buíochas le @AnDuinnineach
Archives
All posts for the month May, 2017
Inniu an lá.
Ár gcearta uainn.
Ár dtír, ár dteanga, ár ndúchas.
Bealtaine. Nuair a théann muid ó dhorchadas go gile. Sin a tharla. Seachtain roimhe, bhí cúrsaí dorcha. Bhí mé ag ceapadh nach mbeadh an Deireadh Seachtaine Gaeltachta ag dul ar aghaidh.
Mar a bhíonn sé is daoine ag eagrú rud ar bith, bíonn deacrachtaí ann. Sin an saol. Rudaí ar chóir dóibh bheith ag obair nach bhfuil ag obair. Míthuiscintí srl.
Ach feicthe agam go bhfuil rud atá i bhfad níos cumhachtaí ná na trioblóidí beaga seo ar fad: sin na Gaeil is iad a thugann meas dár gcultúr. Bhí an Deireadh Seachtaine Gaeltachta níos fearr i mbliana mar gheall ar na dúshláin, na deacrachtaí, na constaicí. Ait an mac… Gach uair a thit rud amach, tháinig daoine le chéile le fuinneamh, le grá, le tuiscint, le cion, le cumhacht, le draíocht, le anam na nGael. Seo Imelda le Tyler!
Cairdeas!
Bhí daoine nach raibh in ann teacht. Sin an saol freisin. Míthuiscint leis an dáta is bhí orainn bogadh ó áit go háit. Tarlaíonn sé. Theip ar an gcuisneoir is an micreathonnán is bhí orainn bia a chaitheamh amach. C’est la vie. Ceachtanna foghlamtha. Beidh áit nua againn i 2018! Agus bia níos fearr le rogha do na veigeatóirí srl. Agus i bhfad níos mó … Ach sin scéal eile.
Ach mar gheall ar sin, d’aithríomar na pleananna. Chuamar go háiteacha nua is bhí craic againn ann, as Gaeilge. Is maith sin.
Tá a rithim féin ag an saol agus aithníonn daoine sin. Glaoch ó Thaidhg: an bhféadfainn cabhrú libh? Táim saor ar an Satharn. Is laoch é, ár dTaidhg. Nuacht faoi chlub iománaíochta nua agus rphost chuig an lead i gceannas air: an bhféadfadh sibh…? Cinnte. Is tháinig daoine. Tháinig Galt is Audrey is Conall, bail ó na Déithe orthu.
Tháinig daoine nár bhuail mé leo riamh roimhe seo is tháinig seanchairde. Tháing siad le chéile ag iompar málaí dúinn, ag seinnt ag an gcéilí dúinn, ag déanamh aráin dúinn, ag cniotáil don chrannchur dúinn, ag comhoibriú nuair a bhí rud le sortáil amach.
Is ag an deireadh an lae, bhí ionadh orm. Féach a rinne siad! Ar bhealach, bhí sé níos fearr mar bhí orainn tarraingt le chéile ar nós bheith ag rámhaíocht le chéile i rásaí na mbád trasna na dtonnta agus áthas orainn ag an deireadh. Bhí an bua againn.
Mo laochra ♥
Is ó am go ham, chonaic mé an draíocht ag tarlú. Chuir mé mo chloigeann isteach i seomraí ranga eile is chonaic mé é. D’airigh mé é is mé amuigh faoin spéir sa pháirc is camán i mo lámh agam. D’airigh mé bród is daoine ag damhsa ag an gCéilí.
Conas?
Bailigh daoine le chéile, cuir rudaí amach dóibh agus lig dóibh spraoi leo. Lig dóibh rudaí a fhoghlaim trí rudaí a dhéanamh. Ná habair é, déan é. Le rogha agus spraoi. Creid is cruthaigh, Cuid de na rudaí a rinneamar…
Cluichí: Crosfhocail, Scrabble, Snap – déanta
Ceardaíocht: Snaidhm na Trionóide, Snaidhm Ceilteach, Cabhraíocht – déanta
Ceol: Cláirseach, Ceol ag an gCéilí, Amhránaíocht – déanta
Spórt: Iománaíocht, Rince, Siúlóid – déanta
Iománaíocht
Rince
Siúlóid
Gaeilge san aer is muid ag féachaint go barr na spéire
Scéal faoin eaglais agus Nat King Cole
Craic: Lúibíní léite, Dánta ráite, Cultúr Club seolta ♫
Tháinig siad. Chabhraigh siad. Ghlac siad páirt ann. D’fhoghlaim siad le spraoi.
Bhí an dorchadas imithe. Tháinig an ghrian amach agus, ar ndóigh, thugamar féin an samhradh linn.
Fós ag foghlaim faoina tharla. Beidh áit nua againn an bhliain seo chugainn. Mar sin, bígí ag pleanáil. Spás anseo má tá daoine ó Éirinn ag iarraidh Gaeilge a fhloghlaim i gCathair na nAingeal i mBealtaine i 2018. Teas. Grian. Craic. Cuir ar an bhféilire é!
Gabhann Conradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal buíochas ó chroí le chuile dhuine a chabhraigh linn le Deireadh Seachtaine Gaeltachta den scoth a bheith againn.
Fíorghaeil ♥
Rún an Mháthairín
A rí na gile, a rí na gréine, a rí na reann, a rí na réalta,
A rí na cruinne, a rí na spéire: is álainn do ghnúis, a léas aoibheann.
Dhá léas shíoda thíos ar do ghéaga, craiceann mín; uscar buí
Agus dúileach as gach sáigh dóibh.
Ní féidir liom bheith libh ach seo amhrán don Lá Dearg ♫ le ceol ó Elton John má tá sé agaibh.
- Lá Dearg le crogall glas.
Sinne crogaill. Tá muid ag fás.
Seo linn le rá os ard.
Tugtha le fios: ACHT na Gaeilge Anois!
- Gan Acht táimid dearg le fearg.
Éist, Arlene, níl ár dteanga marbh
Is cuma céard a deireann tú, Arlene.
Daoine nó crogaill: tá Gaeilge againn.
Curfá
Bheul,
Deir na crogaill: Acht Anois!
Dár dteanga álainn bheo.
Níl teanga eile atá pioc níos fearr is mar sin a bheas go deo ó ó X2
Labhair, labhair Gaeilge linn. Labhair Gaeilge linn, Labhair Gaeilge linne, linne, linne
1 & 2 & 3 arís
Arís is arís eile
Bhí craic againn ag an Deireadh Seachtaine Gaeltachta i gCathair na nAingeal! Maith sibh, gach daoine ag canadh anseo. Cuid acu ar leibhéal 1! Féir plé! Bródúil asaibh ar fad!
Tá ár dtéama ♫ againn do Chultúr Club anois ☺ GRMMA
Chasamar seo ag Deireadh Seachtaine Gaeltachta LA 17
Tabhair dom am mo choir a aimsiú. Goid is grá? ‘Cead ‘am…
Dhamhsaigh mé istigh id’ shúile. Conas mé ‘bheith ann?
Curfá 1
‘Tú ag iarraidh mé a ghortú? Tú ag iarraidh mé a chur ag gol?
Póigíní ‘s focail do mo chrá anois. Ní iarrann leannáin riamh cén fáth.
1. I mo chroí tá tine ag dó. Aimsigh réalt. Roghnaigh an t-ór.
Insíonn daoine atá nósach [dom]: Seo’d anois, sin céim thar fóir.
Curfá 2
‘Tú ag iarraidh mé a ghortú? ‘Tú ag iarraidh mé a chur ag gol? X2
2. Ní mó focail atá ráite. Míle bliain caite gan treo.
Sáite i mbrón, níl ciall ag tada. Tar isteach is tóg mo dheor’
3. Tú ag caint is caint ach creid mé, más fíor é nach bhfuil ‘fhios ‘at grá.
Níl cúis ‘amsa le bheith i ngrá leat, Mé réidh anois le slán a rá.
4. Más grá ‘tá uait is tú liomsa, bhuel tóg leat é gan stró.
Ní fheiceann tú gach rud atá ann. Muid ag scaradh anois, ochón.
Curfá 2
Tú ag iarraidh mé a ghortú? Tú ag iarraidh mé a chur ag gol? X2
X3
GRMA, Gaeltaght
1.– Na Forainmneacha Pearsanta sa leagan simplí acu.
mee | mé | shin | muid / sinn |
oo | tú / thú | shiu | sibh |
eh | sé / é | ad | siad / iad |
ee | sí / í |
2.– An Briathar “bí.”
Aimsir láithreach, leagan dearfach ta.
Ta mee | Tá mé | Ta shin | Tá muid |
T’ou | Tá tú | Ta shiu | Tá sibh |
T’eh | Tá sé | T’ad | Tá siad |
T’ee | Tá sí |
3.– Aimsir láithreach, leagan ceisteach vel.
Vel mee? | An bhfuil mé? | Vel shin? | An bhfuil muid? |
Vel oo? | An bhfuil tú? | Vel shiu? | An bhfuil sibh? |
Vel eh? | An bhfuil sé? | Vel ad? | An bhfuil siad? |
Vel ee? | An bhfuil sí? |
4.– Aimsir láithreach, diúltach.
Cha nel mee | Níl mé | Cha nel shin | Níl muid |
Cha nel oo | Níl tú | Cha nel shiu | Níl sibh |
Cha nel eh | Níl sé | Cha nel ad | Níl siad |
Cha nel ee | Níl sí |
Úsáidtear nel agus
View original post 548 more words
Tá Sasamach ag teacht ach tá rialtas na hÉireann ag scriosadh gach seans againn bheith le chéile leis an tuaisceart arís.
Thit Sasamach amach le Farage i Sasana & an American Horror Story le Trump i SAM. Farage ag iarraidh na daoine ‘difriúla’ atá ag scriosadh Britishness (nach British é ar chor ar bith) a choinneáil amach ón tír. Trump ag iarraidh Great America (White America i gceist) amháin a choinneáil isteach sa tír. Mar dhea. Ego i gceist leis an mbeirt acu. Daoine a scriosann is goideann gan coinsias ar bith le cur isteach orthu. Bunúsachaí. Fundamentalists. Fuair Trump cabhair ón Eaglais i SAM mar tá go leor bunúsachaí ansin. Cumhacht acu. Scoileanna a mhúineann umhlaíocht is dílseacht. Daoine a leanann gan ceistiú. Conas ar éirigh leo sin a dhéanamh? Le cúnamh ón MIC. Coup a bhí ann. Leigh faoi anseo (as Béarla). An fear corcra nó an fear oráiste, pé ainm a chuireann tú air, chuir siad an dallamullóg orainn.
Ach dúinne in Éirinn tá deis SAOIRSE a bhaint amach le Sasamach. Cloisim ciall is dóchas ó Albain ACH creill bháis ó mo thír féin. Cladhairí!
Is mé ag scríobh tá an Angelus san aer arís ag craoladh cumhacht na hEAGLAise. É ag caint liom. Deireann sé: deang – muidne i gceannas, deang – ní féidir éalú, deang – muid i ngach áit, deang – seo ár gcumhacht, deang – ar do ghlúine, deang – ná ceistigh muid, deang – níl cearta agat, deang – fir is láidre, deang – peaca í bean, deang – caill dóchas, deang – ní fiú tada thú, deang – fulaing ar son Dé.
San nuacht tá siad ag caint le heaspaig faoi chúrsaí na tíre. Mar? Faoi ospidéal a bhronnadh ar an EAGLAis. Faoi cearta daonna v cearta na mban. Fan. Níl sin ceart. Is duine í bean. Faoi prolife v cearta. Faoi paidreacha sa Dáil. Céard? Caithfidh daoine san rialtas paidir a rá sula dtosnaíonn said ag obair? Sibh AS BHUR MEABHAIR?! Bheadh an Taliban sásta leis sin freisin. Faoi dhiamhasla. Fan. Diamhasla. Céard sa …?
Má tá seans ar bith ag Éire bheith aontaithe leis an tuaisceart arís, caithfear caint faoi chearta daonna, faoi dheireadh le Dialathas, faoi fháilte roimh chuile dhuine i dtír le cearta. A mhalairt atá ag tarlú. Féachaim ar Nicolas Sturgeon le meas agus ar rialtas na hÉireann le drochmheas. Sibh ag milleadh chuile rud, a liúdramáin!
Diamhasla
Aréir, d’fhreastal mé ar chur ar scáileán The Queen of Ireland anseo i Topanga i gCalifornia. Scannán faoi mar a d’éirigh leis an reifreann do phósadh aerach in Éirinn. Bhí Stephen Fry sa scannán freisin. Thug Panti barróg dó. Bhí caint ar an éacht, ar a rinne Panti, mar a chuidigh persona Panti le Rory leis an bhfeachtas, ar an mbua iontach srl. Bhí trácht ar Ireland is a Catholic country agus Iona. Dúirt mé go raibh mé bródúil as mo thír ach gur cheap mé gur botún a bhí ann gan an Dialathas a bhriseadh ar dtús. Go leor cearta le baint amach againn fós.
Is dhúisigh mé ar maidin le fáil amach go bhfuil na gardaí ag fiosrú Stephen Fry. Curtha ina leith? Diamhaslú. Bheadh an Taliban agus ISIS bródúil as sin. Níl mise pioc ar bith bródúil as an Dialathas a choinníonn greim láidir ar an dtír. Má bhaineann an dlí €25,000 de Fry ach tada de Google, céard a deireann sé faoin dtír álainn againn?
Seafóid san rud ar fad. Ní féidir Dia a mhaslú. Fiú má chreideann tú i nDia nó Déithe, níl sí, sé, nó siad buartha faoi rudaí a dheirimid fúthu. Sin an rud faoi Déithe. Iad ceapaithe bheith níos cumhachtaí ná muidne. Má chreideann tú sa stuf sin. Is tá an rogha sin ag daoine. Is má chabhraíonn sé le daoine, cén dochar? Ach má tá dochar ann, glaoigh amach é is ná glac leis. Is bíodh rogha ann. Is breá an rud é Freedom of Religion ach ná déan dearmad go mba cóir go mbeadh Freedom from Religion againn is muid ar scoil nó in ospidéal nó sa rialtas srl. Rud nach bhfuil againn in Éire Chaitliceach. Sin oxymoron duit. Nach Dia págánach í Éiriu!
Cén fáth mar sin, a bhfuil dlí againn a deireann gur coir í Dia (Caitliceach is dócha, má tá a leithéid ann) a mhaslú? Eagla. Bhí eagla ar fhir sa rialtas go raibh an Taliban nó dream eile chun Éire a ionsaí mar gheall ar a tharla sa Dainmhairg nuair a mhaslaigh daoine Mohammad (dar le bunúsachaigh). Mar sin, rinne siad iarracht a thaispeáint go raibh Éire ar nós an Taliban. Dáiríre. Ní chreideann muidne gur cóir Dia a mhaslú ach oiread mar árachas in aghaidh ionsaí. Sheas siad ar an taobh mícheart. Na sliomaigh!
Dialathas
Go leor scannáin le fáil ag insint dúinn faoi a rinne na Sisters of Charity (nach deirfiúracha iad agus nach dtuigeann an focal charity): The Magdalene Sisters, Philomena, srl Gan trácht ar na Tuam Babies. I gcomparáid leis an Angelus, nil deang ar bith faoi na Tuam Babies. By Deaid, tá na meáin, an Eaglais, an rialtas is an dlí fíormhaith ag seachaint caint ar na Tuam Babies.
Le tuiscint: níl scoil ar bith sa tír nach múineann reiligiún ar bhealach amháin nó bealach eile. Sin coir. Tá 97% de scoileanna i lámha an Eaglais Chaitliceach. Sin Dialathas. Ospidéil acu freisin. Nuair atá daoine soghonto idir óg agus aosta ag an Eaglais, tá an tír ar fad acu.
Is í sin an Eaglais a chosain agus a chosnaíonn peidifíligh atá i gceannas ar oideachas na tire. An Eaglais a ghoid agus a dhíol leanaí. Is don Eaglais a choinnigh mná óga mar sclábhaithe atá an rialtas ag bronnadh ospidéal! Is ceapann Micheál Martin gur soithí muid. Le bheith féireáilte, ní dúirt Micheál é sin go díreach. Ach thuigeamar é is é ag rá, idir na línte, go bhfuil ar bhean nó páiste leanbh a bhreith fiú más é a hathair a chuir an leanbh inti. É Pro-life, tuigeann sibh. Rud a chiallaíonn nach bhfuil rogha ag bean. Gur soitheach í. De réir a mhúineadh dó agus fós a mhúintear i scoileanna na tíre. Sin bunúsachas. Sin rud a chuireann áthas ar an Taliban.
Diúltú
Iad nár mhaith leo caint faoi Tuam, iad ar mhaith leo dul ar aghaidh le cúrsaí mar atá, oireann sé dóibh go bhfuil cumhacht ag fir. Iad nach dtuigeann aon rud eile, iad le faitíos, cuireann said mná na tíre i mbaol. Iad ag iarraidh ‘ceapadh go bhfuil Éire togha anois agus go bhfuil muid an modern go deo: nílimid. Nuair a léigh mé The Handmaid’s Tale le Margaret Atwood blianta ó shin, smaoinigh mé nach raibh sé i bhfad ónár scéal féin.
Ná ceap nach bhfuil an Eaglais fós ag déanamh dochair sna scoileanna. Tá siad. Leithscéal é Ethos le bheith cruálach. Ná ceap go bhfuil rialtas againn a thuigeann cearta. Níl. Ní bheidh feabhas ar an scéal go dtí go mbrisfear an Dialathas, go mbeidh freagracht ann, go mbeidh na scoileanna, ospidéil, rialtas go hiomlán i lámha an stair saor ón Eaglais is ó reiligiún ar bith. Saor ó shlabhraí an phaidirín, an Angelus srl.
Go dtí sin: nolite te bastardes carborondurum. Seo 2017. Tá tír le sábháil ó liúdramáin, claidhirí, agus sliomaigh. Caith amach an Dialathas. Go tapaidh. Tír le cearta de dhíth anois. Creid ann. Tabhair faoi. Le beart de réir ár mbriathar. Le fuinneamh. Seo ár ndúshlán. Is tá sé práinneach. Deang, deang, deang …
Véarsa 1
Ní sheo’d an áit is fearr ‘bheith ‘lorg paisean.
This is not the best place if you’re searching for passion.
Tá an bear seo lán le gleo.
This bar is full of noise.
Muide uilig ‘leanacht orainn go brách.
We all keep going on forever.
Ag spriocadh asainn arís, dar ndóigh.
Urging each other on, of course.
So, tar anonn is roinn do chuid rúnta is brionglóidí.
So, come on over and share your secrets and dreams.
Is fiú dúinn dul sa tseans ann.
It’s worth it for us to take the chance.
Tóg mo lámh, stop, cas air an ceol ar an jukebox.
Take my hand, stop, turn on the music on the jukebox.
Is damhsóidh muid go beo.
And we’ll dance away.
Véarsa 2
‘Muid ag canadh linn.
We’re singing away.
A stór, tabhair dom anois do lámh.
Darling, give me your hand now.
Cuireann do ghrása le mo neart is mo aoibh.
Your love makes me smile and strengthens me.
Breathnaigí ormsa. A chroí,
Look at me, guys. Darlin’,
Imí is báiní: ‘cuma faoi.
Gone crazy: who cares?
A stór, ní theastaíonn óráid.
Darlin’, no speech is needed.
Gabh i leith anois is bíodh do shúile, mo ghníomh.
Come here now and may your eyes be my will.
Leanaigí ormsa. A chroí.
Follow me, guys. Darlin’.
Lean, leanaigí. Seo’d é an tslí, mm-mmm.
Follow, follow, guys. This is the way, mm-mmm.
Véarsa 3
I mo shúile ní bhíonn ann ach thú.
In my eyes, there’s only you.
Ag tarraingt siar nuair is ceart dom brú.
Pulling back when I should follow through.
Seo’d an grá a bheas ‘am go buan.
This is the love I will always have.
I do dhiaidh, tá mé bailí.
You’re the one who gives me meaning.
Is aréir d’airigh mé an tús.
And last night I felt it start.
Anois mo shaol gaidhte siar gan chúis,
Now my life’s luckily back on track,
Chuile lá bíonn an domhan ag tosú nua.
Every day life starts anew.
I do dhiaidh, tá mé bailí.
You’re the one who gives me meaning.
Curfá
Ó aí, ó aí, ó aí, ó aí. I do dhiaidh, tá mé bailí. X3
Oh I, oh I, oh I, oh I. You’re the one who gives me meaning.
Véarsa 4
Chuile lá ‘ag iarraidh an domhan a mhalartú.
Every day ‘trying to change the world.
Ach i mo shúile, ní bhíonn ann ach thú.
But in my eyes, there’s only you.
Seachtain istigh, tús an scéil buailte linn.
A week in, the story started.
‘Ag dul amach anocht linn fhéin.
‘Going out tonight, just us.
Leis an gciste is tíosaí, muid ag lorg na píosaí.
With hardly any money, looking to make ends meet.
Ag líonadh plátaí suas go béal.
Load up the plates.
Is cuma milis nó searbh, leanann muide ag labhairt
We talk on for hours, whether it’s sweet or sour.
Faoi chlann is cairde, smaointe is saol,
About family and friends, thoughts and life.
Ag pógadh ansin ‘cúl an tacsaí, ag fágáil slán di.
Kissing away there in the back of the taxi, saying goodbye to her.
Cas an t-amhrán breá sin suas go réidh.
Sing that fine song, nice and easy.
Véarsa 2 & 3 arís:
Curfá
Chuile lá ‘ag iarraidh an domhan a mhalartú.
Every day ‘trying to change the world.
Ach i mo shúile ní bhíonn ann ach thú.
But in my eyes, there’s only you.
Bíodh tusa, mo bhaebaí. Bí liom. X6
Be my baby. Be with me. X6
Véarsa 3
Curfá