Dá mbeadh slat draíochta againn le Trump a stopadh! Bhuel, ar an ábhar sin, creid, tuig, glac páirt i ndeasghnáth agus cá bhfios? Seo atá ag tarlú anocht.
Tóg sos agus lig do (na) síth…
Oíche anocht, Feabhra 24 2017, beidh mná feasa na cruinne ag comhoibriú le geas a chur ar an bhFear (nach é m’uachtarán é) Oráiste. Seasann an té gránna sin don dorchadas a chruthaíonn sé is a bhailíonn sé mór thimpeall air féin. Tá SAM agus an domhan faoi gheasa droma draíochta aige is, go dtí seo, gan éinne in ann é a stopadh. Mar sin, tá draíocht de dhíth.
Glac páirt ann anocht. Fiú muna gcreideann tú ann, seo teiripe dúinn ar fad atá cráite nó in ísle brí faoi láthair.
Céard is féidir le hÉireannach a dhéanamh?
Creid. Creid gur féidir difríocht a dhéanamh.
Tuig cérbh í Éiriu nó cé hí nó céard dó a sheasann sí. Tuig an meas is an chumhacht ag mná inár scéalta. Tuig go bhfuil bagairt ollmhór don mheas sin faoi láthair dúinn is dár bpáistí is do dhaoine ar fud na cruinne. Tuig gur fuath le Trump mná, eachtrannaigh, daoine gorma, giúdaigh, daoine aerach, daoine faoi mhíchumas, duine ar bith nach ngéilleann leis is nach deireann leis gur é an té is fearr ar an domhan. Tuig gur duine gan chroí ná anam é. Tuig go bhaineann sé pléisiúr as dochar a dhéanamh, as daoine a ghortú.
Glac páirt ann.
Deasghnáth
Beidh grianghraf den Trump de dhíth, ceann a léiríonn cé chomh gránna is atá sé.
É seo ms
Coinneal oráiste (ceann beag bídeach)
Muna bhfuil coinneal oráiste agat, rud eile oráiste bog ar nós cairéad óg ms
Snáthaid (le ainm a scríobh ar an gcoinneal)
Choinneal bhán (tine)
Babhla uisce (uisce)
Babhla le salann ann (talamh)
Cleite (aer)
Cipíní
Babhla le gaineamh ann (Babhla do luaith)
Má tá siad le fail, bain úsáid as an cárta seo
- Scríobh Donald Trump ar an gcoinneal oráiste leis an snáthaid
- Cuir gach rud eile sa liosta thuas romhat i gciorcal
- Má tá an cárta agat, cuir ina sheasamh é (rud éigin taobh thiar de)
- Abair paidir le cosaint a fháil ón spiorad nó dia is fearr leat (Críostaí? Salm 23?)
- Las an choinneal bhán
- a) Abair
Glaoim ort Donald J Trump a chur faoi gheasa go dteipe air go hiomlán, nár dhéana sé dochar d’anam daonnach ar bith ná do chrann, ainmhí, carraig, sruth, ná farraige.
b) Léigh
Cuir Faoi Gheasa é
nár bhrise sé ár bpolaití
nár ghabha sé chuige ár saoirse ná
nár líona sé ár gcloigne le fuath, mearbhall, ná éadóchas.Cuir Faoi Gheasa, freisin
Iad ar fad a chuireann a olcas ar chumas
Agus iad a labhraíonn a bhréaga nimhneacha lena mbeola féin.
c) Abair
Agraím sibh, a spioraid,
cuir Faoi Gheasa iad ar fad
Ar nós le slabhraí iarainn
Cuibhrigh a dteangachaí mhailíseacha
Mór a dtúir mórálacha.
7. Cuir an cárta (An túr) bun os cionn.
8. Abair
Agraím tú i m’ainm (abair d’ainm go hiomlán)
In ainm iad a bhíonn ag siúl, ag ionsnámh, ag snám, ag eitilt,
na crainnte ar fad, na coillte, sruthanna, fásaigh, aibhneacha, agus farraigí
In ainm ceartais, saoirse, grá, ionannais, agus síochána.
Cuibhrigh iad le slabhraí
Cuibhrigh a dteangachaí
Cuibhrigh a saothar
Cuibhrigh a n-olcas
8. Las an ghrianghraf de Trump le bladhm ón gcoinneal oráiste agus coinnigh go cúramach é thar bhabhla do luaith
9. Dóigh an grianghraf is gáir:
Déan é gur Mar seo a bhéas! Mar seo a bhéas! Mar seo a bhéas!
Nó, más fearr leat: You’re Fired, You’re Fired, You’re Fired (Trí thine) 😉
10. Múch an choinneal oráiste ag samhlú Trump mar dheannach ag imeacht leis an ngaoth. Múch an choinneal bhán le deireadh a chur leis an ndeasghnáth.
Ina dhiaidh léim suas is síos is déan gáire mar is fuath leis sin. Cuir an choinneal oráiste sa talamh nó caith uaim é ag crosbóthar nó i sruth.
Céard atá sa gheis? Ní ionsaí ach cosaint. An chaoi ina noibríonn geis ná díríonn sé daoine ar fhoinse na faidhbe. Caithfidh daoine a thuiscint go soiléir nach bhfuil siad gan chumhacht nuair atá bagairt rompu. Go bhfuil daoine eile a thuigeann an fhadhb agus nuair a thagann daoine le chéile le guí shoiléir chumhachtach, tá seans i bhfad níos fearr acu an lámh in uachtar a fháil ar an mbagairt.
Fiú nuair nach gcreideann siad í bhfórsaí spioradálta, is léir go bhfuil tráma i SAM faoi láthair agus go bhfuilimid ar fad i gcontúirt fhad is ligtear don diabhal seo leanúint ar aghaidh. Tá na meáin ag caint leis mar uachtarán, tideal nach bhfuil tuillte aige. In am díriú ar an fhírinne. Ná ceap go bhfuil aon rud nádúrtha len atá sé ag déanamh. Ná glac leis. Ní neart go tuiscint agus go n-oibreoimis le chéile.
Cad a cheapann daoine faoin imeacht seo anocht?
Tuilleadh eolais ar Facebook