Is aoibheann liom an t-amhrán seo le fada! Laochra na nGael i gColáiste Lurgan le bua nua. Iontach a chaoi inar chruthaigh siad stoirm. Comhghairdeas ollmhór!
Liricí:
Dú, dú, dú, dú, dú, ba X2
ú
1.
Ceol na dtonn ag bualadh trom anocht. The music of the waves are beating loud tonight.
Ní chloiseann sí ach cogarnáil ag sioscadh cainte scaoilte. She hears only whispers rustling babbled conversation.
Dú, dú, dú, dú, dú, ba
2.
‘Eitilt isteach ar leath uair théis a hocht, Flying in at half past eight,
Gealach gheal ag lonrú síos á treoradh chuig ceann scríbe. A bright moon shining down to guide her to her destination.
Dú, dú, dú, dú, dú, ba
3.
D’iarr [mé] comhairle ar sheanfhear ‘siúl na slí I asked advice from an old man along the way
‘Mé ag iarraidh briathra cabhrach cneasta aniar ón am a bhí. Hoping to get some gentle, helpful words from ancient times.
Dú, dú, dú, dú, dú, ba
4.
Is dúirt sé liom le súile glé: And he said to me with sparkling eyes:
Breathnaigh, a mhac: ‘Sé sin os comhair d’aghaidh. Look, son: That’s right there in front of you.
Curfá:
Is fada liom an lá go mbeidh tú agam go deo. Days are long and lonely till you’ll be forever with me.
Níl tada a bhféadfá rá a choinneos uaim mo ghrá níos mó. There’s nothing you could say that’ll keep my love from me anymore.
‘Bogha ceatha sa spéir fud na hAifrice. ‘Rainbows in the sky all over Africa.
Gabh i leith uait anois ag déanamh rudaí nach raibh againn. Come away now to do things we didn’t have [an opportunity to do].
5.
Cú allta ag glaoch go mall san oíche. A wild hound crying languidly in the night.
Iad uaigneach brónach. ‘Fada leo roinnt sóláis is ardú meanamna[í]. They’re sad & lonely. ‘Far from them, a little comfort & raised spirits.
Dú, dú, dú, dú, dú, ba
6.
Tá a fhios agam go gcaithfear cloí lem’ chroí, I know that I must stick with my heart,
Mar a bheadh Kilimanjaro ag éirí nós Olympus tharis an Serengeti. Like Kilimanjaro rising like Olympus over the Serengeti.
Dú, dú, dú, dú, dú, ba
7.
Ag iarraidh lochtanna a leigheas. Trying to right wrongs.
‘Faitíos orm romham fhéin ag gabháil ar aghaidh. Afraid of myself as I go on.
Eagla an téama inniu. Scríobh Fintan O’Toole faoi eagla inniu anseo Sin a choinníonn siar muid mar thír. An ceart aige. Scríobh Aodhán Ó Deá faoi eagla freisin anseo. Agus mar a n-éiríonn leis an lámh in uachtar a fháil air. Mar caithfimid. An ceart aige. Scríobh @NursepollyRgn faoi eagla inniu chomh maith anseo. An ceart aici. Neart eagla ag dul thart. Neart daoine ag scríobh faoi. B’fhearr sin ná tost.
An fhadhb is mó leis an rialtas, b’fhéidir, ag ceapadh nach féidir leo aon rud a dhéanamh ar fhaitíos go mbeidh sé ródheacair nó go mbeidh daoine ag magadh fúthu. Rud a choinníonn siar an tír ar fad. Teip ansin.
Daoine eile nár mhaith leo Gaeilge a labhairt go poiblí ar fhaitíos go mbeidh daoine ag magadh fúthu. Nó go gcaillfidh siad post mar gheall air ar nós a tharla i bpub i gCorcaigh. Tuigim. Dáiríre scéiniúil ar dtús. Ach is féidir.
Mná na tíre ag éalú faoi rún ar fhaitíos go gcuirfidh a rialtas i bpríosún iad nó gcaillfidh siad a bpost mar níl stopadh ceadaithe nuair atá bean nó páiste i dtrioblóid. Ach éalaíonn siad. Mar caithfidh siad.
Náire, náire, náire. Eagla, eagla, eagla. Muid ró-bheag, ró-lag, ró-sheafóideach. Ní féidir linn tada a dhéanamh muid fhéin. Ná cuir isteach ar ár gcomharsa (Westminster)! Ná cuir isteach ar an EAGLAis (an Vatacáin). Fan amach ón mbullaí. Ná dúisigh an fathach is é ina chodladh. Ró-mhinic, fanaimid ciúin. Ligimid don ansmacht dul ar aghaidh mar atá sé. Tugaimid an chumhacht dóibh i ngan fhios dúinn féin mar mhúin siad dúinn gur mar sin atá an saol. De réir a rialacha.
Ar nós bean atá briste brúite ag fear a bhuaileann í go rialta go dtí nach bhfuil muinnín ar bith aici aisti féin, glacann an tír leis an eagla, leis an ansmacht. Dheara, céard is féidir a dhéanamh? Ceann faoi. Ag fanacht go ndéanfaidh duine eile rud dúinn. I gcás an rialtais ar aon nós. Agus sin é. Tá muid. Mar thír. Briste.
Mar thír, tá teiripe uainn. Ag diúltú na fírinne. Scrios impiriúlachas amháin muid lena theachtaireacht nárbh fiú tada ár ‘gcultúr’ is teanga. Go raibh siadsan i gceannas agus in ann muid a ghortú. Fós ó thuaidh mar chineál Boogie Man a fhanann thart mar bhagairt. Níl éalú uaidh. Dúisíonn sé go rialta le tine a lasadh is drumaí a bhualadh. Impiriúlachas eile fite fúite le beagnach gach gné den saol againn is gan éalú uaidh ach oiread, ceapaimid. Labhraíonn sé i ngúnaí ó altóir, sa seipéal, sa scoil, sna meáin.
An tír mar pháiste sa chúinne ag súil go dtiocfaidh Mamaí le é a shábháil ón Twilight Zone seo againn, ár nDialathas. Ach tá mamaí ar nós páiste í féin, traenáilte le rá: Sea, a Athair. Ná ceistigh sagart. Father Rud Éigin. Seift acu. Muid leanbaithe acu. Abair do phaidreacha, a mhic. Bí go maith don múinteoir. Ní féidir le Mamaí saol eile a shamhlú fiú. Mar sin an t-aon sórt oideachais a thuigeann sí.
Stasis. Támhaí. Reoite le heagla. Ní maith le daoine caint faoi iar-choilíneachas. Ar nós leithscéal a dhéanamh, an milleán a chur ar rud eile. Agus dáiríre, níl an téarma sin iomlán oiriúnach dúinn. Mar níor éalaíomar fós ón ngreim atá acu orainn. Muid i bpríosún i ngan fhios dúinn féin. I bpríosún sa chloigeann le meon aigne nach dtuigeann go bhfuil na heocrachaí againn agus gur féidir linn siúl saor aon uair. Níl le déanamh ach a rá leo nach bhfuil cumhacht acu níos mó.
Caill an eagla. Níl sé éasca ar dtús. Ar nós éalú ó chultas, deacair maireachtáil taobh amuigh scaití. Ach tá daoine eile taobh amuigh romhainn. Daoine ar nós Aodhán a roghnaigh labhairt as Gaeilge gan náire. Grúpaí ar fud na tíre ag labhairt Gaeilge anois. Peig.ie ann le eolas agus cúnamh a thabhairt do dhaoine. Ar nós na mná ar fad a d’imigh go Sasana agus a rinne caint faoi go hoscailte. Briseann siad an eagla. Sin an chaoi saoirse i ndáiríre a bhaint amach.
Deacair ar dtús ach ag an am céanna éasca. Nuair a shroicheann daoine an pointe ina fheiceann siad an seafóid sa chóras ar fad. Nuair a thuigeann siad an feall. Nuair a chreideann siad go bhfuil saol i bhfad níos fearr ná seo tuillte ag an tír ar fad. Nuair a thuigimid ar fad gur féidir linn bheith i gceannas orainn féin, go mba chóir dúinn tabhairt faoi le fuinneamh is muinnín mar dhaoine fásta. Neamhspleach. Eolach ar chearta daonna. Réidh le todhcaí níos fearr a thabhairt don tír. Ansin tá sé éasca is nádúrtha is ní thuigimid cén fáth nach ndearnamar seo i bhfad ó shin.
Céim a haon: scar Stát agus Eaglais. Ní bheidh muid in ann an Tuaisceart a mhealladh le teacht linn is Eaglais Chaitliceach i gceannas ar oideachas! Níl sé ceart dóibh ná dúinn. Tá Dialathas fíorchontúirteach. Iad in aghaidh cearta le fada. Faigh réidh leis sin go hiomlán. Sin uimhir a haon. Sa bhunreacht. Sna Roinn Stát. Ar na meáin poiblí. Slán leis an Angelus. Slán leis an Mhaighdean Mhuire ar gach cúinne. Cead ag an Eaglais iad a bheith acu ina séipéil, ní os comhair stáisiún traenach le náire a chur ar bhean is í ag taisteal. Ná bíodh reiligiúin ar bith ar scoil. Bíodh eolas ann. Cearta. Saoirse ó iompúchán.
Céim a Dó. Inis an fhírinne. Iomlán na fírinne faoin stair. Fuair daoine bás i 1916. Ní gá bás a fháil i 2016 le saoirse a bhaint amach. Déan é le comhrá, le rogha, le vótaí sa tír ar fad. Is linne ár dtír. Taispeáin dóibh ó thuaidh go mbeidh fáilte rompu nuair a thagann siad linn. Mar creidim go dtiocfaidh siad. Má tá muinnín againn asainn féin. Má tá cearta sa tír. Má fheiceann siad gur fiú bheith linn san Eoraip, gan Dialathas sa tír níos mó.
É ar fad sa chloigeann, an eagla sin, a dhaoine uaisle. An dochar a rinne siad! Tuig é sin agus caill an eagla. Creid nach bhfuilimid ró-bheag, ró-lag, ró-sheafóideach. Tóg saoirse agus blais an saol saor ó eagla. Tóg cearta, tóg oideachas, tóg meas orainn féin. Is linne é. Abair é, creid é, bris na slabhraí. Neart le déanamh. Ar aghaidh linn. Is féidir.
Ag smaoineamh siar inniu. Amárach 9/11. Tá ‘fhios ‘am cá raibh mé nuair a chuala mé an nuacht ar an raidió i 2001. Ag tiomáint ar an saorbhealach 118 go Coláiste Moorpark.
Chuir a rinne Bush i ndiaidh 9/11 trína chéile mé is an chaoi inar tháinig faisisteachas go SAM le cosc ar an mBush a cheistiú. Bhris gach bás san Iaráic mo chroí is labhair mé amach go láidir faoi. D’araigh mé fuacht ó dhaoine nár chuala tada ar an mbosca ach bolscaireacht. Thóg mé nuachtáin liom ó Éirinn le pictiúirí is scéalta iontu faoi a bhí ag tarlú i ndáiríre is dúirt daoine liom anseo gur haters a bhí ins na daoine a scríobh é sin. Ag snámh in aghaidh easa.
Ó tháinig mé go SAM chuir sé ionadh agus déistin an domhain orm an bholscaireacht atá sna meáin anseo. An t-aon duine a d’inis an fhírinne ar an mbosca ó tháinig mé anseo, b’shin Jon Stewart. Murach é bheinn i dteach na ngealt. Shábháil sé ón éadóchas mé.
Le déanaí chuir mé aithne ar dhaoine ón Araib Shádach is cheap mé ar dtús go raibh dóchas ann go bhféadfaimís a chéile a thuiscint. Tar éis cúpla mhí leo thuig mé go ndéanann bolscaireacht mar a bhfaigheann siad san ‘oideachas’ sa bhaile dochar nach féidir a leasú go héasca. Dúirt siad rudaí a chreid siad go daingean a stad mo chroí beagnach le huafás.
Níor shábháil éinne ón taithí sin mé fós. Mar bhí aithne agam orthu. Bhí tae againn le chéile. B’iad mo dhaltaí iad. Is bhí siad réidh agus sásta le daoine nach nglacfadh le Dia ar bith a mharú. Réidh agus sásta le daoine aerach a mharú. Drochmheas acu ar mhná.
Is ar bhealach tuigim anois lucht leanúna Trump sa chaoi is go bhfuil bagairt uafásach ann. Tá ‘fhios agam go bhfuil. Cloiste agam ó dhaoine ina suí i rang liom. Tuigim. Ach pé duine a chaitheas deighleáil leis sin, is é Trump is measa. Tuigim freisin nár chuala roinnt mhaith de lucht leanúna Trump ach FOX ar an mbosca agus sin dochar ar nós ‘oideachas’ na hAraibe Sádaí. Sin bolscaireacht lán le bréag is fuath ar mhaithe le daoine a bhaineann tairbhe as cogadh.
Lord Beaverbrook fadó, Farage, Trump, Fox anois… iad gan trócaire, iad lán le grá dóibh féin, iad a mhill is a mhilleann an saol. Na sochapataigh le cumhacht. Muid ciontach má ligimid dá leithéid é sin a dhéanamh. Níl éinne eile ann le sinn a shábháil ach sinn féin.
Toghchán ar an mbealach i SAM is caithfear a cheistiú nuair atá an GOP agus na DEMs araon ciontach as Exceptionalism is gríosóireacht cogaidh: Ar phleanáil siad an coup atá le teacht? Cuir amadán ar thaobh amháin ionaisc nach mbeidh ach rogha amháin ann. Deachtóireacht de facto le vótaí.
Mé tuirse den gcogadh ar intinn is réasún.
Sin cuid de thrioblóidí SAM gan trácht ar chiníochas, gnéasachas, meas ar bith ar obair ach ardmheas ar shaibhreas, cultúr a deireann gur peaca é bheith bocht…
Nuair a mharaíonn fear bean is a clann, ná tabhair meas dó. Cheapfá go mbeadh sin soiléir. Fíorshoiléir. ‘A no-brainer’ mar a deireann siad i SAM. Duh. Ní gá é a rá fiú! Ach níl sé soiléir in Éirinn mar a fheicimid sa chaoi ina rinne daoine caint air nó nach ndearna caint ar Chlodagh sa Chabhán le déanaí. Níl sé soiléir sna meáin ná ón Eaglais (ionadh na hionadh) a thug meas don fear a mharaigh í is a rinne Éirebrushing uirthi ón scéal.
Múinteoir bunscoile ab í Clodagh. Ní raibh sí ag iarraidh bheith ionsaithe, gearrtha le scian, buailte le tua go dtí go bhfuair sí bás is í ag déanamh a seacht ndícheall a clann a shábháil. Ní raibh bás tuillte aici ná ag duine ar bith dá gasúir.
Ní eachtrannach a rinne é. Ní duine a bhí ag iarraidh airgead a ghoid uathu. Seo dúnmharú barbartha a cheapfá nach bhféadfadh éinne nár chaill a chloigeann go hiomlán i dtaom feirge a dhéanamh. Ach ní mar sin a bhí. Bhí sé pleanáilte amach go cúramach ag an diabhal a rinne é.
Cá raibh an Daidí le iad a chosaint? Mar sin a dhéanann Daidí, nach ea? Dhéanfadh sé rud ar bith lena pháistí a shábháil. Dhéanfadh fear céile rud ar bith lena bhean a shábháil. Sin a cheapfá.
Fágtha as an bpictiúr a chuir mé leis an mblag seo thuas, an diabhal a mharaigh Clodagh is a clann. An iomarca cainte déanta air cheana. In am é a choinneáil ón scéal seal. Cothrom na féinne de dhíth.
Éasca do dhaoine bheith ag tabhairt amach faoi na diabhail a fheiceann siad ar an teilifís. Daoine ar nós ISIS nó an Taliban. Iad a mharaíonn páistí gan trócaire. Ach nuair atá aithne agat ar an duine, nuair atá cónaí air i do thír féin, i do chontae féin, i do bhaile féin, nuair atá tú gaolta leis… deacair tabhairt amach faoi sa chaoi céanna. Ach ba chóir. Mar mharaigh sé iad. Gan trócaire. Ná tabhair meas dó.
Na focail is fearr ar an ábhar seo scríofa ag Linnea Dunne.
Tá ceachtanna le foghlaim ón gcaoi ina rinne daoine caint faoi. Oideachas na hEaglaise againn ar fad in Éirinn. Mhúin sé ‘Maithiúnas’ in áit Freagracht. Nach raibh sé sin áisiúil dóibh agus lofa dúinn. Glaoigh amach na coirpigh. Scread amach an fhírinne. Ná glac le tada ach freagracht agus meas do na daoine nár thuill bás mar sin. Níl an diabhal ar an liosta sin.
Liosta le léamh anseo de mhná eile in Éirinn ar mharaigh fear céile nó leannán srl iad. Ar fhaitíos go gceapann daoine nach dtarlóidh sé arís. Gur eisceacht a bhí ann. An scéal mar seo le fada. Sampla 1996 anseo. Tuig an fhírinne agus bíodh oideachas againn saor ó Ethos áisiúil na hEaglaise. Cearta, freagracht, eolas, cúnamh uainn sa tír seo. Muid braon de Thír na Leads.
Conas meas a thabhairt dóibh?
Ná cuir an diabhal gar dóibh. Gearr amach a íomhá. Ní chuirfeá iad ar ais sa teach céanna leis dá mbeadh siad ar fad beo i ndiaidh ionsaí mar seo, an gcuirfeá? Ná déan a leithéid ar an altóir nó sa reilig. Meas do na mairbh nár thuill bás mar sin. É fágtha amach agam anseo.
Meas tú an mbeadh Clodagh sásta leis an scéal gur eagraigh fir i ngúnaí, fir le cumhacht an tAifreann di is dá clann is don diabhal ag an am céanna? Sásta go raibh 11 sagart ar an altóir, nár bhog duine acu siúd an pic den diabhal a mharaigh iad a chuir duine in aice le Liam? Mór an trua.
Tír na bhfear. Tír gan rogha. Le Dialathas Mc Quaid níl seans ar bith ag bean, go mór, mór múinteoir bunscoile in Éirinn. Tost marfach faoi a d’fhulaing sí. Ná déan dearmad ar a tharla di is dá clann. Ná bíodh moladh ná meas ann don diabhal níos mó. Ná ceadaigh is ná déan leithscéal do dhaoine mar é marbh nó beo. Ródhéanach do Chlodagh is a clann ach labhair amach go luath nuair a thuigeann tú go bhfuil duine ag déanamh dochair.
Tír gan Rogha, Tír gan Freagracht, Tír gan Anam.
Clodagh an Múinteoir: tá súil agam, ar do shonsa, go bhfoghlaimeoidh an tír ceacht anseo.
Bhí mé ag éisteacht leis an nuacht thuas is nuair a thosaigh sé ag caint faoi logainmneacha SAM smaoinigh mé ar na hainmneacha a chonaic mé i gCalifornia Thuaidh. Ainmneacha ó na dúchasaigh ar fud Eureka, fiú ar Bhanc ann: Umpqua.
Mar sin, chuardaigh mé a bhí mo dhuine ar an nuacht ag déanamh trácht air. Ag tosnú leis na Stáit.
Bhí sé éasca dom an focal a fhoghlaim. Cosúil le bainne, a cheap mé. Ciallaíonn sé bainne cíche. Foclóir mar sin de dhíth orm is mo leanbh óg ag tosnú a shaol sa tSeapáin i 1985.
Is bhí sé éasca. Rinne siad éasca dom é. Na seomraí a bhí acu sna Depaato (siopaí móra) dúinne, máithreachaí le leanaí. Bhí chuile rud a bhí uainn ann. Leaba, cathaoir, uisce te…
Is dá ndéanfá dearmad ar rud ar bith, seans go mbeadh sé acu duit.
Chonaic mé daoine ag tabhairt an chíoch don leanbh go minic sna háiteacha seo, agus ar thraenacha, ar bhusanna, i bpáirceanna poiblí … is rinne mé an rud céanna. Níor fhéach éinne i mo threo is mé dhá dhéanamh. Ní dhearna siad iontas de. Cén fáth a ndéanfadh? Rud nádúrtha.
Pics thuas ó Cheeserland.com
Is bhí éadaí acu don jab. Gach rud a bhí ó dhuine. Stíl, cúnamh, meas. Bhí an saol éasca dom.
Ní mar sin a bhí sé in Éirinn sular fhág mé an tír. Le bheith féireáilte, mhúin siad dom sa bhaile go raibh sé go maith an chíoch a thabhairt don leanbh. Mhol na banaltraí mé nuair a rinne mé sin an tseachtain agam sa Rotunda nuair a rugadh é. Tar ar ais i gceann míosa, ar siad. Is chuaigh. Is san líne fada ag fanacht ar an dochtúir, thug mé an chíoch do mo leanbh mar bhí ocras air. Is chuala mé guth ard an mátrúin ag rá le huafás: Ní féidir leat é sin a dhéanamh anseo! Téigh go dtí an leithreas. Chuir sí náire orm nuair nach raibh cúis leis. Nuair a tháinig mé amach ón leithreas bhí orm dul go deireadh an líne arís. Tagann náire agus fearg orm is mé ag cuimhniú air anois. Anois is mo leanbh 31 bliana d’aois is cónaí orm i SAM.
Bhí comhrá agam ar maidin le bean ón Choiré. Bíonn ceisteanna aici go minic faoi Mheiriceá. Cén fáth nach bhfeicim mná ag tabhair an chíoch do leanaí anseo i SAM? a d’fhiafraigh sí.
Fuair mé freagra di in alt le Amy Bentley i Slate is d’éist mé le Oh my God! uaithi ó am go ham. Mé ag fáil cleachtaithe leis sin is í ag foghlaim faoin tír ina bhfuil cónaí uirthi anois. Tír a cheap sí a mbeadh níos fearr ná an tír a d’fhág sí. Thuig mé go raibh cúrsaí i bhfad níos fearr do na mná ag tabhair an chíoch do leanaí ina tír féin. Mar a bhí sé chomh héasca sin domsa fadó sa tSeapáin.
Ach i SAM, is in Éirinn, tá rudaí an-difriúil go deo. Is daoine ag foghlaim Béarla sa scoil liom, foghlaimíonn siad nach iad na focail amháin atá difriúil sa teanga nua. Tá meon aigne fite fúite leis an teanga. Is anois bhí mo dhalta ag foghlaim an meon aigne sa Bhéarla agus an stair leis.
I SAM i ndiaidh an dara cogadh domhanda, bhí caint faoi conas bainne a thabhairt do leanaí ceangailte le foshuíomh bunaithe ar shibhialtacht, dul chun chinn, éascaíocht, is nua-aimsearthacht. Foshuíomh ceangailte le daoine geala is a stíl maireachtála.
Bhí sé sibhialach formula a thabhairt don leanbh, dar leis na saineolaithe. Nach raibh an focal féin formula an-eolach fiú. Idir na línte, tugadh le fios go raibh sé barbartha, gránna an chíoch a thabhairt don leanbh is an domhan chomh nua-aimeartha is a bhí sé.
Céard dó an chíoch, mar sin? Do na fir. Is na hirisí Playboy sna siopaí is póstaeir de Marilyn srl le fáil ní raibh sa chíoch níos mó ach rud le pléisiúr a thabhairt do na fir.
Ní fhéadfaí an bhean mar striapach agus an bhean mar mháthair a mheascadh suas. Ní raibh gá leis na cíocha le bia a thabhairt don leanbh níos mó. Nach raibh formula ann! Mar sin tháinig déistin ar dhaoine nuair a chonaic siad mná i SAM ag tabhairt an chíoch do leanbh go dtí gur tabú a bhí ann.
Scéal uafásach as Béarla anseo faoi gharda i SAM a mharaigh bean is a ghortaigh a leanbh mar gheall ar seo anseo.
Ins na tíortha nach raibh chomh ‘nua-aimseartha’ le SAM agus Sasana, tíortha gan daoine geala, ní raibh an náire seo ann. Chonaic daoine pictúirí i National Geographic de na mná san Aifric ag tabhairt an chíoch dá leanaí is ghabh siad buíochas nach raibh siad chomh tútach sin. So, ciníochas agus gnéasachas ag baint leis an fhadhb i SAM.
Tá áiteachaí i SAM nach bhfuil mar sin ach tugtar hippies ar na daoine ansin le drochmheas. Is inniu ar Twitter tháinig mé ar an chaoi ina bhfuil cúrsaí in Éirinn.
Meas don Duinníneach lena fhreagra air.
Brónc, m., a child at the breast a scríobh @AnDuinnineach is roinn sé dán Hollie linn ar Twitter inniu. Féir plé dó. Soiléir go bhfuil fadhb ann in Éirinn fós. Maith thú, Hollie le do dhán thíos san bhfís a d’inis dom nach bhfuil meas ag an ‘gcultúr’ againn ar rud nádúrtha fós. Go gcuirtear náire ar mhná fós. I Sasana, i SAM, in Éirinn…
Cá seasann lucht Pro-Life ar seo? An bhfuil na hEaspaig sásta le mná ag tabhairt an chíoch do leanaí ag an Aifreann? Nó an bhfuil siad míchompóirdeach leis? Ní raibh formula ag íosa, ar ndóigh.