Tá an t-eolas seo bunaithe ar alt a scríobh Denise Calnan san Indo le déanaí. Chuir mé an-suim sna daoine san alt. Maith thú, Denise! Chonaic mé nach raibh pic de Margaret ann. Mar sin, scríobh mé anseo.
Cé hiad na mná le misneach seo? Éireannaigh ar fad iad ach iad dearmadtha ag an stair.
- Mary Lee. 1821 – 1909. Rugadh í i gContae Mhuineacháin. Bhog sí go dtí an Astráil lena hiníon le aire a thabhairt dá mac ann. Fuair an mac bás ach d’fhan Mary san Astráil. Le mná eile d’éirigh léi an aois toilithe a ardú go 16. D’eagair sí achmhainní le cead vótála a thabhairt do mhná. D’éirigh leis. San Astráil Theas don chéad uair bhí cead vótála ag mná agus don chéad uair ar domhan bhí cead ag mná bheith ina bpolaiteoirí sa rialtas. Thug sí tacaíocht do cheardchumainn do mhná chomh maith.


3. Margaret Sanger. 1879 – 1966. Éireannach an inspioráid do Wonder Woman. Samhlaigh sin! Rugadh í i Nua Eabhrac ach ba ó Éirinn a tuismitheoirí. Ba í a bhunaigh an gluaiseacht rialaithe breitheanna sna 1900dí. Chum sí féin an frása Birth Control (Breithrialú). Ardmheas di. Altra a bhí inti a thug faoi dearadh an nasc idir bochtaineacht agus clainnte mhóra. I 1914, scríobh sí “enforced motherhood is the most complete denial of a woman’s right to life and liberty.” Hé, Éire! Tuig sin. I 1914! Dúisigh!
I 1916 (réabhlóidí) d’oscail sí an chéad clinic bhreithrialaithe i Meiriceá i mBrooklyn. Ghabh na póilíní uirthi and dhún siad an clinic. Fir! Dáiríre! Is leis an bhean a corp féin! Control freaks! Bhunaigh Sanger an American Birth Control League, a d’fhás agus anois tá an t-ainm Planned Parenthood air. Sin na rudaí maithe fúithi. Mór an trua gur thug sí tacaíocht do ghluaiseacht eoiginice freisin!

4. Margaret Cousins. 1878 – 1954.
Rugadh Margaret i Mainistir na Búille in Éirinn. Lean sí ar aghaidh ag obair tar éis fear a phósadh. Oh, the horror! Feoilséantóir a bhí inti. D’oibrigh sí le Hannah Sheehy Skeffington le cead vótála a fháil do mhná. Caitheadh i bpríosún í faoi dhó, i 1910 & i 1913, mar bhris sí fuinneoga an rialtais. Is dócha go raibh gá le aer úr ann. I 1915, bhog sí go dtí an India, áit inar oibrigh í le oideachas éigeantach do chailíní a bhaint amach. Mar gheall ar a rinne sí is daoine eile, d’éirigh leis. Caitheadh i bpríosún í arís i 1932 mar thug sí tacaíocht d’fheachtas Gandhi ar son saoirse cainte. Scríobh sí leabhair faoin India.
5. Leonora Barry. 1849 – 1930. Rugadh i gCorcaigh í. Bhog an clann go léir go Nua Eabhrac i Meiriceá i 1852 ag éalú ón nGorta Mór.

I 1884, ba bhall de na Knights of Labor í. Mar gheall ar a rinne sí thosaigh siad an fiosrú monarachana is tógadh isteach sa dlí an chéad Factory Inspection Act i bPennsylvania. D’oibrigh sí do vótaí do mhná.
Eolas faoi daoine seo ar fad ag EIPIC i mBaile Átha Cliath agus is aoibheann liom atá ar siúl acu SEACHAS nach bhfuil Gaeilge ann! Seo Bliain na Gaeilge. Tá sin le ceartú.
Tháinig sé chugam le déanaí go ndeireann daoine Grow a Pair! nuair ar mhaith leo a léiriú nach bhfuil misneach ag duine. Tugtha faoi deara agam go bhfuil péire againn atá níos mó ná an péire atá ag fir. Péire ar an ucht a thugann bainne is beatha do pháistí. Ach an chumacht ag fir le fada! Cén fáth? Is ag mná atá an misneach. Mar caithimid. Anois, pé rud a dhéanann sibh, leads, NÁ bain cearta dínn níos mó!