Bhí Céilí Rua agus Conradh na Gaeilge ag an Aonach Éireannach ar an dTrá Fhada i gCalifornia le déanaí. Bhí spraoi againn lenár gcairde ann. Bhí rince seit, céilí, agus rince ar an sean-nós ar siúl ag Céilí Rua, ar an stáidse agus ar fud na háite. Bhí comórtas agus rang i nGaeilge ag Craobh na nAingeal de Chonradh na Gaeilge. Chuidigh ár gcairde Gypsy Camp, Pint of Irish, agus Scoil Rince McNulty linn. Míle buíochas leo. Bhuaileamar le grúpaí eile ann is bhí craic den scoth ann. Seo cuid de na pictiúirí den ócáid:
Nós ársa is ea é, Tine na Bealtaine a lasadh ar Uisneach. Tús an tsamhraidh, is siombal é an solas is an teas. Lasann sé ár gcroíthe. Ón tine sin fadó, las daoine tinte ar fud na tíre.
Bhailigh na mílte ar Uisneach i lár na tíre ar Bhealtaine 6, 2017 nuair a las an tUachtarán Mícheál Ó hUiginnTine na Bealtaine, beagnach míle bliain ó las ár nArd-Rí deireanach, Ruaidrí Ua Conchobair, é. Is iomaí duine atá cáiliúil sa stair a thug cuairt ar an cnoc seo roimhe: De Valera, an Piarsach, Dónall Ó Conaill, agus James Joyce ina measc.
Is minic a labhair daoine faoi shaoirse don tír ar an gcnoc stairiúil seo. Leis an ócáid seo, tá sé soiléir go bhfuil athrú san aer. Ní bheadh sé ceadaithe fiú, ní i bhfad ó shin. Thosaigh stair na hÉireann le Naomh Pádraig, dar leis na leabhair staire a bhí agam fadó. Tada roimhe sin. Ár ndúchas féin faoi cheilt. Leis an aitheantas seo, tá súil agam go dtiocfaidh athrú ar na leabhair scoile agus ar na scoileanna féin, go dtuigfimid cé sinn, go mbeidh muid neamhspleach.
Linne ár dtír is ár gcultúr is tá fáilte roimh chuile dhuine a thagann anseo le meas acu orainn is ar ár gcultúr freisin. Seo an chuid is fearr dínn. Timpeall na tine, le grá, le cairdeas, le meas do na daoine a d’imigh romhainn.
Tá daoine ag súil go mbronnfaidh UNESCO stádús faoi leith d’Uisneach as seo amach. Iontach ar fad, ócáid spioradálta Gaelach lán le siombal den saoirse mar seo bheith againn gar do mo bhaile féin, an Muileann gCearr. Tugann sé dóchas dúinn.
Lá Bloom inniu. Lá Bloom Sona. Seo ag tarlú i gCathair na nAingeal, saor in aisce. Faraor, ní bheidh mé ann. Mé as baile. Ach maith iad!
Ach tá baint ag mo bhaile eile, mo bhaile in Éirinn le James Joyce le fada. Leigh faoi anseo. Agus is féidir turas a dhéanamh i mo bhaile le foghlaim faoi. Is bíonn muid ag ceiliúradh an nasc idir Joyce agus an Muileann gCearr. Mar sin, má tá tú san Muileann gCearr, siúil go dtí na háiteanna ina raibh sé. Leigh scéalta faoin gcúlra lena scéalta. Is minic a thug Joyce cuairt ar Uisneach, ní i bhfad ón Muileann gCearr.
Ach thar aon rud eile, tá mé ag súil le eolas faoi as Gaeilge. Bíodh turas againn as Gaeilge sa Mhuileann gCearr. Go dtí sin, is sibh ag ceiliúradh Lá Bloom, seo, agus seo nascanna as Gaeilge a bhaineann le Joyce. Bain taitneamh astu.
Ár n-airgead féin againn sa Mhuileann gCearr! Seo deich gCearr:
Táim féin ag súil le Ulysses VR, tecneolaíocht le tumadh isteach sa scéal leis an Joycestick Foghlaim le spraoi. Mar a déarfadh Molly: yes …yes … yes.
Diamhasla, Tuam Babies, Magdalenes, Savita, Cás X, Cás Y, Cás Z agus… bhfuil dóthain litreacha san aibítear do na rudaí a rinne an Eaglais dúinn? Níl. Ach muid buartha faoin brand? Níor fhan an salachar faoin mbrat? Sin an fhadhb?
An scéal seo inniu ón Times. Buartha faoin airgead. Airím tinn ag breathnú ar an ‘brand Ireland’ sin. Abair é sin le lucht na Magdalenes.
Ceacht le foghlaim as.Do gach duine, fiú na branders.
Má tá meas againn orainn féin, ar chearta, ar mhná na tíre, ar dhlíthe le ciall, beidh meas ag an domhan mór orainn. Muna bhfuil, ní bheidh.
Feall an Eaglais bheith i gceannas i 2017. Níl freastal ar an Aifreann ag feacann an ghlúin cute níos mó. Tuigeann an domhan a rinne an Eaglais. Iad dúisithe agus tuiscint acu. Is ní thuigeann siad cén fáth bhfuil rialtas na hÉireann fós ina chodladh. Faillí inmhaithe.
Má eiríonn muid as A Athair, a rá le duine nach é ár nathair é, as ospidéil is scoileanna a fhágáil faoi chúram dream a ghoid, a dhíol, a ghortaigh, a d’éignigh, a mharaigh (faillí) leanaí, as meas a thabhairt d’Institiúid a mhill an saol do mhná na tíre le fada, fada an lá, beidh meas ag an domhan mór orainn.
Sin fíor.
Ach ná déan é ar son an €€€€€€€.
Déan é mar ‘sé an rud ceart é.
A. An Iaróin! Nach dtuigeann siad gur fhág roinnt mhaith againn an tír mar gheall ar an Dialathas, an Ethos, an drochmheas orainn mar mhná.
Scar Stát/Eaglais in Éirinn chomh luath agus is féidir.
Is Treise na Daoine ná an Tiarna (Taoiseach, Tóraí, Tíoránach)
ach Is Treise an Córas ná na Daoine
Cheap mé go raibh maitheas i ndaonlathas. Chreid mé go láidir ann. Fós níor mhaith liom a ceapadh nach bhfuil. B’fhearr liom a rá nach bhfuil daonlathas againn in Éirinn, i SAM, ná san Ríocht Aontaithe. Sin feicthe agam.
Tá comharsana agam anseo atá aerach. Is breá liom iad. Mná lách, cairdiúil, cliste a bhíonn ag caint liom faoi scannáin, an Nádúr, cúrsaí polaitíochta srl. Is a madra ag éalú amach le dul ag súgradh le mo mhadra inné, rith Lisa, duine acu, i mo threo ag glaoch amach go hard le gliondar. Isn’t it wonderful! Céard? Ireland! You elected a gay immigrant as your leader! Osna. Is bhí orm an fhírinne a mhíniú di.
Níor roghnaigh mé Leo. Níor roghnaigh an chuid is mó dá pháirtí féin é. Níor roghnaigh an tír é. Tá na meáin i ngrá leis. Scéal iontach. As tír isteach ag socrú isteach, ár Leo? Fíor gur tháinig a mhuintir ón India. Is maith sin. Aerach go hoscailte? Fíor agus is maith sin. Sláintiúil. An duine ceart don tír? A dhiabhail, NO!
Níl sé ar son cearta na mban: ní cheadódh sé tobscar toirchis fiú do bhean nó cailín éignithe! É sásta le paidreacha sa Dáil, an Angelus ar na meáin, oideachas agus sláinte i lámha na hEaglaise, ospidéal a bhronnadh ar mhná rialta na Magdalenes srl. Aineolas v eolas sa chóras sin. Beag tuiscint ar ná trua aige do na boicht. Sin Éire. Níor roghnaíomar é agus níl rogha againn. Fós. Le fada. Sa chaoi nach bhfuil rogha i ndáiríre ag páistí i scoileanna ach a bpaidreacha a rá. Seo nóiméad fíorthábhachtach don tír. Ní duine mar seo atá de dhíth.
Damn! ar sí. I was so happy! Bhuel. Sin é. Muid ar fad happy nuair nach bhfuil fhios againn go dtí go bhfuil fhios againn. Bhí na madraí happy ag súgradh ar aon nós. Nach aoibheann dóibh!
Agus SAM? Trump. D’fhéadfainn stopadh ansin. Ach is fiú trácht ar cén chaoi agus cén fáth. Níor roghnaigh an chuid is mó den tír é. Thug na meáin go leor, leor ama dó mar bhí sé ar nós breathnú ar fhear grinn sa sorcas. Chomh huafásach sin go raibh sé go maith do na ratings. Uafásach i ndáiríre don tír is don domhan, ar ndóigh. Is cuma leis faoi chearta na mban (meas ar bith aige orthu), ba bhreá leis na scoileanna a thabhairt d’Eaglaisí ($$$), tuiscint ar bith ar ná trua aige do na boicht (is fuath leis iad). Aineolas faoin dtimpeallacht srl.
Agus an Ríocht ‘Aontaithe’? Níor roghnaigh na daoine May. Roghnaigh an páirtí í. Tháinig grúpa beag nua (UKIP) isteach le bréaga agus thug na meáin go leor, leor ama dóibh mar bhí siad craiceáilte. Go maith do na ratings. May ansin anois le obair UKIP (Sasamach) a chur i bhfeidhm.
Is bhí sí ag ceapadh go mbeadh daoine léi nuair a thug sí cuairt ar Trump, go mbeadh cumhacht aici. Nuair nár oibrigh sin amach, roghnaigh sí toghchán. Roghnaigh na daoine athrú. Bhí orthu Corbyn a roghnú le feabhas a chur ar an scéal. Ba bheag nár bhris an BBC agus meáin eile Corbyn le bréaga. Ach sheas sé an fód. Bhain siad an tromlach ó na Tóraithe in ainneoin a rinne na meáin.
Ach céard a thit amach? Iad a chuaigh go Labor in Albain le tacaíocht a thabhairt do Corbyn, ghoid siad cumhacht ón SNP. Mór an trua nach raibh rabhadh faoi sin roimh réidh. Níor smaoinigh daoine fiú go bhféadfadh May cumhacht a thabhairt don DUP lena cumhacht féin a shábháil. Cumhacht do Foster!
Céard atá cearr leis an DUP? an cheist i Sasana ó dhaoine nár fiú chuala fúthu cheana. Bhuel, is cuma leis an DUP faoi chearta na mban (meas ar bith aige orthu), ba bhreá leis scoileanna a mhúineann aineolas bunúsach ón mBíobla, tuiscint ar bith ar ná trua ag an DUP do na boicht (is fuath leis iad). Aineolas faoin dtimpeallacht srl.
Ar a laghad, foghlaimeoidh daoine i Sasana cé chomh huafásach is atá naimhide Shinn Féin anois. ACH, cé gur roghnaigh daoine athrú de réir Corbyn, beidh an bua ag aineolas, fuath ban, cumhacht na hEaglaise, agus drochmheas ar na boicht. Tá an córas atá againn (Daonlathas mar dhea) ann le cumhacht a chosaint dóibh siúd a scríobh na rialacha. Ní daonlathas é.
Is mé ag caint le daltaí ón Araib Shádach is ag breathnú ar chlárachaí ar nós The Handmaid’s Tale, tagann sé chugham go mba chóir dúinn breathnú ar na bunúsachaí atá inár measc le fada: Eaglaisí agus fuathghrúpaí. Scar iad ón rialtas go hiomlán. Coinnigh amach ó Oideachas iad. Ní féidir linn an scéal a bheith againn i gceart go dtí go bhfuil cearta chun tosaigh sa tír, go bhfuil oideachas saor ó iompúchán agus aineolas, go bhfuil na meáin freagrach agus cosc ar bholscaireacht. Go bhfuil cothrom na féinne ann. Go roghnaíonn an tír, ní páirtí, na ceannairí. Athraigh an córas. An duine mícheart ar bharr is titeann gach rud as a chéile.
Níl mé ag iarraidh go mbeidh an ceart ag Star Trek. Saoirse bainte amach againn as seo amach le foréigean, dar leo. Ní shin an bealach atá uaim. Ceartaigh an córas. Deireadh le Dialathas, Fuathghrúpaí, Meáin Lofa… Daonlathas uaim. Daoine ag vótáil a thuigeann cearta. Rudaí nach bhfuil ag obair faoi láthair. Caithfear sin a dheisiú.
Na cheithre Úna, na cheithre Áine, na cheithre Máire ‘s na cheithre Nóra, na cheithre mná a ba cheithre breátha, I gceithre cearda na Fódhla, na cheithre tairní ‘a chuaigh sna cheithre clára, na cheithre clárachaí cónra, ach na cheithre gráin ar na cheithre mná, nach dtugann na cheithre grá do na ceithre póga.
A Úna Bhán, ba rós i ngáirdín thú, ba choinnleoir óir ar bhord na banríona thú. Ba cheiliúr is ba cheolmar ag gabháil an bhealaigh seo romham thú. Ach sé mo chreach mhaidne bhrónach nár pósadh liom thú.
‘Sé mo leán géar gan mé mo phréachán dubh go dtugainn an léim úd suas ar leataobh na chnoic. Mo gha ghréine mar fhréamh mé ag casadh faoi shruth ‘s mo ghrá féin ar gach taobh díom ag castáil dhom.
Tá an sneachta ar lár agus barr air chomh dearg le fuil. Samhail mo ghrá ní théann i mbealach ar bith ach féach í, a mhná. “Cén t-óchón sin ort?” Ach an t-aon ghlaoch amháin ag Áth na Donóige.
A Úna Bhán nach gránna an luí atá ort, do cheann le fána i measc na mílte corp. Ach mar a dtuga tú fóir orm a phlandóg a bhí riamh gan locht. Ní thiocfaidh mise ‘un d’áras go brách ach an oíche anocht.
Mar a mhínigh Seosamh O hÉanaí an t-amhrán in agallamh:
Well, Úna Bhán, her real name was Úna Mac Diarmada or McDermott. She was a well-to-do rich man’s daughter and she fell in love with a man called Thomas Costello and he was otherwise known as Strong Thomas Costello, and she lived in Mayo and he lived about eight miles away from her. But this time she fell sick for the love of Thomas Costello and her father would have nothing to do with him, but she was so ill that they sent for him to come to her bedside. And while he was there, she got better and better, and as she got better, her father saw no more reason to keep him in the house, so he sent him away, still refusing to let him marry her. And he swore if he would cross a certain river called the Donouge river, that he would never come back to the house no matter how ill or anything she got after he left.
Well, he left the house and he crossed – he went into the river and he put the horse he was riding back and forth in the river for a couple of hours and still there was no call from the house for him to come back. So eventually, he crossed over to the other bank and the minute he was on the other bank the father ran after him calling him back, but he had given his oath that he wouldn’t come after he had crossed the river. So he went on his way home, and two days after she died, and he came to the graveyard where she was buried and he sang the lament over her grave every night for a week. Eventually they found him dead on top of the grave.
That happened about – I couldn’t tell you the exact date – in the eighteenth century it happened. Seventeen hundred and something – I couldn’t tell you the exact date now. But he was called Strong Thomas and she was called Úna McDermott, and this is the lament he sang over her grave.
A Úna Bhán, a bhláth na ndlaoi ómra,
Tar éis do bháis de bharr droch-chomhairle,
Féach, a ghrá, cé acu a b’fhearr den dá chomhairle-
An aon ghlaoch amháin ‘s mé in Áth na Donóige.
Fair Úna, flower with amber locks
Who has died from bad advice.
Look love! which was the better of the two advices-
One call and I in the ford of Donogue
A Úna Bhán, ba rós i ngairdín thú;
Ba choinnleoir óir ar bhord na banríona thú;
Ba chéiliúir ‘s ba cheolmhar a’dhul an bhealaigh seo romham thú.
‘Sé mo chreach mhaidhne b(h)rónach nár posadh liom thú.
Fair Úna, you were a rose in a garden
You were a golden candelabrum on the queen’s table
Melodious and musical were you going on this road before me
It is my utter ruin that you were not married to me.
A Úna Bhán, is tú a mhearaigh mo chiall:
A Úna, is tú a chuaigh go dlúth idir mé ‘s Dia.
A Úna, a chraobh chumhra, a lúibín chasta na gciabh,
B’fhearr liomsa gan súile ná thú a fheiceáil riamh.
Fair Úna, you have deranged my senses
Oh Úna that went hard between me and God
Úna, fragrant branch, twisted curl of tresses,
Better for me if I never had eyes than ever to have seen you.
A Úna Bhán, nach gránna an luí atá ort
I do leaba chláir i measc na ndáinte corp
Mar a dtige le fóir orm, a ghrá a bhí ariamh gan locht
Ní thiocfaidh mé chun t’árais go brách ach anocht.
Fair Úna, ugly do you lie there
In your bed of planks among a host of corpses
If you don’t come and give me succour, oh love that was ever without fault
I will not come to your residence again save tonight
Leagan Douglas Hyde ó Love Songs of Connacht, 1895 le litriú an lae inniu
1.
A Úna bhán, is gránna an luí sin ort O fair Una, ’tis ugly, that way you lie
Ar leaba caol ard i measc na mílte corp; On a high, narrow bed among a thousand corpses;
Muna dtagann d’eagna orm, a stáidbhean ‘bhí riamh gan locht, If your wisdom does not come to me, oh stately, ever faultless woman,
Ní thiocfaidh mé chun na h-áite seo go brách ach aréir ‘s anocht. I’ll not come to this place ever again, except for last night & tonight.
2. A Úna bhán, a bhláth na gcataíl ómra, O fair Una, o blossom of the amber locks,
Tar éis do bháis de bharr droch-chomhairle; After your death because of bad advice;
Féach, a ghrá, cá acu b’ fhearr den dhá chomhairle? Look, my love, which of the two counsels was better,
A éin i gcliabhán, is mé in Áth na Donóige. O bird in a cage, when I was in the Ford of the Donogue?
3. A Úna bhán, d’fhág tú mé i mbrón casta, O fair Una, you left me twisted up in grief,
Agus cé b’áil leat bheith trácht air go deo feasta, And why would there be in you a desire to make much of it forevermore,
Cailín fáinneach ar a d’fhás suas an t-ór leatha? O girl with pretty, ringleted hair, on which the molten gold grew?
Is go mb’fhearr liom ‘ar lámh leat ná i nglóir na bhflaitheas. I would prefer being with you to the glory of the Kingdom [of Heaven].
4. A Úna bhán, ar seisean, na gcurachán cam, O fair Una, said he of the small crooked currachs,
‘S an dhá shúil agat ba chiúine dá ndeachaigh i gceann, Your two eyes were the gentlest that were ever put in a head,
A bhéilín an tsiúcra, mar leamhnacht, mar fhíon ‘s mar bheoir, O little mouth of sugar, like new milk, like wine and like beer,
Agus a chos dheas lúfar is tú a shiúlfadh gan phian i mbróg. O lovely, nimble foot, you would walk without pain in a shoe.
5. A Úna bhán, mar rós i ngáirdín thú, O fair Una, you were like a rose in a garden,
‘S ba choinnleoir óir ar bhórd na banríona thú; And you were a golden candlestick on the queen’s table;
Ba cheiliúr ‘s ba cheolmhar ag gabháil an bhealaigh seo romham thú, You were a celebration, musical, when you walked the road before me,
‘S é mo chreach maidne bhrónach nár pósadh liom thú. ‘Tis my sorrowful loss of the morning that you were not married to me.
6. A Úna bhán, is tú do mhearaigh mo chiall; O fair Una, it is you who deranged my senses;
A Úna, is tú a chuaigh go dlúth idir mé ‘gus Dia; O Una, it is you who came firmly between me and God;
A Úna, a chraobh churtha, a lúibín casta na gciabh, O Una, o fragrant bough, o curly ringlet of hair,
Nárbh fhearr domsa bheith gan súile ná d’fheiceáil ariamh? Wouldn’t it have been better for me to be without eyes, never seeing you?
7. Is fliuch agus fuar mo chuairtse chun an bhaile aréir, My visit to the town last night was wet and cold,
Agus mé ‘mo shuí suas ar bhruach na leapan liom féin, And I was sitting up on the edge of the bed by myself;
A ghile gan gruaim ag nár luaith an ionadaíacht ach mé, O brightness without gloom, I alone was mentioned as in the running
Cad as nach bhfógraíonn tú fuacht na maidne dhom féin? Why do you not announce to me the coldness of the morning?
8. Tá daoine ann san saol seo ‘chaitheas dímheas ar dhúiche folamh There are people in this world who hurl contempt on an empty estate,
Alán de mhaoin shaolta, agus ní buan í acu; Full of worldly wealth themselves, although it does not last forever;
Ceasacht maoine ní dhéanfainn ná trua fearainn, I would not complain of lack of wealth nor lament lack of land,
Ach b’fhearr liom ná dhá chaora dá mbeadh Úna agam. But I would rather have Una than two sheep.
9. Seasfaidh agus dearcfaidh, ‘bhfuil mo fíorghrá ag teacht? Stand and look, is my great love coming?
Is mar chnap sneachta í is mar mhil bheacha do reoigh an ghrian; She is like a snowball and bees’ honey which would freeze the sun;
Mar chnap-sneachta ‘s mar mhil bheacha do reoigh an ghrian, Like a snowball and bees’ honey which would freeze the sun,
Agus a chuid ‘s a chara, is fada mé beo id’ dhiaidh. My treasure and my darling, ’tis a long time I’ve lived without you.
10. A Úna, a ainnir, a chara, ‘s a dhéid órga, O Una, maiden, darling, and golden teeth,
A bhéilín mealltha nár chan riamh éagóra, O little honeyed mouth which never uttered an injustice,
B’fhearr liomsa bheith ar leaba léi ‘dhá síorphógadh I would have preferred to be in bed with her, kissing her continually,
‘Ná mo shuí i bhflaitheas i gcathaoir na Trionóide. Than to sit in the Kingdom of Heaven on the throne of the Trinity.
11. Ghluais mé trí bhaile mo chara aréir, I passed through my friends’ town last night,
Is ní bhfuair mé féin fuadradh ná fliuchadh mo bhéil; Yet I found nothing with which to cool or wet my mouth;
‘Sé ‘dúirt an stuachailín gruama is madar as a méar, The graceful girl, glum and with madder on her fingers, said,
“Mo thrí trua ní an uaigneas do chasadh liom thú féin.” “Thrice woe is me, that I did not meet you in solitude.”
Tá comórtaisí againn don Aonach Éireannach i Long Beach an deireadh seachtaine seo.
Beidh Scéalaíocht, Filíocht, agus Amhránaíocht in onóir Breda Cusack, Dolly Martin, agus Marsha Sculatti nach maireann ann.
Tá teastaisí & trófaithe againn do na buaiteoirí.
Ach cad a dhéanfaidh daoine? Le bheith réidh don stáidse, seo cúnamh dóibh atá ag iarraidh scéalta, rannta, agus amhráin anseo:
Samplaí
Scéal: Sochraid
Cailleadh fear ar an mbaile seo uair amháin. Chuaigh duine dá ghaolta ag lorg cairr lena chorp a thabhairt chun na reilige. Ach, mo léan, ní raibh aon charr ar fáil. Thosaigh siad uilig ag caint sa teach agus ag fiafraí dá chéile céard a dhéanfaidís gan charr. An chéad rud eile chuala siad guth as an seomra ag rá: “Seo, ná bac leis an gcarr. Siúlfaidh mé ann.”
1. Amhrán: Téir Abhaile, riú
Curfá: Téir abhaile ‘riú ! X2 Téir abhaile ‘riú Mháire !
Téir abhaile ‘riú ‘s fan sa bhaile mar tá do mharghadh déanta.
1. Is cuma cé dhein é nó nár dhein. Is cuma cé dhein é, a Mhary.
Is cuma cé dhein é nó nár dhein mar tá do mharghadh déanta.
2. Pós an píobaire. X2 Pós an píobaire, a Mhary.
Pós an piobaire I dtús na hoíche is beidh sé agat ar maidin.
3. Níl mo mhargadh. Tá do mhargadh. Níl mo mhargadh déanta.
Tá do mhargadh. Níl mo mhargadh. Tá do mhargadh déanta.
1. Rann: Na Blátha Craige
A dúirt mé leis na blátha: “Nach suarach an áit a fuair sibh le bheith ag déanamh aeir
Teannta suas anseo le bruach na haille,
gan fúibh ach an chloch ghlas & salachar na n-éan,
áit bhradach, lán le ceo agus farraige cháite,
Ní scairteann grian anseo ó Luan go Satharn le gliondar a chur oraibh”
A dúirt na blátha craige: “Is cuma linn, a stór. Táimid faoi dhraíocht ag ceol na farraige.”
Nóta: Ach tabharfaidh mé seans dár bpolaiteoirí ar dtús, scríofa agam thíos. Nuacht anois go mbeidh reifreann faoi ochtú leasú againn i 2018. Más fíor, sin céim sa treo ceart agus molaim é.
Tá Taoiseach nua tofa in Éirinn ach, ar nós Trump anseo, ní hé mo cheannaire é. Tá na meáin i ngrá leis mar tá sé aerach go hoscailte agus tháinig a mhuintir ón India. Is maith sin ach ní leor é. Ní leor é sa chaoi go bhfuil bean uainn mar uachtarán i SAM ach, ar son Dé, ná roghnaigh Sarah Palin ná Ann Coulter. Níor roghnaigh an tromlach Leo Varadkar. Ní maith leis rogha do bhean. Mar sin roghnaigh siad an duine mícheart don jab. Is cuma cé as a thagann an duine ceart, cén creideamh atá acu, cén inscine atá acu srl. Má thuigeann siad cearta daonna is má stiúrann siad an tír sa treo ceart, sin atá ag taisteáil.
Fíorthábhachtach anois go háirithe. Deis saoirse a bhaint amach. An treo ceart de dhíth agus sin tír le cearta, tír le tuiscint, tír le croí.
Tír gan rogha ina bhronntar ospidéil is scoileanna don Eaglais a ghoid is a dhíol leanaí.
Cearta uimhir a haon ar an liosta. Is sin an fhadhb le Leo. Ní thuigeann sé cearta a bhaineann le mná ná le ceartas soisíalta. Seo an t-am is tábhachtaí don tír seo. Tá deis Éire a chur ar ais le chéile gan foréigean, buíochas le Sasamach. An chéad rud ar an liosta le déanamh ná Stát agus Eaglais a scaradh. Caithfidh muid a thaispeáint go bhfuil fáilte roimh chearta daonna sa tír ar son na tíre féin agus leis an tuaisceart a mhealladh le haontú linn. Is le Sasamach, le Theresa May ag déanamh praiseach de gach rud, le tuiscint nach bagairt í Gaeilge ná cultúr, tá muid beagnach ag an bpointe sin. Mór an trua go bhfuil Leo agus a pháirtí ag milleadh an deis sin.
Nicola Sturgeon le scéim boscaí lán le riachtanaisí do leanaí a thabhairt do mháithreacha.
Thaispeáin Nicola Sturgeon go dtuigeann sí cearta agus go bhfuil siad ar fáil ina tír: go bhfuil fáilte roimh chuile dhuine, go bhfuil an timpeallacht, eolaíocht, sláinte srl tábhachtach di. Ní thuigeann Fine Gael sin nó is cuma leo. In áit a thaispeáint nach mbeidh iompúchán in oideachas as seo amach agus go mbeidh sláinte is oideachas saor ón Eaglais is Ethos, tá Fine Gael ag iarraidh paidreacha sa Dáil, gan na Tuam Babies a fhiosrú, is ospidéal a bhronnadh do mhná rialta na Magdalenes! Is níl siad ag iarraidh caint ar thobscar toirchis (abortion). Rinne Coveney caint ar bheith Pro-life (Frith-rogha) is dúirt Leo go raibh sé i gcoinne Abortion On Demand ag taispeáint a dhrochmheas ar mhná agus a aineolas ar an ábhar in aon frása amháin. Is cuma leis má tá duine nó páiste éignithe.
Is féidir liom tacaíocht a thabhairt do dhaoine gan mórán taithí má fheicim go bhfuil a gcroíthe san áit ceart is iad go maith ag foghlaim atá ag taisteáil. Ní fheicim sin i Leo. Ní thuigeann sé cruachás na mban ná cruachás na mbocht agus tá sé deacair a chroí a aimsiú sa chaoi ina labhraíonn sé fúthú. Leigh faoi anseo.
Ag an bpointe seo, b’fhearr liom Aontas Gaelach is Nicola i gceannas orainn:
Ach tabharfaidh mé seans dár bpolaiteoirí ar dtús. Tuigimid atá le déanamh. Taispeáin don tuaisceart nach leis an Vatacáin muid níos mó. Mar is leo muid anois. An bhfuil páirtí ar bith sásta a rá go poiblí go scarfaidh siad Stát & Eaglais i mbliana? Muna bhfuil, ní fiú tada iad mar tá siad ag milleadh an deis is fearr againn riamh le SAOIRSE a bhaint amach. Mé ag fanacht ar fhreagra ó na páirtithe. Ach tá deifir ar an tír agus ní thiocfaidh deis mar seo arís.
Má theipeann ar gach páirtí an freagra ceart a thabhairt ar seo, tá páirtí nua de dhíth. Bímis réidh.
Izzy Kamikazi a scríobh.
Ní bots muid. Drochmheas ar mhná a ceapadh go bhfuilimid ar fad mar an gcéanna. Drochmheas ag Kevin orainn. Tábhachtach gnéasachas a glaoch amach an uair a tharlaíonn sé, is cuma cé as a thagann sé. An-phíosa a spreagann ardmheas do Izzy, mar scríbhneoir is mar dhuine.
This is part of a longer (maybe much longer) work in progress about #coponcomrades – a recent social media kerfuffle here in Ireland, that seems quite instructive and worth spending more time on. I was writing Part One and Part Two at the same time, but Part Two finished itself first and so they are being published out of sequence.
The story so far is basically that a young-to-me (35ish) very effective working class male activist has published a piece in a national newspaper, decrying “identity politics” and the notion that “a straight, white male” can carry any privilege if he is also working class. Amongst other responses, a group of feminist women have signed up to a joint statement, acknowledging the disadvantage of working class men, but otherwise disagreeing.
The usual social media handbags at dawn has ensued. Two days ago, a male…
RT @GaeltachtDeise: Tá ard mholadh ag dul do choiste Tionól Nioclás Tóibín as ucht 4️⃣ lá de siamsaíocht ar ard chaighdeán a chur ar siúl i… 29 minutes ago