking from high Oh baby
Thinking out loud. Oh baby.
Fuair muid neamh anseo ar domhan.
Foor mwid nyav onshu er dowun
Found we heaven here on earth
We found heaven here on earth.
4.
Nuair atá mé níos sine is ag briseadh go mall.
Noor a-taw may nees shi-ne is eg brishu gu mol
When that is me older agus at breaking at slow
When I am older and slowly falling apart.
Dearmad déanta ar m’ainm arís.
Jarmud jayntu er manim ureesh
Forgot made on my-name again
I’ve forgotten my name again.
Gan mo lámh in ann don mhéid céanna.
Gon mu lawv in on dun vayd caynu
Without my hand able to the amount same
My hand not up to the same tasks.
Ó, is tú a bheidh fós i mo chroí.
Oh is too a vy fohs i mu chree
Oh is you that will be still in my heart
Oh, you’ll still be in my heart.
5.
Beidh tú liomsa is mise leatsa go deo, mo chroí.
By too lumsa is mishu latsu gu joe mu chree
Will be you with me and I with you to forever my heart
I’ll be with you and you with me forever, my love.
Tú le feiceáil gach oíche i mo bhrionglóidí.
Too le fekawl goch eehu i mu vringlohjee
You with seeing every night i my dreams
You’ll be [seen] in my dreams every night.
Tá mé i ngrá leat.
Taw may i ngraw lat
Am i in love with you
I am in love with you.
Curfá 2
Go dtiteann daoine i ngrá gan aon chúis, ná haon bhrí.
Gu ditun deenu i ngraw gon ayn choosh naw hayn vree
That fall people in love without any cause nor any reason.
[It’s] That people fall in love with no cause nor any reason.
B’fhéidir go mba chuid é den phlean.
Bayjur gu ma chid ay den flan
Maybe that was part it of-the plan
Maybe it was part of the plan.
Mise agus tusa le chéile go deo.
Mishu ogus tusu le chaylu gu joe
Me and you with together that forever
Me and you together forever.
Ag glacadh go mbeidh tuilleadh ar lean.
Eg glocu gu my tilu er lan
At acceot that will-be more on follow
Accepting that more with follow.
Ó, bí liom ann.
Oh bee lum on
Oh be with me there.
Oh, be with me there.
6.
Féadfaidh tú mé a thógáil anocht.
Fayd-hee too may a hohgawl unucht
Can-will you me to take tonight
You can take me tonight.
Ó, luigh liomsa faoin solas ón oíche gheal.
Oh lee lumsu fween sulos ohn eehu yal
Oh lie with me under-the light of-the night bright
Oh, lie with me under the light of the bright night.
Éist le buillí mo chroí ar m’ucht.
Aysht le bwillee mu chree er mucht
Listen with beats my of- heart on my chest
Listen on my chest to the beat of my heart.
Ag smaoineamh os ard. A leana.
Eg smweenuv ohs ord a lana
At thinking from high Oh baby
Thinking out loud. Oh baby.
Fuair muid neamh anseo ar domhan.
Foor mwid nyav onshu er dowun
Found we heaven here on earth
We found heaven here on earth.
A leana, fuair muid neamh anseo ar domhan. X 2
A lana, foor mwid nyav onshu er dowun
Oh baby, found we heaven here on earth
Oh baby, we found heaven here on earth.
Foilsithe ar dtús ar Facebook ag Conradh na Gaeilge
Liricí
1.
Nuair is léir nach seasann do chosa níos mó.
When it’s clear that your feet can’t satnd any more.
Is nach leanann do shúil’ mar a bhíodh.
And your eyes can’t follow are they used to.
An mbeidh teacht ar do bhéilín ar bhlaiseadh mo ghrá?
Will your little mouth be able to get the taste of my love?
An mbeidh d’aghaidh ag fógairt d’aoibh?
Will your face be proclaiming your smile?
2.
A stóirín, beidh mé ag fanacht leat féin go seachtó naoi.
Oh dearest, I’ll be staying with you (yourself) until (you’re) 79.
A leana, is tú an duine dom fiú ag fiche trí.
Oh baby, you are the person for me even at 23.
Tá mé ag rá leat
I am telling you
Curfá 1
Go dtiteann daoine i ngrá gan aon chúis, ná haon bhrí.
That people fall in love with no cause nor any reason.
B’fhéidir gan ach buille ar lámh.
Maybe with just a touch of a hand.
Titim féin i ngrá leat arís is arís.
I fall in love with you again and again.
Tá rud ar intinn agam le rá.
There’s something on my mind [Ineed] to say.
3.
Bí liom ann.
Be with me there.
Féadfaidh tú mé a thógáil anocht.
You can take me tonight.
Ó, luigh liomsa faoin solas ón oíche gheal.
Oh, lie with me under the light of the bright night.
Éist le buillí mo chroí ar m’ucht.
Listen on my chest to the beat of my heart.
Ag smaoineamh os ard. A leana.
Thinking out loud. Oh baby.
Fuair muid neamh anseo ar domhan.
We found heaven here on earth.
4.
Nuair atá mé níos sine is ag briseadh go mall.
When I am older and slowly falling apart.
Dearmad déanta ar m’ainm arís.
[And] I’ve forgotten my name again.
Gan mo lámh in ann don mhéid céanna.
My hand not up to the same tasks.
Ó is tú a bheidh fós i mo chroí.
Oh, you’ll still be in my heart.
5.
Beidh tú liomsa is mise leatsa go deo, mo chroí.
I’ll be with you and you with me forever, my love.
Tú le feiceáil gach oíche i mo bhrionglóidí.
You’ll be (seen) in my dreams every night.
Tá mé i ngrá leat.
I am in love with you.
Curfá 2
Go dtiteann daoine i ngrá gan aon chúis, ná haon bhrí.
[It’s] That people fall in love with no cause nor any reason.
B’fhéidir go mba chuid é den phlean.
Maybe it was part of the plan.
Mise agus tusa le chéile go deo.
Me and you together forever.
Ag glacadh go mbeidh tuilleadh ar lean.
Accepting that more with follow.
Ó, bí liom ann.
Oh, be with me there.
6.
Féadfaidh tú mé a thógáil anocht.
You can take me tonight.
Ó, luigh liomsa faoin solas ón oíche gheal.
Oh, lie with me under the light of the bright night.
Éist le buillí mo chroí ar m’ucht.
Listen on my chest to the beat of my heart.
Ag smaoineamh os ard. A leana.
Thinking out loud. Oh baby.
Fuair muid neamh anseo ar domhan.
We found heaven here on earth.
A leana, fuair muid neamh anseo ar domhan. X 2
Oh baby, we found heaven here on earth.