ancroiait

Just another WordPress.com site

  • Ceachtanna
  • Fúmsa
  • Gaeilge le Ceol
  • Japanese For Everyone
  • Litríocht
  • Nasclann
  • Rincí

738. Cailleach: Caillte le Fuath

Posted by ancroiait on December 25, 2017
Posted in: Éire, Cearta Daonna, Celtic, Dialathas, Eaglais, Education, Faisiteachas, Gaeilge, History, Ireland, Irish, Myth, Saoirse, Social Justice, Stair, Uncategorized. Tagged: Cailleach, dúchas, Eolas, Foclóir, Fuath Ban, meas, Mise Freisin, Muid Freisin.

Gearrchaille: sin a ghlaoigh mo Dhaid orm. Cailín ar eolas ag chuile dhuine. Focail deasa. Ach Cailleach? Míthuiscint faoin bhfocal sin mar … bhuel …rinne ‘Oideachas’ na tíre an-dochar ansin. Dúchas caillte againn.

Is breá liom Dúchas.ie Is aoibheann liom atá le foghlaim ann ó am go ham ann faoin ár nósanna féin. Ríshoiléir, faraor, go bhfuil lámh láidir na hEaglaise ins na rudaí a d’fhoghlaim is a scríobh an chuid is mó de na gasúir ina chóipleabhair fadó. An nós sin ag leanúint ar aghaidh i scoileanna fós.

Nach raibh mé féin ciontach ann chomh maith is mé i mo mhúinteoir bunscoile! Dúradh linn go raibh orainn sin a dhéanamh, is cuma céard a chreid muid féin. An córas sin fós ann. Iompúchán láidir a scriosann ár scéalta féin. Dúchas glanta amach is bolscaireacht na hImpireachta ann in áit ár noidhreacht féin. Neart le ceartú.

Féach a chonaic mé ar maidin ar Dúchas.ie

Cailleach1Cailleach

Féach an difríocht idir a scríobh Cathal agus a scríobh Niki. Bheadh an freagra céanna is atá ag Cathal ag beagnach gach fear in Éirinn. Tá drochmheas san bhfocal sin Hag buíochas le fuath ban is aineolas ó go leor áiteachaí, fiú ó Disney. Ní shin a bhí i gceist ag Cathal, déarfainn. Ach caithfear a thuiscint, nuair a chloiseann daoine an focal sin smaoiníonn siad ar an ugly evil witch. Níl sin tuillte ag an mbean sa phictiúr.

Is muid ag déanamh caint ar #MeToo, caithfimid a thuiscint cé as a thagann an fuath is an chumhacht sin a loiteann mná. Is féidir domhan níos fearr a chruthú le oideachas. Cloiste againn go minic. Is féidir, cinnte. ACH, is féidir fuath agus drochmheas a chruthú le ‘oideachas’ freisin. Sin an fhadhb. Sin atá ag tarlú leis na gcianta.

Impireacht amháin nó impireacht eile, cumhacht amháin nó cumhacht eile. Sin atá againn. Deireann siad le mná go bhfuilimid lag agus go bhfuil na fir i gceannas. Le stair a fhágann muid amach ón scéal. Le creideamh nach dtugann meas dúinn ach a ghléasann an feall sin le Sibh níos tabhachtaí: sin an fáth a chaithfidh muidne, na fir, ‘aire’ a thabhairt daoibh. Deireann siad an rud céanna le mná san Araib Shádach.

Thaitin freagra Niki ar Dúchas.ie go mór liom. Tuiscint iomlán difriúil ag fear agus ag bean ar an bhfocal sin Cailleach in áit amháin ar maidin. Chuir sé gliondar orm sampla mar sin a fháil. Bronntanas na Nollag dom.

Seo a scríobh sí

Cailleach3png

Nach álainn sin.

Nuair a chloiseann daoine an focal Hag smaoiníonn siad ar an ugly evil witch. Nuair a úsáideann daoine an téarma witch hunt sa pholaitíocht, fir de ghnáth, tá siad ag déanamh dearmad air nó is cuma leo faoi na mílte cailleachaí a chuireadh chun báis sa stair mar bhí siad cliste agus níor thaitin sin le fir. Níl sin tuillte ag an mbean sa phictiúr. Tá cumhacht ag focail. Demonization a tharla ar scoil de na focail againn agus an bhrí leo. Bhain siad brí dár ndúchas. Níos measa fós, mhúin siad fuath dúinn ar ár gcultúr féin. Thóg siad rud maith is rinne siad drochrud de. Mar? Sin fuath ban ag obair.

with hunt Salem

Salem, Woody? Dáiríre?! Chuaigh tú ansin?! Náire ar bith ar na diabhail a ghoideann ár stair uainn.

Nuair a d’úsáid siad an focal illegitimate ar scoil agus sa séipéal, mhúin siad drochmheas ar leanaí nach raibh tuismitheoirí acu a bhí pósta in Eaglais. Mhúin siad drochmheas ar leanaí nach raibh baistithe chomh maith. Saint, airgead, cumhacht is cúis leis sin. Ach an dochar!!! Fuath, eagla, náire an arm acu. Is mhúin siad an ‘oideachas’ sin go láidir le greim acu ar an dtír ar fad (atá fós acu).

Mar gheall ar an bhfuath, an drochmheas, an dehumanization sin, tá na Tuam Babies agus na Magdalenes agus drochdlíthe againn. Tá fir is mná sa tír nach dtuigeann céard is cailleach ann. Hag, ar siad. Seans mhaith nach dtuigeann siad cé as a tháinig an focal sin. Caithfear dul thar lear nó éalú ó ghreim na hEaglaise ar bhealach éigin le tuiscint an luach atá san bhfocal is inár gcultúr féin.

Inniu Lá Nollag. Nollaig Shona, a chairde. Céard atá ar eolas againn, sinne na Gaeil, faoi?

Ar chuala daoine in Éirinn faoi Alban Arthuan? Ainm eile ar Ghrianstad an Gheimhridh atá ann. Céard atá ar eolas ag daoine in Éirinn faoi Yule (roth na bliana)? Cearchall sa tine ar feadh 12 uair a chloig in ómós don Mháthairdhia. Baineann an nós le torthúlacht. Cuireadh luaith sa gháirdín an lá dár gcionn. Bhfuil sé ar an gcuraclam? Ar cheart féilire a bhunú ar mian na bPápaí nó ar an Nádúr, ar na séasúir?

Chrochadh daoine réalta, maisiúcháin dhearg srl ar chrann fadó mar shiombal d’áilleacht agus cumhacht na spéirthe os ár gcionn. Chrochadh siad rudaí air freisin i gcuimhne ar dhaoine a d’imigh rompu. Le meas. Nach álainn sin. Do chailleachaí agus gach duine ar shlí na fírinne. Tugadh bronntanaisí do na déithe. Nós lán le meas don Nádúr. Na réinfhianna? Baint acu le Pan. Elves? Na sióga. Ná déanfaimis dearmad ar an stair, ar ár ndúchas i gcodarsnacht le bolscaireacht na himpearachta.

Mar sin, is fir ag iarraidh #MeToo agus conas ar tharla sin ar fad a thuiscint, tosaigh le fuath ban a thuiscint agus cé as a thagann sé. Dúradh liom le déanaí nach mbeadh grúpa (fir amháin) compórdach bualadh liom. Tuigim nach raibh dochar i gceist ag an bhfear a dúirt sin liom. Is breá liom é is tá sé ag iarraidh an grúpa a shásamh le focail a míneoidh mar atá rudaí dom. Meas aige féin orm ach… bhuel, tuigim… raight? Tuigim. Tuigim rómhaith. Ná féach in aon áit eile, ar mhaith liom a rá leis. Foinse na faidhbe agat ansin. Ná glac leis sin. Tuig an feall agus an dochar ann. Tabharfaidh mé seans dó. É fós ag foghlaim. Deacair do dhaoine feall chomh mór seo a thuiscint go tobann.

Focail & Brí

Tugtha faoi deara agam ag deireadh na bliana gur bhain focail nua stádus oifigiúil amach i mbliana. Ionadh orm faoi mar bhí uair ann a bhí mé lánpháirteach i ndíospóireachtaí faoi chúrsaí mar sin ar Twitter. Sin sula bhfuair daoine amach gur bean a bhí ionam agus nár thaitin liom Ethos na hEaglaise i bhfocail ar nós Ginmhilleadh sa bhfoclóir. Tháinig ionsaí nimhneach ó fhear amháin i SAM, rath feirge ó fhear eile in Éirinn (an t-aon duine a bhí orm a bhlocáil riamh ar Twitter), agus bhí mé blocáilte ag fear amháin le grá mór aige don Eaglais ar Twitter. An ceann deireanach ansin an ceann a rinne an jab a bhí uathu: mé a choinneáil amach ón gcomhrá. Cliste.

Mar sin, ceist agam ar focloir.ie: cad é an % de mhná a chabhraíonn le focail nua a cheapadh a ghlactar leo go hoifigiúil? Chuala mé léacht ó fhear as Maigh Nuad i UCLA faoin stair a bhaineann leis na foclóirí againne. Fir i gceannas ar iad a chur le chéile. Le fada. Bhí Máire Mhac an tSaoi ag tabhairt amach faoi. Dhéanfainn jab níos fearr air, ar sí. An ceart aici. Neart le ceartú. Cothrom na féinne, leads. Tá #MuidneFreisin anseo. Guth uainn.

Ba bhreá liom bheith saor agus Gaelach. Ní féidir liom bheith Gaelach i ndáiríre gan saoirse. Tá aineolas san mbealach ar sin. Foinse na faidhbe. ‘Oideachas’ v dúchas.

Ná caill an bhrí le Cailleach. Ná bíodh eagla ar dhaoine roimpi. Ná múin sin d’éinne. Ná glac leis.

Meas, a chairde. Sin an méid atá uainn.

Nollaig Shona, a chairde. Bímis Saor agus Gaelach. Seas an fód do mheas agus grá.

 

 

 

 

 

Share this:

  • Twitter
  • Facebook

Like this:

Like Loading...

Related

Posts navigation

← 737. Donas Amach, Sonas Isteach
739. Nollaig Ghaelach Shona →
  • Recent Posts

    • k. 110 EAGLAis: Dialathas Damanta
    • k.109 Ceol Tabú ag Briseadh
    • k.108 SAM Humpáilte Dumpáilte
    • K.107 Cymraeg le Gaeilge
    • k.106 Ceannairc i DC, Eanáir 6, 2021
    • k.105 Nollaig na mBan ar Zoom 2021
    • k. 104 Nollaig na mBan: Scéal Mileva
    • k.103 Comhairle in am Covid
    • k.102 Rinne Tú
    • k.101 Amhrán na Leabhar
  • Archives

    • January 2021
    • December 2020
    • November 2020
    • October 2020
    • September 2020
    • August 2020
    • July 2020
    • June 2020
    • May 2020
    • April 2020
    • March 2020
    • February 2020
    • January 2020
    • December 2019
    • November 2019
    • October 2019
    • September 2019
    • August 2019
    • July 2019
    • June 2019
    • May 2019
    • April 2019
    • March 2019
    • February 2019
    • January 2019
    • December 2018
    • November 2018
    • October 2018
    • September 2018
    • August 2018
    • July 2018
    • June 2018
    • May 2018
    • April 2018
    • March 2018
    • February 2018
    • January 2018
    • December 2017
    • November 2017
    • October 2017
    • September 2017
    • August 2017
    • July 2017
    • June 2017
    • May 2017
    • April 2017
    • March 2017
    • February 2017
    • January 2017
    • December 2016
    • November 2016
    • October 2016
    • September 2016
    • August 2016
    • July 2016
    • June 2016
    • May 2016
    • April 2016
    • March 2016
    • February 2016
    • January 2016
    • December 2015
    • November 2015
    • October 2015
    • September 2015
    • August 2015
    • July 2015
    • June 2015
    • May 2015
    • April 2015
    • March 2015
    • February 2015
    • January 2015
    • December 2014
    • November 2014
    • October 2014
    • September 2014
    • August 2014
    • July 2014
    • June 2014
    • May 2014
    • April 2014
    • March 2014
    • February 2014
    • January 2014
    • December 2013
    • November 2013
    • October 2013
    • September 2013
    • August 2013
    • July 2013
    • June 2013
    • May 2013
    • April 2013
    • March 2013
    • February 2013
    • January 2013
    • December 2012
    • November 2012
    • October 2012
    • September 2012
    • August 2012
    • July 2012
    • June 2012
    • May 2012
    • April 2012
    • March 2012
    • February 2012
    • January 2012
    • December 2011
  • Categories

    • Amhrán na Farraige
    • Art
    • Athrú
    • Éire
    • Béarla na hAlban
    • Cearta Daonna
    • Celtic
    • Ceol
    • Comhrá 24/7
    • Conradh na Gaeilge
    • Crime
    • Dán
    • Dialathas
    • Eaglais
    • Education
    • Español
    • Faisiteachas
    • Filíocht
    • Gaeilge
    • Gaeilge na hAlban
    • Gaelg
    • Gàidhlig
    • History
    • Ireland
    • Irish
    • Japanese
    • Latin America
    • Legend
    • Literature
    • Litríocht
    • Lurgan
    • Manx
    • Múineadh labhairt na Gaeilge sna Coláistí Samhraidh
    • Music
    • Myth
    • Nicola Sturgeon
    • Oíche Fhéil' Eoin
    • Poetry
    • Politics
    • Quotes
    • Saga
    • Saoirse
    • Scéalta Chois Cladaigh
    • Sclábhaíocht
    • Scotland
    • Scottish
    • Social Justice
    • Stair
    • Theater
    • Travels
    • Trivia
    • UK
    • Uncategorized
    • 日本語
  • Meta

    • Register
    • Log in
    • Entries feed
    • Comments feed
    • WordPress.com
  • Twitter Updates

    • RT @wokeotter: dissentmagazine.org/article/the-au… 7 hours ago
    • @VictorBayda A mhac go deo! 7 hours ago
  • Blogroll

    • Radio na Gaeltachta
    • TG4
    • Teastaseorpach na Gaeilge
    • Nótaí Imill
    • InisAniar Podcasts
    • Cailín deas
    • Labhair leis an lámh
    • Beo
    • Gaeilge ar an Ghréasán
  • Follow ancroiait on WordPress.com
  • Blogroll

    • Beo
    • Cailín deas
    • Gaeilge ar an Ghréasán
    • InisAniar Podcasts
    • Labhair leis an lámh
    • Nótaí Imill
    • Radio na Gaeltachta
    • Teastaseorpach na Gaeilge
    • TG4
Create a free website or blog at WordPress.com.
Cancel
Privacy & Cookies: This site uses cookies. By continuing to use this website, you agree to their use.
To find out more, including how to control cookies, see here: Cookie Policy
%d bloggers like this: