
Aitheantas
Tharla Seachtain Éire (Ireland Week) idir 16 & 21 Deireadh Fómhair 2017 anseo i gCathair na nAingeal. Nós nua lán le himeachtaí, léachtanna, agus spraoi a bhí ann. Bhí dhá chuid d’Ireland Week: gnó & cultúr, agus is minic a bhí siad meascaithe le chéile. Bhí dhá thaobh leis freisin: Meiriceánaigh ag cur aithne ar Éireannaigh a tháinig anseo ó Éirinn don ócáid & daoine ag cur aithne ar Éireannaigh i Meiriceá. ‘Sé sin le rá, cur in aithne a bhí ann. Bhí dhá rud le déanamh againne i gConradh na Gaeilge, Craobh na nAingeal dó: Pop-Up Gaeltacht is Tobshlua. Is bhí gach rud a bhain le Ireland Week iontach.

Ní neart go cur le chéile.
Nuair a chuala mé faoi Ireland Week ar dtús tamall siar, bhí ceisteanna agam. Ní gnó amháin, tá súil agam: b’shin an smaoineamh ba láidre a bhí agam. Ina dhiaidh sin: ná déan dearmad ar an hÉireannaigh anseo. Seo seans d’Éireannaigh nach dtuigeann cad iad Éireannaigh/Meiriceánaigh a aithint gur ambasadóirí iad.
Tá 35 milliúin acu, lán le meas, muintearas, agus bua dár gcultúr. Scaipeann siad grá don chultúr saor in aisce chuile lá beo le heolas is cairdeas. Dochreidthe a dhéanann daoine ina Ireland Life i SAM, ní hamháin Ireland Week. Roinnt acu nach Éireannaigh iad ar pháipéar agus lán le grá don chultúr. Mar sin is Éireannaigh iad amach is amach mar a fheicimse é.
Tuigim freisin go bhfuil gá le daoine a tharraingt le chéile sa chathair mhór seo. Gá le Éire a mhíniú do dhaoine nach dtuigeann Éire na linne seo. Is d’éirigh go breá le Ireland Week leis sin.
Tosnóimid le mná a bhí lánpháirteach ann mar ní minic a fheictear sin. Seo muid ag an bPop-Up Gaeltacht, an imeacht is mó a chuir gliondar orm is ar dhaoine eile chomh maith de réir na hathtweetanna agus na croíthe ar fad a bhfuair sé ar Twitter.

Nach orm a bhí an t-ádh bualadh le Deirdre O’Neill Machin agus Caoimhe Ní Chonchoille! Is í Caoimhe a spreag mé chun Pop-Up Gaeltacht a bheith againn le linn Ireland Week. Is í Deirdre a chuir Ireland Week le chéile anseo i gCathair na nAingeal. Meas do na mná iontacha seo! Treise libh!

An dúshlán: conas Gaeilgeoirí LA a tharraingt le chéile ar an gCéadaoine i lár LA?
Os rud é go bhfuilimid i Hollywood, bhí aisteoirí mór le rá ag Ireland Week. Ina measc Angelina Jolie agus Fionnuala Flanagan. Bhí díomá orm nach raibh mé in ann bheith chuile háit. Ba bhreá go mór liom caint leis na mná seo. Scileanna den scoth acu mar aisteoirí agus daoine fíorspéisiúla iad leis. Le caint faoi na rudaí atá tábhachtach dúinne agus don domhan mór. Rus atá gar do mo chroí: tá teanga le sábháil againn. Mo theanga féin. Ní féidir ligint di bás a fháil. Sin an obair a roghnaigh mé dom féin. Mo shaol le Gaeilge. Mo chultúr #1 dom fiú is mé i bhfad ó bhaile. Faraor, bhí mé ró-ghnóthach (Seaside Games, Comhrá 17, Tobshlua, ranganna srl) le freastal ar na hócáidí seo:

agus ní raibh mé in ann scannán a bhí mé ag súil go mór leis, The Breadwinner le Nora Twomey ó Cartoon Saloon a fheiceáil ach oiread. Ach beidh seans agam as seo amach. Bhí an oiread sin ag tarlú go raibh fonn orm mé féin a chlónáil! Díreach roimhe seo bhíomar tar éis bheith páirteach i gComhrá 24 agus na Seaside Games. Sos uainn ina dhiaidh seo! Dochreidthe nuair a fhéachaim siar air. Chaill mé imeachtaí den scoth.

Ach NÁ bíodh trua agaibh dom! Bhí mé ag ceolchoirm le The Strypes, Lisa Hannigan, Lisa Hannigan, Strypes, Elm and All Tvvins ar an Luan ar Sunset Blvd,
ag léacht i Loyola Marymount University ar an Mháirt ag éisteacht leis an Ambasadóir ag caint faoi Shasamach, ag ár bPop-Up Gaeltacht féin ar an gCéadaoin, ag múineadh Gaeilge agus rince do dhaoine i Redondo ar an Déardaoin is ag ullmhú don tobshlua ar an Aoine, ag déanamh tobshlua leis an rince sin ar na réalta ar an talamh i Hollywood ar an Satharn, agus ag seó Panti an oíche chéanna. ‘Sé sin, bhain mé an-sult is tairbhe as Ireland Week! Is orm a bhí an t-ádh agus an bród.

Ceol, rince, scannánaíocht, óg & aosta tagtha le chéile do Ireland Week. Lucht Tobshlua.

B’iad an tobshlua agus an Pop-Up Gaeltacht na himeachtaí a d’eagraigh CnaG, Craobh na nAingeal le cúnamh ó chairde: Conradh na Gaeilge LA, Pint of Irish, Scoil Rince McNulty, Gypsy Ethnic Arts Center, Céilí Rua, is daoine ar fud na cathrach. Daoine ar bhuail mé leo an oíche roimhe sin ag LMU agus daoine a mhúin mé fadó san Celtic Arts Center. Níor cheap mé nuair a tháinig mé go Meiriceá go mbeinn ag caint as Gaeilge sa chathair le Deirdre nó Consal nó Ambasadóir nó Caoimhe ó TG4.

Cur in aithne den scoth go nádúrtha i bpub le hÉireannaigh ag éisteach le Meiriceánaigh ag caint as Gaeilge agus ag iarraidh orthu, Cén fáth? Cuireann sin áthas orm. Cén fáth? Mar tá cultúr fíorálainn againn agus tuigeann daoine anseo a luach (ní i $$$ ach i saibhreas níos tábhachtaí). Níor fhoghlaim siad náire faoi mar a mhúineadh dúinne in Éirinn. Rud a mhaireann is a chaithfear a scriosadh. Ardmheas do Osgur agus Peter a smaoinigh ar an bPop-Up sa chéad áit!
Seo scéal inniu faoin gcumhacht ag na Pop-Up Gaeltachtaí

Bhí sé iontach breathnú ar dhaoine ag caint go nádúrtha le chéile as Gaeilge i gCathair na nAingeal.

Rinne an tAmbasadóir caint ar seo ar an Mháirt nuair a luaigh sé go Chuala mé mná óga ag screadáil Mrs. Weafer! i Loyola Marymount is fuair mé barróga ó dhaltaí a mhúin mé blianta ó shin sa mhéanscoil. Bhí mé ag múineadh Spáinnis agus Seapáinis ag an am. Beagnach dearmadtha agam anois le mo shaol nua. Bhí áthas orm iad a fheiceáil is bhuail an cheist, cad is Éireannach ann? mé arís nuair a d’imigh siad leo. Airím níos Éireannaí anois agus sásta gur thaistil mé go cultúir eile agus fíorshásta gur fhill mé go mo theanga féin.
Ná habair é, déan é.
Nós nua é Ireland Week agus súil againn go leanfaidh sé ar aghaidh chuile bhliain. Cur in aithne ar nós Lá ‘Fhéile Pádraig atá ann ach níos fearr sa chaoi nach bhfuil baint ag reiligiún leis agus tá Éiriu sa tideal nó leagan dá hainm. Is tarlaíonn sé gar go Féile na Samhna. Ársa ach nua-aimseartha. Éire na linne seo. Ardmheas do na daoine a smaoinigh ar Ireland Week ar dtús agus dár nÉireannach anseo, Deirdre O’Neill Machin. ‘Sé an gnó aici anseo ná ócáidí a eagrú. Ní bhíonn baint agam le gnó an oiread sin mar tá mé sáite i gcultúr lenár n-eagraíocht neamhbhrabúis: CNAG Gaelic League LA. Ach rinneamar caint is chuireamar aithne ar a chéile. Is tharla rudaí iontacha le linn Ireland Week. Gnó agus cultúr meascaithe le chéile. Is maith sin. Deacair dom scaití deighleáil le gnó. Peaca caint ar airgead is mé óg. Ach caithfear, go féireáilte gan náire, mar a chaithimid Gaeilge a labhairt go féireáilte (Acht na Gaeilge de dhíth) gan náire. Ná bíodh faitíos orainn ag ceapadh go bhfuil ár dtír róbheag: níl. Go bhfuil ár dteanga rófhágtha: níl. Nach féidir linn rud a dhéanamh: is féidir. Tabhair faoi. Níl ach teip amháin ann: sin gan iarracht a dhéanamh. Creid i rudaí iontacht agus tabhair fúthu. Féach a tharla le Ireland Week!

Meas do na fir a thugann meas do na mná: Míle Buíochas leis an Ambasadóir nua go SAM: Daniel Mulhall a d’fhreastal ar an bPop-Up Gaeltacht le Robert O’Driscoll, an Consal Ginearálta d’Iarthar SAM a d’éist go cúramach agus a shásaigh gach duine (fíordheacair sin a dhéanamh!), le Finbar Hill a bhí ag obair mar chonsal onórach ar seo le fada.
Labhair an triúr acu as Gaeilge ag Ireland Week sular labhair siad as Béarla agus cuireann sin ARDÁTHAS orm! Maith sibh! Fíorbhuíoch!
Míle buíochas le Darragh Doyle a chuidigh linn arlíne le eolas faoin bPop-Up a scapadh srl. agus le Johnny O’Reilly is a fhoireann a bhí linn ag an Tobshlua lena gceamairí.
Agus le go LEOR, LEOR, daoine eile. Sea, tharraing Ireland Week le chéile sinn!
Mar fhocal scoir:
Ní féidir tír a dhíol agus ní cóir tír a dhíol. Ag imirt Monopoly as Gaeilge, d’airigh mé tinn. Ar mhaith liom óstán a thógáil ar áit ársa nó ar mhaith liom an áit ar fad a dhíol, a d’iarr na cartaí orm. Ar son na Déithe, níor mhaith! Cén sórt ceist sin?! Tá an focal féireáilte fíorthábhachtach sa chaint seo agus chuir rud amháin isteach orm nuair a bhí caint ar chúrsaí polaitíochta anseo. Chuala mé caint ar Fhianna Fáil agus ar Fhianna Gael. Chuala mé faoi Shasana agus teorainn. Níor chuala mé faoi Shinn Féin ná páirtí ar bith eile agus níor chuala mé go soiléir go raibh deis níos fearr againn anois ná riamh an tír a chur ar ais le chéile. Cén fáth? Faitíos? Ní neart go cur le chéile mar a léirigh Ireland Week. Muna gcreidimid féin in Éire le Chéile agus muna ndeirimid os ard é agus muid ag míniú Éire do SAM, tá an teachtaireacht mícheart seolta agus deis caillte. Tá Éire le Chéile ó na hÉireannaigh i SAM agus sa bhaile ACH tá daoine sa rialtas róchiúin faoi. Ceartaigí seo le bhur dtoil.
B’fhéidir go bhfuilimid neither here nor there mar a deireann Seamus Heaney linn ina fhilíocht, muid atá i gcéin, ach b’fhearr linn bheith le chéile agus bheith Éireannach is cuma cá bhfuilimid. Ná déanaimid dearmad ar ár dtír ná ar chuid di.
