Gaol ag mo mháthair le muintir McGuinness: iad a bhí sa bhanna ceoil McGuinness Flint. Níl ‘fhios agam an raibh gaol aici le Máirtín.
Mar eagarthóir chonaic Daidí níos mó ná taobh amháin den scéal sa ghleic ó thuaidh is bhí bagairt nó dhó ag an doras is muid óg ó dhaoine is baint acu leis Na Trioblóidí.
Lean mé é. Lean sé mé. Sin mar atá rudaí ar Twitter. Seans aithne a chur ar dhaoine.
Neart a tharla in aimsir Na Trioblóidí nár thuigeamar i gceart is muid ag fáil leagan an mBBC den scéal. Bhí Montrose ag déanamh aithris ar an mBeeb ag iarraidh bheith chomh maith leo, dar leo. Ní dheachaigh mé ó thuaidh an tráth sin. Bhí Gaeilge ar mo charr. Bheinn i mbaol.
I bhfad níos mó ar eolas anois faoi a tharla i ndáiríre an uair úd. Go tobann, i 1994 bhí siad ar an nuacht. Na fir sin. Duine nach raibh cead againn a ghuth a chloisteáil is Máirtín lena thaobh. Fós níorbh ‘fhios dúinn céard ba chóir dúinn smaoineamh faoi.
Nuair a thug siad an roinn oideachais dó, tháinig feabhas ar an roinn. Neart múinteoirí is príomhoidí a dhún an doras ina aghaidh at dtús. Ach níor éirigh sé as. Is rinne sé jab maith.
D’athain a naimhde an luach a bhí ann mar dhuine is thug said meas dó.
Píosa deas ag an mBBC faoi anseo
Comhbhrón lena mhuintir is cairde. Tá mé den tuairim go ndearna sé an rud ceart sa deireadh agus go bhfuil an tír i bhfad níos fearr as mar gheall air.
Pics thíos ó Belfast Live
A scéal féin, dar leis féin.
Scríobh an Bhanríon Shasanach chuig a bhean chéile le comhbhrón, tháinig Bill Clinton ag an sochraid, mhol tiarnaí i Sasana é is dúirt duine acu, Tiocfaidh ár lá. Aontaigh sé daoine. Drogall in Éirinn sa deisceart an ómós céanna a thabhairt dó, bh’fhéidir mar tá náire orainn. Bhí muid sásta go rabhamar saor is bhí sé níos éasca gan a bheith ag smaoineamh faoin tuaisceart. Cibé cúis, in am dearmad a dhéanamh air agus aontú mar oileán amháin le cearta is síocháin. Brónach inniu ach tagaimís le chéile mar tá dóchas ann. Rinne sé é sin dúinn.
Pic thíos ón Derry Journal
Mar a chuimhníonn daoine ar laoch.Seo a dúirt Bill Clinton faoi
Amhrán na bhFiann sa reilig