Súil siar ar 2016 ag Craobh na nAingeal, Conradh na Gaeilge, Cathair na nAingeal anseo: https://drive.google.com/file/d/0B3e3IdVYvPgsNDhMeFY5aUFOaGs/view?usp=sharing
Súil siar ar 2016 ag Craobh na nAingeal, Conradh na Gaeilge, Cathair na nAingeal anseo: https://drive.google.com/file/d/0B3e3IdVYvPgsNDhMeFY5aUFOaGs/view?usp=sharing
D’imigh mo Dhaid ón saol seo i mí na Samhna i mbliana. Bhí 90 bliain aige anseo is chaith sé roinnt mhaith den am sin ag scríobh don Westmeath Examiner.
Cheap mé go mbeinn ag scríobh dán dó faoin am seo. ACH, is mé san mbaile ag dul trí na leabhair aige, tháinig mé ar leabhar scoile leis. Atlas. An domhan ar fad ann ach is léir nach raibh suim aige sa thíreolaíocht. Is léir gur chaith sé an t-am sa rang ag scríobh dánta ar chúl na mapaí. Bhí bronntanas fágtha aige dom, i ngan fhios dom le blianta fada, san Atlas sin. Mé ag léamh anois na smaointe a bhí aige is é óg. É fós ag míniú a shaol dom trí na focail seo. Pearsanta.
Seo thuas dán a scríobh sé do mo mháthair sula raibh said pósta. Bhí sé 19 ag an am. Tá mé tar éis a fheiceáil inniu at Tweet ó @britishlibrary mar a bhí leabhar nóta William Blake
An stíl fadó. Ar aon nós, ar ais ar a scríobh mo Dhaidí. Ba chóir dom a mhíniú gur thaitin filíocht Percy French go mór le mo Mhaim. Seo an t-amhrán The Mountains of Mourne ach d’athraigh Daidí na focail le ceist thábhachtach a chur uirthi. Ní raibh tideal air ach roghnaigh mé I Dare to Enquire ón véarsa deireanach a bhí aige. Deacair an scríbhinn a dhéanamh amach scaití.
Nioclás Mac an Fhailigh & Peigí Ní Chochláin
I Dare to Enquire
O Peggy, it seems that this world of toil
Is rendered an Eden each time that you smile.
All cares and all troubles take flight with the wind
To leave love resplendent and beauty behind.
The bold Spanish maidens for beauty renowned
Are as fair as the lily and gay, I’ll be bound.
But none fairer than thee, none ever could be
While the Mountains of Mourne sweep down to the sea.
We’re told that in London they once dug for gold
And now in this era we’re digging threefold.
But it’s not just for gold but this dislodging of hearts
Which often are bricks and severed in parts.
‘Tis said that in science we’re so far advanced
That life’s now a luxury by intentions enhanced.
If this folly were nurtured, I’d not wonder to see
The mountains of Mourne sink down ‘neath the sea.
One day as the sun shone I chanced just to stray
When who should I meet but sweet Peg on her way.
The sun’s rays grew brighter till it shone doubly bright
And my pulse it responded to welcome the sight.
Thus in life if ‘tis fated that sorrow prevail,
Joy comes to the rescue when all seems to fail.
And the darkest of clouds soon brighter will be
Than the mountains of Mourne sweeping down to the sea.
From time immemorial from Meath’s godless shade
This changing of hearts ‘to a custom was made.
The maid gave her heart, the lad likewise did.
And sometimes they were exchanged to the highest-made bid.
Of all this confusion I do not approve
Let your heart join with mine as a unit of love.
Then there’ll be but one heart for you and for me
While the mountains of Mourne sweep down to the sea.
Let us all take our choice and examine its source
Are the decisions for better or worse?
But too, hearts when exchanged will parted remain
And before long grow cold and weighty with strain.
But two hearts that are young with true lovers’ embrace
Open they remain to keep love in its place.
Thus I dare to enquire if our hearts so might be
While the mountains of Mourne sweep down to the sea.
D’oibrigh sé. B’shin 1945. Phós said i 1952.
Ag deireadh Comhrá 2016, bhí nod ó Jules go mbeadh cuairteoir againn. Ansin bhí ceist san ríomhphost: Ar mhaith libh..? Ba mhaith!
Is bhí áit, dáta, is gach rud socraithe. Is chuir Síne gach rud le chéile dúinn. Is scaipeamar an scéal i bhfad.
Tháinig an lá. Nollaig 11, 2016: deireadh na bliana do Chonradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal is bhí an t-ádh linn. Tháinig aingeal go Cathair na nAingeal le muid a threorú ar an mbóthar ceart.
Síne Nic An Ailí a rinne an taisteal ó Éirinn le Cultúr Club a mhíniú agus smaointe a roinnt linn. Tacaíocht den scoth a thug misneach dúinn is a spreag go leor, leor daoine le níos mó a dhéanamh. Maith í.
Seo í ag obair:
D’éirigh linn dráma as Gaeilge a léamh amach: Fíorú na hAislinge 1916, le cúnamh ó Shíne. Muid dáiríre anseo 😉
Cé go raibh neart le foghlaim, bhí neart le ceiliúradh freisin mar tá foireann den scoth againn. D’oibrigh ár gcraobh féin agus cairde linn go dian i 2016 is d’éirigh go geal linn. Mar sin bhí sé in am buíochas a ghabháil leo.
Muid buíoch as gach duine a thug cúnamh dúinn. Laochra iad ar fad. Mar a fheiceann sibh, ba leithscéal dúinn é le spraoi a bheith againn chomh maith is an Nollaig beagnach linn. Mar sin mheascamar obair le pléisiúr.
Míle buíochas le Conradh na Gaeilge, le Fulbright, & le rialtas na hÉireann a chuir an cheardlann ar fáil dúinn. Muid buíoch astu ar fad!