An chuid is mó den eolas ó Wiki sa Bhéarla meascaithe le mo smaointe agus rudaí a léigh mé anseo is ansiúd.
Bhí trácht ar Twitter le déanaí faoi Gaybo nó Gay Byrne, láithreoir an Late Late Show in Éirinn ar feadh beagnach 40 bhliain. Thosaigh sé (beagáinín) sular rugadh mé i 1962. Beo is lucht féachana acu chuile sheachtain gach Aoine ó Mheán Fómhair go Bealtaine.
Bhí ábhair conspóideacha ar an Late Late mar is cóir mar is tír chonspóideach í Éire. Colscaradh agus frithghiniúint a bhí feicthe ag Gay mar chuid nórmalta den saol i Sasana. Cheistigh sé cén fáth nach raibh siad in Éirinn. Ní raibh taithí ag an dtír ar théamaí mar seo ar an aer mar bhí (agus tá) greim láidir ag an Eaglais ar an dtír.
Bhí díospóireacht ann beagnach gach seó is cead tugtha don lucht féachana bheith páirteach ann. Nuair an bhí an tArdeaspag McQuaid ar an seó, bhí seans ag daoine a rá leis céard a cheap siad faoi i ndáiríre, rud a rinne duine. Iontach an deis tabhair amach faoi. Rud nach raibh le fáil sna séipéil. Leis an gcumhacht a bhí an gnáthdhuine ar an teilifís, bhí fearg ar na heaspaig go raibh daoine in ann iad a cheistiú go poiblí is in ann caint faoi ábhair conpóideacha lena dtuairimí féin.
Cháin an tEaspag Thomas Ryan an seó ag rá go raibh sé mímholáta mar gheall ar cheisteanna mar seo Is beag saoirse a bhí (is atá) in Éirinn agus an Eaglais ag iarraidh bheith i gceannas ar gach ghné den saol sa leaba. ‘Disgusted with disgraceful performance,’ ar Thomas faoin seó agus chuir RTÉ ráiteas amach ag rá go raibh brón orthu!
Ag díospóireacht i 1966 ar an seó, labhair Brian Trevaskis amach i gcoinne na hEaglaise. Cháin sé an tEaspag Michael Browne as an méid airgid a chaith sé ar an ardeaglais in áit an t-airgead a thabhairt do dhaoine bochta sa chathair. Rinne Brian tagairt don méid airgid caite ar shéipéil i dtír ina rinne an Eaglais díbeartaigh de mná singil a bhí ag iompar. B’shin 50 bhliain i ndiaidh 1916 agus gan saoirse againn fós. An ceart ar fad ag Brian agus muid anseo 100 ó 1916 fós ag fanacht ar scaradh idir Stát agus Eaglais. Ní ‘Christian Country’ í seo, arsa Brian an uair úd cé go bhfuair Savita bás i nGaillimh blianta ina dhiaidh sin mar tá an iomarca ann a chreideann fós in ‘Ireland is a Catholic Country.’ An dochar a dhéanann an creideamh sin agus fíor sa chaoi ina bhfuil cumhacht ag an Eaglais fós ar scoileanna, ar ospidéil, siombail na hEaglaise in áiteachaí phoiblí, an Angelus ag bualadh ar na meáin, bunreacht a thaitin le McQuaid, dlí faoi dhiamhasla (ar son Dé!), freagracht dá laghad ar Tuam Babies srl.
Bhí dhá rud a mhill a rinne Gaybo don tír domsa. Bhí mé ag súil le leanbh is i gcontúirt sa tír (mo phost in scoil Chaitliceach i mbaol & fios agam go mbeadh orm an tír a fhágáil) nuair a chraoladh agallamh le Annie Murphy, an bhean a raibh leanbh aici le easpag. D’fhéach mé air sa Mhuileann gCearr is bhí mé ag éisteacht le mná ag caint faoi i mBaile Átha Cliath faoi an lá dár gcionn is mé ag an Rotunda. ‘Ó an fear bocht,’ arsa mná sna siopaí. ‘An t-easpag bocht!’ Ba bheag nach raibh mé tinn ag éisteacht leo agus níos siúráilte ná ariamh go raibh orm an tír a fhágáil chomh luath agus ab fhéidir liom. Bhí mé ar buile le Gaybo. Labhair Annie go maith is níor chaill sí an cloigeann. Bhí Gaybo go hiomlán ar thaobh an Easpaig. An locht ar an mbean dar leis. Ní ise a gheall le Dia nach luífadh sí le duine ar bith. Cead ag mná tabhairt amach faoi Annie agus an seó ar nós duine bheith os comhair na cúirte. Ar nós An Triail ach níor mhairigh Annie éinne.
Is cuma liom má tá sagairt aerach nó ag luí le mná. Ní shin an fhadhb. Déanann na diabhail a bhriseann na rialacha an saol dofhulaingte do dhaoine eile. Leis an gcumhacht acu sa chóras oideachais, sa rialtas, sa bhunreacht, sa chóras sláinte, níl seans ag daoine bheith saor i gceart in Éirinn, fós. Níl fhios agam cé mhéad a mharaigh iad féin mar dúirt an Eaglais leo gur peacaigh a bhí iontu is iad aerach. Is bhí na leads a dúirt sin leo aerach iad féin. Sin a chuireann isteach orm. Na peidifíligh agus iad a chosain iad: sin rud eile ar fad. Níos measa ná dúmharú a dhéanann siad agus ba chóir go mbeadh píonós a oireann dó sin acu.
Feictear an fhadhb leis an dtír ins an liosta de na cláracha coinspóideacha:
Cearta na mBan
Fiú ins na seachtóidí bhí mná ag cáineadh cumhacht na hEaglaise. Dúirt Hilary Boyle ar an gclár go raibh an rialtas “all so afraid of a belt of the crozier.” Fós fíor. Enda? Reperal the 8th? Scar Stát & Eaglais? Tada? Tost?
Frithghiniúinigh
The conditioning of the previous generation sa bhfís thuas, ach tá an conditioning sin fós ar siúl sna scoileanna. Ethos an fhadhb. Dúirt Mary Kenny do raibh dlí na tíre faoi frithghiniúinigh ‘pretty damn weird’ ar an seó is iad ag caint faoi Nell Mc Cafferty is a cairde ag fáil frithghiniúinigh sa Tuaisceart. Mhúin siad dom ar scoil gur peaca a bhí ann iad a úsáid. ‘Bhfuil siad fٌós ag rá an rud céanna? Éinne sa rialtas ann le déanamh cinnte nach ndéarfaidh siad seafóid mar sin lenár bpáistí níos mó? Éinne sa rialtas le déanamh cinnte go mbeidh eolas in áit dogma ag na páistí sna scoileanna maidir lena gcoirp féin? Duine ar bith?
Mná rialta aerach
I 1979, bhí agallamh ag Gay le bean aerach ach nuair a bhí mná rialta aerach le bheith ar an seó i 1985, bhí an cás san Ardchúirt le Gaybo a stopadh is daoine ag iarraidh fáil réidh leis an seó go hiomlán. Spéisiúil anois is an chaint faoi sagairt aerach na laethanta seo. Ach bhí sé ann le fada, fada an lá agus gan cead caint faoi. Fimíneacht lofa na hEaglaise ag coinneáil cearta ó dhaoine, ag cur náire ar dhaoine, ag déanamh sclábhaí de dhaoine, ag díol leanaí le tír ‘pure’a bheith acu agus iad féin i bfhad ón ‘purity’ sin.
AIDS
Seo an ceann a bhris mo chroí agus a léirigh dom nach raibh croí maith ag Gaybo. Ba cuma leis faoi a d’fhulaing Annie agus ba cuma leis faoi dhuine os a chomhair amach a bhí ag fáil bháis le AIDS. B’shin rud fíorghránna. Bhí bullaíocht ar an seó an oíche sin agus Gaybo ag iarraidh go ndéarfadh an fear go bhfuair sé an galar ó ghaol aerach. Gaybo ag tabhairt le fios go raibh trua aige do dhaoine a bhfuair é trí thimpiste san ospidéal is fuil san ospidéal leis an ngalar ann i ngan fhios dóibh. Ach duine aerach, b’shin rud a tharraing sé ar féin, dar le Gaybo agus trua dá laghad aige don bhfear gan dóchas. A mhalairt. Bhí Gaybo ag iarraidh diabhal a dhéanamh de go poiblí. Ba bheag nach raibh mé tinn ag féachaint air.
Gnéasachas
I 1992 chuir sé ardáthas orm go raibh an oiread sin TDí nua sa Dáil. D’iarr Gaybo cé a bheadh ag tabhairt aire dá bpáistí!
Sinn Féin
Bhí Gaybo ar thaobh Sasana go minic. Chreid sé a dúirt impiriúlachas na Breataine agus impiriúlachas na Róimhe leis. Nuair a bhí gleic ann is minic a bhí an bua ag dearcadh Shasana. Nuair a tháinig Gerry Adams ar an seó, ní raibh díospóireacht cothrom ann. Ionsaí a bhí ann i ndáiríre. Ach d’aithin an lucht féachana a bhí ag tarlú is bhí meas acu ar an gcaoi inar fhreagair Gerry an oíche sin.
Bhí an Late Late deireanach aige i 1999. An ráiteas is fearr faoi ag an Uachtarán Mary McAleese b’fhéidir faoi Gaybo: “You’re bearing up well, but people out there are crying tonight, they’re very sad. You’ve entertained us, you’ve educated us, you’ve exasperated us. What more could anyone ask over 37 years?”
Cinnte dearfa he exasperated mé faoi dhó, go láidir. Bhí amantaí maithe ann cinnte, go leor acu. Ach, domsa, le Annie Murphy agus leis an bhfear le AIDS léirigh sé dom an drochthaobh de. True colours ar an scáileáin romham. Is bhí sé sin gránna.
Ach caithfidh mé a admháil gur cuid dár gcultúr é agus fuinneog dár stair é chomh maith.
Roinnt mhaith den stair sin faoin aineolas agus an tabú ar aon rud a bhain le greim na hEaglaise agus aineolas na tíre maidir lenár gcearta.
Go dtí go scarfaidh Éire Stát & Eaglais beidh na fadhbanna céanna ann dár bpáistí is a bpáistí. Fúinne anois rud a dhéanamh faoi agus ní leor díospóireacht nach dtéann aon áit. Cearta de dhíth, freagracht, de dhíth, saoirse de dhíth. Ná glac le rud ar bith ach saoirse. Seo an t-am.