Bhí sé i gceist agam dul go Baile na gCros agus Ráth Chairn an uair seo is mé sa bhaile ach, faraor, ní raibh an t-am agam. Bhí sé níos tábhachtaí am a chaitheamh le Daid. Mar sin, is mo shaoire beagnach thart, thug mé cuairt ar an dteach altrannais arís.
Am lóin, bhí mé ag an mbord le Daid ag tabhairt cúnamh dó is é ag ithe. Bhí mná eile ag an mbord: An tSiúr Magdalene, siúr eile, agus altra. Bhí duine de na siúracha buartha agus ag glaoch amach. Rinne mé iarracht caint léi go bhféadfainn aird a tharraingt ar rud éigin eile di go bhfaighfeadh sí sos beag ón imní. Níor éirigh rómhaith liom.
Bhí an altra ag breathnú ar a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh.Bhí sí tar éis mo chomhrá le Daid as Gaeilge a chloisteáil freisin. Labhair Gaeilge leis an tSiúr Magdalene, a mhol sí dom. Tá Gaeilge álainn aici. Bhí ionadh orm is d’fhan mé i mo thost ag smaoineamh. Mar sin, bhí ar an altra féin tús a chur leis an seift ab fhearr le sásamh a thabhairt don bhean ar mo thaobh. Abair Mise Raifteirí, ar sí leis an tSiúir Magdalene agus, right enough, dúirt an tsiúr an dán gan stró, cé go raibh deacrachtaí aici sa Bhéarla.
Mary Murray an altra a bhí ann is bhí mé fiosrach fúithi agus faoi na siúireacha. Ní bheadh seans agam níos mó a fháil amach faoi na siúracha an uair seo ach lean Mary mé ar ais go sheomra mo Dhaid nuair a bhí an lón thart le cúnamh a thabhairt dó ansin. Cén chaoi ar smaoinigh tú ar Mise Raifteirí? ar mé léi. Dheara, bhí Gaeilge againne sa bhaile. Ag gach duine ann. Tógadh le Gaeilge sinn, ar sí. Bhuel, sin scéal! Cérbh iad agus cá bhfuil siad? Chuardaigh mé fógraí i nuachtáin. Tháinig mé ar seo:
Ach bhí Mary beo is líofa is ag caint liom faoina saol le Gaeilge i lár na tíre.
Gaeilge san Iarmhí: Dealbhna, An Díseart …
Scéalta Mháire:
Níl Mary níos sine ná mé féin. Déarfainn go bhfuil sí níos óige ná mé. Nuair a bhí máthair Mhary ag fás aníos i Maigh Eo, bhí siad sé mhíle ó Chonga. D’obrigh a máthair i gCaisleán Ashford. Blianta ina dhiaidh sin, thug sí cuairt ar an óstán is chuir siad fáilte is fiche roimpi. Tá cónaí ar Éamon Ó Cuív anois sa teach ina mbíodh cónaí ar mháthair Mhary.
Tá dearthaireacha ag Mary. Ceathrar acu. Duine acu, Pádraig Breatnach i nDealbhna agus Gaeilge den scoth aige is grá mór aige fós don teanga.
Bhí ar roinnt de na daoine a tháinig ó Mhaigh Eo go Co. na hIarmhí dul go Sasana nuair a bhí siad óg ach tháinig cuid acu ar ais. Téann daoine ar ais ar cuairt go rialta go Cor na Móna, a d’inis Mary dom.
B’ é athair Éamonn Lawlor, an fear a bhíodh ag léamh an nuacht ar RTÉ a mhúin Mary is a dearthaireacha is iad ar scoil i nDíseart. Ciarraíoch a bhí ann agus ní raibh ach Gaeilge as Ciarraí ceart, dar leis. Mar sin bhíodh ar mháthair Mhary dul go dtí an scoil go minic le gearán a dhéanamh nach raibh an múinteoir ag glacadh leis an nGaeilge álainn ó Mhaigh Eo a bhí ag a clann. Tógadh le Gaeilge iad ar fad mar a thógadh neart daoine a tháinig ón iarthar le Gaeilge transa na tíre.
Bhí fear uasal amháin, is cuimhin le Mary, Máirtín Ó Cinéide agus ní raibh ach Gaeilge aige. Níor labhair sé Béarla ar chor ar bith, a dúirt Mary liom. Fuair a bhean chéile bás is í a saoladh linbh. Bhí ar Mháirtín cúigear gasúr agus beirt chailín a tógadh leis féin. Ach más leis féin a deirtear, tháinig an pobal go léir le chéile le cúnamh a thabhairt dó. B’shin an chaoi a raibh sé ansin. Ar scáth a chéile.
Mar a chuimhníonn Mary air, tháinig b’fhéidir seacht nó ocht theaghlach de chainteoirí dhúchasacha ó Chor na Móna in aice leis An Teach Dóite go Díseart san Iarmhí. Tháinig b’fhéidir 13 theaghlach eile go Dealbhna. Chuaigh cainteoirí go Dún Búinne, Cill Choca, agus Baile Alain freisin. Chabhraigh na grúpaí seo ar fad go mór lena chéile. Is cuimhin le Mary mar a bhailigh siadnle chéile, ag labhairt Gaeilge mórthimpeall ar choca féir.
I 2003 d’eagair siad teacht le chéile leis an bhliain stairiúil, 50 bliain ó d’fhág siad Maigh Eo, a chomóradh. Béile ag óstán i mBaile Áth Buí mar chuid den chomóradh ach bhí fadhb acu. Ní raibh spás go leor ag an óstán dóibh mar tháinig os cionn 200 go dtí an ócáid.
Bhí ‘fhios agam go raibh daoine a tháinig ón iarthar ag Loch Ainninn ag an Muileann gCearr. Bhí ‘fhios agam freisin ó na focail a bhí thart orainn is muid ag fás aníos nach Galltacht ar fad a bhí thart orm. Bhí Gaeilge thart, ní hamháin sna logainmneacha ach sa chaint go nádúrtha, go minic i ngan ‘fhios dúinn féin. Mhínigh an scéal a chuala mé ó Mháire go leor. Chuir sé leis an bpictiúr den tír atá agam féin: tír gan teorainn. Tír ina bhfuil Gaeilge i ngach uile contae is a bhí le fada.
Bhí orm imeacht. Ní fheicfinn arís í an tráth seo. Féadfaidh tú é a Ghoogláil ar sí liom. Chuaigh mé abhaile is thosaigh mé ag cuardach. Seo a fuair mé:
Trasna na Tíre
Tá ‘fhios ag daoine faoi Ráth Chairn agus an Ghaeltacht ann. Ba ó Chonamara an chuid is mó a tháinig go Ráth Chairn sna 30dí. Tháinig go leor daoine ón iarthar ag an am go Baile an Bheoleogaigh, An Riasc, Áth Cairn, Damhliag, Ráth Faithe, agus Teamhair. Is thóg siad Gaeilge leo. Ní raibh sé éasca don chéad grúpa seo ach choinnigh siad le chéile agus maireann an cultúr go dtí an lá inniu.
Sna tríochaidí agus na ceathrachaidí bhog daoine eile ón iarthar go Cill Dara agus An Uaimh. Tá Mayo Road ann fós mar gheall ar an méid daoine ó Mhaigh Eo a bhí ina gcónaí ann. Ach go dtí an lá inniu, ní raibh ‘fhios agam go raibh daoine a labhair Gaeilge sa bhaile mórthimpeall orm san Iarmhí freisin.
Ar an Satharn, Aibreán 6 i 1940, d’fhág 24 teaghlach An Fhairche, An Chloch Bhreac agus Cor na Móna le dul go Baile Alain i Co. na Mí.
Bhí Coimisiún na Talún in Éirinn ag roinnt talún san iarthar ó na tríochaidí agus ag ceannach talún san oirthear agus i lár na tíre. Bhog siad daoine ó Mhaigh Eo go Co na Mí agus Co na hIarmhí ag tosnú in Aibreán 1951. D’aistrigh Teaghlach Uí Niaidh ó Choire Dháibhéad, Cillín na Trionóide go Damhliag i gContae na Mí. Ansin i 1953 bhog Muintir Uí Chadhain ón Aill Mhór from Aillemore to Baile an Rátha, Baile an Cheantaigh, Co na Mí.
Pic ó An Choinneal 2009
Thóg siad gach a bhí acu leo: beithigh, madraí, capaill, bagáiste go dtí an crosbhóthar Meiriceánach i gCillín. Uaidh sin, chuaigh siad ar leoraithe is i mbusanna go dtí an taobh eile den tír. Thóg siad Gaeilge leo. Bhí idir óg agus aosta san áit ag caoineadh an lá d’fhág siad Maigh Eo. Thóg siad a sloinnte leo freisin: Ó Niadh, Mac Aodhagáin, Standún, Mac Daibhéid, Ó Máille, Ó Grádaigh, Mac Pilib. Thóg siad saibhreas cultúrtha leo chomh maith cé go raibh croíthe briste i Maigh Eo ina ndiaidh. Ach thaisteal siad ar ais go minic sa chaoi nach ndéanfadh siad dearmad ar cé as a tháinig siad.
Is cuimhin le daoine mar a d’fhág siad slán ag an scoil náisiúnta, bheith ag caoineadh ar an mbealach fada (ocht uair a chloig) go dtí a mbaile nua.
Scoil Náisiúnta, Cill an Dúin, Pic ó An Choinneal 2009
Chaill Maigh Eo daoine ó Bhoth Chomhla, Coillte Mach, Béal an Mhuirthead, Béal Átha na Muice agus Caisleán an Bharraigh. Neart acu (30 theach nó mar sin) lonnaithe i nDamhliag nach bhfuil i bhfad ó Bhaile Átha Cliath.
I Márta 1955 bhog Coimisiún na Talún go leor teaghlaigh eile ón tSraith Bhuí, Ailt Óir, An Creagán Bán, agus An Fál Dubh go Cill Tuama, Baile na gCros, Co na hIarmhí. Ó Corragáin, Mac Giolla Chaoin, Ó Cearbhaill, Ó Niadh, Ó Grádaigh, Breathnach, agus De Búrca na hainmneacha a bhí ar na teaghlaigh a d’iastrigh an uair sin.
Bhí nós i Maigh Eo go gcabhródh daoine lena chéile. Sin nós a thóg muintir na Gaeltachta leo go Co na Mí. Bhí leasainm ar foireann na Mí: foireann Coimisiúin na Talún a bhí air mar bhí an oiread sin acu ón iarthar.
Seo amhrán faoi. Níl an ceol agam fós.
Caint ar Ghaeilge agus caint ar Brexit is mé sa bhaile. Súil agam le Brexit go mbeidh muid in ann líne eile sa tír a ghlanadh ón bpictiúr. Go mbeidh an tír le chéile arís. Súil agam freisin go n-athnóidh daoine nach mbaineann Gaeilge le Gaeltachtaí oifigiúla amháin ach leis an dtír ar fad. Go labhróimis Gaeilge le gliondar gach áit. Go gcuirfimís fáilte roimh stráinséirí fhad is a ghlacann siad le cearta daonna agus cearta teangan. Go ndéanfaimid féin an rud céanna agus nach gcuirfimid suas le Dialathas níos mó. Bíodh ar chuile dhuine, polaiteoirí san áireamh, an Ghaeilge atá acu a úsáid is iad i mbun gnó.
Go dtí go mbeidh meas agus grá don teanga le cloisteáil ar an tsráid, ag obair, ins na siopaí srl ní mhairfidh sí. Mar sin, bailímis mórthimpeall ar choca féir nó cupán caife agus labhraimís í le grá. Níor chailleamar riamh í.
Mar fhocal scoir:
Ag caint faoi seo le mo dhearthair is mé ina theach le na pasanna bordála a phriontáil amach agus mo smaointe a chaitheamh ar an mblag. An idirlíon le fáil ina theachsa.
A yeah, shur tá ‘fhios agat go raibh na tithe amuigh ag Tudenham mar chuid den scéim sin, ar sé. Bhí leads ar scoil liom Jim Moore agus Martin Moore a tháinig anseo ó Ghaillimh. Bhí ‘fhios. Cónaí ag dearthair m’fhear chéile, Joe, ag Ladeston. Ainmneacha iad Tudenham agus Ladeston a bhaineann leis na daoine saibhre thart anseo fadó. Daoine le tithe móra (ar nós caisleáin) acu ar thaobh an locha cúpla míle taobh amuigh den bhaile mór. Daoine a d’fhostaigh Éireannaigh mar dhaoine aimsire. Daoine le capaill ar nós iad ar bheannaigh mo sheanathair ag ligint glúin faoi.Tharla sé. Sin mar a bhí.
Phós Joe bean álainn a bhí gaolta le Grace Kelly. An teach acu fós cois locha ansin. Tháinig muintir Uí Cheallaigh ansin ó Mhaigh Eo. Cailleadh Joe i bhfad róluath, faraor. Fear iontach a bhí ann is an-eolas aige ar stair na háite. Rud ar bith a bhí uait faoi muintir Lyons ar leo Ladeston fadó, bhí sé aige. D’oibrigh sé i dteach mór eile i lár na tíre: Wilson’s Hospital. Ar an talamh sin, fuair 150-300 bás i dtroid ar son na hÉireann. Tagann Cornwallis sa scéal anseo. An uair dheireanach a chuala mé faoi bhí mé ag tabhairt léacht ar 1916. Blag eile as seo amach faoi (beidh mé i dteagmháil leat, a Chiaráin).
Tá ‘fhios agat go raibh lámh mór ag Daid sa scéim sin, arsa mo dhearthair. Iad ag briseadh suas na estáit móra le talamh a thabhairt do dhaoine. Ní raibh ‘fhios agam. Bhí ‘fhios agam gur bhuail Daid le Dev. Caithfidh tú dul ag caint le Dan Mc Carthy, arsa mo dhearthair. Scríobh Daid óráidí dó. Cé hé? An fear seo
Neart le foghlaim fós agam, a chairde. Ag tosnú anseo