Bhí mé sa tSeapáin ar saoire le déanaí. Is nuair a bhí mé ann, bhí Pop-Up Gaeltacht againn. Ní shin a bhí i gceist leis an turas. Bhí m’fhear céile ag labhairt ag comhdháil faoi fhrithvíreas agus bheadh cúpla lá againn le chéile sa phríomhchathair dá mbeadh sé uainn. Is deis taisteal ar fud na tíre ina dhiadh, fhad is a bhíomar ann. Tar éis Ireland Week i gCathair na nAingeal, bhí sos uaim. Bhí sé iontach ach bhí mé traochta. Mar sin d’éalaigh mé leis go dtí an taobh eile den domhan.
Le casadh an tsaoil is tweet anseo is tweet ansiúd, thosaigh mé mo thuras le Seapáinis i dTokyo, thaisteal mé ar fud na tíre, is d’fhill mé go Tokyo le oíche den scoth a bheith agam as Gaeilge. Seo mar a tharla Pop-Up Gaeltacht i dTóiceo.
Tháinig teachtaireacht chugam ó @ronanbeo le déanaí ag insint dom faoi dhuine (Raodhmann Mac Murchaidh ) sa tSeapáin ar mhaith leis Gaeilge le labhairt le daoine ann. Dúirt mé le Rónán go ndéanfainn iarracht caint le Raodhmann is mé ann. Le rud amháin is rud eile níor éirigh linn bualadh leis ag tús an 旅行 (turas) seo. Ní bheadh ach deis amháin fágtha againn: an oíche dheireanach againn sa tír. Bhuail smaoineamh mé. Le seachtain idir an dá linn nach bhféadfaimis glaoch a chur amach le cuireadh a thabhairt do dhaoine eile teacht is Gaeilge a labhairt linn?
D’éirigh liom teagmháil a dhéanamh le triúr: Raodhmann Mac Murchaidh, Michael McCoy, agus Aisling Braiden fhad is a bhí wifi agam san óstán. Is d’fhág mé fúthu é. B’é Michael a chuir an glaoch amach ar dtús.

Ach ní raibh am ná áit leis an dteachtaireacht is ní raibh mórán ama fágtha. Ach bhí sé Fíoréasca dom an rogha sin a dhéanamh. Ní fhéadfainn teacht ar ais ó Matsue (ar an gcósta eile) roimh a 9in an oíche sin agus, mar chomhartha ó na Déithe, seo a chonaic mé nuair a shroich mé ár stáisiún an chéad lá dom sa tír. Chuir sé ionadh orm Gaeilge a fheiceáil anseo.

B’shin é. Beartaithe. Bhí am agus áit againn. Ní raibh a fhios agam an bhféadfadh duine ar bith bheith ann ach b’fhiú an iarracht, mheas mé. Mar sin ar aghaidh liom timpeall na tíre ag súil go mbeinn ar a laghad in ann bualadh le Raodhmann mar a gheall mé do Rónán.
An Aoine sin, bhíomar i Matsue agus bhí orainn filleadh go Tokyo an lá céanna is bheith ar ais in am don Pop-Up.

Thosnaíomar maidin Dé hAoine anseo i Matsue i measc na sléibhte.

Traein áitiúil, shinkansen amháin is shinkansen eile

agus traenachaí áitiúla arís

go dtí gur thángamar ar ais ag an bpub le Gaeilge i dTokyo an oíche sin is bhí daoine ann is Gaeilge acu.

Is bhí craic againn istigh ann. B’fhiú go mór an Pop-Up! Cuimhne den scoth den turas seo.

Ag tús na hoíche bhí daoine beagáinín neirbhíseach. Bhí ionadh ar Aisling agus tháinig Béarla uaithi uair le míniú do na leads: I understand everything she’s saying. Is thuig. Chuir sin áthas orm agus uirthi, ba léir. Ar ais ag an nGaeilge léi arís ansin. Bhí scéalta le roinnt. Bhí Aisling ar an gCeathrú Rua i gColáiste Cholumba mar dhalta nuair a bhí mé ag múineadh ann. B’as Béal Feirste Mícheál is Raodhmann is bhí siad ag cur ceisteanna ar a chéile mar a dhéanann Éireannaigh thar lear: an bhfuil aithne agat ar ….? Comhrá as Gaeilge. Níor bhuail duine acu lena chéile cheana ach grúpa iontach iad. De réir a chéile d’imigh an faitíos uathu is bhí siad ag caint leo gan stró.
Bíonn Aisling ag obair leis an ambasáid is d’inis sí dom faoi na daoine a thagann ó Éirinn le Béarla a mhúineadh agus iad ó Ghaelscoileanna, faoi Gabriel Rosenstock a bhíonn ag obair le haiku is daoine eile ag aistriú leabhar, faoi dhaoine in ollscoileanna sa tír le Gaeilge, faoi Sheapánaigh ag foghlaim Gaeilge. Is léir gur iontach an duine í le pobal Gaelach a aontú as seo amach. Bíonn sí ag obair go dian is mholamar di sos a thógáil ó am go ham le spraoi a bheith aici, as Gaeilge ar ndóigh.
Bhí Raodhmann ag déanamh iontais den chaoi ina dtagann Gaeilge ar ais do dhaoine a d’fhoghlaim Gaeilge is iad óg. Bhí éad air mar gheall air agus frustrachas leis mar ní thuigeann sé cén chaoi a bhféadfadh an scil sin a bheith ag daoine is gan í a úsáid. D’fhoghlaim sé féin an Ghaeilge mar dhuine fásta. Bhí sé lán ábálta comhrá a bheith aige linn an oíche sin. Iontach spéisiúil dearcadh difriúil a roinnt is é ag féachaint ar an nGaeilge mar sheoid (is an ceart aige) ach gan ábalta a thuiscint an baggage atá ag neart daoine sa desiceart léi. Bun agus barr na faidhbe agat ansin, Raodhmann. Má chaillimid an náire agus má bhíonn craic againn, beidh muid togha! Fear a bheas fíormhaith le daoine a spreagadh atá ann.
Bhí Mícheál ciúin ach ag breathnú ar gach a bhí ag tarlú le cion. Fear macánta le scileanna ag tarraingt daoine le chéile é, beidh sé ar fheabhas mar dhaoine a threorú ar an mbealach le spraoi a bheith acu leis an teanga. B’é a chuir an scéal amach ar dtús. Taithí aige ar dhaoine a spreagadh agus ar theangacha. D’airigh gach duine ar a sáimhín só leis. Fear uasal le Gaeilge mhaith.
Bhí Seapáinis líofa acu ar fad. Bhain siad uilig taitneamh as an oíche mar a bhain mé féin. Is tharla míorúilt. D’éirigh leo cúpla focal as Gaeilge a tharraingt ó m’fhear féin. Bhí draíocht san oíche!

Spraoi an oíche sin le fuinneog in aice leis an óstán againn.
Cúpla rud a sheas amach:
Nuair a dúirt Aisling go mbeadh a seanmháthair bródúil aisti. Ba bheag nár thosaigh mé ag caoineadh bhí sé chomh hálainn sin an chaoi inar tháinig sé ón gcroí. Cinnte go bhfuil sí, a stór.
Nuair a d’aontaigh siad ar fad go raibh sé i bhfad níos sásúla caint le chéile as Gaeilge ná as Béarla.
Nuair a thosaigh mé ag comhaireamh rudaí: a haon, a dó, a trí … is d’airigh mé tost. Is labhair Aisling. Natsukashii, ar sí. Is d’aontaigh siad leis an smaoineamh sin.

Cuimhne lán le cion. Bhí siad tar éis go leor rudaí níos casta ná sin a rá ach b’é an 1, 2, 3 a thóg ar ais go hÉirinn iad le cuimhní. Cumha lán le grá.
B’fhéidir gurb iad na Déithe ar bhuail mé leo ar an mbealach a chruthaigh an draíocht.

Nó b’fhéidir nach bhfuil orainn ach bualadh le chéile is Gaeilge a labhairt. Cibé acu, táim fíorbhuíoch gur tharla sé is go raibh an deis agam labhairt le daoine maithe i mo theanga féin i dTóiceo. Nár laga Dia sibh. Laochra. Raight leads, ceann eile don Nollaig?