Ní bhíonn fhios agam cén chaoi a mbeidh cúrsaí ó bhliain go bliain. Le cúpla bliain anuas anois, áfach, bhí feabhas tagtha ar an scéal. Gach uair a d’oscail mé mo bhéal in Éirinn is tháinig Gaeilge as bhí ionadh ar na stráinséirí os mo chomhair amach. Ag an am céanna bhí siad fiosrach, beagáinín amhrasach, ach sa deireadh sásta labhairt liom le focal nó dhó as Gaeilge. Go mall, go cúramach ach áthas orthu go raibh áthas orm faoi. Muid ag cuidiú lena chéile leis an iarracht seo. Mar is iarracht atá ann. Tuigim sin. Nuair nach bhfuil tú ag súil le teanga nár labhair tú riamh taobh amuigh den scoil, tá sé deacair a thuiscint céard atá ag tarlú nó cén fáth. Is cuireann sé áthas orm chuile uair a tharlaíonn sé. Cead tugtha do dhaoine a dteanga féin a labhairt buíochas leis an bhfonn atá orm Gaeilge a chloisteáil.
Is dócha go raibh an locht orm féin an uair seo. Seans go raibh mé ag caint ró-thapaidh. Thosaigh an comhrá mar a thosaíonn sé go minic. An bhfuil Gaeilge agat? ar mé go mall. Níl, ar sé, ach as Gaeilge, agus sin a deireann daoine i gcónaí. Cheap mé go rabhamar ceart. An fhéachaint sin mar bhíonn i gcónaí. Amhrasach. Fiosrach.
Nó b’fhéidir go raibh mé ró-chinnte go mbeadh an t-ádh liom is chuir sé isteach air. Nó b’fhéidir go raibh drochthaithí aige ar scoil. Cá bhfios? Ach leath bealach tríd an comhrá le carr a fháil ar cíos chaill sé foighne is d’iarr sé, Are you trying to be obtuse? You know English but you won’t speak it. D’airigh mé frustrachas agus rúinne beag feirge uaidh. Ar nós go raibh mé ciontach as coir éicinnt. Is ghoill sé. Dáiríre ghoill sé, mar bhí sé i ndáiríre. Is bhí mé ciontach, is dócha, as an Status Quo a bhriseadh. Ach sin Status Quo a chaithfear a bhriseadh.
Go Béarla liom go sciobaidh ansin ar son na síochána, ag iarraidh a mhíniú dó nach raibh mé ag iarraidh dochar a dhéanamh. I’m not trying to test you or make you uncomfortable. Truly. I can see you understand me and I’d be more than happy with a simple Go raibh maith agat or Slán. Even a word or two will make me more than happy, ar mé. Ciúnas. Machnamh. In am dó a mhíniú ar thuig sé nó nár thuig. An raibh sé sásta leis nó nach raibh. Ní raibh. Cén fáth? a bhí uaidh. Ní raibh gá leis an teanga. Ní bheadh daoine ábálta Gaeilge a labhairt. Mar níl seans acu Gaeilge a úsáid taobh amuigh den scoil, ar mé. Thuig sé. Is cheap mé go raibh muid ceart arís.
Sign here and here, ar sé. Anseo agus anseo. Ceart go leor. Is ansin a d’iarr sé, Will you be saying a novena for me? Anois, b’shin rud eile ar fad. Anois tá muid le dearcadh Rosita Boland le Peig. It’s nothing to do with religion, ar mé. I’m an atheist, ar mé. Rud nach bhfuil iomlán fíor ach an bealach is éasca le míniú nach bhfuil baint agam le reiligiúin ar nós an reiligiún a mhúin siad ar scoil dó. Tada mar fhreagra uaidh ar sin. Is mar baineadh geit asam, d’fhéach mé go díreach air is dúirt go ciúin, Ní raibh an Obtuse sin go deas. D’fhéach sé orm agus is dócha gur thuig sé gur ghortaigh sé mé. Mhínigh sé an chuid eile a bhí le déanamh maidir leis an gcarr, shínigh mé gach rud is bhí mé ar tí imeacht nuair a dúirt sé, I’m sorry about the Obtuse. Is shín sé amach an lámh. Ghlac mé leis.
It’s not easy, ar sé. You want to save the language nó rud éigin mar sin. An ceart aige. Caithfimid go léir iarracht a dhéanamh gach lá leis an Status Quo a mhúin siad dúinn a bhriseadh. Go sábhálfaimid ár dteanga is an meas againn orainn féin is ár gcultúr. We have the right to be ourselves with confidence a tháinig isteach i mo chloigeann. Tá áthas orm gur tharla sé seo ar mo chéad lá ar ais dom. Le domhan lán le daoine ar nós Britain First agus Donald Trump agus Nigel Farage, tá gá le tuiscint go bhfuil luach ag baint le cultúir eile, le teangachaí eile seachas Béarla agus an rud is deacra do na hÉireannaigh a thuiscint scaití b’fhéidir: go bhfuil luach ag ár dteanga féin.
Ag smaoineamh anois ar na daltaí ar fad a thagann amach ón meánscoil le neart Gaeilge agus tabú sa chultúr a deireann leo nár chóir dóibh an teanga a úsáid taobh amuigh den scoil. Samlaigh frieisn na gasúir a d’fhreastail ar scoileanna lán-Gaelacha. Nach coir ar fad í go bhfuil an domhan rompu ina bhfuil daoine ag ceapadh go bhfuil siad Obtuse muna labhraíonn siad Béarla. Is mé ag scríobh sa Teach Altrannais ag fanacht go ndúiseoidh mo Dhaid go mbeidh cúpla focal againn lena chéile, tá scéal ar an raidió faoi bhean ón ‘Deisceart’ a bhí ag dul amach le fear as Baile Meánach is d’iarr duine san mbaile sin air, os a comhair amach, Are ye going to marry that foreigner? Dearcadh. Ceachtanna foghlamtha. Bréag múinte.
Ceacht le foghlaim againn ar fad. Tá eagla ar dhaoine. Caithfimid bheith lách ACH tá sé ceart agus cóir ár dteanga féin a labhairt, in ainneoin a mhúin siad dúinn. Rud a fhanann ionainn mar bhac, rian domhain den ghalar ar a ghlaotar impiriúlachas.