Bhí mí den scoth again i nDeireadh Fómhair. Thug an Amharclann Ford i gCahuenga, díreach trasna ón Hollywood Bowl cuireadh dúinn Seisiún Celtic Jam a dhéanamh ann ag múineadh rincí do dhaoine at an stáidse. Ba mhór an onóir é dúinn bheith san áit ársa seo is rinne Erin, ár stiúrthóir, cinnte go mbeadh gach rud togha don oíche.
Céim 1. Bhailigh sí foireann le chéile le cúnamh a thabhairt do dhaoine is iad ag foghlaim. Bheadh na rincí at fad ar eolas acu roimh réidh. Bhí go leor cleachtadh breise roimh ré de dhíth. Buíochas faoi leith dár gcairde at fad anseo a thug cúnamh dúinn. Buíochas faoi leith do Gypsy Camp a thug spás dúinn is tacaíocht den scoth.
Tonnta Thóraí ag an Ford
Céim 2. Bíodh na cúntóirí le haithint go héasca. Erin í féin a rinne an dearadh do na T-léinte is a rinne sí cinnte go raibh said ag daoine in am. Nach álainn iad! Rua san ainm anseo at nós Cath Rua. Sé sin fiáin! Bíonn spraoi againn is muid ag rince.
Céim 3. Ceol den scoth. Chuir Erin aithne ar an ngrúpa The Ploughboys nuair a bhí said a seinnt ag an gcéad gig againn mar Céilí Rua. B’shin san Iarsmalann Bowers. Chruthaigh sí cairdeas is thug sí tacaíocht dóibh atá lántuillte mar is ceoltóirí den scoth iad. D’iarr sí orthu seinnt dúinn is bhíomar ar bís nuair a bhí said in ann é sin a dhéanamh.
Céim 4
Bí ann go luath agus cuir cuma Ceilteach ar an áit. Buíochas le Ramona a bhí ann le earraí a dhíol, le Karl Wm Klein a thóg griangrafanna dúinn. Maith thú, Erin a thug a cuireadh dó. Muid iontach bhuíoch, a Karl. Brat ar an mballa anseo, gúna ansiúd… ní fada go raibheamar réidh.
Is sula raibh fhios againn, tháinig na daoine is bhí sé in am tosnú. Bhí dlúthdiosc againn agus roimh i bhfad thuigeamar go raibh sé i bhfad níos fear ligint don mbanna ceol iontach againn bheith ag seinm.
Cairde linn: Na Ploughboys & múinteoir rince a mhúineann rincí na hAlban. Na Gaeil Abú!
Thosaíomar leis na bunchéimeanna. As Gaeilge scaití! Go tapaidh linn go Ballaí Luimní, Ionsaí na hInse, Baint an Fhéir, Tonnta Thóraí, agus ag deireadh na hoíche Rince Mór na Tine le rince mór millteach is muid ag samhlú go raibh tine i lár an stáidse le lampaí ann.
Is maith an rud é go raibh sos idir gach rince is amháin á chasadh ag na Ploughboys don sos. Maith iad!
Luascadh
Bhí idir óg agus aosta ann is bhain chuile dhuine taitneamh as. Mar a dúirt duine de na ceoltóirí dúinn, mar bhí radharc maith aige ar a bhí ag tarlú, bhí sé dochreidthe go raibh daoine in ann an rince deireanach a dhéanamh chomh maith sin is iad na céimeanna is gach rud foghlamtha acu in aon oíche amháin. Sin mar a chonaic mé féin é. Thar aon rud eile, bhí cairdeas is craic san aer.
Diaidh ar ndiaidh chaill daoine eagla is chaith siad iad féin isteach sa spraoi. Bíonn áthas orainn nuair a bhíonn áthas ar dhaoine eile.
Obair an-chrua, tuigeann sibh. Fíordheacair dúinn bheith páirteach ann 😉
Ach is iad na daoine eile is tábhachtaí. Mar sin féin, tá áthas tógálach, deirtear.
Faoi na soilse san oíche leis na réalta os ár gcionn, rinneamar rince le cairde nua.
Is sula raibh fhios ag daoine cén chaoi ar tharla sé, bhí céilí againn le chéile.
Dheara, beidh Cathair na nAingeal ar fad Gaelithe againn roimh i bhfad má leanann muid ar aghaidh mar seo. Zoomba? Ha. Tá an Céilí Rua i Hollywood anois ☺
Tá Conradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal, fíorbhródúil as atá déanta ag Erin Scanlon agus muid ag dul ó neart go neart ag scaipeadh cultúr na nGael anseo.
Míle buíochas le Jennifer ón Amharclann Ford a thug an deis seo dúinn. Mo cheol í!
Sin mar a bhí, i Hollywood le déanaí. Bhíomar spíonta ach fíorshásta ag deireadh na hoíche. Rince Rua. Sin an chaoi as seo amach, a chairde 😉
Cairde linn: