O’Loughlin, ainm a chiallaíonn ón áit ina raibh locha nó Viking. Ceilteach ar aon chaoi. Bhuail mé le Steve an tseachtain seo caite is seó aige i Westminster. D’inis Caoimhín i Redondo dom go raibh sé ar siúl agus i ndiaidh an ranga, ar aghaidh leis an mbeirt againn ann.
Steve ag an doras
Ealaíontóir é Steve. An oíche speisialta seo, thaispeáin sé a chuid oibre le seó solais i séipeáil a chuireann fáilte roimh daoine le meon oscailte. Bhí ceol ann ar dtús leis na Praties mar is ceoltóir é Steve fresin agus sin a bhanna.
Na Praties
Thóg an seó solais a lean an ceol ó thús ama go spás go na rudaí is lú muid le híomhánna a tháinig le chéile lena stíl ceilteach féin is bhí mé gafa leis. Éalú ó strus an tsaoil agus ceangailt leis na rudaí is tabhachtaí arís. Faoiseamh.
Le ceol agus íomhánna, tóg sé go spás nua muid.
Is d’ardaigh sé an spiorad ionainn.
Sean agus nua ag teacht le chéile. Ag feiceáil foinse na fírinne.
Ina dhiaidh, thug Steve turas pearsanta dom agus do Chaoimhín d’ealaín eile aige. D’fhan sé le caint linn ag míniú na píosaí agus an inspioráid leo. Ní fhanann a stíl ina áit ná in am amháin. Meascann sé téarmaí mar a mheas na Lochlannaigh línte i snaidhm. Seo Meicsicelt:
El Día de los Muertos le Samhain san am atá inniu ann.
Dearcadh eile spreagtha ag Mulder agus Scully, seans?
Samhlaigh Sciatháin Aer Lingus mar seo! Nod don eolach.
Ach baineann a chuid oibre le téarmaí traidisiúnta chomh maith. Doirse:
Triptych
Crainnte:
Agus ciorcal (leath de anseo):
Iontach éisteach le ceol den scoth is breathnú ar ealaín den scoth in aon oíche amháin. Tá saoithe inár measc. Nach bhfuil an t-ádh linn!
Bheith i gcomhluadar a spreagann tú, a ardaíonn do chroí, a thugann dearcadh nua ar an domhan duit, a thugann dóchas duit: comhluadar de dhaoine fíorchliste is fíorlách … bhuel sin cuid de neamh anseo ar domhan. Is mé ag caint go rialta le filí, ceoltóirí, rinceoirí, ealaíontóirí, daoine le saineolas ar litríocht is stair na teanga, daoine atá lánsásta cuidiú le mo chultúr is meas a thabhairt di, tuigim go bhfuil mo shaol beannaithe anseo.
Ní raibh sé mar sin i gcónaí. An rud is fearr a rinne mé ná éalú ó na scoileanna Chaitleacha anseo agus sa bhaile. Bhí mé cráite acu. Leabhar ar an ábhar sin as seo amach, cá bhfios. Rudaí dochreidthe uafásach. Mé ag smaoineamh freisin ar an mbean rialta sa bhaile ag snagach, You haven’t gone all Gaelic on us, have you? le déistin ag sochraid mo Dhaid. Titeann an fhírinne amach i ngan fhios dóibh ach ní ghlacaim lena maslaí níos mó. I have and I’m very proud of it, a d’fhreagair mé. Thaitin freagra Cillian Murphy le déanaí le Stephen Colbert liom freisin. Nuair a d’iarr Stephen air ar fhreastal ar scoil Chaitliceach, d’fhreagair Cillian: No choice. Neart daoine gafa sa chóras sin fós. Daoine nár bhlas saoirse fós. Neart le ceartú.
Ar aon chaoi, bhí rogha agam is d’fhág mé sin agus aineolas a bhaineann leis i mo dhiaidh is fuair mé suaimhneas le mo threibh. Daoine le croíthe móra a thuigeann cearta, maitheas, cultúr, cineáltas srl. Daoine umhal. Saoithe. Na Gaeil. Iad a thugann meas don chultúr.
Ag caint ar shaoithe, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Philip Grant. An consúl atá críochnaithe anois i SAM thiar. Sárjab déanta aige. Ní raibh mórán seans agam caint leis is é anseo. Ach, ó bheith ag éisteacht leis ag caint ag LMU, ba léir gur thuig sé go leor is go raibh sé maith le daoine. Ardmheas agam ar sin. Ní raibh orm dul ag caint le Philip faoi tada ach spreag sé mé lena fhocail. Ní raibh sé éasca dó deighleáil leis an dtragóid (coir) i mBerkeley.
Philip Grant ag caint ag LMU, 2016
Chailleamar daoine óga a tháinig anseo an J1 is bhí Éire is Éireannaigh is daoine le croíthe ag caoineadh go géar nuair a chualamar faoin timpiste (coir). Bhí an codarsnacht idir na focail a tháinig ó Philip, an chaoi a thug sé tacaíocht do dhaoine (ardmheas) agus na daoine i gceannas orm gan meas acu ar na hÉireannaigh in ionad ceapaithe a bheith ann do na Ceiltigh i bhfad rómhór. Idir sin is bullaíocht ó dhuine ann, bhí orm an áit sin a fhágáil. Ach tháinig rud maith as sin ar fad. Rugadh Conradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal le saoirse agus ár spás féin.
Is d’fhásamar go sciobtha. Is ar an gCéadaoin seo caite, bhí mé ag caint leis an gconsal nua, Robert O’Driscoll, agus lena bhean chéile, an t-iriseoir Caoimhe Ní Chonchoille (TG4) faoi atá ar siúl againn i gCathair na nAingeal (go leor). Go raibh maith agat, Cuan. Iontach ar fad an deis sin a fháil. Bhí mé tuirseach tar éis turas scoile a dhéanamh an mhaidin céanna le mo dhaltaí thuas i gCamarillo.
Ar ndóigh beidh go leor le déanamh i nDeireadh Fómhair anois le Ireland Week. B’fhearr an Pop-Up Gaeltacht a chuir ar siúl ansin.
Gnóthach, mar is gnáth liom. Ach fuair mé amach go bhfuil Robert agus Caoimhe gnóthach freisin. Iad ag dul amach le bualadh le chuile dhuine go luath ag cur aithne orthu. Maith iad is comhghairdeas leo. Bhí siad fíorghnóthach ó tháinig siad.
Chuaigh siad go San Diego, áit inar bhuail siad leis an gClár For-Rochtana Inimirceach San Diego:
I gCathair na nAingeal bhuail sé leis an gComhlachas Barra Aturnaetha Chalifornia:
Bhuail siad liomsa is mé ann le caint faoi Chraobh na nAingeal. Labhair mé faoi na grúpaí ar fad anseo a choinníonn an cultúr beo anseo. Labhraíomar as Gaeilge, rud a chuir ARDÁTHAS orm. D’inis siad dom faoi Ireland Week:
Cé go raibh deifir orthu ina dhiadh is iad ag dul go dinnéar le haisteoirí mór le rá, d’éist siad go foighneach le gach a bhí mé ag rá is tá mé buíoch as.
Caoimhe, Roma Downey, agus Robert
Níl fhios agam an raibh ciall ar bith lena bhí mé ag rá is an tuirse a bhí orm ach bhí mé sásta ag dul abhaile mar is daoine maithe iad. Táim ag súil go mór leis na dúshláin ar fad atá romhainn. Tá muid lánsásta ceangail a dhéanamh le grúpaí eile is cabhrú leis na Gaeil is an cultúr anseo, le chéile.
Guím gach rath ar Robert agus Caoimhe agus ar an gcuid oibre. Súil agam go mbeidh siad, mar atáim, i measc daoine den scoth le grá acu do na Gaeil. Mar sin an saol is fearr. Ansin atá an muintearas. Míle maith acu.
nó Indo-Euro Éireannach. Mixed Salad a bhéas ann. Tossed le casadh nó dhó.
Ní fiú tada gan saoirse. Cuireann sé ionadh orm an méad daoine nach n-aithníonn nach bhfuil siad saor. Ar ndóigh, tuigeann na daoine gan cumhacht é.
Ar an raidió KNX 1070 anseo i gCalifornia, iad fós ag craoladh ráiteas Sean Spicer faoin Russian Salad. Fiú nuair is léir don domhan mór gur Mobsters iad clann Trump. Dhúisigh mé leis an ‘nuacht’ is guth Spicer. Seans go mbeidh chuile rud anseo ‘stream of consciousness’ inniu. Deireadh na seachtaine, an dtuigeann sibh. Tuirse orm.
Is an nuacht oifigiúil (mícheart) ar an aer arís, tá nós ag Trump é sin a chasadh le rá gur aige féin atá an fhírinne, gur laoch é, i gcodarsnacht leis na meáin. An slánaitheoir. Raaaaight.
Casadh: California go hÉirinn
Smaoinigh mé ar sin is mé ag breathnú ar na tinte cnámhna sa tuaisceart (an 12th) agus ‘cultúr’ ag rá go raibh sé faoi bhagairt. Míthuiscint ansin acu freisin. ‘Sé an rud é nach bhfuil leisce anois ar dhaoine sa bhaile a rá leo gur ciníochas gránna atá ann, ní cultúr. Sin an difríocht. Caithfidh go bhfuil sé deacair do dhaoine a cheap gur cultúr a bhí acu a chloisteáil go bhfuil siad ar an taobh mícheart den stair. Sin impireacht duit. Ag tabhairt fake news don domhan le fada. Sun never sets srl.
Casadh: Éire go dtí an India
That’s a very … forgiving … version of history, ar mé leis an Éireannach liom. Bhíomar san India ag caint le muintir na háite is bhí rud éigin ráite aige faoin gcaoi ar chuidigh impireacht na Breataine leis an India. Rud a bhí múinte dúinn ar scoil san stair oifigiúil.
An mbeidh mé in ann scríobh faoin India faoi dheireadh inniu?
Casadh, trí dhoirse eile.
Ní shin a bhí pleanáilte agam. Ach chuaigh mé go taispeántas ealaíne aréir i gCathair na nAingeal agus spreag an seó solais smaointe ionam. Bhí sé pleanáilte agam scríobh faoi Chalifornia is na hÉireannaigh agus na daoine atá Gaelach sa chroí anseo. Éireannaigh nua ar bhealach sa chaoi go bhfuil grá mór acu don chultúr is don teanga. Pobal a thugann tacaíocht don chultúr. Tá neart le déanamh. Tá cúnamh uainn. Rud nach ndúirt mé ach rud atá fíor.
Casadh
Ach an India chun tosaigh i mo smaointe. Bhí rudaí maithe ann ach séard a bhuail mé go trom ná an cos ar bolg, an córas ‘class,’ an bochtanas, an reiligiúin in áiteacha a thug le fios do leads go bhféadfadh siad a rogha rud a dhéanamh le mná, an chontúirt, an bhagairt. Níor airigh mé saoirse ann. Bhí mé agus gach bean i gcontúirt ann.
Casadh
Mar an gcéanna leis na daltaí ón Araib Shádach. An lámh in uachtar ag Dialathas a thugann meas do dhaoine saibhre agus a chaitheann drochmheas ar mhná. Guardianship. Labhair amach go hard faoin gcoir seo. Cáin an córas, ní na daoine atá ag fulaingt sa chóras.
Casadh
Mar an gcéanna le mo thír féin. An bhfuil Saoirse ann? Tá Leo ‘openly gay.’ Is maith sin. Tá saoirse ann. Tá mise ‘openly pro-Separation of Church and State.’ Cé acu is deacra? Bhuel anois, braitheann sé (an freagra is fearr ar bheagnach chuile cheist).
Cheapfá go mbeadh Leo agus mé féin ar an leathanach céanna maidir le cearta agus Stát/Eaglais a scaradh ach níl, go bhfios dom. B’fhéidir go mbeidh muid as seo amach. Neart le foghlaim againn ar fad. Turas atá sa saol seo srl.
So.
Sailéad.
Éasca dom caint le daoine a thuigeann cearta daonna, le daoine a thuigeann an tábhacht le focail. Deacair míniú arís is arís eile cén fáth nach bhfuil Éire saor. Na leads is mó nach bhfeiceann é. Mar ní bhaineann fuath ban le cuid acu. Daoine eile a thuigeann mar d’fhulaing siad go géar agus tugann siad tacaíocht san troid (agus is troid atá ann) le briseadh saor ó shlabhraí na hEaglaise. Buíoch astu.
Seo an dúshlán. Bheith saor agus Gaelach. Ní leor Gaelach. Saoirse de dhíth freisin. Le tuiscint. Le cearta. Le rogha. Le grá don tír: ní don Vatacáin ná don Bhreatain. Is féidir linn meas a bheith againn orthu siúd má tá an tuiscint láidir againn nach leo ár dtír, ár gcearta, ár dteanga, ár Stát. Sin an rud. Ná measc rialtas agus Eaglais. Riamh. In aon áit. Bris na ballaí. Lig dúinn bheith saor.
Tá ainm ar mheascán Eaglais, Stát, Gardaí srl. Sin sailéad eile. Faisiteachas a thugtar air. Ann in am Franco. Againn freisin i stíl eile: Tuam Babies, Magdalenes srl. Ainmneacha eile i dtíortha eile. Fuath ban le reiligiún mar dressing. Níl sé blasta.
Gan aitheantas, rachaidh cúrsaí in olcas. Gan freagracht, rachaidh cúrsaí in olcas. Gan athrú, rachaidh cúrsaí in olcas.
Dóibh siúd le guth, impím oraibh: coinnigí rialtas agus Eaglais iomlán scartha. Ligigí dúinn bheith Gaelach AGUS saor. Is féidir. Seo an t-am.
Pics ó mo thuras go dtí An Rinn. Deachuimhní. Pics ó thuras go dtí an India freisin.
Foilsithe i 2010 (Níl fhios agam cén chaoi ar chaill mé é!)
Stiofán Ó Fearail (Seo Linn) le Cathal Ó Ruaidh ó Chúrsa A 2010 le leagan “Little Lion Man” le Mumford & Sons as Gaeilge.
A Laoich Bhig
1.
Caoin do do chás, a mhac. Ní bheidh tú riamh ‘séard ‘tá i do chroí. Weep for your state, son. You’ll never become what is in your heart.
Cuimhnigh anois a Laoich Bhig, ní bheidh an méid seo crógacht ‘at ariamh. Remember now, little hero, you’ll never have this much bravery again.
Cáin tú féin is céas tú féin, is [ansin] tóg an oiread misnigh atá ‘at. Put yourself down and persecute yourself, and [then] take as much courage as you have.
[Tú] curtha amú ag deisiú chuile fhadhb a ndearna tusa i do cheann. [You’re] gone astray fixing every single problem you made up in your head.
Curfá
Agus ní ortsa a bhí an locht. And it’s not you that was to blame.
Agus do chroíse a d’fhágadh bocht. And ’twas your heart that was left in a poor state.
Tá sé millte ‘am anocht. Nach bhfuil a chroí? I have messed it up tonight. Haven’t I, my dear?
Nach bhfuil a chroí? Haven’t I, my dear?
2.
Caoin do do chás a mhac. Tá fhios ‘at go bhfuil sé feicthe cheana ‘at. Weep for your state, son. You know you’ve seen this before.
Cuimhin anois, a Laoich Bhig, ní bhainfidh tú an díoltas atá uait. Remember now, little hero, you’ll never get to wreak the revenge that you crave.
Tá grást’ do cháis i mbaol an bháis [ach] níl rud ar bith ag seasamh i do shlí. The grace of your case is in mortal danger [but] nothing is standing in your way.
Is foghlaim ó do mháthair, nó ní rachaidh tú ariamh arís chun cinn. And learn from your mother, or you’ll never get to go ahead again.
John, Jack, Dara, & Diego ag canadh Despacito le daltaí chúrsa A. Ceol & rince den scoth!
Nóta: Go minic bíonn amhráin ó Choláiste Lurgan ag canadh faoin teanga féin. Tá sí beo. Note: Coláiste Lurgan versions are often love songs to the Irish language itself. It’s alive. ♥
♫ Despacito ♫ ► I Do Dhiaidh ♫ Slowly ♫ ► ♫ Following You ♫
Directions
1st Line: Correct Irish 2nd Line: Approximate sounds
3rd Line: Literal word for word translation – Can sound like Yoda talk 😉 4th Line: Regular English
Note: gh and *ch are generally said with a throaty gargled sound. Sound ay as in day.
These are only approximations of the sounds. It’s best to imitate the singers in the video.
Véarsa 1
Tar uait anonn, [ach] ní le heisean. Tor wet anoon, [och] nee le heshun.
Come of you over, [but] not with him. Come on over, [just] not with him.
Ná coinnigh [é] faoi rún. Airím [é] freisin. Yeah Naw ku-ini [ay] fwee roon, Areem [ay] freshin. Yeah
Don’t keep [it] under secret. Feel-I [it] too. Yeah Don’t keep it a secret. I feel it too. Yeah
Ag cur is ag cúiteamh. Is ea, go deimhin. Yeah Eg cur iss eg coochuv. Sha, gu devin. Yeah
At put and at compensating. Yes, definitely. Yeah
Weighing this side and that. Yes, absolutely. Yeah
Ó, níos fearr. Oh, neeus far.
Oh, more better.
Oh, better.
[An] ghrian ina luí ag deireadh lae, [On] *ghreeun in ah lee eg jeruh lay,
[The] sun in its lying at end day-of, The sun at rest at the end of the day,
[An] ghealach ag lonradh anuas, mín réidh.
[On] yaloch uh lunruh anoos, meen ray.
[The] moon at shine from above, soft even. The moon shining down, soft and gentle.
Tá mé ag iarraidh breith ar chuile nóiméad, Taw may eg eeree breh er *chih-luh no-mayd
Is me at try hold on every single minute, I’m trying to hold on to every moment,
I gcónaí, i gcónaí. ee go-nee, ee go-nee
in dwell, in dwell Always, always.
Véarsa 2
Bhuail [sé] mé chomh sciobtha. Anois níl fhios ’am Wuh-oo-il [shay] may *choh shkyupee. Unish neel iss om.
Hit [it] me so fast. Now not-is knowledge at-me. It hit me so fast. Now I don’t know.
Nach raibh tada eile domsa, riamh i ndán. No*ch ruh tah-dah ela dumsu, reev ih nawn.
Not was nothing else to me, ever in store. [If] nothing other than this was ever meant for me.
Tú ‘am anois faoi dheireadh thiar. An bfhéadfadh sé bheith i gconaí fíor? Too om unish fwee ye-reh heer. On vaydho*ch shay veh ih goh-nee feer?
You at me now under end back. Is could-be it to be in dwell true? I have you now at long last. Could this be true forever?
A bhaby, gabh go réidh is bí go deo ‘am. A vabe-ee, go gu ray iss bee gu joe om.
Oh baby, go ly-smooth and be ly-eternal at me. Baby, go slow and be [here] with me forever.
Véarsa 3
Ó, is tú, is tusa, a chuireann glan mé as mo mheabhair, Oh, iss too, iss tuh-sa ah *chu-ir-un glon may os muh vyower,
Oh, is you, is you, that puts clean me from my mind, Oh it’s you, it’s you, that drives me completely crazy,
Mo chuid fola ‘bruith nuair a bhíonn tú gar [dom]. Muh chu-ij ful-ah brih noor ah vee-on too gor [dum].
My bit of blood boiling when that does be you near. My blood boiling hot when you’re near me.
Ní fhéadfadh tada riamh a bheith níos mó. Nee ay-do*ch tu-ah-da reev ah veh nees moh.
Not able-could nothing ever that to be more bigger. Nothing ever could be greater [than this].
Ó, yeah, yeah. Tá mé go do iarraidh. Nach cuma an baol? Oh, yeah, yeah. Taw may gu du ee-ree, No*ch cuh-ma on bwayl?
Oh, yeah, yeah. Is me to you wanting. Not care the danger?
Oh, yeah, yeah. I want you. Who cares about the danger?
Leanfaidh tú anseo [liom] go dtí deireadh an tsaoil. Lan-hee too on shu [lum] gu dee deru on tayl. Continue-will you here [with me] until end the life-of.
You’ll stay here [with me] till the end of time.
Tada aríst go brách a chuirfeas anró [ann]. Tod-ah reesh gu braw*ch ah *chu-irus on-roh [on].
Nothing again till ever that put-will misery [in it].
Nothing ever again that will bring us down.
Curfá:
I do dhiaidh chomh mór is an ghrian. Atá á mhéadú faoi dhó. Ih du yee-a *choh mohr iss on *ghreen. Ah taw aw vayd-oo fwee *ghoh
In your after as big and the sun. That-is at it increasing under two.
My longing for you is as big as the sun. Multiplied by two.
A bhfuil inti is tuilleadh níos mó [go] brách na breithe is as sin go dtí [go] deo. Ah will in-chi iss tilluh nees moh gu braw*ch nah breh-heh iss os shin gu jee joe.
That is in her and more more big [till] eternity of judgement and from that to till forever.
All that’s in that and even more till judgement day and from there until forevermore.
X2
Véarsa 4
A chailín, [tá] tú [do] mo ghearradh. Ah *choleen, [taw] too [duh] yarra.
Oh girl, is you to me cutting.
Girl, you are cutting right through me.
[Tá mé] ag aireachtáil an talamh ag crith fúm. [Taw may] eg ahr-o*ch-taw-il on toluv eg crih foom.
[I am] at feel the ground at shake under-me.
I feel the ground moving beneath me.
[Tá] tonnta do mo bháigh i ngan fhios dom. [Taw] tunta du mu vaw ih ngon iss dum.
[Are] waves to me drowning in without knowledge to me.
I’m unaware of the waves that are drowning me.
Is tusa amháin [atá] in ann mé a thabhairt slán, mé a thabhairt slán, a bhaby. Iss tuh-sa ah wawn [ah-taw] in on may ah hoort slawn, may ah hoort slawn, ah vaybee.
Is you only [that is] in ability me that bring safe, me that bring safe, oh baby.
You’re the only one who can save me, [can] save me, baby.
[Tá] gach rud riamh a cheap mé bailithe anois bunoscionn. [Taw] go*ch rud reev ah *chyap may bolee unish bun-ohs-kyon.
[Is] every thing ever that thought I gathered now bottom over head.
Everything I thought before is now upside down.
Is tú an t-aon leigheas [atá] i ndán dom. M’anam duit [is] a bhfuil istigh ionam. Iss too on tayn ligh-us [ah taw] ih nawn dum. Monum dit [iss] ah wil is-chih unum.
Is you the one medicine [that is] in store to me. My soul to you [and] that is inside in me.
You were meant to be my one and only cure. I give you my soul and all that’s within me.
Rap 1 (Spáinnis)
Si te pido un beso, dámelo. If I ask you for a kiss, give it to me.
Yo sé que estás pensándolo. I know that you’re thinking of it.
Llevo tiempo intentándolo. I’ve been for a long time trying to do it.
Mami, esto es dando y dándolo. Woman, this is giving and giving it.
Sabes que tu corazón conmigo te hace bang-bang. You know that your heart with me makes a bang-bang.
Sabes que esa beba está buscando de mi bang-bang. You know that baby is looking for my bang-bang.
Ven, prueba de mi boca para ver cómo te sabe. Come, try out my mouth to see how it tastes.
Quiero, quiero, quiero ver cuánto amor a ti te cabe. I want, I want to see how much love you can take.
Yo no tengo prisa. Yo me quiero dar el viaje. I am in no hurry. I want to take the journey.
Empecemos lento, después salvaje. Let’s start slowly, then later [go] wild.
Véarsa 5
Tá sí beo, tá sí beo. Scread amach: Tá sí beo. Taw shee biyo, taw shee be-ayo. Shkrad umo*ch: Taw shee biyo.
Is she alive, is she alive. Shout out: Is she alive.
It’s alive, it’s alive. Shout out: It’s alive.
[Is] cuma linn faoi aon cheo. Mairfidh muid go dtí [go] deo. [Iss] cum-ah lin fwee ayn *chyo. Morha mwij gu jee [gu] joe.
Is no importance with us under any thing. Survive-will we to until [for] ever.
We don’t care about anything. We will last forever.
‘Sí an ceann is deise: sin a dhéarfas mise. Shee on kyon iss desh-eh: shin ah yayrus mishu.
Is she the one is nicest: that that say-will I.
It is the most beautiful: that’s what I will say.
[Ná] bac le lucht a cáinte. Imí siad go hifreann. [Naw] boc leh lu*cht ah cawn-che. I’m-ee shee-ud gu hif-run.
[Don’t] bother with those that her put-down. Let leave them to hell.
Don’t bother with those who put it down. Let them go to hell.
John, Jack, Dara, & Diego ag canadh Despacito le daltaí chúrsa A. Ceol & rince den scoth!
Nóta: Go minic bíonn amhráin ó Choláiste Lurgan ag canadh faoin teanga féin. Tá sí beo.
Note: Coláiste Lurgan versions are often love songs to the Irish language itself. It’s alive. ♥
♫ Despacito ♫ ► ♫ I Do Dhiaidh
♫ Slowly ♫ ► ♫ Following You ♫
Véarsa 1
Tar uait anonn, [ach] ní le heisean. Come on over, just not with him.
Ná coinnigh [é] faoi rún. Airím é freisin. Yeah Don’t keep it a secret. I feel it too. Yeah
Ag cur is ag cúiteamh. ‘Sea, go deimhin. Yeah Weighing this side and that. Yes, absolutely. Yeah
Ó, níos fearr. Oh, better.
[An] ghrian ina luí ag deireadh lae, The sun at rest at the end of the day,
[An] ghealach ag lonradh anuas, mín réidh. The moon shining down, soft and gentle.
Tá mé ag iarraidh breith ar chuile nóiméad, I’m trying to hold on to every moment,
I gcónaí, i gcónaí. Always, always.
Véarsa 2
Bhuail [sé] mé chomh sciobtha. Anois níl fhios ’am It hit me so fast. Now I don’t know
Nach raibh tada eile domsa, riamh i ndán.
[if] nothing other than this was ever meant for me.
Tú ‘am anois faoi dheireadh thiar. An bfhéadfadh sé bheith i gconaí fíor? I have you now at long last. Could this be true forever?
A bhaby, gabh go réidh is bí go deo ‘am. Baby, go slow and be here with me forever.
Véarsa 3
Ó, is tú, is tusa, a chuireann glan mé as mo mheabhair, Oh it’s you, you, that drives me completely crazy,
Mo chuid fola bruith nuair a bhíonn tú gar [dom]. My blood boiling hot when you’re near me.
Ní fhéadfadh tada riamh a bheith níos mó. Nothing ever could be greater [than this].
Ó, yeah, yeah. Tá mé go do iarraidh. Nach cuma an baol? Oh, yeah, yeah. I want you. Who cares about the danger?
Leanfaidh tú anseo [liom] go dtí deireadh an tsaoil. You’ll stay here [with me] till the end of time.
Tada aríst go brách a chuirfeas anró [ann]. Nothing ever again that will bring us down.
Curfá:
I do dhiaidh chomh mór is an ghrian. Atá á mhéadu faoi dhó. My longing for you is as big as the sun. Multiplied by two.
A bhfuil inti is tuilleadh níos mó [go] brách na breithe is as sin go dtí [go] deo All that’s in that and even more till judgement day and from there until forevermore.
X2
Véarsa 4
A chailín, [tá] tú [do] mo ghearradh. Girl, you are cutting right through me.
[Tá mé] ag aireachtáil an talamh ag crith fúm. I feel the ground moving beneath me.
[Tá] tonnta do mo bháigh i ngan fhios dom. I’m unaware of the waves that are drowning me.
Is tusa amháin [atá] in ann mé a thabhairt slán, You’re the only one who can save me.
Mé a thabhairt slán, a bhaby. [Can] save me, baby.
[Tá] gach rud riamh a cheap mé bailithe anois bunoscionn. Everything I thought before is now upside down.
Is tú an t-aon leigheas i ndán dom. You were meant to be my one and only cure.
M’anam duit [is] a bhfuil istigh ionam. I give you my soul and all that’s within me.
Rap 1 (Spáinnis)
Si te pido un beso, dámelo. If I ask you for a kiss, give it to me.
Yo sé que estás pensándolo. I know you’re thinking of it.
Llevo tiempo intentándolo. I’ve been for a long time trying to do it.
Mami, esto es dando y dándolo. Woman, this is giving and giving it.
Sabes que tu corazón conmigo te hace bang-bang. You know that your heart with me makes a bang-bang.
Sabes que esa beba está buscando de mi bang-bang. You know that baby is looking for my bang-bang.
Ven, prueba de mi boca para ver cómo te sabe. Come, try out my mouth to see how it tastes.
Quiero, quiero, quiero ver cuánto amor a ti te cabe. I want, I want to see how much love you can take.
Yo no tengo prisa. Yo me quiero dar el viaje. I am in no hurry. I want to take the journey.
Empecemos lento, después salvaje. Let’s start slowly, then later [go] wild.
Véarsa 5
Tá sí beo, tá sí beo. Scread amach: Tá sí beo. It’s alive, it’s alive. Shout out: It’s alive.
[Is] cuma linn faoi aon cheo. Mairfidh muid go dtí [go] deo. We don’t care about anything. We will last forever.
‘Sí an ceann is deise: sin a dhéarfas mise. It is the most beautiful: that’s what I will say.
[Ná] bac le lucht a cáinte. Imí siad go hifreann. Don’t bother with those who put us down. Let them go to hell.
RT @GaeltachtDeise: Tá ard mholadh ag dul do choiste Tionól Nioclás Tóibín as ucht 4️⃣ lá de siamsaíocht ar ard chaighdeán a chur ar siúl i… 1 minute ago