Ní féidir an seanfhocal a shárú. Bhí @coimcne gnóthach ar Twitter le déanaí. Bhailigh sé seanfhocail ó thíortha i bhfad i gcéin le chéile dúinn.
Seo cuid acu:
Afganastánach: آب را نادیده موزه کشیدن خطاست
Gan uisce le feiceáil, ná bain díot do bhróga.
Bairéin:مد رجولك قد لحافك.
Sín do chosa chomh fada is a théann do phluid.
An Bhotsuáin: Diane di a bua!
Na seanfhocail, labhraíonn siad!
An Chipir: Abo ’n andrebede, o gosmos ullos en dhigos du.
Is leis an té gan náire an domhan ar fad.
Cymru: Goreu amod, cyfiawnder.
Aontú is fearr, cothrom na féinne.
Dagbani: Nan barizi ni tin tula.
Ní thuigeann an marcach go bhfuil an talamh te.
An Nigéir: Akpa le tome gake menya tsi fe vevie nyenyeo.
Ní thuigeann an t-iasc tábhacht an uisce.
Gàidhlig: Ge milis a’ mhil, cò dh’imlicheadh o bhàrr dri i.
Cibé milis an mhil, ní líochtar ó bharr na ndriseach í.
Hiondúis: जान है तो जहान है
Maireann an saol róghearr le bheith cráite.
Kernowek: Y’n Haf por’ cof Gwaf
Sa samhradh, cuimhne ar an ngeimhreadh.
Coirdíneach: Eger gul nît, dirrigîş mebe.
Munar bláth thú, ná bí i do dhealg.
Lakota: Mni Wiconi
Beatha é uisce.
Lesotho: Leboela le a ja.
Tá bua i mbuansheasmhacht.
Maori: Naku te rourou nau te rourou ka ora ai te iwi
Le do chiseán is mo chiseán, mairfidh na daoine.
Oileáin Maldíve: Kalhu geriyakas, hudhu geriyakas, kiru hunnaany hudhukoshe.
Is cuma más geal nó dubh an bhó, bán an bhainne (gan aon agó).
Maenmar: ကြာကြာဝါးမှ ခါးမှန်းသိ
Ní airítear blas searbh ach tar éis cogaint tamaillín.
Gaelg: Ta cooinaghtyn yn chree ny share na cooinaghtyn yn chione
Tá cuimhne an chroí níos fearr ná cuimhne an chinn.
An Phalaistín: El-faaDi yekhli lal-malyaan.
Géilleann folamh do lán.
An Pheirs: ز گهواره تا گور دانش بجوی
Cuardaigh eolas ón gcliabhán go cré na cille.
Éimin: bi hanash wa taquluh dudah
Imríonn tú le nathair is glaíonn tú péist air.
Sinhala, Srí Lanca: පිරුණු කළේ දිය නොසෙලේ
Níl fuaim ó shoitheach a chroithtear má tá sé lán le huisce.
Samó: Fale-taeao e le afiafi
É ina shuí sa bhaile ar maidin, ní íosfaidh sé sa tráthnóna.
Súahílis: Atakaye kufuga ng’ombe aanze na kuku.
Ba chóir don té ar mhaith leis bó a chothú tosnú le cearc.
Sierra Leone, Krio: FAMBUL TIK KIN BεN, BכT I NכBA BROK.
Is féidir le craobha ginéalaigh lúbadh ach ní bhriseann siad.
Tamil, India: ஏட்டு சுரைக்காய் கறிக்குதவாது
Níl maitheas i bpictiúr de ghurd le cócaireacht.
Na cinn seo duitse, Arge
- Sínis:
良药苦口 (Liángyào kǔkǒu)
Toradh maith ó phiolla searbh
Ar nós …
2. Gàidhlig: Cha toir muir no monadh a chuid o dhuine sona.
Ar muir ná ar tír, ní thiocfaidh caill ar dhuine ádhúil.
3. Gaeilge: Dá mhéad an stró, is ea is fearr an ceacht.