Bhí ar dhaoine dul go príosún sula bhfuair muid ár stáisiún teilifíse féin inár dteanga féin. Tá TG4 20 bliain d’aois anois agus deacair dúinn an saol a shamhlú anois gan TG4. Ní raibh meas ag an rialtas ar an nGaeilge agus fós, níl. ‘Fhios againn sin mar níl Gaeilge á labhairt ag daoine sa Rialtas. Caithfear sin a athrú. Daoine ag iarraidh bheith sa Rialtas as seo amach? Bíodh Gaeilge acu agus iad sásta í a labhairt le bród. Mura bhfuil duine sásta sin a dhéanamh, cén fáth an mbeadh siad ag stiúradh an tír seo?
I mbliana, thosaigh mé ag staidéar ar chúrsa arlíne eagraithe ag Coláiste na Trionóide. Faoi 1916 a bhí sé is an scéal sin i mbéal an phobail. Scríobh mé as Gaeilge ann is dúradh liom scríobh as Béarla. Scríobh mé as Béarla le aistriúchán as Gaeilge agus dúradh liom éirí as. B’shin cúrsa faoi 1916, faoi mar a bhfuair daoine bás ionaisc go mbeadh Saoirse againn is go mbeadh muid in ann ár dteanga féin a úsáid. Neart le ceartú fós sna hollscoileanna.
San rialtas, sna scoileanna, sna siopaí, ar na sráideanna…ar aghaidh linn le bród as Gaeilge mar is linne ár dteanga.
Ná lig don Ghaeilge stopadh sa seomra ranga nó ar an teilifís nó i gclubanna áirithe amháin. Ní bheidh muid saor go mbeidh fógraí ar fud na tíre ag fógairt go bhfuil Béarla le fáil más gá in áit Fáilte roimh Gaeilge anseo. Nuair atá Gaeilge againn mar default agus muid in ann athrú go teangachaí eile do na turasóirí, beidh muid saor. Bíodh frásaí bunúsacha riachtanach i ngach siopa, i ngach oifig, i ngach bialann, i ngach ospidéal, i ngach áit sa tír. Tosaigh anois. Ná bíodh ar dhaoine dul go príosún arís lena dteanga féin a chloisteáil.
Stáisiún den scoth againn i TG4! Moladh go hard leo atá ag obair ann.
An chéad dúshlán eile? Gach áit eile.
Chuir Giuseppi Mazzini i leith muintir na hÉireann go raibh ár notes of nationalism caillte againn agus mar sin nach raibh ár identity féin againn níos mó. Mar sin, dar leis, ba chóir dúinn bheith sásta bheith san Ríocht Aontaithe. Dúirt fear liom le déanaí gur Brits iad na hÉireannaigh mar tá daoine ann a cheapann é sin fós.
Aithníonn muid cé muid féin ach deacair é sin a dhéanamh amach ó chuid de na daoine atá fós ar nós na West British a throid in aghaidh TnaG fadó. Iad sa Rialtas, sna hollscoileanna, iad ciúin faoin deis a thugann Brimeacht dúinn bheith aontaithe agus saor ón Ríocht Aontaithe anois…
‘Bhfuil muid in ann muid féin a aithint? In ann an fód a sheasamh i 2016? Neart le déanamh. Saoirse uainn. Cearta uainn. Daoine le labhairt amach & le athrú a bhaint amach uainn. Seo an t-am.
Na smaointe céanna ag Niamh Ní Bhaoill le déanaí. Scríobh sí na focail. Bríd Ní Neachtain ag caint. Seo a dúirt sí
Bhí mí den scoth again i nDeireadh Fómhair. Thug an Amharclann Ford i gCahuenga, díreach trasna ón Hollywood Bowl cuireadh dúinn Seisiún Celtic Jam a dhéanamh ann ag múineadh rincí do dhaoine at an stáidse. Ba mhór an onóir é dúinn bheith san áit ársa seo is rinne Erin, ár stiúrthóir, cinnte go mbeadh gach rud togha don oíche.
Céim 1. Bhailigh sí foireann le chéile le cúnamh a thabhairt do dhaoine is iad ag foghlaim. Bheadh na rincí at fad ar eolas acu roimh réidh. Bhí go leor cleachtadh breise roimh ré de dhíth. Buíochas faoi leith dár gcairde at fad anseo a thug cúnamh dúinn. Buíochas faoi leith do Gypsy Camp a thug spás dúinn is tacaíocht den scoth.
Tonnta Thóraí ag an Ford
Céim 2. Bíodh na cúntóirí le haithint go héasca. Erin í féin a rinne an dearadh do na T-léinte is a rinne sí cinnte go raibh said ag daoine in am. Nach álainn iad! Rua san ainm anseo at nós Cath Rua. Sé sin fiáin! Bíonn spraoi againn is muid ag rince.
Céim 3. Ceol den scoth. Chuir Erin aithne ar an ngrúpa The Ploughboys nuair a bhí said a seinnt ag an gcéad gig againn mar Céilí Rua. B’shin san Iarsmalann Bowers. Chruthaigh sí cairdeas is thug sí tacaíocht dóibh atá lántuillte mar is ceoltóirí den scoth iad. D’iarr sí orthu seinnt dúinn is bhíomar ar bís nuair a bhí said in ann é sin a dhéanamh.
Céim 4
Bí ann go luath agus cuir cuma Ceilteach ar an áit. Buíochas le Ramona a bhí ann le earraí a dhíol, le Karl Wm Klein a thóg griangrafanna dúinn. Maith thú, Erin a thug a cuireadh dó. Muid iontach bhuíoch, a Karl. Brat ar an mballa anseo, gúna ansiúd… ní fada go raibheamar réidh.
Is sula raibh fhios againn, tháinig na daoine is bhí sé in am tosnú. Bhí dlúthdiosc againn agus roimh i bhfad thuigeamar go raibh sé i bhfad níos fear ligint don mbanna ceol iontach againn bheith ag seinm.
Cairde linn: Na Ploughboys & múinteoir rince a mhúineann rincí na hAlban. Na Gaeil Abú!
Thosaíomar leis na bunchéimeanna. As Gaeilge scaití! Go tapaidh linn go Ballaí Luimní, Ionsaí na hInse, Baint an Fhéir, Tonnta Thóraí, agus ag deireadh na hoíche Rince Mór na Tine le rince mór millteach is muid ag samhlú go raibh tine i lár an stáidse le lampaí ann.
Is maith an rud é go raibh sos idir gach rince is amháin á chasadh ag na Ploughboys don sos. Maith iad!
Luascadh
Bhí idir óg agus aosta ann is bhain chuile dhuine taitneamh as. Mar a dúirt duine de na ceoltóirí dúinn, mar bhí radharc maith aige ar a bhí ag tarlú, bhí sé dochreidthe go raibh daoine in ann an rince deireanach a dhéanamh chomh maith sin is iad na céimeanna is gach rud foghlamtha acu in aon oíche amháin. Sin mar a chonaic mé féin é. Thar aon rud eile, bhí cairdeas is craic san aer.
Diaidh ar ndiaidh chaill daoine eagla is chaith siad iad féin isteach sa spraoi. Bíonn áthas orainn nuair a bhíonn áthas ar dhaoine eile.
Obair an-chrua, tuigeann sibh. Fíordheacair dúinn bheith páirteach ann 😉
Ach is iad na daoine eile is tábhachtaí. Mar sin féin, tá áthas tógálach, deirtear.
Faoi na soilse san oíche leis na réalta os ár gcionn, rinneamar rince le cairde nua.
Is sula raibh fhios ag daoine cén chaoi ar tharla sé, bhí céilí againn le chéile.
Dheara, beidh Cathair na nAingeal ar fad Gaelithe againn roimh i bhfad má leanann muid ar aghaidh mar seo. Zoomba? Ha. Tá an Céilí Rua i Hollywood anois ☺
Tá Conradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal, fíorbhródúil as atá déanta ag Erin Scanlon agus muid ag dul ó neart go neart ag scaipeadh cultúr na nGael anseo.
Míle buíochas le Jennifer ón Amharclann Ford a thug an deis seo dúinn. Mo cheol í!
Sin mar a bhí, i Hollywood le déanaí. Bhíomar spíonta ach fíorshásta ag deireadh na hoíche. Rince Rua. Sin an chaoi as seo amach, a chairde 😉
Tá Liam Emmery imithe at shlí na fírinne le sé bliain anuas ach d’fhág sé a obra maestra don domhan ina dhiadh. I lár na coille, ní fheicfidh tú a chruthaigh sé ach i lár na coille atá sé. Seo an radharc ón spéir.
Cnoc Bogach i nDún na nGall
Cailleadh Liam nuair a bhí timpiste aige is bhí deacrachtaí aige ina dhiaidh sin. Ach sular imigh sé uainn d’fhág sé bronntanas álainn dúinn. D’inis a bhean chéile, Norma, do dhaoine faoi na crainnte a chuir sé nuair a chonaic siadsan na híomhánna iontacha ón spéir. Bhí said curtha ag Liam chomh fada sin siar ó shin go raibh dearmad déanta aici ar a rinne sé. Ach ag éisteach leis na daoine ag caint faoi a chonaic siad bhí sí cinnte go mbeadh bród air faoin tortha ar a gcuid oibre a chuireann ionadh is áthas ar dhaoine.
Saoi a bhí ann, do deimhin, a thuig go gcaithfimid áit a fheiceáil ó dhearcadh i bhfad i gcéin leis an áit a thuiscint i gceart. Iontach gur féidir linn bheith i bpictúir álainn i ngan fhios dúinn féin is muid i lár na coille. Meafar curtha aige sa talamh blianta ó shin a d’fhás go mall is a léirigh a rún dóibh siúd a fheiceann níos mó sa chúlra ná daoine eile. Ealaíontóir a roghnaigh beothacht mar a mheáin.
1.Meas tú céard a dhéanfar le na hacmhainní atá againn?
An ligfidh muid orainn nach mbeidh deireadh leo go deo?
Nó díriú ar an ídiú le tuilleadh luasghéaraithe,
Ag smaoiniú ar an ngearradh siar? Sin srian a shamhlú.
2. Meas tú an bhfuil sé fíor nach féidir ariamh
Éalú ón deireadh, ceann scríbe an duine?
Déan mar is mian leat ach ná déan dearmad,
Níl ionat ach scamall anseo ar an bpláinéad.
3.Tinn tuirseach den teidlíocht a léirítear.
Scaití ní bhíonn mé féin mórán níos fearr.
Fear leithliseach, gan chiall, leibide santach.
Rud a chuirfeadh drochbhail ar mhisneach.
Curfá
Cén fáth nach bhfeiceann tú
Na rudaí céanna a fheiceann mé nuair a bhreathnaíonn
Tú amach ar an gcuan álainn sin amach romhainn?
Na rudaí céanna a fheiceann mé.
4.Tá a fhios agaibh nuair a bhíonn sibh cráite,
Caite ag an gcur i gcéill nach stopann ag grágaíl
Gan loighic ná ciall ar nós inneall tionsclaíoch.
Gan smacht intinne, ní aimseoidh tú do chríochfort.
5
Curfá
Ag canadh
7.Níl tú leat féin, a mhac. Feargach, pianta, lán de bhrón.
Caith uait an diúltachas, scaip an dearfacht timpeall an domhain.
Níl tú leat féin, a mhac. Níl tú leat féin, a mhac.
Caith uait an diúltachas. Scaip an dearfacht timpeall an domhain.
Rap
5 & 6 arís (athraithe beagáinín)
5b.B’fhéidir go b’shin díreach an rud atá uainne.
B’fhéidir go bhfuil aon dóchas ann dhúinne.
B’fhéidir gur b’shin díreach an aisling mheabhail.
Tá sé deacair agam a rá mar níl ionam ach scamall.
6b.B’fhéidir go5 bhfuil a leithéid de rud ann is faoiseamh.
B’fhéidir nach bhfuil le déanamh ach a bheith ag caoineadh
Nó gluaiseacht chun cinn ag fuaimniú go binn,
Ag neartú an phaisin is ag cur leis an domhan.
Cén fáth nach bhfeiceann tú
Na rudaí céanna a fheiceann mé?
4 & 5 arís (5 athraithe beagáinín)
4.Tá a fhios agaibh nuair a bhíonn sibh cráite,
Caite ag an gcur i gcéill nach stopann ag grágaíl
Gan loighic ná ciall ar nós inneall tionsclaíoch.
Gan smacht intinne, ní aimseoidh tú do chríochfort.
5b.B’fhéidir gur b’shin díreach an rud atá uainne.
B’fhéidir go bhfuil do gan aon dóchas ann dhúinne.
B’fhéidir gur b’shin díreach an aisling mheabhail.
Tá sé deacair agam a rá mar níl ionam ach scamall.
Hayden a bhí ar an bhfear a bhunaigh an Westmeath Examiner in 1882. Old man John P Hayden a ghlaoigh m’athair air. D’oibrigh sé le Redmond agus caitheadh i bpríosún é mar gheall ar a chuid oibre ar son na hÉireann. Bhí sé de nós againn an uaigh aige a ghlanadh chuile bhlian is mé ag fás aníos. D’inis mo Dhaid scéalta dom faoi mar a d’fhulaing Hayden i bpríosún agus faoi a rinne sé ar son na tíre. Bhí m’athair ina eagarthóir ar an bpáipéar céanna ar feadh na blianta ina dhiaidh sin.
Ach scéal inniu faoi Hayden eile, eagarthóir eile agus i bhfad níos mó ná sin, atá imithe uainn. Fear nár chuir mé aithne air fiú is é gar dúinn i gCulver anseo i gCalifornia. Mór an trua. A scéal fíorspéisiúil, d’oibrigh sé ar son na síochána. Chomh maith leis sin bhí baint aige leis an lucha againne in Éirinn agus thar lear le saoirse a bhaint amach d’Éirinn.
Bhí Tom Hayden 76 bliana d’aois nuair a d’fhág sé an saol seo in ospidéal i Santa Monica inné Deireadh Fómhair 2016. Sular fhág sé an saol bhí neart déanta aige leis an domhan againne a fheabhsú.
Anam Éireannach
De shinsir Éireannach, Genevieve Isabelle Garity a bhí ar a mháthair sular phós sí is John Francis Hayden a bhí ar a athair. Ba iad a sheanathair is a sheanmháthair a tháinig go Meiriceá ó Éirinn in 1850. Ach ag lorg saol níos fearr dá mac is beag den oidhreacht Éireannach a bhí fágtha ag tuismitheoirí Tom dó. Ina leabhar Irish on the Inside: In Search of the Soul of Irish America scrúdaigh sé an tionchar damanta atá ag cailliúnt a gcultúr ar dhaoine.
B’fhuath leis mar is fuath liomsa Assimilation a scriosann an chuid is fearr dínn. Thuig sé go ndéanann athrú iomlán go cultúr SAM amháin tinn daoine. The survival of a distinct Irish soul is proof enough that Anglo culture will never fully satisfy our needs. We have a unique role in reshaping American society to empathize with the world’s poor, for their story is the genuine story of the Irish, a scríobh sé. Nach mór an trua nach raibh seans agam bualadh leis! Scríobh sé sa leabhar céanna i 2001 faoin gceangail dhomhain a mhothaigh sé leis na hÉireannaigh nuair a chuala sé na daoine sa Tuaisceart ag casadh We Shall Overcome sna hagóidí i 1969.
Bhí Gerry Adams agus Martin McGuinness i measc na sluaite a ghlac comhbhrón lena mhuintir ag aithint ról Tom ar son na síochána. Thug Hayden cuairteanna ar Thuaisceart na hÉireann go minic. Scríobh sé faoi na hiarrachtaí feabhas a thabhairt ar an scéal ó thuaidh. Ba cara le hÉirinn é gan dabht ar bith.
An Fear a d’Athraigh SAM
Labhair sé amach in aghaidh cogaidh is ar son cothrom na féinne.
Go luath ina shaol, a thosaigh sé i Detroit, bhí Tom ag scríobh. Bhí sé ina eagarthóir ar pháipéar nuachtán, an Michigan Daily, is é ag freastal ar an ollscoil. Chomh maith leis sin bhí sé ina uachtarán ar an SDS (Students for a Democratic Society) i 1962 agus ghlac sé páirt i Freedom Riders is é ag meascadh le daoine ó shinsir Afracach ag iarraidh an teorainn bunaithe ar chiníochas a bhriseadh. B’é Hayden a scríobh an ráiteas Port Huron a dhiúltaigh céimlathas. Maith é.
Scríobh sé leabhar, Rebellion in Newark: Official Violence and Ghetto Response faoin éirí amach ansin is scrúdaigh sé na cúiseanna leis an mbochtanas is frustrachas i Newark ag an am. Thug sé cuairt ar Vítneam Thuaidh is scríobh sé faoi ina leabhar The Other Side. Bhí Jane Fonda leis ar an turas sin is phós sé í bliain ina dhiadh sin. Bhí scannán fáisnéise curtha amach ag an am sin faoin turas. Introduction to The Enemy a bhí air. Ar ndóigh bhí sé conspóideach i SAM.
Bhunaigh Hayden an IPC (Indochina Peace Campaign) a mhair ó 1972-75. Bhí craobhanna acu i mBostún, Nua Eabhrac, Detroit, agus Santa Clara. D’oibrigh siad le deireadh a chur leis an gcogadh i Vítneam agus le déanamh cinnte nach mbeadh daoine óga a dhiúltaigh dul ag troid thar lear i dtrioblóid. Roghnaigh Jane Fonda, IPC mar ainm ar a comhlacht scannán ina dhiaidh sin mar gheall ar sin.
Mhúin Tom in Occidental College agus i Harvard. I measc na leabhair ar fad a scríobh sé, tá Ending the War in Iraq an-tábhachtach dúinn i láthair na huaire. Scríbhneoir go dtí an deireadh, beidh foilsiúchán nua uaidh, Hell No: The Forgotten power of the Vietnam Peace Movement ag teacht amach i 2017.
Ba stiúirtheoir é Hayden ar an Peace & Justice Resource Center i gCulver. Beidh mé ag dul ann as seo amach. Ní raibh ‘fhios agam go raibh a leithéid ann fiú. . Ba sheanadóir agus ball den Tionól Stáit é a d’oibrigh ar son California ar feadh 20 bliain. D’fhág sé oidhreacht iontach agus inspioráid dúinn.
Scíobh Nicholas Lemann san Atlantic: Tom Hayden changed America is ghlaoigh sé Athair na hAgóidí Mhóra air. Dúirt Richard N Goodwin, a scríobh óráidí do Lyndon B. Johnson agus John F. Kennedy faoi Hayden gur Without even knowing it, [he] inspired the Great Society.
Rud eile a thaispeáineann a chroí mór, an dlí seo a shábháileann go leor, leor ainmhithe.
Comhbhrón ó chroí lena mhuintir ar fad, a bhean chéile Barbara, a clann Troy & Liam, lena cairde ar fad. Tá duine des na daoine is fearr caillte ag an domhan. Sólás dóibh ar fad a n-airíonn uathu é.
Seo a scríobh sé
The Port Huron Statement (1962)
The Other Side (1966)
Rebellion in Newark: Official Violence and Ghetto Response (1967)
Trial (1970)
The Love of Possession Is a Disease with Them (1972)
Vietnam: The Struggle for Peace, 1972–73 (1973)
The American Future: New Visions Beyond Old Frontiers (1980)
Reunion: A Memoir (1988)
The Lost Gospel of the Earth: A Call for Renewing Nature, Spirit and Politics (1996)
Irish Hunger (1997)
Irish on the Inside: In Search of the Soul of Irish America (2001)
The Zapatista Reader (Introduction, 2001)
Rebel: A Personal History of the 1960s (2003)
Street Wars: Gangs and the Future of Violence (2004)
Radical Nomad: C. Wright Mills and His Times with Contemporary Reflections by Stanley Aronowitz, Richard Flacks and Charles Lemert (2006)
Ending the War in Iraq (2007)
Writings for a Democratic Society: The Tom Hayden Reader (2008)
Voices of the Chicago 8: A Generation on Trial (2008)
The Long Sixties: From 1960 to Barack Obama (2009)
Bring on the Iraq Syndrome: Tom Hayden in Conversation with Theodore Hamm (2007)
Tá gach rud togha leis an toghchán, iad ag rá i SAM mar fhreagra ar chúiseamh Trump.
Is aoibheann liom ioróin. Tá rud éigin milis sa chaoi ina bhfuil an fhírinne ag titim amach tríd an Nasty, an Donald, sa toghchán seo. Trína chiníochas, a ghnéasachas, agus a chlaidhreacht féin, léiríonn sé an lobhadas atá róchoitianta i SAM i measc daoine cumhachta. Cead aige aon rud a rá: sin Saoirse Cainte a dhéarfadh daoine áirithe liom faoi seo. Leithscéal le fada é sin díreach mar is leithscéal é Maithiúnas ag an Eaglais. Idir saoirse cainte agus caoinbhéas tá an fhírinne le fáil. Níl gan rud togha i SAM, a chairde. Fadhb leis an gcóras, fadhb le Trump, fadhb le easpa freagrachta.
Osclaíonn Trump a bhéal agus tagann meon lofa amach. De gnáth ní ligeann daoine do na smaointe sin éalú ina gcaint. Ní hé sin le rá nach mbíonn na smaointe sin acu. Tá ciníochas, gnéasachas, agus claidhreacht an-láidir sa tír. Ach ligeann siad orthu go bhfuil gach rud togha. Roghnaíonn siad a bhfocail go cúramach. Le dul ar aghaidh sa saol. Bhris Trump na rialacha. Rialacha nach bhfuil scríofa i leabhar ar bith.
An Onóir (Eminence), An Cairdinéal Dolan, an té a dúirt go raibh an IRA ar nós ISIS, fear le réadmhaoin iontach aige i Manhattan, fear nach n-íocann cáin: an-mhór le Trump ag ócáid ghairéadach le déanaí. Ag samhlú a gcomhrá sa phic thuas.
Tuig gur mhaith leo rogha a choinneáil ó na mná agus an chumhacht a bheith acu féin.
Tá nós i SAM go ngéilleann an té caillte sa toghchán don bhuaiteoir le cinntiú go dtuigeann an domhan go bhfuil gach rud togha sa tír. Caoinbhéas a thugann siad air. Dínit ag baint leis. Ní gheallfadh Trump go ndéanfadh sé sin ag an díospóireacht dheireanach. Bhí daoine trína chéile is an liú a lean sin an-ard: Horrifying, ar Hillary, A great disservice, ar Lindsey Graham (GOP), Beyond the pale, ar Jeff Flake (seanadóir GOP). Bhí rud le rá ag iriseoir ón Wall Street Journal faoi: The most disgraceful statement by a presidential candidate in 160 years, a tháinig ó Bret Stephens i dtweet.
An bhfuil an ceart acu?
Ar bhealach. Is sin an rud. Tá an fear é féin dáiríre horrifying. Ach nár cóir go mbeadh cead ag daoine a chinntiú go raibh gach rud féireáilte? Mar níl sé féireáilte is ní raibh ón tús i dtoghchán Sam. Is tá sé in am caint faoi. Tugann Trump an deis don tír caint faoi. Ach níl siad ag iarraidh é sin a dhéanamh.
An ngéilleann daoine i gcónaí agus ar mhaithe le céard? Keeping up appearances?
Tá mé ar buile fós faoi a tharla i 2000 nuair a ghéill Al Gore go George W Bush mar b’shin an rud caoinbhéasach le déanamh de réir nósanna na tíre. Ag an am céanna, bhí sé iomlán mícheart is anois tá 1,000,000+ marbh san Iaráic mar gheall ar an toradh sin is an t-uafás dochair déanta ar fud an domhain. An féidir a mhíniú do dhaoine thall ansin cén chaoi ‘raibh sé caoinbhéasach? Ná géill don diabhal. Ná glac le córas lofa. Tá freagracht de dhíth ach níl freagracht ann. Tuigeann Trump sin. Tuigeann sé gur féidir leis a rogha rud a dhéanamh. Ar siúl le fada ag na daoine is cumhachtaí sa tír ach thuig siadsan uilig nach raibh cead caint faoi go hoscailte. Ar bhealach (uafásach) tá níos mó den fhírinne le fáil ón Donald ná ó éinne eile.
Ní leor bheith ag gearáin faoi Trump is atá ar siúl aige. Tá níos mó ná diabhal amháin sa scéal seo. Tá an córas lofa agus tá pointe aige. Déisteanach ach tá. Caithfear an córas a cheartú. Ná bíodh aon mhíthuiscint ann, níl mé ar a shon agus tá sé fíordheacair dom a thuiscint cén chaoi a mbíonn duine ach caithfimid é sin a oibriú amach chomh maith. Bheadh cúrsaí i bhfad níos measa dá mbeadh Trump i gceannas. Dabht ar bith faoi sin. Ag an am céanna tá sé ag scaoileadh an fhírinne amach, ag oscailt bosca Phandora is níl Meiriceá ag iarraidh féachaint ar chéard atá ann. Ach ba chóir dóibh, ar mhaithe na tíre.
Cén chaoi ‘fhuil an córas rigeáilte i ndáiríre?
$$$$$$$$$$$$$$$$$
Ní féidir le duine gan airgead dul ar aghaidh sa chóras mar atá sé. Caithfear am a cheannach ó na meáin is Superpac a bheith ag obair ar do shon. Agus maireann an sorcas chomh fada sin! Creideann go leor, leor daoine gur é an rud is tábhachtaí atá le déanamh ag daoine nuair atá siad tofa ná cinntiú go mbeidh siad tofa arís sa chéad toghchán eile is ar aghaidh leo ag fáil airgid ar mhaithe leis sin. An toghchán is fearr gur féidir a cheannach. Sin toghchán an Mafia. Fós i bhfad ón toghchán is fearr.
2 Pháirtí Amháin Ceadaithe
Níl seans dá laghad ag éinne i dtriú páirtí. Cuimhnigh ar a tharla do Jill Stein (ceannaire, Páirtí Glas) nuair a rinne sí iarracht bheith páirteach i ndíospóireacht. Tógadh í go ‘suíomh dubh’ is chaith sí ocht uair a chloig dornascaithe go cathaoir ann. Bhí na leads ag an díospóireacht slán le caint faoi chearta na mban is í as an mbealach! Déanann na meáin cúis mhagaidh nó cúis náire de dhaoine a deireann go gcaithfidh siad a vóta do Pháirtí ar bith eile seachas na heilifintí agus na hasail. Fiú leis an ndá pháirtí sin, ní ghlacfaidh siad le daoine atá ag iarraidh an corás a cheartú. Bhí am ag Bernie Sander bheith os comhair an phobail ach ag deireadh an lae, d’éirigh leo stop a chur lena réabhlóid.
Grúpaí coinnithe amach ó vótáil
Seans ag gach duine vóta a chaitheamh ar a laghad? Ní hea ná gar dó. Tá Stáit ann a éilíonn aitheanas nach bhfuil de dhíth nó le fáil. Seo an breitheamh J. Peterson faoi Wisconsin: [Wisconsin] has disenfranchised a number of citizens who are unquestionably qualified to vote, and these disenfranchised citizens are overwhelmingly African American and Latino. Cead vótála caillte ag 2,000,000 in Ohio. I Texas tá fógraí ag rá go bhfuil gá le aitheanas le grianghraf le vótála. Níl. I Carolina Thuaidh níl cead vótála ar an Domhnach le stop a chur leis an bhfeachtas Souls To The Polls eagraithe ag Eaglaisí áirithe. Beag ama tugtha acu do vótáil go luath ansin ach oiread. Téann póilíní go áiteacha ina bhfuil faitíos ar dhaoine rompu nuair atá páirtí faoi leith ag iarraidh nach mbeidh seans acu vótáil.
Nuair a ritheann lucht DC le daonlathas SAM a chosaint le liú ard, tá bréag ansin is tuigeann Trump go maith sin. Tá siad géilliúil. Tá an ceart aige magadh fúthi is cur ina leith gur meatacháin iad. Mar níl duine acu sásta an córas a chur ina cheart. An fhadhb céanna in Éirinn, áit ina bhfuil Stát agus Eaglais fós fite fúite le chéile is duine ar bith sásta iad a scaradh.
An bhfuil Trump cliste nó amaideach?
Pé acu, tá sé contúirteach. Fíorchontúirteach. Casann sé blúirín den fhírinne ar mhaithe leis féin isteach le caimiléaracht.Camastáil sa chóras atá rigeáilte ar fad, ar sé faoin toghchán. Aontaím leis (pianmhar) ACH níl sé rigeáilte i gcoinne Trump. A mhalairt. Sin an cleas. Lig cuid den fhírinne amach leis na bréaga ar fad leis an dallamullóg a chur ar dhaoine.
Tá sé fíor. Tá diabhail mar seo ar an saol.
Ní thaitníonn leo nuair a insíonn an fhírinne fúthu. Níos measa ná sin. Ní If you’re not with me, you’re against me mar a dúirt Bush é ach Muna bhfuil tú liom, brisfidh mé thú.
AN CLEAS
An Fear Oráiste a thug dalta liom ar Trump sa chéad lá aici ag foghlaim Gaeilge linn. Cliste. Chuir sé sin An Fear Corcra ó Jessica Jones i gcuimhne dom. Is mé ag breathnú ar Trump le déanaí, feicthe agam go bhfuil tréithe ann a roinneann siad. Iomlán tógtha suas leo féin, gan coinsias, tógtha le mná áille agus airgead, in ann an dallamullóg a chur ar dhaoine. An Fear Corcra níos fearr ná Trump ach sin ficsean. An fhírinne i bhfad níos scanrúla. An cleas anseo.
Sa chaoi ina deireann Don Trump go bhfuil an córas lofa, tá an córas ina aghaidh. Éasca é sin a thuiscint nuair a thuigimid go gceapann sé go bhfuil sé foirfe agus nach féidir leis riamh bheith mícheart. Leis an meon aigne sin, caithfidh an locht bheith ar dhaoine eile nó rud eile.
An Fear Corcra
Duine ar bith níos mó ná mise…
A mhalairt an fhírinne. A mhalairt an fhírinne.
Tá mé iomlán cinnte go gcreideann siad go bhfuil an ceart acu mar tá siad i ngrá leo féin. Masla uafásach ó Bhush le Carol Coleman an uair sin is é ag rá go raibh a bhrón níos mó ná brón a dtuismitheoirí.
Comparáidí le Kilgrave.
Kilgrave is a walking consent metaphor, a scríobh Willa Paskin san alt seo i Slate. Fiú é a léamh. Dáiríre! Consent nó compliance? Is cuma. Tugann muidne cead do dhaoine cumhachta a rogha rud a dhéanamh. Tá sé sin fíor. Tuigeann Trump é. Tuigeann Monsanto é. Tuigeann Apple é. Nuair nach bhfuil freagrach sa chóras do dhaoine mór le rá, níl ann ach teach déanta de chártaí a thitfidh leis an ngaoth. Séideann Trump an ghaoth sin. Tá cúnamh aige agus ag an MIC, an chumhacht is mó sa pholaitíocht i SAM, ó FOX is na meáin eile atá ag cruthú fuath is ciníochas le fada.
Cuid den fhírinne meascaithe le bréaga, bréaga, bréaga. Inis na bréaga i nguth milis. Ná taispeáin náire riamh. Cuir cuma ort go bhfuil tú i gceannas agus go mbeidh gach rud togha má leanann daoine thú. Má deireann daoine go bhfuil tú ag rá rudaí uafásacha, dean gáire faoi is abair go raibh tú ag magadh. Lig ort go bhfuil daoine dod’ ghortú agus go mba cóir go mbeadh trua ag daoine duit.
Tá balla idir Trump agus an fhírinne i ndáiríre. Balla sa chloigeann. Tuigeann sé céard ba chóir dó a dhéanamh ach aithníonn sé nach shin mar atá an saol. Chruthaigh SAM cultúr ina gceadaítear do na daoine is cumhachtaí a rogha rud a dhéanamh. Cultúr chomh láidir sin go nglacann daoine leis. Mar feiceann siad freisin gur sin mar atá an saol. Conas Bush fós bheith saor i ndiaidh an ionsaí ar an Iaráic a mhíniú murach sin? Cé atá ag géilleadh?
Cuireann duine ceist orm: An gceapann tú go bhfuil an toghchán rigeáilte. Freagraíonn Tá agus imíonn siad leo le vóta a thabhairt do Trump sula bhfuil seans acu aon rud eile a chloisteáil uaim. Níl figiúirí uathu. Níl míniú uathu. Tuigeann siad sound bites agus aon rud a thabharfaidh tacaíocht d’fhear a bhíonn ag caint ar nós daoine eile atá mór thimpeall orthu sa saol. roinnt mhaith acu nach bhfuair oideachas go triú leibhéal. Roinnt mhaith a chuaigh ann ach níl na hollscoileanna anseo uilig an-mhaith.
Sampla anseo de dhuine ar Twitter a d’éist le Clare Daly ag caint faoi Obama. Mar a thuigeann sí é, tá Clare in aghaidh Obama agus mar sin ba chóir tacaíocht a thabhairt do Trump
Feiceann tú céard atá ag tarlú is déanann tú iarracht stop a chur leis ach seo a tharlaíonn:
Aineolas, Eaglais, muidne nár cheartaigh an córas a chruthaigh an stoirm. Céard atá le déanamh? Inis an fhírinne go hiomlán go dtuigfidh na daoine seo
an feall. An bhfeiceann tú an EAGLA san EAGLAis? Cuimhnigh go seolann go leor. leor daoine a ngasúir go scoileanna Chaitleacha. Tuig atá an Eaglais ag rá. Sampla anseo.
Tar ar ais, Bernie Sanders! Jill Stein led’ thaobh.
Amhrán Annie Lennox le críochnú:
Who are I to disagree? In am labhairt amach…go láidir. Brionglóidí, sin rud amháin. An fhírinne uainn. Hold your head up ♫
Jack Dunphy & Rút Ní Fhógartaigh le Love will Set You Free le Kodaline ag Seó Chúrsa D.
Liricí
1.
Tá ‘fhios agam go bhfuil tú gafa le do shaol nua. ‘Ag bogadh ar aghaidh. I know you are taken up with your new life. ‘Moving on.
I bhfad i gcéin uaim. I bhfad i gcéin uaim. Far away from me. Far away from me.
Nuair [atá] gach rud a dúirt muid anois casta inár n-aghaidh. When everything we said is now turned against us.
Anois é in am dom. Anois é in am dom. Now it’s time for me. Now it’s time for me.
Curfá
Ag an deireadh is tú leat féin is tú caillte insan domhan, In the end when you’re all alone and you’re lost in the world,
[Is é an] rud is mó le cuimhniú [air ná go] bhfuil mé ann mar airím an phian atá ann. The thing to remember most is that I’m there ‘cos I feel your pain.
‘Ualach mór an saol seo ortsa gan ach dorchadas san oíche is tú thíos. This big burden of life is on you and only darkness in the night when you’re down.
Lig don grá ‘isteach i do chroí. Let love into your heart.
2.
Is chuaigh mé ‘shiúlóid fhada chiúin go teach gan tada ann. I went on a long and quiet walk up to an empty house.
‘Dea-chuimhní agam ach céard atá i ndán dom? I have good memories but what’s in store for me?
Mairfidh muid i bhfad ó chéile. Sin an chaoi atá ann. We’ll survive far apart from each other. That’s the way it is.
Anois é in am dom. Anois é in am dom. Now it’s time for me. Now it’s time for me.
Curfá
úó ó ó, úó ó ó ó ó X2… Lig don grá isteach i do chroí. Uh oh, oh, oh, uh oh oh oh oh, oh X2… Let love into your heart.
úó ó ó, úó ó ó ó ó X2… Lig don grá isteach i do chroí. Uh oh, oh, oh, uh oh oh oh oh, oh X2… Let love into your heart.
Curfá
ú ú ú ú ú ú ú. Lig don grá ‘isteach i do chroí. Oo, oo, oo, oo, oo, oo, oo. Let love into your heart.
Don chéad uair ghlac Conradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal páirt sna Highland Games i Ventura i 2016. Chuir Nellie, bean uasal atá mar Mhamaí ar an ócáid seo, fáilte romhainn agus thug sí bord is spás dúinn taobh istigh ó theas na gréine, buíochas le Dia. Deas an mórtas cine is an grá don chultúr a fheiceáil mórthimpeall orainn
Rinne ErinEaly bratach don ócáid is thógamar linn T-léinte is málaí srl le díol. Roinneamar ár mbord le Pint of Irish, grúpa a chabhraíonn go mór linn i Redondo Beach leis na ranganna Gaeilge ansin.
Déanann Jean dul siar ar an gceacht dhá uair sa mhí. Bíonn seisiún mall acu ansin uair sa mhí freisin. Daoine atá lán de ghrá don chultúr iad. An t-ádh linn bheith ag obair leo. B’í Diane a mhúin an feadóg stáin is an bodhrán do ghasúir sa samhradh nuair a mhúin mise Gaeilge dóibh is Erin ón scoil McNulty rince. Bhí siad Gaelified ar fad ag deireadh an tsamhraidh!
Ach ar ais ag na cluichí. Bhuaileamar le cairde ann: Lynn a bhíonn ag foghlaim Gaeilge i nGlendale a bhain triail as a cuid Gaeilge linn. Comhghairdeas, a chroí. Tú ag foghlaim go maith. Aedan a eagraíonn seó Samhna chuile bhliain agus a dhéanann rince agus ceol pé áit a dtéann sí. Bhí sí ann lena cláirseach is a bróga rince. Eva Gordan a bheas ag imeacht uainn go San Francisco. Bean uasal a mhúin Gaidhlig, aireoidh na Gaeil anseo uainn í.
Lá fada briste suas le craic, ceol, rince, comhrá. B’fhiú go mór dul ann. Beidh muid ar ais arís i 2017, tá súil againn.
Daoine ag foghlaim thuas. Iontach an spás a bheith againn le rince a dhéanamh freisin!
Bhain chuile dhuine an-taitneamh as. Ach, Bill a bhí taobh linn, nuacht agam duit: is Gaeil sinn, ní Briotanaigh 😉
Tuirseach ag an deireadh 😉
Beidh scéal agus pics faoin imeacht ag an Amharclann Ford ag teacht roimh i bhfad.