Thosaigh mé ag fiosrú an t-ainm Sullivan ar maidin nuair a d’fhoghlaim mé go raibh aintín le m’fhear céile pósta le Sullivan a bhí ag obair ar an Srath Bán mar mháinlia. Dúradh go raibh aithne mhaith aige ar na daoine a bhí páirteach sna Trioblóidí ón dhá thaobh mar bhí air iad a chur le chéile arís nuair a bhí siad gortaithe. Beidh Sullivan eile (scoláire Fulbright) ag teacht le múineadh ag an Deireadh Seachtaine Gaeltachta againn is mar sin tá mé fiosrach anois faoin ainm.
Muidne na Gaeil anseo, bímid ag iarraidh rudaí a cheangail le chéile. Faraor, tá Charlie Sullivan, máinlia ar an Srath Bán, is a bhean chéile imithe ar shlí na fírinne anois is b’fhéidir roinnt mhaith eolais faoin fhírinne imithe leo mar ní bhfuair mé tada fós faoi. Fágfaidh mé faoinár scoláire Fulbright a scéal féin a insint nuair a thagann sé.
Ach, is mé ag cuardach Sullivan arlíne faoi, tháinig mé ar scéal Sullivan eile. Bhí mé ag breathnú ar Seachtar na Cásca inné is thug mé faoi deara an Union Jack thar Ardoifig An Phoist. Chuir sé isteach orm. Mar a chuireann mapaí le líne ag gearradh trí mo thír mar theorainn, nó le dath eile sa Tuaisceart, nó le folús in áit Tuaisceart nó Deiseart isteach orm. Neamhní. Ní hea: folaithe. In am dúinn gan damhsa thar na téarmaí seo. In am dúinn a rá gan eagla gur linne ár dtír.
Níos déanaí sa chlár is an fórógra léite, d’fhéach duine suas is bhí Bratach na hÉireann ann in áit an Union Jack. Tháinig bród orthu. Is ormsa. Is thuig siad is mise go raibh bua ansin. D’éirigh leo a mbratach féin a bheith le feiceáil ina dtír féin. Seans nach raibh ‘fhios ag cuid acu an mbeadh aon tortha eile dearfach ar an Éirí Amach. Ar a laghad, bhí an bua seo acu. Domsa, léirigh sé an méid a bhí bainte ó mhuintir na hÉireann. Nach raibh cead a siombal féin, Bratach na hÉireann, a thaispeáint ann roimhe seo. Bhí ar dhaoine bás a fháil fiú le rud mar sin a dhéanamh.
Scéal agam anois faoin bhfear a chroc Bratach na hÉireann ansin an lá sin.
Gearóid O’Súilleabháin
Rugadh Gearóid Ó Súilleabháin ar an 28 Eanáir 1891 is fuair sé bás ar an 25 Márta 1948.
Múinteoir bunscoile, Gaeilgeoir, dlíodóir, polaiteoir & an fear a d’ardaigh Bratach na hÉireann thar Ardoifig An Phoist: is cuid de scéal 1916 é.
Rugadh i gCúil na nGarrán, in aice leis An Sciobairín i gCorcaigh. Thug a thuismitheoirí Jeremiah ar a gceathrú mac, ach i rith a shaol thug daoine Gearóid air. Bhí sé go maith ag an mbunscoil is sheol siad go Daniel Duggan’s Intermediate & University School san Sciobairín ina dhiaidh. Is ansin a bhuail sé le James Duggan, ball de Sinn Féin agus cara le col ceathrar Ghearóid: Mícheál Ó Coileáin.
Mhol Duggan dó bheith ina bhall de Chonradh na Gaeilge nuair a bhí Gearóid 10 mbliana d’aois. Sin a rinne sé. Is léir go raibh grá don teanga sa teach. I 1911 is athair Ghearóid (Micheál) ag líonadh isteach an daonáireamh, is as Gaeilge a líon sé isteach é.
Is an méanscoil críochnaithe aige, rinne Gearóid mar a rinne mé féin. D’fhreastal sé ar Choláiste Oiliúna le bheith ina mhúinteoir bunscoile. Cosúil liomsa, thosaigh sé ag múineadh is é 19. Mhúin sé i gCorcaigh agus i mBÁC. Is ansin a thosaigh sé ag obair le Conradh na Gaeilge, Craobh an Chéitinnigh [Scéal eile as seo amach faoi Mháire Ní Chinnéide ón gCraobh seo].
Chuaigh Gearóid ar fud na cathrach ag múineadh Gaeilge do bhaill an Gaelic League. Ag an am céanna bhí sé ag déanamh an H.Dip san Oideachas is ag traenáil le Óglaigh na hÉireann (H. Dip. san Oid agamsa ach baint ar bith le Óglaigh na hÉireann). B’ é a chuir tús leis an scrúdú i líofacht sa teanga le fáinne a bhaint amach. Chuir sé aithne ar a chol ceathrar Mícheál Ó Coileáin arís nuair a tháinig Micheál go Conradh na Gaeilge i 1916.

San Éirí Amach bhí Gearóid 25 bliana d’aois, an t-oifigeach IRB ab óige ann, ina aide-de-camp do Shéan Mac Diarmada. B’é Pádraig Mac Piarais a d’iarr air Bratach na hÉireann a ardú. An chéad bua, is dócha. Siombal fíorthábhachtach. Dóchas.

I ndiaidh an Éirí Amach seoladh go Frongoch i gComraí (Cymru) é le go leor príosúnaigh eile. Bhí Mícheál Ó Coileáin ann leis agus ba dhlúthchairde iad. Chabhraigh Gearóid le Micheál le feabhas a chur ar a chuid Gaeilge agus threoraigh sé é le foghlaim faoi litríocht agus béaloideas Ceilteach.
Nuair a scaoileadh ó Frongoch iad, chuaigh Gearóid ar ais ag múineadh ach freisin bhí sé páirteach leis na hÓglaigh (an IRA i 1919). Cuireadh i bpríosún i bPríosún Mhuinseo mar gheall ar seo ach chuaigh sé ar stailc ocrais go dtí gur scaoil siad amach é.
Is Mícheál Ó Coileáin ag caint faoi, d’úsáid sé George mar nom de guerre dó. D’éirigh le Gearóid mar Leiftenantghinearál san Arm Náisiúnta nua. Chaith sé seal ina dhiaidh mar TD le Sinn Féin.
Bhí sé pósta le Maude Kiernan, deirfiúr le Kitty Kiernan. Bhí sé ceapaithe pósadh dúbailte a bheith ann: Gearóid le Maude agus Michéal le Kitty ach níor mhair Michéal an Cogadh. Bhí Kitty ag bainis Maude is Gearóid ach í fós faoi bhrón.
I ndiaidh an Chogaidh Chathartha chuaigh sé ag staidear arís le bheith ina dhlíodóir. D’éirigh leis is bhí post maith aige. Bhí mac is triúr íníon acu nuair a fuair Maude bás is í 40 (Galar Bright). Ina dhiaidh sin, phós Gearóid arís le Mae Brennan ó Bhéal Feirste.
Fuair Gearóid bás ar Aoine na Cásca, 32 bliain go díreach i ndiaidh 1916. Bhailigh na mílte sa chathair le slán a rá lena chónra, clúdaithe le Bratach na hÉireann, a chuaigh thar Ardoifig An Phoist don uair dheireanach. Tá sé curtha i Reilig Ghlas Naíon.
Cheap mé go raibh deireadh leis an scéal anseo. Ach ní raibh bratach amháin thar Ardoifig An Phoist an lá sin. Bhí bratach eile ann is duine eile a chur ann é.
Eamon Bulfin

B’é Eamon Bulfin, a rugadh i mBuenos Aires i 1892 a d’ardaigh an bhratach seo.

D’aistrigh William Bulfin (athair Eamon Bulfin) ó Bhiorra (King’s County fadó, Uíbh Fháilí anois) go dtí an Airgintín nuair a bhí sé 20 bliana d’aois. Scríbhneoir, & úinéir The Southern Cross. Ba chara le Arthur Griffith é William. Chabhraigh sé go mór le Sinn Féin a bhunú. Sheol William airgead abhaile le cabhrú le Scoil Éanna freisin.
Nuair a d’fhill William lena bhean chéile Anne O’Rourke go hÉirinn i 1909, bhí páistí acu: Eamon agus Catalina. Bhí an-díomá ar Griffith nuair a fuair William bás bliain ina dhiaidh i 1910 mar bhí Griffith ag súil go dtosnódh a chara páipéar laethúil do Shinn Féin.
D’fhreastal an mac Eamon (17), ar Scoil an Phiarsaigh i 1909, is chabhraigh sé le Pádraig leis na páistí beaga sa scoil. I 1908 d’fhreastal sé ar Ollscoil BÁC. Bhí sé go maith ag iománaíocht, ina bhall den CLG, agus ina chaptaen ar chomplacht d’Óglaigh na hÉireann.
I 1916 chabhraigh sé le Pádraig Piarais gunnaí agus airm a chur i bhfolach san íoslach i Coláiste Naomh Éanna. Ag Éirí Amach na Cásca bhí Eamon le Pádraig Piarais ag Ardoifig An Phoist.
D’iarr Séamas Ó Conghaile ar Sheán T. Ó Ceallaigh bratacha a fháil ó Halla na Saoirse. Nuair a tháinig Seán T. ar ais leo dúirt an Conghaileach le beirt leads ann iad a ardú. Ba iad Gearóid Ó Súilleabháin agus Eamon Bulfin an bheirt sin. D’ardaigh Eamon an bhratach leis na focail Irish Republic uirthi.

Daoradh chun báis Eamon ach os rud é gur rugadh sa Airgintín é, níor mharaigh siad é. Bhí trioblóid go leor ag na Sasanaigh leis na hoileáin Malvinas (nó Falklands mar a thug Sasana orthu). Sheol siad ar ais go dtí an Airgintín é. Chuir siadsan i bpríosún é ach scaoileadh saor é i 1919. Faoin am sin in Éirinn bhí an bua ag Sinn Féin sa todhcán. Scríobh Eamon de Valéra chuig Bulfin i mí Bealtaine agus cheap sé mar Chonsal na hÉireann san Airgintín é.
Sheol Eamon airgead is airm abhaile go hÉirinn nuair a d’fhógair Sasana go raibh Pairlimint na hÉireann neamhdhleathach. I 1920 todhadh Eamon mar chathaoirleach ar Chomhairle Chontae King’s County, fiú is é fós san Airgintín. B’é an chéad rud a rinne siad ná d’aithrigh siad an t-ainm ó King’s County go Uíbh Fháilí. Ceacht anseo, a chairde! Faigh réidh le gach ainm Royal nó King nó Queen nó a leithéid d’ainm atá fágtha againn sa tír seo i 2016. Ag na cruinnithe in Uíbh Fháilí bhí cathaoir Eamoin folamh ach bratach na hÉireann air!
I 1922, is an tír (nó an Deisceart ar a laghad) saor, bhí Eamon Bulfin in ann teacht abhaile go Biorra. Is ansin a bhfuair sé bás i 1968.
Bhí a dheifiúr, Catalina, ina rúnaí d’Austin Stack (1880-1929). Phós Catalina Seán MacBride, fear a bhuaigh an Duais Nobel. Ball don IRA, Seán. Ball freisin d’Amnesty International nuair a bhunaíodh ar dtús é. Fuair Catalina MacBride bás i 1976 is tá sí curtha i Reilig Ghlas Naíon.
Ná déan dearmad ar na mná!
Seo Molly O’Reilly

Roghnaigh Séamas Ó Conghaile í le bratach a ardú thar Halla na Saoirse.

Chuaigh Molly go Halla na Saoirse ar dtús le rince a fhoghlaim. Is ansin a chuala sí Séamas Ó Conghaile ag caint. Is daoine glasáilte amach i 1933 thóg sí teachtaireachtaí ó na daoine ar stailc go Séamas.
Bhí sí i measc na mná a thóg teachtaireachtaí ó Halla na Cathrach agus Ardoifig an Phoist. Ní raibh ‘fhios ag a hathair a bhí dílis don impireacht faoi a rinne sí ar son saoirse na hÉireann.
Seán Ó Conghaile

Is bhí Bratach eile ann. Bhí Seán Ó Conghaile ag iarraidh bratach a ardú os cionn Halla na Cathrach nuair a maraíodh é. An chéad duine de na hÓglaigh le bás a fháil. Rinne an dochtúir Kathleen Flynn iarracht é a shábháil ach níorbh fhéidir.