Lá na Máthaireacha Sona. Nó Lá na Máthar Sona?
Tháinig an fhéile álainn seo chugainn ó Anna Jarvis (síochánaí), bail ó na Déithe (baineann, ar ndóigh) uirthi. Bhí sí ag iarraidh go mbeadh Lá na Máthar aitheanta i Meiriceá ó 1905, an bhliain ina bhfuair a máthair féin bás. Ach ní raibh sé éasca.
B’fhiú go mór an troid. Síochánaí ab ea í Ann Jarvis (máthair Anna) agus banaltra a thug aire do shaighdiúirí (in ainneoin cén taobh inar throid siad) sa chogadh cathartha. Bhunaigh sí clubanna ‘Lá na Máthar’ le caint a dhéanamh ar chúrsaí sláinte don phobal ar fad. Bhí a hiníon, Anna, ag iarraidh ómós a thabhairt don obair a rinne a máthair agus leanúint ar aghaidh leis an obair sin.
I 1908, rinne Comhdháil SAM magadh faoin iarratasa rinne Anna le Lá Náisiúnta Lá na Máthar a bhunú. Dúirt siad, dá mbeadh lá speisialta do mháthair ann, bheadh lá eile de dhíth don Mháthair Chéile! Samhlaigh gnéasachas agus gáire sotalach maslach anseo. Ach níor lig Anna don aineolas gránna seo an lámh in uachtar a fháil.
I 1908 bhí ceiliúradh cuimhnitheacht aici dá máthair i séipéal i Virginia Thiar. B’shin tús oifigiúil leis an lá speisialta do na máithreacha. I 1910 bhí Lá na Máthar oifigiúil i Virginia Thiar, stát Anna í fhéin. I 1911 bhí chuile Stát ag ceiliúradh an lá ach gan é a bheith oifigiúil i roinnt mhaith acu. I 1914 agus Anna fós ag obair go dian le aitheantas oifigiúil a bhaint amach don lá, d’fhógair an tUachtarán Woodrow Wilson, go mbeadh an dara Domhnach i mBealtaine aitheanta mar lá náisiúnta le onóir a thaispeáint do mháithreacha. Bhí an bua aici.
Lá na Máthar a bhí i gceist ag Anna, ní Lá na Máithreacha. Agus sin a d’fhógair Wilson. Bhí Anna ag iarraidh go mbeadh an lá pearsanta. Ba chóir do gach clann rud éigin pearsanta a dhéanamh dá máthair féin. Cártaí a tharraingt, ní a cheannach. Nó litreacha a scríobh. Mar sin scríobh siad Mother’s Day agus ní Mothers’ Day sa Bhéarla ar an lá.
Bíonn daoine ar fud an domhain ag ceiliúradh Mother’s Day na laethanta seo ach ní ar an dáta céanna i ngach tír. Bhí tíortha áirithe ann ina raibh nós cosúil leis seo acu cheana féin. Shocraigh tíortha eile ina raibh cumhacht láidir ag Eaglais iontu ar dháta a roghnú le ciall faoi leith aige ar a bhféilire féin. Ina measc, Éire. An ceathrú Domhnach sa charghas a roghnaigh an Eaglais (iad le cumhacht) d’Éirinn agus do chúig áit eile: an Nigéir, an Ríocht Aontaithe, Geansaí, Geirsí, agus Oileán Mhanann.
Ach bhí an bua ag Anna lena rogha don dara Domhnach i mBealtaine mar sin an lá in úsáid ag formhór na tíre ar an domhan (86 acu) anois.
Ar aon nós, cibé áit ina bhfuil tú is cibé dáta atá agat le Lá na Máthar a cheiliúradh (scar Stát & Eaglais, leads, mar níl meas ar bith acu ar na mná), bíodh sé pearsanta agus ó chroí.
Lá na Máthar Sona. Níl an jab éasca mar sin roinn grá mór inniu más féidir.