An Angelus a thugann siadsan air. An chreill a deirimse.
Cad atá marbh mar sin? Mo chearta, mo shaoirse, dóchas mar buaileann siad é go rialta chuile lá beo le rá dom cé atá i gceannas sa tír i ndáiríre. Deireann sé liom nach bhfuil éalú uaidh. Is cuimhin liom thú, Ann Lovett. Ag dul timpeall na tíre, feicim an damáiste.
Sa bhaile in Éirinn is an aimsir go hálainn le ceol ar an raidió, tagann ‘sos’ le rá leat go bhfuil an Dialathas fós i gceannas le creill (Angelus). Ar fhaitíos go ndéanfá dearmad ar a gcumhacht. Áthas briste. Uileláithreach an cos ar bolg acu. Glórmhar. Le rithim damanta.
Sna scannáin tuigeann tú nuair chloiseann tú ceol ar nós croí ag bualadh go bhfuil daoine i mbaol. Rithim a chuireann do chroí ag rith le heagla.
Éalú? Saoirse? Goideadh uainn ár saoirse in aimsir McQuaid agus ní bhfuaireamar ar ais í. Ag súil in aice le UCC (álainn) tagaim ar ospidéal a bhriseann an sonas. Is cuimhin liom sibh, leanaí faoin talamh i dTuaim. San Secours
NÁ ceap go bhfuil Éire modern go gceartóidh sibh seo!
Dúisigh agus aithin cén fáth an bhfuil troid ollmhór ann lenár gcearta a bhaint amach.
An mbeidh troid againn le cearta a bhaint amach? I bhfad níos deacra má bhaineann sé le cearta na mban nuair atá cónaí ort i nDialathas. Ceartaigh sin, Rialtas na hÉireann!
Ag dul ag taisteal ón mbaile? Ag iarraidh éalú? Seo a fheicfidh tú ag an stáisiún traenach:
Creid ann más mian leat ach ná tóg ar thalamh phoiblí iad. Ná seinn do chreill go gcloisfidh mé é. Sa séipéal agat más mian leat. Go ciúin. Ach ná cuir isteach ar éinne eile leis. Ná mill an síocháin. Ná goid is ná mill mo thír.
Thar a bheith in am againn bheith saor agus Gaelach.
Fuair an Rí Lochlannach Harald Blåtand (Bluetooth) Gormsson bás timpeall 985. Ach tá a ainm nó a leasainm le cloisteáil go minic chuile lá beo fós.
I rúscríbhinn Lochlannach seo mar atá a ainm:ᚼᛅᚱᛅᛚᛏᚱ ᛬ ᚴᚢᚾᚢᚴᛦ
Fuaireamar an siombal ar Bluetooth ó cheannlitreacha Harald Blåtand: H (ᚼ) agus B (ᛒ). Roghnaigh Ericsson’s an t-ainm is an siombal.
Ar ndóigh chuir mé spéis sa ‘gorm’ i nGormsson agus an baint aige le Bluetooth. D’éirigh le Harald an Danmhairg agus an Iorua a aontú lena mbua cainte. Éinne amuigh ansin in ann a rá liom an gciallaíonn an Gorm san ainm gorm freisin? Maith agaibh.
Go dtí sin, go maire bluetooth agus cumarsáid le saoirse arlíne.
Bhí Deireadh Seachtaine Gaeltachta #19 ar siúl i San Francisco ón 22 – 24 Meán Fómhair 2017 is ba mhór an onóir dom bheith ag múineadh ann le foireann den scoth. Mná uilig na múinteoirí an uair seo. Stairiúil.
Níos mó pics ag teacht
Seo na daoine a d’eagair DSG San Francisco 2017. Maith iad.
Fuair mé amach gur mhúin duine de na múinteoirí, Bairbre, mo ghasúr fadó in Éirinn. Bean álainn le blas binn ó Chonamara. Is cara uasal í a chabhraigh go mór liom i mbliana.
Bairbre Ní Chiadhra, léachtóir ag Ollscoil Wisconsin
B’í a chuir fáilte roimh an gconsal Robert O’Driscoll a d’oscail an ócáid go hoifigiúil, Bhí óráid álainn aige dúinn a thug meas don teanga, a chuir bród inár gcroíthe, agus a thug misneach don lucht éisteachta.
B’é a bhronn duais ar Nikki Ragsdale, an bhean a bhunaigh an Deireadh Seachtaine Gaeltachta i San Francisco fadó agus a d’éagraigh é ar feadh na blianta. Onóir a bhí tuillte go maith aici agus duais a chuir áthas uirthi. IS laoch na Gaeilge i San Francisco í.
I rith an gcúrsa, lainseáil Audrey Nickel a leabhar le cúnamh óna cara is laoch eile na Gaeilge, Galt Barber, a dúirt cúpla focal faoin éacht a bhí déanta ag Audrey.
Labhair Audrey í féin ina dhiaidh agus thugamar bualadh bos di.
Tá muid chomh bródúil sin aisti.
Chuir sé ionadh orm an méid daoine a luaigh Duolingo mar inspioráid. Is léir go bhfuil daoine nua ag teacht chugainn mar gheall ar an áis sin.
Bhí go leor imeachtaí ar siúl againn. Táim buíoch as Jean Pickard ó Pint of Irish a mhúin ceardaíocht dom a bhí mé in ann a roinnt le daoine eile ar an Satharn. D’éirigh go geal leis. Seo a rinne siad:
Le scéalaíocht, lúibíní, ceol den scoth srl bhain daoine an-taitneamh as an gcúrsa.
Cuir daoine ceisteanna orm faoi amhrán nó dhó is leis an deifir orm ag an deireadh ní raibh seans agam freagra a thabhairt dóibh. Seo iad anseo:
Buíochas le chuile dhuine a bhí ann idir mhúinteoirí is daltaí, le daoine a d’ardaigh ár gcroíthe le fáilte, ceol, agus craic. Buíochas faoi leith leis an gconsal is a bhean chéile, Caoimhe, a chaith ana-chuid ama ann ag cur aithne ar dhaoine is ag caint leo. Fíorghaeil sibh ♥.
Dóibh siúd a shábháil muid ar an gcéad oíche (Anna & Aisling & Máire & Cáit): mo mhíle buíochas! Ní dhéanfaidh mé dearmad ar bhur gcineáltas GO DEO ♥
Tá San Francisco álainn. Beidh mé ar ais. Comhghairdeas linn ar fad! Éacht.
Thug Sarah Shourd cuairt ar ár scoil uair le caint linn faoi a tharla di. Meiriceánach óg, tanaí, lag ag labhairt linn go ciúin le misneach. Ar nós taibhse, a cheap mé. Marbh ach ag siúl i dtromluí an cuma a bhí uirthi. Ba léir go raibh ualach cruálach á iompar aici.
A scéal anseo. Bhí sí le cairde ag siúl sna sléibhte san Iaráic i 2009 nuair a ghlaoigh saighdiúirí orthu agus lean siad é transa an teorainn i ngan fhios dóibh. Chaith siad i bpríosún iad.
Labhair Sarah linn tar éis di saoirse a bhaint amach ach bhí a comráidí fós i bpríosún. Labhair sí faoi bheith i gcill ina haonar ar feadh 410 lá. Briseann sin duine. Is í ‘saor,’ d’airigh sí nach raibh cead aici sos a thógáil ná saoirse a bhlaiseadh i gceart go dtí go mbeadh a cairde saor chomh maith. Mar a dúirt sí: “I had a tremendous feeling of responsibility. The burden weighed on me so heavily. For a year I was basically living on adrenaline. I didn’t enjoy my food—I just ate it. I worked. I exercised. I couldn’t allow myself to feel anything. I was like a machine.”
B’shin fuascailt a ghortaigh go géar. Smaoinigh mé ar Sarah is an t-ualach uirthi nuair a bhí fuath ban le feiceáil go láidir in Éirinn an tseachtain seo. Cad is cúis leis?
Na meáin.
Is iad na meáin a deireann linn mar atá an saol. Is duine gránna é Denis O’Brien le teachtaireacht ghránna: frith-oibritheoir, frith- ceardchumainn, frith cearta, tacaíocht do na saibhir, do na gardaí. Is sochapatach é.
Tá roinnt mhaith de na meáin agus OSPIDÉIL (?! CONAS – ach, nuair a smaoiníonn tú air, ospidéil ag an Eaglais so is léir gur cuma sa feic leis an Rialtas fúinn) tógtha ag Denis O’Brien. Nuair a chailleann tú na meáin, tá an tír damanta. ‘Fhios againn sin i SAM. Ná tabhair ceadúnas d’fhuathghrúpaí. Sin a tharla i SAM le FOX. Sin an fáth go bhfuil Trump againn. Tuig an dochar.
Bhí an tseachtain seo deacair. An-deacair! Le meáin Denis O’Brien (Communicorp) tá guth agus cumhacht ag fuath sa tír buíochas le leithéidí George Hook ar Newstalk FM. D’ionsaigh sé mná lena theachtaireacht: níl faitíos orm rudaí uafásacha a rá go hoscailte mar ní ceart meas a thabhairt do mhná. Is tháinig na diabhail amach le misneach a thug Hook dóibh, ag fógairt a bhfuath ban.
Tá RTÉ ciontach freisin!
Ar nós scéal Sarah is a cairde fós i bpríosún, labhraíonn an t-amhrán Four Green Fields faoi mac in bondage. Conas is féidir leis an máthair bheith saor nó sona le mac gafa ag daoine eile. Sin céasadh. Ach tá daoine nach dtuigeann sin mar tá siad chomh tógtha suas leo féin. Feall é dearmad a dhéanamh ar stair. Feall é do mhuintir féin a thréigeadh. Feall é meas níos mó a thabhairt do na daoine a ghortaíonn an tír ná do na daoine ag iarraidh an tír a shábháil. Tugann RTÉ meas do mheon an BBC. Coir is déanaí uathu:
An choir is mó? Gan bheith ann. Dofheicthe. Glanta amach. Gan stair, ná guth, ná cruth. Sin a dhéanann niqab. Sin a dhéanann Guardianship san Araib Shádach. Sin a dhéanann dlí na hÉireann: ag rá nach leis an mbean a corp féin. Sin a rinne RTÉ leis an mapa sin.
Fuascailt í ach tá dhá bhrí leis an bhfocal is b’fhearr liom a ceapadh go bhfuil deis ann anois don tír. Ár dtír gan saoirse, gan cearta, gan aithne aici uirthi féin atá againn faoi láthair. Is féidir sin a athrú. Ná glac le meon an BBC. Ná glan amach an tuaisceart.
Tá RTÉ ar son Ethos damanta agus faisisteachas nuair a sheinneann siad an Angelus chuile lá beo le rá linn cé atá i gceannas. In am éirigh as.
2. George Hook:
Scríobh Hired Knaves alt faoi George Hook, an Bill O’Reilly nó Trump nó Bannon na hÉireann. Is fiú go mór é a léamh anseo. An méid a chosain é! Mé tinn ag smaoineamh air. Mná ina measc le maithiúnas agus leithscéalta dó. Is é maithiúnas a fhágann muid damanta sa tír seo. Ara shur. Is leads iad. Old fashioned. Níl dochar ann. Don’t make trouble. Ach tá dochar ann, leads. Ceadaíonn sé fuath agus foréigean. Ní chreideann sibh conas mar is aingil sibh? Osna. Raight. Munar féidir libh fiú smaoineamh ar bhean ag fulaingt, leads, féach ar seo:
Ní féidir liom scríobh faoi na daoine a tháinig ar ais le fuath ar nós You’re too ugly to be raped. Ghoill sé gur inis mná a scéalta agus ba chuma le daoine faoin bpian. Níos measa ná sin. D’ionsaigh siad iad. Tá an t-aire Simon Coveney ciúin ar an ngalar seo. Tá mná na tíre ag fulaingt. Ráiteas de dhíth.
3. Dlí McQuaid
Ní raibh saoirse againn mar a cheapamar nuair a bhfuaireamar réidh le himpireacht na Breataine sa deisceart. Deacair bheith sona nuair atá cuid díot fós gan saoirse. Ghoid McQuaid aon seans againn bheith saor sa deisceart lena bhfuath ban is a pheidifíleacht. An EAGLA in Eaglais soiléir nuair a bhí an sochapatach sin i gceannas. An dlí aige fós láidir sa tír.
Ach ní in Éirinn amháin a d’imir an Eaglais a cleas gránna.
Scéal #2 ó Albain
An cailín ciontach, ní an sagart mar, tá ‘fhios agat, tá an chumhacht ag an Eaglais.
Seo a scríobh Flann O Brien & Tom O’Higgins faoi: In Cavan there was a great fire, Judge McCarthy was sent to enquire. It would be a shame if the nuns were to blame So it had to be cause by a wire.
Ar ndóigh.
Sin scéal na hÉireann. Dallamullóg. Ryan Report. An Eaglais fós i gceannas. Freagracht AR BITH. Scéal Tuam Babies agus áiteachaí cosúil leis ar fud na tíre in Éirinn ach tada déanta faoi fós. Scéal na Magdalenes ar nós scéal Sarah. Cuid dínn goidthe. Mná nach bhfuil ‘fhios aici cá bhfuil a leanaí mar ghoid daoine iad is níl eolas le fáil air. Tromluí. Na mílte acu.
Agus an Rape Culture sin? Le oideachas na hEaglaise, thuig na leads go raibh cumhacht acu.
Dlí McQuaid. Dlí eachtrannach. I never believed in rape culture, a d’admhaigh Garda Daz Topaz ar Twitter. Cén fáth? Mar múineadh drochmheas ar mhná dúinn. Bhí agus tá na gardaí leis an Eaglais in aghaidh na mná.
Bhí agus tá cearta sciobtha ó mhná na hÉireann. Tá an tuaisceart sciobtha ón tír ag Westminster agus an deisceart sciobtha ag an Vatacáin.
Caint ann faoi SAOIRSE na laethanta seo agus céard is brí leis.
Fuascailt
Caithfear caint freisin faoi Fhianna Gael is an grá atá acu do George Hook. Labhraíonn sé ag an Ard-Fheis acu. Ach caithfear a admháil nach bhfuil rudaí níos fearr le Fianna Fáil. Faisisteachas ceadaithe le fada. Caithfear a thuiscint nach bhfuil Sinn Féin ag caint faoi Eaglais/Stát a scaradh. Athrú de dhíth.
Ba bhreá liom saoirse ó bhagairtí. Ba bhreá liom tír le cearta. Go dtuigfidh daoine gur coir í fuathchaint. Nach gcuirfimid suas le fuathghrúpaí ar nós an DUP agus an OO níos mó. Is bagairt iad. Nach mbeidh dream a ghoid leanaí i gceannas ar oideachas na tíre níos mó. Go mbeidh Daonlathas in áit Dialathas againn. Go n-aithneoidh gardaí (agus chuile dhuine) socapataigh inár measc agus go mbeidh muid in ann deighleáil leo is bheith slán. Go mbeidh an tír ar ais le chéile. Go mbeidh iriseoireacht, ní fuath ná bolscaireacht ná shock jocks, againn sna meáin.
Go mbeidh deireadh le fuath ban.
Ní féidir sin a dhéanamh i nDialathas.
An bhfuair siad réidh le George Hook fós? Le ceadúnas Communicorp?
Seo am Shasamach, a chairde. Seo an t-am when hope and history rhyme. Ná bíodh an rhyme sin ar nós an Limerick a scríobh Flann O’Brien. Bíodh sé lán de thuiscint agus saoirse agus tír le cearta.