Baineadh geit asam, an cuireadh san r-phost. Ní mise an sórt duine a dhéanann go cóisirí i ngáirdíní. Ach bhí sé seo difriúil. Cláirseach oifigiúil ag an mbarr. Cuireadh ón duine a luaigh mé le meas i léachtanna anseo mar shampla de cheannaire den scoth. Rud nach ndéanaim rómhinic. Tá Nicola Sturgeon sa ghrúpa fíorbheag sin leis.
Bhuel.
Ní fhéadfainn smaoineamh air. Bhí mé le dul abhaile i mí na Samhna. Cloígh leis an bplean, a dúirt mo chloigeann. Ach ní raibh mo chroí ag éisteacht leis. Abhaile leat, a d’ordaigh sé. Cén fáth an raibh mé fiú ag smaoineamh air? Ach d’aontaigh Craobh na nAingeal le mo chroí. Téigh ann AR ÁR SON, ar siad. Ha. Nach iad atá cliste. Ní fhéadfainn é a dhiúltú anois. Caithfidh tú pic a fháil leis. Caithfidh tú na t-léinte againne a thabhairt dó. Ordaithe. Ach bhí bród agus maitheas sna haghaidheanna romham is thuig mé nach raibh le déanamh ach dul abhaile.
Tá amanataí speisialta ar an bhféilire againn in Éirinn. Samhain, ar ndóigh. Is beidh mé ann do bhreithlá Dhaid freisin. Mar a thit sé amach an uair seo tháinig mé abhaile in am don ngrianstad. Fonn mór orm mar sin bheith ar Uisneach don ócáid in ainneoin an méid a thaisteal mé an lá (nó dhó) sin. ‘Sí Uisneach a ghlaíonn orm ó bhí mé ocht mbliana d’aois. Mar a ghlaíonn Tobar an Domhnaigh orm. Áiteachaí speisialta.
Is mar a tharla sé, le draíocht nach féidir a mhíniú mar chomhtharlú, is ansin a bhí mé an chéad oíche dom sa bhaile. Guí ráite agam i mo chroí ann a chuir síol i m’anam ar bharr an chnoic an oíche sin. Mé faoi draíocht ag feileacán oíche a bhí ag damhsa taobh liom ag luí na gréine. Tharla sé sin uair amháin eile dom fadó ar bharr Sliabh Fuji sa tSeapáin. Guí ón gcroí. Is fuair mé freagra álainn uirthi an úr úd.
Ceol ar Uisneach an oíche sin:
Lá nó dhó le bualadh le gach duine sa Mhuileann gCearr is suas go Baile Átha Cliath liom. Bhí mé ag Príosún Chill Mhaighneann díreach roimh dul ag an Áras, áit ina bhfaca mé an sloinne atá orm féin ar an mballa: an chéad radharc a chonaic mé ann.

Bhí an stair sin i mo chloigeann, an ghuí ón gcnoc i mo chroí nuair a chonaic mé fia romham le fáilte a chur romhainn. Díreach ina dhiaidh d’inis duine dom céard a tharla le Brimeacht.

Bhuel.
Geit. Doras ar oscailt. Nóiméad sa stair. Amantaí spéisiúla, go deimhin. Ní shin an ghuí a bhí agam. Ach bealach dó nach raibh mé ag súil leis. Ait. Bhí mo chloigeann ag rith le luas trí na rudaí a bhí le déanamh le bheith réidh. Ré rilleacán. Liosta fada. Nílimid réidh. Chuaigh mé tríd an liosta. Seo an t-am. Duine ar nós Nicola uainn. D’fhéach mé siar ar an bhfia a d’fhéach ar ais orm is d’imigh sé leis. Chreid mé. Is féidir.

D’aithin mé daoine. Cabriní, Liam, Cuan. An mála i mo lámh agam le t-léinte is go tobann d’airigh mé seafóideach. Céard air a bhí mé ag smaoineamh? Ní thugann daoine t-léinte d’Uachtarán, an dtugann? Ach chuimhnigh mé ar mo chairde ar ais sa Chonradh ar an taobh eile den domhan ag rá liom é a dhéanamh is d’airigh mé an grá is an dea-mhéin a bhí acu. Raight. Misneach.

Níl stráinséirí in Éirinn, go mór, mór i bpobal Gaelach. Chuir mé aithne ar dhaoine ar an mbealach go dtí an Áras. Is nuair a bhí Saidhbhín Uí Uigínn romham ag croitheadh mo lámh, bhí sé ar nós teacht abhaile. Nádúrtha is lán le grá. Maith í. Tá daoine speisialta ar an domhan seo.

Saidhbhín ag an gcóisir leis an madra. Nach álainn sin!
Is ar aghaidh linn le féachaint ar na seomraí is ceol álainn á seinm ag David O’Connor dúinn sa chúlra. Thar bhusta d’Uachtaráin eile a bhfuil ardmheas agam orthu: Máire Bean Mhic Róibín agus Máire Mhic Ghiolla Íosa. Cumhacht na mBan abú. Na comharthaí ar fad dearfach san áit seo.


Bhí pic den Chraoibhín Aoibheann ar an mballa is boinn a bhuaigh sé is é san ollscoil.

Mar a chualamar níos déanaí, labhair an Chraoibhín Aoibheann seacht dteanga is bronnadh boinn air sa choláiste as an scil leo agus faoi ábhair eile aige. Bhronn daoine a fuair anseo is ansiúd, fiú i Jumble Sales, iad ar an Áras. Thug an tUachtarán aitheantas agus a bhuíochas dóibh. Bronntanas álainn don tír, go deimhin.

Radharc álainn ar na sléibhte romhainn agus isteach san marquee linn idir na ceathanna le greim le n-ithe a fháil agus dreas cainte a bheith againn lena chéile.

Is ansin a d’aithin mé daoine ó TG4, ó Choláiste Lurgan, ó Seo Linn… Pobal Gaelach den scoth. Nach orm a bhí an t-ádh gur tháinig mé.

Bia, comhluadar, is ceol den scoth. An-lá ar fad.
Mná áille ó Ros Comáin in aice liom ag insint a scéalta dom.

Bia ite bhí ceol agus craic ag teacht ach ar dtús tháinig an tUachtarán is a bhean chéile isteach agus cé go raibh fáilte mór ann dóibh, seo an té a ghoid ár gcroíthe:


Sheinn Seo Linn, Kíla, Cór Chúil Aodha agus ceoltóirí eile ar an bpiano, píobaí, cruit, flúit…
Rinne Eimear Ní Chonaola sárjab mar bhean a’ tí.

Ach anois, óráid an Uachtaráin (grma Tuairisc):

A Theachtaí Dála, a Chomhairleoirí agus a Chairde Gael…
Ar an gcéad dul síos, ar mo shon féin agus ar son Shaidhbhín, is mian liom fíorchaoin fáilte a fhearadh romhaibh ar fad chuig Áras an Uachtaráin tráthnóna. Tá áthas orm go raibh an oiread seo de phobal na Gaeilge in ann a bheith linn inniu don chóisir seo. Tá súil agam go bhfuil sibh ag baint taitnimh as an teach, as na gairdíní, as an mbeatha, as an tsiamsaíocht agus as an gcomhluadar.
Is mór an pléisiúr dom an oiread seo daoine a fheiceáil, bailithe le chéile ag ceiliúradh ról ár dteanga i mbunú ár stáit agus sa lá atá inniu ann. Agus tá sibh tagtha, ní hamháin ó cheann ceann na tíre ach ón iasacht chomh maith, agus baill de chraobh Chonradh na Gaeilge Ghlaschú, agus Chraobh na nAingeal i Los Angeles anseo linn. Tá fáilte romhaibh abhaile.
Agus tá sibh tagtha agus polaiteoirí, aisteoirí, riarthóirí, imreoirí spóirt, iriseoirí, múinteoirí, státseirbhísigh, scoláirí agus ceoltóirí in bhur measc. Tá sibh bailithe ón earnáil phríobháideach, an earnáil dheonach agus an státchóras. Tá roinnt agaibh tagtha ón nGaeltacht agus cuid eile agaibh ón nGalltacht.
Tá cuid agaibh ar bheagán Gaeilge agus cuid eile líofa ar fad. Ach tá sibh ar fad mar an gcéanna sa mhéid is go bhfuil sibh báúil dár dteanga dhúchais agus go bhfuil sibh ar fad, in bhur slite difriúla, ag déanamh iarrachta ar son na teanga, chun í a chaomhnú agus a chothú agus chun an grá atá agaibh di a roinnt leis an bpobal mór.
Agus caithfimid cuimhneamh nach bhfuil anseo inniu ach cuid bheag de phobal i bhfad níos leithne atá ag úsáid a gcuid Gaeilge lá i ndiaidh lae, agus trína ndea-shampla agus a gceannasaíocht, ag cinntiú go mbeidh an teanga slán agus tréan don ghlúin atá le teacht.
An smaoineamh a bhí agam maidir leis an gcóisir seo a reáchtáil ná seans a thabhairt dúinn bhur n-iarrachtaí a aithint agus a cheiliúradh. Agus, dar ndóigh, taitneamh a bhaint as an tsiamsaíocht iontach atá curtha ar fáil i dtimpeallacht ghalánta an Árais.
Bhí an rún agam féin i mbliana, agus muid ag déanamh comóraidh ar Éirí Amach na Cásca 1916, béim ar leith a leagan ar an nGaeilge agus ar úsáid na Gaeilge, chun aitheantas a thabhairt don ról lárnach a bhí ag an teanga agus ag athbheochan na teanga i bhfís na réabhlóidithe céad bliain ó shin. Chomh maith leis sin, bhíos ag iarradh deis a thabhairt dúinn uile beagáinín machnaimh a dhéanamh ar an áit ina bhfuilimid leis an teanga, céad bliain i ndiaidh an Éirí Amach.
Mar chuid den chur chuige seo, bhí deis agam freastal ar roinnt mhaith ócáidí ina raibh an Ghaeilge mar chuid lárnach díobh. Labhraíos faoi ról na teanga agus athnuachan na teanga sa ghlúin réabhlóideach agus fillfidh mé ar an ábhar sin ar ball. Bhí deis agam chomh maith machnamh a dhéanamh ar staid na teanga sa lá atá inniu ann agus na rudaí dearfacha agus diúltacha atá ina luí uirthi.
I mí na Bealtaine bhíomar ag ceiliúradh le chéile saibhreas na cumarsáide trí mheán na Gaeilge ag Oíche Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais i mBóthar na Trá. Tugann sé an-sásamh dom an t-ardchaighdeán atá á bhaint amach ag TG4, Raidió na Gaeltachta, RTÉ, BBC agus na stáisiúin raidió eile ina gcraoltóireacht i nGaeilge. I rith na bliana comórtha seo, mar shampla, níl dabht ar bith agam ach go raibh na cláracha is fearr ar an Éirí Amach craolta trí mheán na Gaeilge.
Bhí an-lá againn i mBaile Bhuirne agus i gCúil Aodha ag Comórtas Peile na Gaeltachta cúpla seachtain ó shin, i dteannta le hAogán Uí Fearghaíl, Uachtarán Chumann Lúthchleas Gael agus Mícheál Ó Muircheartaigh. Táid beirt linn inniu agus cuirim fáilte rompu. Comórtas iontach a bhí ann agus do chuir sé gliondar ar mo chroí an méid daoine óga a bhí ann ag baint taitnimh as an saol agus as a gcluichí dúchais trí mheán na Gaeilge.
Tugaim cuairt go minic ar ghaelscoileanna fud fad na tíre. Ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil borradh chomh mór sin tagtha ar líon na nGaelscoileanna nuair a fheiceann tú cé chomh héasca is a théann páistí óga i ngleic leis an teanga. Tuigimid uile na buntáistí a théann leis an ilteangachas agus tá méadú ollmhór tagtha ar líon na dtuismitheoirí atá ag lorg bhua an dátheangachais, ar a laghad, dá bpáistí.
Is léir go bhfuil éileamh anois ar bhreis meánscoileanna chun go mbeidh deis ag na daltaí bunscoile seo leanacht leo lena gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge, agus is ceart agus is cóir go mbeadh an deis sin acu. Tá a fhios agam go bhfuil feachtais ar bun le hiarbhunscoileanna Gaeilge a bhunú i bPort Laoise, i mBaile an Chollaigh, Corcaigh; i mBaile Átha Cliath 15, i gCill Dara Thuaidh; i gConamara; i Sligeach agus i dTuaisceart Chathair Chorcaí.
Tuigim go bhfuil fadhbanna fós acu siúd atá ag déanamh gach iarracht scoileanna a bhunú chun an t-éileamh seo a shásamh. Tá an cheist chéanna pléite agam leis an Taoiseach le déanaí, agus d’fhiosraigh mé an bhfuil slite chun na bacanna seo a bhaint ó iarrachtaí phobail éagsúla meánscolaíocht a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge. Cé nach bhfuil ról agam féin i gcúrsaí polasaithe oideachais, déarfainn gur easnamh faoi leith é murar féidir leis an Stát oideachas a chur ar fáil trí theanga oifigiúil na tíre.
Níos luaithe sa bhliain labhraíos le coimisinéirí teanga ó thíortha éagsúla ag seimineár a reáchtáladh in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann i nGaillimhe.
Tá go leor le foghlaim againn ón gcur chuige atá i bhfeidhm i dtíortha eile chun a dteangacha a chaomhnú nó chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí stáit. Tá sé ag cur as dom le blianta fada go bhfuil easpa éigin inár státchóras maidir le sofheictheacht na Gaeilge ag na leibhéil is airde. Ó na ranna Rialtais éagsúla agus i measc ardfheidhmeannaigh na n-údarás áitiúil agus na n-eagras Stáit is annamh a chloistear an Ghaeilge agus dar liom féin tá fadhb chultúrtha éigin ag cur srian ar an gcóras, agus ar oifigigh shinsearacha sa chóras, an cheannaireacht a mbeadh muid ag súil léi a thaispeáint, agus ar chóir dóibh a thaispeáint.
Ní hé nach bhfuil buanna áirithe againn maidir leis an nGaeilge nach bhfuil ag roinnt teangacha eile.
Úsáideann saineolaithe teanga slata tomhais éagsúla chun rath teanga a mheas, ina measc an tacaíocht stáit agus an tacaíocht phobail a thugtar di. Tá an t-ádh orainn anseo in Éirinn go bhfuil an dá chritéar seo le sonrú i gcás na Gaeilge. Sa Stát seo, ag eascairt óna stádas bunreachtúil mar theanga náisiúnta agus oifigiúil, tá cosaint tugtha don Ghaeilge san iliomad reachtaíochta a achtaíodh thar na mblianta, agus tá Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, ach go háirithe, mar chrann taca láidir aici. Ach mar is eol dúinn, ní hionann an dlí agus an dea-thoil agus ceapaim go bhfuil ceisteanna dáiríre le cur maidir leis an easpa dea-thola i réimsí áirithe den státchóras.
Don chuid eile den bhliain táim chun m’aird a choimeád ar chúrsaí Gaeilge agus tuilleadh plé a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus na dúshláin atá romhainn maidir leis an teanga.
Ag breathnú siar ar an gcéad bliain ón am a raibh an ghlúin réabhlóideach ag plé cúrsaí teanga, is léir go bhfuil roinnt mhaith bainte amach againn i rith na tréimhse sin. Níl a fhios agam an raibh ‘Garden Parties’ ag an Lord Lieutenant Lord Wimborne le linn shamhradh 1916 ach gach seans go gcuirfeadh sé scanradh air dá gceapfadh sé, céad bliain níos déanaí, go mbeadh Uachtarán na hÉireann ag reáchtáil cóisire, i nGaeilge, ina ghairdín féin.
I mbliana, thar bhliain ar bith eile, agus muid ag comóradh agus ag ceiliúradh céad bliain ó Éirí Amach na Cásca 1916, tá cúis mhórtais agaibh ar fad. Bhí athbheochan na Gaeilge ina príomhaidhm ag ceannairí an Éirí Amach. Bhí cúigear den seachtar a shínigh an Forógra gníomhach i gConradh na Gaeilge agus bhí cuid mhór den idéal a bhí acu d’Éirinn bunaithe ar fhís d’Éirinn neamhspleách a mbeadh a teanga labhartha agus scríofa féin aici, nithe a bheadh mar bhunchlocha dá cultúr.
Smaoiním go háirithe ar Sheán Mac Diarmada, agus litir a scríobh sé chuig a dheirfiúracha agus a dheartháireacha ag impí orthu an Ghaeilge a mhúineadh dá bpáistí.
“Tell them how I struck out for myself and counsel them to always practice truth, honesty, straightforwardness in all things and sobriety. If they do this and remember their country, they will be alright. Insist on their learning the language and history…”
Is fiú an cheist a chur, má táimid le bheith macánta, an botún a bhí ann iarracht a dhéanamh an Béarla a dhíbirt ar fad agus an Ghaeilge a chur ina áit? An ndearna an cur chuige sin níos mó dochair dár n-iarrachtaí Gaeilge a spreagadh go forleathan i sochaí a bhí tugtha go mór don Bhéarla? Agus is fiú go mór go gcuirfimis na ceisteanna seo orainn féin. Tá dúshlán romhainn anois daoine a mhealladh chuig an nGaeilge.
Caithfimid ár seanslite a cheistiú agus teacht ar shlite agus ar mhodhanna nua chun ár ngrá don teanga a scaipeadh agus an tuiscint atá againn faoina luach dár dtír agus dár sochaí a spreagadh go forleathan.
Is fúinne an fhreagracht seo a ghlacadh, mar a ghlac an Craoibhín agus a chomhghleacaithe freagracht orthu féin ag deireadh an naoú haois déag. Fúinn atá sé fís an dátheangachais, nó an ilteangachais a fhíorú inár saol laethúil, mar atá sibhse ag déanamh in bhur slite éagsúla. Mar Uachtarán na hÉireann, is mian liom tréaslú libh agus buíochas ó chroí a ghabháil libh dá bharr.
Mar fhocal scoir, is mian liom mo bhuíochas a chur in iúl dóibh siúd a chuidigh linn chun an chóisir seo a reáchtáil.
Tá ár bhfoireann féin san Áras tar éis tabhairt faoi ranganna Gaeilge le cúpla mí anuas chun a bheith réidh don lá inniu. Molaim iad agus táim buíoch as an obair ar fad atá déanta acu, idir an bia ar fad a réiteach agus a bheith anseo chun fáilte a chur romhaibh.
Agus, ar deireadh, ba mhaith liom ár mbuíochais chroíúil a ghabháil libhse, as teacht inniu agus as an méid atá déanta, agus atá á dhéanamh agaibh ar son na teanga. Tá neart againn le bheith mórtasach faoi, ó spreagadh na Gaeilge sa Cheathrú Gaeltachta i mBéal Feirste, go hoscailt an dara meánscoil ó thuaidh anuraidh; ó dhul chun cinn TG4 go fás ollmhór san éileamh ar scolaíocht trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre. Ó na mílte déagóir atá ag freastal ar choláistí samhraidh faoi láthair chuig an meon dearfach atá de shíor á léiriú ag an bpobal ginearálta i leith na teanga.
Is cinnte go bhfuil dúshláin mhóra romhainn maidir leis an nGaeilge ach tá neart ábhar misnigh againn ina dteannta. Tá sé fíorthábhachtach go leanfadh sibh oraibh ag taispeáint ceannasaíochta in bhur saol chun spreagadh a thabhairt dá chéile agus do dhaoine eile an Ghaeilge a fhoghlaim agus í a úsáid…
__________________________________________________________
Bhí mé ag bualadh bos go hard ó am go ham mar deireann sé na rudaí is gá a rá agus tagann sé ón gcroí. Iontach bheith ann leis an óráid a chloisteáil.
Is ina dhiaidh seo ar fad, bhuail mé leis is bhí seans agam buíochas a ghabháil leis.

Creidim. Is bhí mé i gcomhluadar a chreideann chomh maidin. Tá seans againn. Tuigimid ár gcultúr is an tábhacht leis. Caithfimid ar fad oibriú le chéile leis an teanga a choinneáil beo agus an tír a bheith le chéile. Tá orainn ar fad tabhairt faoi le fuinneamh. Is féidir.
Sula ndeachaigh mé abhaile bhí seans agam dul timpeall na gáirdíní le bualadh le créatúirí nua. Ar ais ag an nádúr: an bealach is fearr le lá mar seo a chríochnú.

Cineáilín fuar, ceart go leor.

Crois Cheilteach an fál.
Teach níos lú ná an Áras ann freisin. Chríochnaigh mé le comhrá le capall sa gháirdín is abhaile liom. Tá cumhacht ag na focail a chuala mé san Áras is tugann siad misneach dom.
