Tá caint ann le fada ar oíche na gaoithe móire. Tharla sé i 1839 ach maireann na scéalta faoi. Déanadh an t-uafás damáiste i mo bhaile, An Muileann gCearr, agus ar fud na tíre. Nóiméad sa stair a léirigh damáiste nach raibh daoine fiú in ann a shamhlú roimhe sin. Tháinig sé aniar aduaidh ar dhaoine. Déarfadh Yeats go raibh gach rud ina dhiaidh changed utterly is dócha. Tá an-chumhacht ag an Nádúr. Tá an-chumhacht freisin ag nádúr an duine. Cosaint uainn ó dhamáiste. Damáiste a thagann ó alt nimhneach i bpáipéar san áireamh. Glór a scriosann an fhírinne faoi nóiméidí tábhachta sa stair.
I Meiriceá cuimhníonn neart daoine go ríshoiléir ar an áit ina raibh siad nuair a chuala siad an scéal faoi dhúnmharú JFK. Is cuimhin liom féin cá raibh mé nuair a chuala mé an nuacht faoi 9/11 (ar an saorbhealach 118 ar mo bhealach go Coláiste Moorpark), nuair a chuala mé faoi Savita (sa seomra foirne in NDA, LA), agus nuair a fuair mé amach faoi na Tuam Babies (ag an mbord sa chistin, áit ina bhfuil mé ag scríobh anois). Is cuimhin liom freisin an chaoi inar mhothaigh mé, an radharc mór thimpeall orm, an boladh san aer fiú, ar nós bheith san nóiméad sin arís.
Bhuail na rudaí sin chomh mór sin mé gur fhág siad i bhfad níos mó ná rian den nóiméad i mo chuimhne. Rug m’intinn greim láidir ar an nóiméad díreach ar nós grianghraf beo a thógáil. Tá na híomhánna sábháilte sa chuimhne agam. Ar nós gur thuig mo chloigeann an tábhacht. Ní ligfidh sé dom dearmad a dhéanamh orthu go dtuigfidh mé is go n-aithneodh mé contúirt as seo amach.
Ní raibh mo Dhaid thart i 1839 ar oíche na gaoithe móire. Rugadh é deich mbliain tar éis 1916. Bhí saoirse sa tír nuair a rugadh é tar éis 1916, cheapfá. Ach i bPoblacht na hÉireann, saor ó impiriúlachas na Breataine, níor mhair sé ach lá amháin sa mhéanscoil. Ní féidir leis caint faoi céard a tharla ar an gcéad lá sin leis na Bráithre Críostaí. Tá mé cinnte go bhfuil cuimhne láidir aige air, áfach. Róshoiléir. An t-uafás le feiceáil ina shúile. Scéalta agam anois faoin gcaoi inar mhill an Eaglais an saol do mo mháthair, do m’aintíní ar fad, d’athair mo chéile… scéalta a thiteann amach nuair atá sé ródhéanach le cúnamh a fháil is leigheas a chur ar an scéal. Scéalta a thiteann amach sula bhfágann siad an saol seo. Eagla orthu fiú is iad ar leaba an bháis mar d’iompar siad an t-ualach chomh fada sin. Rún a rinne cinnte nach raibh saoirse acu riamh. Ní raibh éalú ón eagla.
Mar sin, nuair a chonaic mé The Magdalene Sisters, nuair a chuala mé faoi Savita, nuair a léigh mé faoi na Tuam Babies bhí fearg orm meascaithe le dóchas go ndéanfadh an rialtas rud éigin faoi faoi dheireadh. De réir a chéile, thuig mé nach raibh athrú ná feabhas ag teacht. Ní bheadh éinne os comhair na cúirte, ní bheadh éinne i bpríosún faoi. Bheadh caint air is an Eaglais ag rá go raibh sí féin ionsaithe ag na scéalta uafásacha. Níl aon éalú uaidh.
Cé a chosnaíonn córas lofa agus cén fáth? Cé a bhíonn ag cosaint na diabhail?
Tá ardmheas agam ar Catherine Corless, an bhean a d’inis dúinn faoi na Tuam Babies. Ise a thug an t-eolas don domhan mór. Bean ag iarraidh an rud ceart a dhéanamh. Uafás sa scéal a d’inis sí ach gá mór leis an scéal sin a insint. Bhí dóchas ionam arís go ndéanfadh an rialtas an rud ceart faoi dheireadh. Go mbeadh deireadh leis an nDialathas lofa a scrois saoirse agus áthas sa tír. Go mbeadh freagracht as na coireanna agus go mbeadh daoine i bpríosún mar gheall air. Go dtuigfeadh daoine ar fud an domhan an fhírinne. Dóchas mar bhí an scéal ag scaipeadh ar fud an domhain, bhí daoine ag tuiscint.
Go dtí gur scríobh Rosita Boland alt san Irish Times a lig daoine le ceapadh go raibh an scéal mícheart. Tháinig sé sin aniar aduaidh orm is baineadh geit asam. In alt Rosita feicimid an chaoi ina dtosnaíonn an scéal le diúltú scéal Corless: Corless… who claims…They are not my words… Mharaigh Rosita an scéal sa chéad alt.
Is cuimhin liom nuair a léigh mé sin, bhí fearg orm. Mar chreid an domhan iriseoir ón Times, ní bean uasal a local historian a d’oibrigh go dian is a scaoil an fhírinne searbh amach.
I bhfad ó fhreagra a scríobh Rosita go iníon Corless
Nach mór an trua nár scríobh Rosita Catherine Corless has done an amazing public service... san alt a d’fhoilsigh siad san Times. Oíche agus ló. Meas tú ar chuir duine éigin san Times iachall ar Rosita na focail sin a scríobh san fhreagra nó ar thuig sí go ndeachaigh sí thar fóir?
Beag an baol.
Bhí belittling ar siúl san alt ar fad a chuaigh ar fud an domhain agus sna frásaí claim agus a local historian sin. Glór nimheach. D’fhéadfaí argóint a dhéanamh nár inis Rosita bréag. Ach séard a rinne Rosita nach féidir a mhaithiú ná gur scríobh sí alt a thug le fios nár chóir Catherine Corless a chreidiúint. Is rinne Rosita go láidir é in áit díriú ar an scéal is tábhachtaí, go raibh an ceart ag Catherine Corless nach raibh meas ag an Eaglais ar na mairbh ansin.
An é nach bhfaca Rosita Boland tábhacht an scéil? Nó ba chuma léi? Nó gur breá léi dochar a dhéanamh? An raibh sí ag iarraidh a thaispeáint nach raibh Catherine Corless chomh cliste léi féin? An raibh Rosita ag iarraidh aird a tharraingt uirthi féin? Déanta aici cheana agus freagra air anseo. Scrios Rosita an scéal leis an alt a scríobh sí. Níl ‘fhios agam an raibh sí ag iarraidh bheith ar thaobh an diabhail. Ní dóigh liom é ACH ceapaim go mbaineann Rosita taitneamh as dochar a dhéanamh.
Nuair a scríobh iníon Corless léi, in áit a admháil go ndearna sí féin dochar chas Rosita timpeall é mar a dhéanann daoine den tsórt sin go minic.
Mar a chasann daoine focail. Is féidir liom an comhrá a shamhlú. Feiceann sé dochreidthe domsa go ndéanfadh an Eaglais na rudaí a rinne siad ar nós The Magdalenes agus Symphiosotomy ach tá ‘fhios agam gur tharla sé. D’fhéadfadh duine a scríobh gur scríobh mé go bhfeiceann sé dochreidthe dom agus é a fhágáil ansin ar nós nach gcreidim é.
Féach céard a rinne Rosita ina litir d’iníon Corless:
Scríobhann Rosita nach bhfuil smacht ar bith aici ar an gcaoi ina dtuigfidh daoine a scéal. Tá. Tuigeann daoine de réir a léann siad. Scríobh Rosita gur claim a bhí ann, go raibh Corless ag rá nach ndúirt sí rudaí a bhí sna páipéirí. Thug Rosita le fios nach raibh scéal Corless ceart. Mór an trua nár scríobh Rosita faoin incredibly important work a rinne Corless in áit míchlú a tharraingt ar Corless is an obair a rinne sí.
Bhí dearmad déanta agam ar an scéal seo ar fad go dtí gur scríobh Rosita alt san Times arís faoin nGaeilge. Is Irish really necessary? an téama a bhí ann agus ‘fhios ag an domhan mór ón nglór aici ann nach raibh ach drochmheas ag Rosita ar an teanga. Is tháinig sé chugham. Sin a rinne sí le scéal na Tuam Babies freisin. An glór sa phíosa a mharaigh an scéal. Ní raibh meas aici ar Corless.Níl meas aici ar an nGaeilge.
Ó na tweetanna ó Rosita an uair seo faoin nGaeilge, thuig mé go raibh sí ag baint taitneamh as dochar a dhéanamh.
Rud amháin dochar a dhéanamh i ngan fhios, dona go leor dochar a dhéanamh mar tá eagla ar dhuine, ach taitneamh a bhaint as dochar a dhéanamh? Sin rud eile ar fad. Glaoigh amach an fuath. Tá daoine sa saol seo atá ar thaobh an diabhail. Baineann siad spraoi as daoine a ghortú. Táim den tuairim láidir nár chóir do dhuine ar bith spás ná cumhacht a thabhairt dóibh. Tá an duine a mharaigh scéal na Tuam Babies ag iarraidh an Ghaeilge a mharú anois.
I stair na hÉireann tá scriosadh na teangan agus scriosadh na leanaí i dTuaim fíorthábhachtach. Tá damáiste i scéal na teangan agus scéal na Tuam Babies nach bhfuil daoine ar fud an domhain fiú in ann a shamhlú. Caithfear na scéalta sin a insint i gceart le glór tuisceanach.
Tá sé in am d’eagarthóir an Times féachaint ar a tharla. Tá an dlí ann is tá spiorad an dlí ann. Tá an fhírinne ann agus tá fonn dochar a dhéanamh ann. Ceadaigh an fhírinne ach cuimhnigh ar an dochar gur féidir le glór amháin lán le fuath a dhéanamh. Roghnaigh daoine le tuiscint agus daoine le coinsias, Irish Times. Ná tabhair guth ná stáidse do dhuine a scriosfaidh na teachtaireachtaí is tábhachtaí. Níl maitheas i nguth lán dó féin a shéideann go fíochmhar is a scriosann ár gcultúr is an fhírinne. Milleann glór nimheach mar sin gach rud mórthimpeall air. Cosaint uainn ar fad ó dhochar mar sin.
‘Cé a chosnaíonn córas lofa agus cén fáth? Cé a bhíonn ag cosaint na diabhail?’
http://miseaine.blogspot.co.uk/2009/07/amhras-agus-daonlathas.html?m=1
Cá raibh/bhfuil na ‘good people? ‘… ceist mhaith!
Bhuel, tá tú féin ann.
Cabhraíonn sé sin go mór ☺
Maidir leis an bhfírinne, a chara,
miseaine.blogspot.co.uk/2010/03/firinne.html?m=1
http://miseaine.blogspot.co.uk/2010/03/firinne.html?m=1
Sin é agus fós tá an Eaglais i gceannas ar oideachas na tíre?! Iomlán craiceáilte.