Féile na Cásca Sona.
Ní scéal sona a leanann ach tosnóimid len atá ar eolas againn. Uibheacha, coiníní, agus Íosa Críost ar chros: conas a chuireann tú sin le chéile? Bhuel. Faigheann plandaí bás (ar bhealach) sa gheimhreadh agus fásann siad arís (ar bhealach) san Earrach. Sin aiséirí. Níl scread ann. Fireann sa scéal sa Bhíobla cé go bhfuil an Nádúr feicthe mar bhaineann i go leor cultúir. Uibheacha agus coiníní? Torthúlacht, ar ndóigh. Nach deas an smaoineamh go mbeadh grá san aer le créatúirí ag teacht le chéile agus fás is tuismitheoirí ag súil leis!
Ach seo a tharla i mBéal Feirste timpeall Féile na Cásca. Níl tada sona faoi. Tá éigniú ceadaithe sa tuaisceart. Ní raibh sí ag súil lena tharla di. Níor scread sí. Níor scread mé. Ní screadann daoine. Ní mar sin atá sé. Ach ní muidne a scríobh an dlí. Ceapann an dlí go mba cóir di screadaíl. Go bhfuil sin nádúrtha, dar leis na fir atá eolach ar an dlí. Tada nádúrtha faoi a tharla di. Ionsaí.
D’iarr sí ar an dlí cúnamh agus cosaint a thabhairt di. Bhí sí ag súil leis. Ní mar sin atá sé. Leads mór le rá le rugbaí a bhí iontu, nach bhfuil fhios agat. Ní raibh fhios aici go nathródh sin gach rud. Dheara, níl sin fíor. Ní raibh seans aici ar aon chaoi. Cosnaíonn an dlí na daoine a d’éignigh í agus ionsaíonn an dlí í arís go poiblí. Sin mar atá sé. Rud nach raibh sí ag súil leis. Níor scread sí sa chúirt cé go raibh muidne ag screadadh is muid ag léamh a bhí ag tarlú. Nuair atá tú ann is ionsaí nach raibh tú ag súil leis ag tarlú, ní screadann tú.
Consent in some situations may be given enthusiastically, whereas in others it is given with reluctance, but nevertheless it is still consent, arsa an breitheamh. GML? With reluctance?
You must not allow yourself to be influenced by any view, ar sí. Fan. Céard?
You must be firmly convinced or sure of the defendants’ guilt before you can find him guilty of any offence. Er, fan arís. Roimh … Cathain?
Fág emotion as, ar sí. Oh no, a deirim. Bíodh emotion ann. Bíonn tuiscint agus cion ann. An meon sin go bhfuil emotion lag? Sin gnéasachas. D’fhág na leads emotion iomlán as agus ní raibh sa bhean ach píosa feola dóibh. Gá le emotion agus croí, rud nach raibh acu. An locht sa dlí anseo. Drochchomhairle!
Bhí an bhean ciontach sular iarr sí cúnamh, dar leis an dlí, mar is bean í. Ní muidne a scríobh an dlí. Ní hí a bhí ciontach. Chosain siad na daoine a d’éagnaigh í. Lig siad na fir saor ag rá go raibh siad decent! Cad a deireann sin fúithi?! Sin éigniú eile.
Féile na Cásca Sona.
Éirí amach na Cásca. Saoirse a leanann 1916. Forógra a deireann, A fheara agus a mhná … Sa dara háit ach muid ansin ar a laghad. Cearta, saoirse, deireadh le himpireacht. Cheapamar. Ní mar sin atá sé.
Ghoid Dev agus McQuaid saoirse dínn. Le míniú ar an brat ceangailte le reiligiúin, bhíomar i dtrioblóid. Fuath ban iontu sa deisceart agus sa tuaisceart a d’fhás ón éigniú.
Act of Union
To-night, a first movement, a pulse,
As if the rain in bogland gathered head
To slip and flood: a bog-burst,
A gash breaking open the ferny bed.
Your back is a firm line of eastern coast
And arms and legs are thrown
Beyond your gradual hills. I caress
The heaving province where our past has grown.
I am the tall kingdom over your shoulder
That you would neither cajole nor ignore.
Conquest is a lie. I grow older
Conceding your half-independant shore
Within whose borders now my legacy
Culminates inexorably.
II
And I am still imperially
Male, leaving you with pain,
The rending process in the colony,
The battering ram, the boom burst from within.
The act sprouted an obsinate fifth column
Whose stance is growing unilateral.
His heart beneath your heart is a wardrum
Mustering force. His parasitical
And ignorant little fists already
Beat at your borders and I know they’re cocked
At me across the water. No treaty
I foresee will salve completely your tracked
And stretchmarked body, the big pain
That leaves you raw, like opened ground, again.
Seamus Heaney







