An Angelus a thugann siadsan air. An chreill a deirimse.
Cad atá marbh mar sin? Mo chearta, mo shaoirse, dóchas mar buaileann siad é go rialta chuile lá beo le rá dom cé atá i gceannas sa tír i ndáiríre. Deireann sé liom nach bhfuil éalú uaidh. Is cuimhin liom thú, Ann Lovett. Ag dul timpeall na tíre, feicim an damáiste.
Sa bhaile in Éirinn is an aimsir go hálainn le ceol ar an raidió, tagann ‘sos’ le rá leat go bhfuil an Dialathas fós i gceannas le creill (Angelus). Ar fhaitíos go ndéanfá dearmad ar a gcumhacht. Áthas briste. Uileláithreach an cos ar bolg acu. Glórmhar. Le rithim damanta.
Sna scannáin tuigeann tú nuair chloiseann tú ceol ar nós croí ag bualadh go bhfuil daoine i mbaol. Rithim a chuireann do chroí ag rith le heagla.
Éalú? Saoirse? Goideadh uainn ár saoirse in aimsir McQuaid agus ní bhfuaireamar ar ais í. Ag súil in aice le UCC (álainn) tagaim ar ospidéal a bhriseann an sonas. Is cuimhin liom sibh, leanaí faoin talamh i dTuaim. San Secours
Agus ar ndóigh ní féidir éalú ó ‘oideachas na tíre.’
Paidreacha sa Dáil?!
Diamhasla sa dlí?!
NÁ ceap go bhfuil Éire modern go gceartóidh sibh seo!
Dúisigh agus aithin cén fáth an bhfuil troid ollmhór ann lenár gcearta a bhaint amach.
An mbeidh troid againn le cearta a bhaint amach? I bhfad níos deacra má bhaineann sé le cearta na mban nuair atá cónaí ort i nDialathas. Ceartaigh sin, Rialtas na hÉireann!
Ag dul ag taisteal ón mbaile? Ag iarraidh éalú? Seo a fheicfidh tú ag an stáisiún traenach:
Creid ann más mian leat ach ná tóg ar thalamh phoiblí iad. Ná seinn do chreill go gcloisfidh mé é. Sa séipéal agat más mian leat. Go ciúin. Ach ná cuir isteach ar éinne eile leis. Ná mill an síocháin. Ná goid is ná mill mo thír.
Thar a bheith in am againn bheith saor agus Gaelach.
Seo ár lá.
ANOIS.
Pingback: 712. Gan Smál? Gan cearta! | ancroiait